Be part of building a new Ireland

Caithfear reachtaíocht láidir a bheith ann chun cearta teanga a neartú – Ó Clochartaigh

10 September, 2016 - by Trevor Ó Clochartaigh


Dúirt an Seanadóir Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh,  go mba cheart go mbeadh ceannaireacht chuí ón rialtas maidir le cearta teanga lucht labhartha na Gaeilge. Bhí Ó Clochartaigh ag caint inné in ndiaidh na conspóide maidir le cainteoir Gaeilge ar tugadh rabhadh dhó gan a bheith ag úsáid na Gaeilge ina áit oibre i gCathair Chorcaí.

 

Dúirt sé:

 

“Tá an scéal seo scannalach. Agus muid ag ceiliúradh íobairt na ndaoine a throid ar son na Gaeilge i 1916, tá sé náireach go gcuirfeadh duine bac ar dhuine eile ag caint na Gaeilge in Éireann sa bhliain 2016.  

 

“Tarlaíonn cásanna mar seo mar gheall ar an neamhchinnteacht atá ann de bharr easpa ceannaireachta ón rialtas. 

 

“Gheall an rialtas agus Enda Kenny go pearsanta go bhfoilseofaí Acht na dTeangacha Oifigiúla sa téarma Dála seo chaite. Is iomaí uair a chuir mo cheannaire féin, Gearóid Mac Ádhaimh, ceist dhíreach ar an Taoiseach ag Ord Gnó cathain a bheadh an Bille foilsithe agus  dúradh leis go raibh sé ar na bacáin agus go raibh an rialtas tiomanta dó. 

 

“Mura bhfuil ceannaireacht ag teacht ón rialtas maidir le cearta teanga lucht labhartha na Gaeilge a chosaint, ní nach ionadh go mbeidh éiginnteacht ann san earnáil phríobháideach freisin.   

 

“Is léir ó mhionteangacha eile go gcaithfidh reachtaíocht láidir a bheith ann agus eolas ag an phobal air le go mbeadh cosaint cheart ag a lucht labhartha. 

 

“Ní amhlaidh an scéal sa stát seo faraor. Caithfidh an rialtas Acht na dTeangacha Oifigiúla a fhoilsiú gan mhoill agus go leor eile a chuir i gcríoch ionas nach dtarlóidh a leithéid seo arís.”

Connect with Sinn Féin

Photos

Kathleen Funchion TD, Caoimhe Archibald MLA

An Phoblacht Ad

Videos

1916 Lost Leaders March


Like us on Facebook

Sinn Féin Shop