Moladh go mbeidh Lá Gaeilge san Dáil

27 January, 2012 - by Aengus Ó Snodaigh TD


Tá Aengus Ó Snodaigh TD, príomh aoire Shinn Féin tar éis scríobh chuig aoire an rialtas Paul Kehoe ag lorg go mbeidh lá curtha ar leathaobh le linn Seachtain na Gaeilge san oireachtas ina mbeidh iomlán nó tromlach gnó na Dála agus an Seanad agus coistí an Oireachtas as Gaeilge.

Tá Seachtain na Gaeilge i mbliana idir 5-17 ú Márta agus beidh an gnó sa tsiúil san oireachtas le linn an tréimhse ar fad, rud nach mbeidh fíor.

Go dtí seo ní bhíonn ach plé/díospóireacht ar an Ghaeilge agus dúirt Ó Snodaigh gur chomhair “Lá Ghaeilge bheith ann, ar an bhonn céanna atá Lá na hEorapa a bhíonn ann i mí Bealtaine.

Dúirt Ó Snodaigh:

“Mar aon le Ceisteanna don Taoiseach, Ceisteanna na gCinnirí bheith as Gaeilge, toisc Gaeilge labhartha ag na cinnirí ar fad sa Dáil, d’fheadfaidh Cesiteanna don Aire Ealaín, Oidhreacht agus Gaeltacht bheith ar an sceideal don lá chéanna. D’fheadfaidh an Dara Staid de reachtaíocht ar bith bheith á phlé tar éis an Ord Ghnó a bhéas i nGaeilge. Agus d’fhéadfaidh impí ar teachtaí iarratais ar Gnéithe Topaiciúla bheith as Gaeilge nó faoin nGaeilge ar an lá céanna. Bheadh Gaeilgeoirí faoi bhrú na deiseanna labhartha ar fad a líonadh nó cuidiú le na foghlaimeoirí a bheadh ag iarraidh úsáid a bhaint as an méid Gaeilge atá acu. Ba léiriú seo do Pobal i gcoitinne gur féidir díospoireacht ceart a bheith ar aon gné as Gaeilge, agus nach díreach faoin Ghaeilge nó an Ghaeltacht amháin a bhíonn plé sa Dáil as Gaeilge.”

Videos

Peace and Reconciliation discussed at Féile


Photos

Martin McGuinness speaks to media