Sinn Féin - On Your Side

Fáilte roimh tuairisc ar an Ghaeloideachas – Sinn Féin

2 July, 2009 - by John O'Dowd


Cuireann John O’Dowd fáilte roimh an scéal inniu go bhfuil tuairisc ó Ollscoil na ‘Ríona i ndiaidh taispeáint na buntáistí a theas le gaeloideachas.


Rinne na hollúna Dr. Judith Wylie agus Dr. Gerry Mulhern ó Scoil na Síceolaíochta san ollscoil, staidéar a chomharthaigh go bhfuil buanna nach beag nuair a fhaigheann páistí oideachas trí mheán na Gaeilge.


Ag labhairt leis um tráthnóna, dúirt an tUasal O’Dowd:


“Is comhartha eile iad na cinntí seo ar na buntáistí a theas le oideachas dátheangach. Taispeánann na cinntí seo go bhfuil oilteacht na bpáistí sa earnáil Gaeloideachais ag leibhéal Eochair-chéim 2 níos airde ná an meán grád sa tuaisceart.


Is gné lárnach anois é, an Gaeloideachas sa chóras oideachais agus tá sé feicthe againn arís agus arís eile gur dócha go déanfaidh páistí a thagann fríd an córas dátheangach go ndéanfaidh níos fearr ná na páistí eile.


Caithfidh an Roinn Oideachais leanúint leis an tacaíocht agus le chur chun tosaigh Gaeloideachas le cur leis an chumas agus acmhainneacht do na páistí siúd a theann fríd an córas Gaeloideachas.” CRÍOCH

Connect with Sinn Féin

Photos

Liadh Ní Riada visits Belfast

An Phoblacht Ad

Videos

1916 Lost Leaders March


Like us on Facebook

Sinn Féin Shop