Tábhacht as cuimse ag baint leis an dá Chultúrlann ó thuaidh – Ó Donnghaile
Tá ráite ag an Seanadóir Niall Ó Donnghaile go gcaithfear an fód a sheasamh ar son na gcultúrlann ó thuaidh. Bhí an Seanadóir ag labhairt i ndiaidh dó an scéala a chluinstin go ndéanfaidh Foras na Gaeilge comhairliúchán poiblí maidir le scéim nua d’ionaid Ghaeilge.
Dúirt an Seanadóir Ó Donnghaile,
“Tá tábhachtach as cuimse ag baint leis an dá chultúrlann le fada an lá.
“Tá ról lárnach ag Cultúrlann Uí Chanáin agus Cultúrlann Mhac Adaim Ó Fiaich, i bhforbairt na Gaeilge i nDoire agus i mBéal Feirste, cinnte; ach chomh maith céanna, tá siad ina n-ionaid tábachtacha do chur chun cinn na Gaeilge ar fud an tuaiscirt.
Lean sé leis,
“Is cinnte go gcaithfear an Ghaeilge a fhorbairt i gceantair fud fad na tíre, ach ní fhágann sé sin go ndéanfaí dochar do dhá thogra a bhfuil an-rath orthu. Más cur chuige straitéiseach atá i gceist ag an Fhoras, ba chóir roghanna a fhiosrú nach ndéanfar aon airgead a bhaint ón dá chultúrlann."

