Sinn Féin - On Your Side

Bígí cinnte go mbeidh Acht Gaeilge ann – Adams

9 December, 2017 - by Gerry Adams TD


Oráid Uachtarán Shinn Féin Gerry Adams TD chuig Slogádh Shinn Féin 2017 - 9ú Nollaig 2017

Dia dhaoibh go léir a chairde,

Ar dtús ba mhaith liom a rá go bhfuil mé thar a bheith sásta bheith libh ag Slógadh Shinn Féin arís i mbliana.

Is ócaíd iontach é i gcónaí agus tá mé fíor-bhuíoch as an deis labhairt libh um thráthnóna.

Ba mhaith liom buíochas mór a ghabháil le Johnny McGibbon as ucht a chuid oibre mar Oifigeach Náisiúnta Gaeilge an phairtí.

Tá sárobair deantá ag Johnny ar son na Gaeilge.

So, maith sibh a chairde.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil fosta le gach éinne a chuir an ócaid le chéile inniu agus leis na rannpháirtithe go léir. 

Míle buíochas daoibhse.

Tá an Ghaeilge thar a bheith tábhachtach dár bpáirtí agus is gné ríthábhachtach í in obair ár bpáirtí.

Ní hé sin le rá go ndéanaimid go leor de – ní mór dúinn tuilleadh a dhéanamh.

Ní hé le rá nach féidir linn níos mó a dhéanamh – is féidir linn i gcónaí.

Agus ní hé le rá go bhfuil na freagraí uilig againn – níl.

Ach tá muid tiomanta don dúshlán a thug an pobal dúinn anuraidh a shárú – sin chun Acht Gaeilge a bhaint amach agus bainfimid amach é. 

Bígí cinnte faoi sin.

Beidh mé féin ag éirí as mar Uachtarán Shinn Féin i gceann cúpla mí agus ní bheidh mé ag dul ar aghaidh chun an chéad toghchán Dála eile.

Ní chiallaíonn sé sin go mbeidh mé ag éirí as.

Is gníomhaí mé – ar dtús agus i gcónaí.

Agus níl amhras ar bith orm agus mé ag dul isteach i mo sheachtóidí go mbeidh mé ag plé le gníomhaíocht ar son na Gaeilge sna blianta amach anseo.

Bhíos ag mórshiúil ‘Dearg le Fearg’ i mí na Bealtaine. 

Ceann de na hagóidí is fearr riamh a raibh mé ann.

Na dathanna, an atmaisféar, on óige agus an bheocht, bhí siad uilig ar fheabhas.

Bhí glúin óg gníomhaithe ann. 

Rugadh iad i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta agus ó bhí próiséas na síochána ann. 

Ach bhí an splanc céanna iontu is a bhí ionam agus i mo ghlúin nuair a thosaigh muidinne ag éileamh ár gceart agus comhionannas.

Is í téama an Slógadh i mbliana ná “Saol trí Gaeilge”.

Sin a bhfuil ag teastáil ó An Dream Dearg.

Sin a bhfuil ag teastáil ó Phobal na Gaeilge.

Ní faoi reachtaíocht amháin atá sé, cé go bhfuil sin tábhachtach.

Ná faoi chaighdeán, Coimisinéar agus maoiniú amháin ach oiread.

Ní faoi na cúirteanna nó faoi chomharthaí bóthair atá sé.

Baineann sé leis an cheart do dhúchas náisiúnta a bheith agat agus an ceart do theanga dhúchais a labhairt i do thír féin.

Baineann sé le Saol trí Gaeilge a bheith agat más mian leat.

Ní mór don chóras polaitiúil tacú leis sin.

Tá fhios againn go bhfuil daoine sa pholaitíocht Aontachtach a deir gur cur amú ama é sin.

Deirtear go bhfuil muid ag iarraidh go gcaitear níos fearr le dream amháin ná le dream eile.

Tugann muidinne i Sinn Féin cearta bunúsacha air.

Ba cheart agus ba chóir go n-éisteofar le glór Phobal na Gaeilge.

Do na mílte duine a úsáideann an Ghaeilge ina saol laethúil is í teanga a rogha í.

Tá lucht na Gaeilge ó thuaidh ag iarraidh na gceart céanna is atá ag ár gcomharsana in Albain agus sa Bhreatain Bheag agus sna Fiche Sé Chontae - a bhfuil cearta acu maidir leis an Ghaidhlig, an Bhreatnais agus an Ghaeilge.

Sin a bhfuil de.

Níl an Ghaeilge éiginteach do dhuine ar bith, bíodh sin le hAcht na Gaeilge nó gan é 

Agus beidh sé ag fás le hAcht na Gaeilge, nó gan é.

Tá sí ann dóibh siúd ar mhaith leo í a labhairt ach is le gach duine í.

Agus má tá tabhacht ar bith ag baint le cearta daoine caithfidh go bhfuil feidhm acu – agus ta sin fíor do cheart labhartha Gaeilge – ní rud ar pháipéar amháin é.

Tá athmhuintearas, dúchas agus comh-mheas lárnach sa cheist seo.

Tá dúchas agus teanga na Gaeilge ar comhchéim le cultúir ar bith eile.

Cuireann siad le cultúr uillíoch na ndaoine ar fad chun ár leasa ar fad.

Tá daoine ann i gceannaireacht na hAontachtóirí nach dtuigeann an méid seo go fóill.

Tá siad fós ag amharc ar na sean chathanna, ag cosaint deacaí seicteacha agus ag diúltiú don chomhionannas.

Níl ceist ann maidir le hAcht na Gaeilge agus an mbeidh ceann againn. 

Is ceist í maidir le cathain a bheidh ceann again.

Tá cuid mhaith den chur i gcoinne seo ag baint leis an Stáitín Óráisteach inar mhair na ceannairí Aontachtacha seo. 

Ní chuireann sé sin iontas orm. 

Chonaic mé é cheana. 

Seafóid.

Tá an Stát Oráisteach imithe.

Imithe go deo.

Is ar mhaithe le achan duine na cearta seo.

Ar mhaithe le achan duine cearta teanga fosta.

Chun leasa achan duine atá Acht Gaeilge.

Ach fós, fiú gan Acht, tá an Ghaeilge imithe ó neart go neart.

Tá sé iontach scaifte chomh spreagúil fuinniúil a fheiceáil i muintir na Gaeilge timpeall na háite anois.

Agus bhí go leor agaibh sa seomra inniu páirteach sa phróiséas sin, mar sin maith sibh uilig!

Tá Sinn Féin tar éis páirt a ghlacadh freisin agus caithfidh muid níos mó oibre a dhéanamh sa todhchaí.

Chuireamar le chéile obair le déanaí ar ár bplean deich mbliana.

Tá sé uaillmhianach ach tá sé riachtanach.

Mar cuid den phlean sin caithfidh muid an páirtí a dhéanamh dátheangach i gceann deich mbliana.

Chun sin a bhaint amach caithfidh muid:

Próifíl agus úsáid na Gaeilge a ardú i ngach réimse oibre sa pháirtí - laistigh agus lasmuigh.

Cumarsáid Shinn Féin a aistriú i dtreo an dátheangachais an oiread agus is féidir.

Pleananna Oibre don Gaeilge le seachadadh i ngach Cúige.

Caighdeán a chur le húsáid teidil na Gaeilge do phoist laistigh de Sinn Féin.

Feachtais ardphróifíle a reáchtáil agus an méid atá á seachadadh againn a chur chun cinn.

Rannpháirtíocht a rialáil le heagraíochtaí Gaeilge agus cultúrtha.

Agus a chinntiú go mbeidh comhairleoirí againn le Gaeilge i ngach ceantar Gaeltachta tar éis na dtoghchán áitiúil eile. 

Caithfidh gach éinne anseo tacú leis an obair sin.

So sin é a chairde. 

Míle buíochas d’achan duine as teacht. 

Tá súil agam gur bhain sibh taitneamh as an lá, as na díospóireachtaí, as na cainteanna.

Agus sibh ag fágáil inniu tá rud simplí gur feidir libh a dhéanamh - úsáid a bhaint as an Ghaeilge atá agaibh.

“Ná habair é, dean é”.

Sin é bonn Ghluaiseacht na Gaeilge.

Go raibh míle maith agaibh go léir.

Connect with Sinn Féin

Photos

Máirtín Ó Muilleoir speaking during a debate.

An Phoblacht Ad

Videos

1916 Lost Leaders March


Like us on Facebook

Sinn Féin Shop