Maidir le SF
Réamhrá ar Shinn Féin
Le céad bliain anois tá Sinn Féin ar thús cadhnaíochta maidir le hathruithe a bhaint amach in Éirinn. Tá Poblachtánaigh agus Sóisialaigh ó Constance Markievicz, Shéamas Ó Conghaile agus Liam Mellows go Bobby Sands, Mairéad Farrell agus Joe Cahill tar éis muid a thógáil níos cóngaraí dár sprioc neamhspleáchas agus athaontú na hÉireann a bhaint amach. Tá glúin phoblachtánaigh an lae inniu ag leanstan ar aghaidh leis an sprioc sin.
Is é Sinn Féin an páirtí is mó fáis in Éirinn anois. Tá cúigear Airí againn i rialtas an Tuaiscirt, an ComhChéad-Aire, Martin McGuinness, ina measc. Tá muid ag cur fíorathruithe i gcrích. Tá muid ag coinneáil orainn an páirtí a thógáil ar fud an Deiscirt agus tá muid ar thús cadhnaíochta i bhfeachtais maidir le cruthú agus coinneáil postanna, maidir le seirbhísí poiblí a chosaint agus maidir le pobail áitiúla. Tá mórcháipéisí polasaí seolta againn i dtaca le cruthú postanna agus airgeadas poiblí. Sheas muid suas do Fhianna Fáil agus do na Glasaigh agus thairg muid réitigh chearta.
Tá Uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams, tar éis tús a chur le feachtas athnuaite maidir le hathaontú na tíre, le tacaíocht fhorleathan a thógáil d’athaontú in Éirinn agus le diaspóra na hÉireann a thabhairt le chéile chun tacú leis an éileamh seo. Freisin, tá muid ag leanstan orainn ag úsáid ár gcuid taithí maidir le réiteach comhlinte le cabhrú le próisis eile síochána timpeall an domhain, an Meánoirthear san áireamh.
Bí linn agus muid ag tógáil Éireann atá comhionann.
