Sinn Féin - On Your Side

Ní mór an feachtas ar son comhionannais agus Acht Gaeilge a ghéarú – Ní Chuilín

27 March, 2017 - by Carál Ní Chuilín


Tá ráite ag an Chomhalta Carál Ní Chuilín go gcaithfear an feachtas ar son comhionannais agus Acht Gaeilge a ghéarú i ndiaidh gur theip ar Rialtas na Breataine agus ar an DUP beart a dhéanamh de réir a mbriathar.

Ag labhairt léi i ndiaidh an léirsithe ar son Acht Gaeilge a reáchtáil an Dream Dearg ag Stormont inniu, dúirt Ní Chuilín:

“Tá sé thar am go mbeadh Acht Gaeilge ann.

“Ba cheart go mbeadh cearta chainteoirí Gaeilge faoi chosaint reachtaíochta.

“Tá ag teip ar Rialtas na Breataine agus ar an DUP a gcoimitmintí a chomhlíonadh.

“Má tá muid ag iarraidh Acht Gaeilge a bhaint amach, caithfidh muid bheith i mbun feachtasíochta. Mar a dúirt Gerry Adams an tseachtain seo chuaigh thart, caithfear gníomh agus eagrú ar son an Achta.

“Mholfainn do chách atá ag iarraidh chomhionnanas, meas agus cearta a bhaint amach, mholfainn dóibh a dtacaíocht a léiriú sna seachtainí atá romhainn.” 

Connect with Sinn Féin

Photos

Mary Lou McDonald addressing the march on Shipquay Street

An Phoblacht Ad

Videos

1916 Lost Leaders March


Like us on Facebook

Sinn Féin Shop