As Gaeilge version - Two sides of the one coin leaflet
Is pointe cinniúnach i bpolaitíocht na hÉireann é seo. Tá dubhfhearg ar dhaoine le Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas. Tá ceannasaíocht de dhíth ar dhaoine. Ba mhaith leo go mbeadh an ghéarchéim maidir le poist réitithe agus go mbeadh bainc socraithe.
Tá athrú rialtais uathu. Ach ní rogha úr í Fine Gael. Níl aon difir idir polasaithe Fhianna Fáil agus cuid Fine Gael. Tá an bheirt acu ar an eite dheis, agus lig an bheirt acu sibhse síos. Is vóta curtha amú é má chaitheann tú vóta ar son Fine Gael
ar mhaithe le pionós a chur ar an rialtas.
Vótáil Sinn Féin le haghaidh rogha eile réadach. Níl Sinn Féin mar an gcéanna lena bhfuil ann anois.
