Sinn Féin - On Your Side

Cás na Gaeilge ó thuaidh le plé ag an Chultúrlann

12 February, 2017 - by Máirtín Ó Muilleoir


Tá plé oscailte á reáchtáil ag an Aire Airgeadais Máirtín Ó Muilleoir in An Chultúrlann i mBéal Feirste. Beidh an imeacht ar siúl oíche Luain (13 Feabhra) ag a 7 a chlog, agus dúirt Máirtín Ó Muilleoir go bhfuil sé ag dúil le 'plé dearfach agus forásach'. 

Dúirt sé: 

"Is cinnte go bhfuil pobal na Gaeilge tógtha mar gheall ar an dímheas rialta agus leanúnach atá léirithe ag an DUP le fada.

"Tá súil agam go mbeidh plé dearfach agus forásach ar bun againn oíche Luain agus muid ar fad ag iarraidh chás na Gaeilge a chur chun tosaigh.

"Beidh painéal de chainteoirí i láthair; an Seanadóir Niall Ó Donnghaile; Pat Sheehan; agus Mairéad Ní Chonghaile; agus beidh deis labhartha ag gníomhaithe agus grúpaí eile Gaeilge.

"Beidh fáilte roimh chách ag an ócáid seo. Iarraim ar na Gaeil bheith i láthair agus a gcuid tuairimí a thabhairt leo."

Connect with Sinn Féin

Photos

Mary Lou McDonald addressing the march on Shipquay Street

An Phoblacht Ad

Videos

1916 Lost Leaders March


Like us on Facebook

Sinn Féin Shop