Sinn Féin - On Your Side

Comhar Comhrá cruinniú fógartha ag Ó Muilleoir

19 February, 2018 - by Máirtín Ó Muilleoir


Tá ráite ag an Chomhalta Máirtín Ó Muilleoir go mbeidh comhrá oscailte ag Sinn Féin le pobal na Gaeilge - Dé Luain seo chugainn (26 Feabhra), 7pm, i gCultúrlann McAdam Ó FIaich i mBéal Feirste. 

Ag fógairt an chruinnithe dó, dúirt an Comhalta:

"Mar atá a fhios ag an saol, dhiúltaigh an DUP glacadh le riachtanas an Acht Ghaeilge agus le cearta bunúsacha eile atá ar fáil ar fud na n-oileán seo. Dá dheasca sin, tháinig deireadh leis na cainteanna polaitiúla ag Cnoc an Anfa.

"'D'ainneoin sin, tá Sinn Féin tiomanta d'Acht Gaeilge a bhaint amach agus don chomhoibriú a thógáil le pobal na Gaeilge. 

"Leis na blianta beaga anuas, tá fuinneamh agus ceannaireacht phobal na Gaeilge ina spreagadh agus ina eiseamláir don dearfachas agus don fheachtasaíocht.

"Ba mhaith linn cuireadh a chur ar phobal na Gaeilge freastal ar chruinniú poiblí i gCultúrlann McAdam Ó FIaich, Béal Feirste, ar 7pm Dé Luain 26 Feabhra - le plé a dhéanamh ar na bealaí chun cinn maidir le cearta teanga a bhaint amach." 

Connect with Sinn Féin

Photos

Mary Lou McDonald addressing the march on Shipquay Street

An Phoblacht Ad

Videos

1916 Lost Leaders March


Like us on Facebook

Sinn Féin Shop