Sinn Féin - On Your Side

Sinn Féin ag tacú le Glór na Móna agus an agóid ar son Seirbhísí Óige

6 April, 2017 - by Pat Sheehan


Tá an Comhalta Tionóil Reachtach Pat Sheehan ag iarraidh ar an phobal seasamh leis an agóid inniu i ndiaidh gur baineadh maoiniú ó sholáthraí seirbhísí óige.  Cuireann an soláthraí - Glór na Móna - seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Dúirt an Comhalta,

"Tá an agóid á reáchtáil i ndiaidh gur baineadh maoiniú ó sholáthraí a chuireann seirbhísí óige ar fáil trí mheán na Gaeilge.

"Ionsaí eile ar an Ghaeilge atá ann, a léiríonn arís féin gur gá Acht Gaeilge a reachtú.

"Tacaíonn Sinn Féin leis an agóid atá á reáchtáil ag Glór na Móna inniu in aghaidh na gciorruithe taobh amuigh den Údarás Oideachais i Sráid Acadaimh.

"Ní bagairt í an Ghaeilge. Is le cách í.

"Tá mé ag iarraidh ar achan duine freastal ar an agóid seo inniu - 3.30in taobh amuigh den Údarás Oideachais i Sráid Acadaimh."

Connect with Sinn Féin

Photos

Mary Lou McDonald addressing the march on Shipquay Street

An Phoblacht Ad

Videos

1916 Lost Leaders March


Like us on Facebook

Sinn Féin Shop