Sinn Féin - On Your Side

Caithfear déileáil le teangacha ar bhonn a riachtanais fhéin – Sinn Féin

1 July, 2009 - by Barry McElduff


Ag labhairt do inniu i ndiaidh tuilleadh eolais ag teacht chun tosaigh fán “Acadamh Ultaise” dúirt Barra Mac Giolla Dhuibh;

“Níl fadhb ar bith agamsa leis an Aire nó an Roinn ag caitheamh airgid ar chúrsaí cultúrtha d’aon ghrúpa sa Tuaisceart. Ach tá dhá fadhb anseo leis an droch-cleachtas go dtí seo.

níor chóir go raibh airgead ar an taobh le togra ar bith mura bhfuil éileamh agus áiseanna ann sa chéad dul síos. Ní fiú airgead a mholadh nach féidir caitheamh agus ansin go mbeadh an t-airgead nach gcaitear ag dul ar ais chuig Westminster.
Mar Gaelgóir ní féidir liom seasamh siar agus ligin don nós seo leanúint, go gcaithfear déileáil le Gaeilge agus Ultais mar dhá theanga ar an leibhéal céanna. Níl siad ar chomh chéim. Shínigh Rialtais na Breataine suas don Chairt Eorpach 8 mbliana ó shin agus tá an Cairt soiléir ar an cheist seo – nach bhfuil cead ag rialtais ná údarás déileáil le teangacha ar bhonn pingin ar phingin. Caithfear déileáil leo ar bhonn a riachtanais fhéin.

“Dar le eagrais Gaeilge, tá na mílte ranganna Gaeilge in achan cheantar, in achan sráidbhaile fud fan na hÉireann. Tá na mílte paistí ag freastal ar Ghaelscoileanna agus níos mó na riamh ag foghlaim Gaeilge ar scoileanna Bhéarla.

Níl sé ceart na cóir déileáil le teanga ar bith ach ar bhonn a cuid éilimh agus a cuid riachtanais féin.

Beidh mé ag caint leis an Aire nua agus ag súil nach dtitfidh seisean isteach ar droch-nósmhaireacht seo.” CRÍOCH

Connect with Sinn Féin

Photos

Mary Lou McDonald addressing the march on Shipquay Street

An Phoblacht Ad

Videos

1916 Lost Leaders March


Like us on Facebook

Sinn Féin Shop