Sinn Féin - On Your Side

Cluas bhodhar tugtha ag Foster do ghrúpaí Gaeilge - Ó Muilleoir

11 May, 2017 - by Máirtín Ó Muilleoir


Sinn Féin MLA Máirtín Ó Muilleoir arsa tá Arlene Foster, ceannaire an DUP, ag cur as a riocht an teachtaireacht a fuair sí ó na Gaeilgeoirí ar bhuail sí leo nó ní raibh sí ag éisteacht ag na cruinnithe chéanna.

Arsa Máirtín Ó Muilleoir:

"I ndiaidh na gcruinnithe sin, chuir ionadaithe na ngrúpaí Gaeilge le fios gur sheas siad céad faoin chéad leis an fheachtas ar son Acht Gaeilge - leoga sin an fáth ar chuir siad fáilte roimh an deis buaileadh le Arlene Foster. 

"Dúirt siad gur ag labhairt ar son na mílte a thacaigh leis na comhairliúcháin éagsúla ar Acht Gaeilge aa bhí siad agus ar son na gcéadtaí míle atá ag éileamh Achta.

“Tá áthas orm go bhfuil Pobal ag seasamh go diongbháilte lena dtacaíocht d’Acht i ráiteas inniu.

"Ach anois deir Ms Foster nach bhfuil ach dornán daoine seachas gníomhaithe polaitiúla ag lorg Acht Gaeilge.

"Ní raibh Arlene Foster ag éisteacht sna cruinnithe a rinne sí nó tá sí ag cur na bhfíricí as a riocht. Ise amháin ar féidir léi a rá linn cé acu sin atá fíor.”

Connect with Sinn Féin

Photos

Members of the legacy delegation hosted by Martina Anderson at the European Parliament in Strasbourg.

An Phoblacht Ad

Videos

1916 Lost Leaders March


Like us on Facebook

Sinn Féin Shop