Be part of building a new Ireland

Ó Donnghaile ag iarraidh tacaíochta d'agóid Líofa

11 January, 2017 - by Niall Ó Donnghaile


Tá an Seanadóir Niall Ó Donnghaile ag iarraidh ar ghníomhaithe Gaeilge a dtacaíocht a thabhairt don agóid 'Bursaries not Boilers'. Beidh an agóid ar siúl i mBéal Feirste amárach.

Dúirt Ó Donnghaile:

"Tá an Dream Dearg ag reachtáil agóide amárach ag 1230in, taobh amuigh d'oifigí na Roinne Pobail in Bedford St.

"Is í cúis na hagóide seo fearg an phobail a chur in iúl; i dtaca leis an chinneadh a rinne an tAire faoi na sparánachtaí Líofa.

"D'aonturas a rinneadh an masla seo agus is minic a léiríonn baill den DUP dímheas don Ghaeilge agus do phobal na Gaeilge.

"Is le gach duine an Ghaeilge, ní bagairt ar aon duine í. Caithfear meas a bheith ann di.

"Is as gach cúlra a thagann cainteoirí Gaeilge agus tá siad dubh dóite leis an easpa measa i leith na Gaeilge.

“Teastaíonn uathu sochaí a mholann agus a thacaíonn le forbairt cultúrtha agus le heagsúlacht teangeolaíoch; sochaí ina bhfuil reachtaíocht agus cosaintí i bhfeidhm nach ligfeadh do Paul Givan agus a leithéidí cinntí scannalacha mar seo a dhéanamh.

“Ba chóir don Aire Givan éisteacht leis an phobal, an cinneadh a fhreaschur agus na sparánachtaí Líofa a thabhairt ar ais."

Connect with Sinn Féin

Photos

Equality  for All

An Phoblacht Ad

Videos

1916 Lost Leaders March


Like us on Facebook

Sinn Féin Shop