Sinn Féin - On Your Side

Is ionann ionsaí ar an bhunscoil agus ionsaí ar an phobal go léir – Sheehan

4 May, 2017 - by Pat Sheehan


Tá ráite ag an Chomhalta Pat Sheehan go bhfuil an-fhearg go deo i bpobal Uachtar BhótharChluanaíi ndiaidh na n-ionsaithe a rinneadh le déanaí ar Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh.

Ag labhairt dó, roimh léirsiú tacaíochta atá beartaithe don oíche anocht, dúirt an Comhalta ó Iarthar Bhéal Feirste,

“Tá an scoil i gcroílár an phobail seo; mar sin, is ionann ionsaí ar an bhunscoil agus ionsaí ar an phobal go léir.

“Tá earnáil na Gaelscolaíochta ag méadú in Iarthar Bhéal Feirste agus ar fud an tuaiscirt. Tá Bunscoil an tSléibhe Dhuibh ina cuid de sin. Cuireann siad seirbhisí an-tairbheacha ar fail dár bpáistí agus tá ardmheas ag an phobal orthu.

“I ndiaidh gur briseadh isteach trí hoíche i ndiaidh a chéile, tá an-fhearg ar bhunadh na háite. Tá a fhos agam go dtiocfaidh daoine amach anocht lena dtacaíocht a thaispeáint don scoil, do na páistí, do na muinteoirí agus do na tuismitheoirí.”

Connect with Sinn Féin

Photos

Mary Lou McDonald addressing the march on Shipquay Street

An Phoblacht Ad

Videos

1916 Lost Leaders March


Like us on Facebook

Sinn Féin Shop