Sinn Féin - On Your Side

Ráiteas Gerry Adams TD ar lá na Gaeilge sa Dáil

7 March, 2012 - by Gerry Adams TD


Ag labhairt inniú ar lá na Gaeilge sa Dáil, dúirt uachtarán Shinn Féin Gerry Adams TD:

“Mar is eol don Aire, is ábhar suim faoi leithe í an Ghaeilge agam.

Beatha teanga í a labhairt agus cuireann sé an-sásaimh orm an borradh atá tagtha i líon na Gaeilgeoirí sa tír, cuid mhaith dó sin de dheascadh gluaiseacht na gaeilscoileanna, na naoinraí agus tuismitheoirí dílis.

Cuireann sé gliondair croí orm amharc ar an méid daoine óga go háirithe atá suim acu sa ghaeilge, agus atá páirteach in eagraíochtaí ar nós Conradh na Gaeilge.

Ach ní mór dúinn a bheith airdeallach nach dtiocfaidh meathú ar bhfás an teanga, ach go háirithe leis an mhéid sin duine atá ina ndeoraí thar sáile.

Beidh impleachtaí ollmhóra ag na ciorruithe oideachas a bhí sa bhuiséad ar ghlúnta de pháistí gaeltachta, is todhchaí an teanga má chailltear múinteoirí iontu.

Tá ról tabhachtach ó thaobh cur chun cinn an Ghaeilge, agus ó thaobh maoirseacht An Acht na dTeangacha Oifigúla ag an gCoimisinéir Teanga.

Níl aon fianaise go mbeadh aon sábhail airgead ann idir ann chomhnascadh le h-oifig an Ombudsman.

Iarraim ar an t-Aire, an bhfuil sé d’intinn aon aird a thabhairt ar na h-aighneachtaí ar athbhreithniú acht na teangacha oifigiúla go gcoimeadfar oifig an choimisinéira mar oifig neamhspleách?

Ni mór dom a rá freisin, go bhfuil tabhacht faoi leith ag na Gaeltachtaí ó thaobh caomhnú agus ó thaobh blas agus saibhreas na teanga.

Ar an ábhar sin, ba mhaith liom iarraidh ar an tAire, cathain a bheidh na “Heads of Bill” do Bille na Gaeltachta aontaithe ag an rialtas, agus cathain a bheidh sé á fhoilsiú?

Tuigim go bhfuil post príomhfheidhmeannach an Údarás fógraithe faoi dheireadh, ach tá go leor imní ar phobail an Ghaeltacht nach mbeidh an seans acu Boird an Údarás a thoghadh go daonlathach arís, mar a mba chóir go mbeadh i ndán dóibh.

An mbeadh an t-Aire sásta ráiteas a dheánamh ar conas mar a thoghfar, nó a roghnófar an bhoird as seo amach?

Tá a fhios agam gur ábhar imní é chomh maith go bhfuil go leor ciorraithe ar bhuiseád capiteal an údarás.

De bharr ciorraithe ar bhuiséad caipteal an údarás d’fhéadfadh
go mbeadh an tionchar aige sin ag feidhmiúcháin an údaráis mar
eagraíocht fiontair. Tá gá le h-ionadaí don Údarás a bheith tofa go daonlathach i dtoghcháin seachas a bheith ceaptha.

Ar ábhar an samhail nua maoinithe dona heagraíochtaí bun mhaoinithe Gaeilge is léir gur gá don Aire oibriú i gcomhpháirtaíocht leis an Aire Cultúr agus Fóillíochta sa gchomhthionóil, Caral Ní Chuilin, chun an imní atá orthu siúd in earnáil phobail na gaeilge agus an taithí atá ag cuid mhaith acu a thogáil ar boird.

Chomh maith le sin iarraim ar an t-Aire tacaíocht a thabhairt don obair atá á dheánamh sa gchomhthionóil chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Feachtas Líofa 2015 a fógraíodh le tamall anuas ina measc agus molaim Clár Líofa 2015 a scaipeadh trasna an stat seo fosta. Is cuis áthais é dom go bhfuil daoine ón dá thraidisiún tar éis síniú suas don feachtas Líofa 2015.

Iarraim ar an rialtas anseo a fhógru go seasóidh siad le geallúint Rialtas na Breataine leis an gheallúint Acht Teanga iomlán-mhaoinithe agus ceartbhunaithe a thabhairt isteach.

Chomh maith le tacaíocht substantiúil a thaispeáint i dtreo
aitheantas oifigiúil agus stádas a thabhairt don Ghaeilge i gcúirteanna na sé chontae.

Glacaim an tseans seo le Bród.ie a mholadh ina bhfuil Bernard Dunne
agus daoine ón earnáil poiblí a tabhairt dea shampla dúinn uile.

Tá straitéis 20 bliain ag Sinn Féin don Ghaeilge. Oibreoimid go dícheallach chun é a chuir i bhfeidhm i réimsí Turasóireachta, Cultúir, Spórt, Pobail, Oideachas agus Gaeltachta.

Tacaíonn Sinn Féin le Cultúrlann, atá mar ‘Hubanma Gaelacha’ a bheith ar fáil i mBaile Átha Cliath, agus áiteacha eile ina measc mar ionaid lárnach le h-imeachtaí sóisialta a bheith ar fail d’achan aois.”

Connect with Sinn Féin