Sinn Féin - On Your Side

Bhí sé ceart staonadh ó Westminster siar i 1918 agus tá sé ceart anois – Mary Lou McDonald TD

3 December, 2018 - by Mary Lou McDonald TD


SLÓGADH SHINN FÉIN 2018, 1 December / Nollaig, An Uaimh, Co. na Mí

Bhí sé ceart staonadh ó Westminster siar i 1918 agus tá sé ceart anois – Mary Lou McDonald TD

Dia daoibh go léir a chairde,

Ar dtús, ba mhaith liom a rá go bhfuil mé an-sásta bheith libh inniu.

Is ócáid iontach an Slógadh i gcónaí agus táim fíor-bhuíoch as an deis labhairt libh ar maidin.

Ba mhaith liom buíochas mór a ghabháil le Johnny McGibbon as ucht a chuid oibre mar          Oifigeach Náisiúnta Gaeilge an pháirtí.

Tá sárobair déanta ag Johnny agus ár bhfoireann ar fad ar son na Gaeilge.

So, maith sibh a chairde.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin le gach éinne a chur an ócáid le chéile inniu agus leis na rannpháirtithe go léir. 

Míle buíochas libh go léir agus tá céad míle fáilte romhaibh chuig Slogádh Shinn Féin san Uaimh, anseo i gContae na Mí.

I gceann cúpla seachtain, déanfaimid comóradh ar chuimhneachán céad bliain an toghcháin 1918.

Am cinniúnach i stair na hÉireann ab ea é.

Bhí ollbhua ag Poblachtánaigh sa toghchán ar a dtugtar 'Toghchán Shinn Féin'.

Thogh muintir na hÉireann tromlach de chomhaltaí ar son saoirse na hÉireann.

Dhiúltaigh feisirí Shinn Féin a gcuid suíochán a ghlacadh ag Westminster.

Le linn na seachtaine, d’impigh an Taoiseach ar fheisirí Shinn Féin a gcuid suíochán a ghlacadh ann.

Déarfaidh mé an méid seo go cruinn, soiléir agus láidir – ní tharlóidh sé seo. 

Bhí sé ceart staonadh ó Westminster siar i 1918 agus tá sé ceart anois.

Údar bróid é gur toghadh an chéad bhean mar fheisire sa toghchán sin – Constance Markievicz.

Bhí sí páirteach sa traidisiún uasal de mhná Poblachtánacha sin a bhí ina réabhlóidithe dosmachtaithe.

I gceann coicíse tabharfaimid ómós don oidhreacht sin i gContae Shligigh agus impím oraibh bheith ann.

Seo í Bliain na Gaeilge freisin.

Is beart iontach é sin a thugann deiseanna do dhaoine an Ghaeilge a úsáid níos minice, agus a spreagann rannpháirtíocht i measc an phobail.

Ba cheart dúinn sin a dhéanamh gach uile bhliain.

Le bliain anuas, is iontach an rud é go raibh deis agam casadh le roinnt eagras Gaeilge agus freastal ar roinnt imeachtaí Gaeilge freisin.

Chuaigh an fuinneamh is an díograis a bhaineann le gníomhaithe teanga i bhfeidhm go mór orm agus tá sin le feiceáil ar fud an oileáin.

Is gníomhaithe teanga sibh féin atá i láthair anseo inniu. 

Ba mhaith liom mo bhuíochas féin a chur in iúl daoibh as bhur gcuid oibre agus saothair ar fad.

Is sibhse a chuireann leis an bhforbairt atá ag le feiceáil sa teanga, rud a fheiceann muid go léir.

Agus tá muidne i Sinn Féin ag iarraidh bheith ag obair as lámh a chéile libh chun na críche sin.

Tá an Ghaeilge thar a bheith tábhachtach dár bpáirtí agus is gné ríthábhachtach in obair ár bpáirtí í.

Táimid tiomanta don dúshlán a thug an pobal sa tuaisceart dúinn a shárú – is é sin chun Acht Gaeilge a bhaint amach. 

Ní faoi reachtaíocht amháin atá sé, cé go bhfuil sin tábhachtach.

Ní faoi chaighdeáin, Coimisinéir agus maoiniú amháin é ach oiread.

Ní faoi na cúirteanna nó faoi comharthaí bóthair atá sé.

Baineann sé leis an gceart do dhúchas náisiúnta a bheith agat agus leis an gceart do theanga dhúchais a labhairt i do thír féin.

Baineann sé le saol trí Gaeilge a bheith agat más mian leat.

Agus ní mór don chóras polaitiúil tacú leis sin.

Tá fhios agam go bhfuil daoine sa pholaitíocht Aontachtach a deir gur cur amú ama é sin.

Deirtear go bhfuil muid ag iarraidh go gcaitear níos fearr le dream amháin ná le dream ar bith eile.

Tugann muidinne i Sinn Féin cearta bunúsacha air; nó sin a bhfuil i gceist le hAcht naGaeilge.

Ba cheart agus ba chóir go n-éistfear le glór Phobal na Gaeilge.

Do na mílte duine a úsáideann an Ghaeilge ina saol laethúil is í teanga a rogha í.

Agus níl an Ghaeilge éigeantach do dhuine ar bith; bíodh Acht Gaeilge ann nó ná bíodh.

Tá sí ann dóibh siúd ar mhaith leo a labhairt, ach is le gach éinne í.

Má tá tábhacht ar bith ag baint le cearta daoine caithfidh go bhfuil feidhm acu – agus tá sin fíor do chearta labhartha Gaeilge – ní rud ar pháipéar amháin é.

Tá dúchas agus cóimheas lárnach sa cheist seo.

Tá dúchas agus teanga na Gaeilge ar comhchéim le cultúir ar bith eile.

Cuireann siad le cultúr uilíoch na ndaoine ar fad.

Tá daoine ann i gceannaireacht na hAontachtachta nach dtuigeann an méid seo go fóill.

Tá siad fós ag amharc ar na sean chathanna, ag cosaint dearcaí seicteacha agus ag diúltú don chomhionannas.

Ach níl aon cheist ann maidir le hAcht na Gaeilge agus an mbeidh ceann againn. 

Is ceist í a bhaineann le cathain a bheidh Acht Gaeilge againn.

Tá cuid mhaith den chur i gcoinne seo ag baint leis an Stát Oráisteach inar mhair na ceannairí Aontachtacha seo. 

Ach tá an Stát Oráisteach imithe.

Imithe go deo.

Is ar mhaithe le gach éinne na cearta seo.

Ar mhaithe le gach éinne cearta teanga freisin.

Agus bainfimid Acht na Gaeilge amach, a chairde. 

Bígí cinnte faoi sin.

Ach fós, fiú gan Acht, tá an Ghaeilge ag dul ó neart go neart.

Agus tá sé iontach scaifte chomh spreagúil fuinniúil a fheiceáil i measc mhuintir na Gaeilge timpeall na tíre anois.

Leanaigí ar aghaidh leis an obair.

Míle buíochas gach éinne as teacht. 

Tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh as an lá, as na díospóireachtaí, agus as na cainteanna.

Go raibh míle maith agaibh go léir. 

Connect with Sinn Féin

Photos

Mary Lou McDonald addressing the march on Shipquay Street

An Phoblacht Ad

Videos

1916 Lost Leaders March


Like us on Facebook

Sinn Féin Shop