Be part of building a new Ireland

Mac Ádhaimh ina phríomhchainteoir ag Slógadh Shinn Féin

7 December, 2017 - by Pat Sheehan


Tá fáilte curtha ag an chomhalta Pat Sheehan roimh an fhógra gurb é Uachtarán Shinn Féin Gearóid Mac Ádhaim a thabharfaidh príomhóráid Shlógadh Shinn Féin i mbliana. Tionólfar an Slógadh i gCultúrlann Mc Adam Ó Fiaich, Dé Sathairn (9 Nollaig, 10am-4pm).

Ag labhairt dó inniu, dúirt Sheehan,

“Féadtar a rá gur fóirsteanach an rud é go mbeidh Slógadh Shinn Féin ar ais sna 6 chontae agus i mBéal Feirste i ndiaidh bliain mhór shuntasach de ghníomhaíocht agus de fheachtasaíocht ar son cearta teanga agus Acht Gaeilge.

“Is suntasach, fosta, gurb é Uachtarán Shinn Féin Gearóid Mac Ádhaimh a bheidh ina phríomhchainteoir.”

Lean sé leis,

“Ina theannta sin, beidh roinnt aoi-chainteoirí speisialta eile i láthair le téama an tSlógaidh i mbliana a phlé –‘Saol trí Ghaeilge’: Tony Devlin, Rossa Ó Snodaigh, Roy Garland, Ursula Ní Shabhaois, Paula Melvin agus Conchúr Ó Muadaigh, san áireamh. 

“Cuirfear fearadh na fáilte roimh chách, beag beann ar a gcaighdeán Gaeilge. Pléifear cearta teanga agus Acht, chomh leis an tionchar dhearfach a dhéanann na Gaeil agus an Ghaeilge ar an tsochaí.

“Bígí linn.”

Connect with Sinn Féin

Photos

IMG_8466

An Phoblacht Ad

Videos

1916 Lost Leaders March


Like us on Facebook

Sinn Féin Shop