Sinn Féin - On Your Side

Éilíonn BPE Sinn Féin go gcuirtear deireadh le hiarrachtaí na Bascaigh a eiaseachadadh

5 October, 2009 - by Martina Anderson MEP



D’eisigh Bairbre de Brún BPE ráiteas inar dhúirt sí gur chóir do Rialtas na Spáinne cúlú óna hiarrachtaí chun beirt fhear ón Phobal Bhascach in Éirinn eiseachadadh agus gur chóir deis a thabhairt dóibh cónaí gan srian in Éirinn.

Ag labhairt di ar éisteacht cúirte duine den bheirt, Arturo Villanueva, arsa Bean Uasal de Brún:.

“Tá na héisteachtaí seo san Ard Chúirt i mBéal Feirste mar leanúint ar iarrachtaí Rialtas na Spáinne in aghaidh Arturo ‘Beñat’ Villanueva agus ar ball sa mhí seo, Iñaki de Juana chun na fir seo a eiseachadadh ar ais go dtí an Spáinn.

“Tá údaráis na Spáinne ar thóir na bhfear seo mar gheall ar na smaointí polaitiúla atá acu. Eiseachadadh polaitiúil atá i gceist sa chás seo, agus ní mór seasamh ina aghaidh agus á diúltú.


“Tá muid i ndiaidh ár gcúiseanna imní a chur in iúl fá dtaobh de na polasaithe coiriúlachta i dTír na mBascach agus an dóigh go bhfuil reachtaíocht in áit chun cosc a chur ar pháirtithe polaitiúla agus ar réimse eagraíochta cultúrtha agus óige. Is as an cúis seo atá údaráis na Spáinne ag iarraidh Arturo Villanueva.


“Bhí cónaí ar an bheirt fhear seo go hoscailte i mBéal Feirste le tamall agus tacaíonn Sinn Féin leis na héilimh gur chóir go mbeadh Iñaki de Juana agus Arturo ‘Beñat’ Villanueva in ann fanacht anseo.”

Connect with Sinn Féin