Rialtas ag déanamh íosghrádú ar an nGaeilge- Gerry Adams TD

16 July, 2014 - by Gerry Adams TD


D'iarr Uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams TD, ar an Taoiseach athbhreithniú a dhéanamh ar cheapacháin na beirt Airí Gaeltachta toisc nach bhfuil Gaeilge fheidhmiúil acu.

Rinne ceannaire Shinn Féin cur síos ar an cinneadh seo mar 'chéim ar gcúl' agus cháin sé an dóigh gur dhiúltaigh an Taoiseach athbhreithniú a dhéanamh ar na ceapacháin.

Dúirt an Teachta Adams : “is fianaise iad na cepacháin seo, agus atheagrú an roinn, go bhfuil stádas an Ghaeilge agus an Ghaeltacht ag ísliú mar gheall ar an rialtas".

Dúirt uachtarán Shinn Féin:

“Is céim ar gcúl é beirt Airí gan Gaeilge fheidhmiúil a cheapadh mar Airí Gaeltachta.

“Níl sé i gceist agam na Airí a maslú ar chor a bith. Táim cinnte gur ionadaithe maithe iad. D'obair mé leis an Teachta Dála Joe McHugh, agus athnaím an páirt dearfach a d'imir sé mar Cathaoirleach ar choiste feidhmithe Comahaontú Aoine an Chéasta.

“Ach is fianaise iad na cepacháin seo, agus atheagrú an roinn, go bhfuil stádas an Ghaeilge agus an Ghaeltacht ag ísliú mar gheall ar an rialtas.

“Dhá bhliain ó shin bhrú an Rialtas an Bille Gaeltachta tríd an Dáil, cé nach raibh aon duine sásta leis. Shiúl an freasúra amach nuair a chuaigh sé tríd agus bhí na grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta thar a bheith míshásta leis.

“Mí na Nollaig seo chaite d’éirigh an coimisinéar teanga, Seán Ó Cuirreáin, as a phost. Dúirt sé go raibh seo déanta aige mar nach raibh sé sásta le polasaithe teanga an rialtas.

“Dúirt sé go raibh an Stáit ag obair i gcoinne na dualgaisí a bhí acu faoi Acht na dTeangacha.

“Níl an rialtas ag cloí leis an Stráitéis Fiche Bliana agus tá na polasiathe atá acu ag cur le imeallú na Gaeilge sa chóras riarachán poiblí. Mar thoradh ar sin, níl scéim teanga comhlachtaí poiblí curtha le chéile i gceart. 

“Tá sé dona go leor an dóigh nach mbeidh na hAirí nua ábalta a dulagaisí a dhéanamh trí Ghaeilge, ach tá seo tar éis tarlú tar éis sraith de droch-chinntí atá tógtha ag an rialtas maidir leis an nGaeltacht.

“Tá 75% gearrtha ó bhuiséad Udarás na Gaeltachta ag Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre. Rinneadh gearradh siar ar bhuiséid TG4 agus Foras na Gaeilge fosta.  Tá teorainn curtha i bhfeidhm ar fás na nGaelscoileanna, in ainneoin an firic go bhfuil 25% de thuismitheoirí ag iarraidh go mbeidh a bpáistí ag fáil oideachais trí mheáin na Gaeilge. Tá sé measta ag saoineolaí go bhfuil níos lú ná 15 bliain fágtha an Ghaeilge mar teanga beo laistigh den Ghaeltacht.

“Is ceist sibhialta agus comhionannas é seo do phobal na Gaeltachta.

“Ba chóir go mbeidh an ceart acu a ghnó a dhéanamh  ina dteanga dúchais."

Videos

Peace and Reconciliation discussed at Féile


Photos

Gerry Adams at Hungerstrike rally in Derrylin, Co. Fermanagh