Be part of building a new Ireland

Easpa acmhainne ag cur as do scoileanna clárú do scéim Aitheantas Scoileanna Gaeltachta – Tóibín

19 June, 2017 - by Peadar Tóibín TD


Léirigh urlabhraí Shinn Féin ar an nGaeilge, an Teachta Peadar Tóibín a chuid díomá nach raibh roinnt scoileanna áirithe chun páirt a ghlacadh sa scéim Aitheantas Scoileanna Gaeltachta.

Dúirt an Teachta Tóibín:

“Is mór an trua é a fheiceáil nach bhfuil gach scoil ag glacadh páirt sa scéim seo. Tuigim cás na scoileanna seo áfach – níl muinín acu as an roinn na hacmhainn atá de dhíth orthu a sholáthar.

“I Maigh Cuilinn mar shampla, níl ach aon scoil amháin chun a bheith áirithe sa scéim. Fágann sé sin go bhfuil trí scoil eile nach mbeidh ag cur iarratas isteach.

“Tá sé fíor-dheachair do scoileanna bheaga tumoideachas a bhaint amach agus gan é a bheith deimhnithe go mbeidh múinteoir sa bhreis ar fáil. Tá eagla ar an bpobal nach mbeidh na hacmhainní cuí ar fáil.

“Is ábhar dóchas é go mbeidh na scoileanna in ann iarratas a chur isteach amach anseo más mian leo. Is gá don stáit iarrachtaí níos mó a dhéanamh buntáistí oideachas trí Ghaeilge a léiriú don phobal agus gach iarracht éisteacht a thabhairt dos na scoileanna nach bhfuil ag glacadh páirt leis an scéim a fheabhsú.”

Connect with Sinn Féin

An Phoblacht Ad

Videos

1916 Lost Leaders March


Like us on Facebook

Sinn Féin Shop