Be part of building a new Ireland

Fograíonn Sinn Féin tacaíocht don Fheachtas #GaelVóta

18 April, 2016 - by Declan Kearney


D'fhogair Cathaoirleach Náisiúnta Shinn Féin Declan Kearney inniu go bhfuil Sinn Féin ag tacú leis an fheachtas #GaelVóta.

Dúirt sé go dtacaíonn an páirtí leis na héilimh a d'fhoilsigh Conradh na Gaeilge i leith maoinithe sa bhreis don Gaeilge agus leis an éileamh go mbeadh Airí in rialtas atá báúil don teanga.

Dúirt an tUas. Kearney,

"Aithníonn muid an tábhacht a bhaineann le cearta teanga agus le dul chun cinn do na pobail a bhfuil an Ghaeilge ina gcroílár.

"Tacaíonn muid le pobal na Gaeilge agus le forbairt na n-achmhainní atá de dhíth chun soláthar ceart agus cothrom a thabhairt dóibh siúd.

"Lean sé leis,"Tá sé ina céim thábhachtach feasta go gcomhoibreoidh muid ar fad, atá ag iarraidh Acht agus cothrom na bhFéinne a bhaint amach, go gcomoibreoidh muid ar fad lena chéile chun cás na Gaeilge a neartú.

"Tá an Conradh le moladh as an fheachtas seo a sheoladh agus tá mé sásta a rá go bhfuil Sinn Féin ag tacú leis na héilimh."

Connect with Sinn Féin

Photos

IMG_8466

An Phoblacht Ad

Videos

1916 Lost Leaders March


Like us on Facebook

Sinn Féin Shop