Sinn Féin - On Your Side

Caithfidh Rialtas na Breataine agus an Feidhmeannach gníomhú ar ghlao na NA don Ghaeilge

1 June, 2009 - by Martina Anderson MEP


Dúirt FPE Shinn Féin Bairbre de Brún go gcaithfidh Rialtas na Breataine agus an Feidhmeannach gníomhú i ndiaidh an ghlao ó Choiste Náisiún Aontaithe ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha ag iarraidh orthu Acht Gaeilge a chur i bhfeidhm.

Agus í ag caint an tráthnóna seo dúirt an Iníon de Brún,

“Léirigh coiste na Náisiún Aontaithe an imní atá orthu nach bhfuil cosaint ann go fóill don Ghaeilge agus do chainteoirí Gaeilge i dTuaisceart na hÉireann, in ainneoin reachtaíochta oifigiúla in Albain agus sa Bhreatain Bheag ag cosaint a dteangacha dúchasacha.

Tá an coiste an-soiléir ina mholadh go caithfidh Rialtas na Breataine agus an Feidhmeannach Acht Gaeilge a chur i bhfeidhm, agus d'iarr orthu ‘eolas mionsonraithe a thabhairt ar an dul chun cinn atá déanta ina chéad tuarascáil thréimhsiúil eile.’

Léiríonn seo an brú méadaithe atá ar Rialtas na Breataine a dhualgais faoi Chomhaontú Naomh Aindriú agus Comhaontú Aoine an Chéasta a chomhlíonadh ina theannta leis an Chairt Eorpach.

“Caithfidh Rialtas na Breataine agus an Feidhmeannach gníomhú i ndiaidh an ghlao ó Choiste na Náisiún Aontaithe ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha ag iarraidh orthu Acht Gaeilge a chur i bhfeidhm.

CRÍOCH

Connect with Sinn Féin