Be Part of Team Sinn Féin

Become an Online Supporter

Tá sé scannalach go bhfuil an Rialtas ag deifriú Bille na Gaeltachta – Ó Clochartaigh

5 July, 2012 - by Trevor Ó Clochartaigh


Tá an rialtas ag déanamh neamhaird iomlán d'imní phobal na Gaeltachta agus iad a iarraidh Bille Gaeltachta atá thar a bheith lochtach a dheifriú tríd Tithe an Oireachtas, dar le Seanadóir Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh.

Bhí an Seanadóir as Gaillimh Thiar ag labhairt tar éis don Rialtas críoch a chur leis an díospóireacht ag céim an choiste den bhille sa Seanad, cé nach raibh an teach sin ach tar éis deighleáil le 16 as 160 leasú a bhí molta don bhille.

“Tá cinneadh an Rialtais deireadh a chur leis an díospóireacht seo, leis an méid sin leasaithe fós le plé, scannalach. I mo thuairim, léiríonn sé dearcadh an Rialtas i leith díospóireacht oscailte agus ó thaobh an daonlathas féin di.

“Tá imní mhór ann ó thaobh cuid mhaith do na forálacha atá i gceist sa mBille, ní amháin i measc páirtithe polaitiúla, ach i measc eagrais Ghaeilge agus pobal na Gaeltachta chomh maith.  Bhí baint ag formhór na leasaithe seo leis an méid a bhí ag déanamh imní dóibh siúd sna pobail seo agus dár ndóigh rinneadh go leor de na leasaithe seo a dréachtadh i gcomhpháírt leis na heagraíochtaí Gaeilge.

“Níl dabht ar bith ach go raibh na leasaithe seo cruthaitheach agus réalaíoch - agus d’fhéadfaidís feabhas a chur ar an reachtaíocht. Ach, ní amháin nár ghlac an tAire Mac Fhionnlaíoch le ceann ar bith de leasaithe an fhreasúra, ach dhiúltaigh an Rialtas go mbeadh díospóireacht ar aon ceann de na leasaithe a bhí fós le plé.

“Creidim go léiríonn sé seo easpa measa dochreidte an Rialtais ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Níor thug siad aird ar bith ar imní an chosmhuintir agus tá siad ag brostú reachtaíocht fabhtach tríd a mbeidh tionchar tromchúiseach aige ar thodhchaí na Gaeltachta agus an teanga, gan diospóireacht iomlán a bheith déanta faoi".

“Tá mé ag iarraidh ar an Rialtas anois an chuid eile den díospóireacht ar an mBille seo a chuir siar, go dtí go mbeidh chomhairliúcháin iomlán faoi le pobal an Gaeilge agus na Gaeltachta.”

Videos

Adams proposes all-island process to deal with issue of abuse


Photos

Anti-Water charges protest