Motion 176. Cuireann an Ard-Fheis seo in iúl an scaoll atá uirthi mar gheall ar an eisimirce mhearmhéadaithe atá ar siúl ar fud na 32 Contae. Aithnímid na drochéifeachtaí ar leith a imríonn eisimirce ar phobail tuaithe ar an oileán.
Measaimid é seo a bheith ina éigeandáil náisiúnta. Faoi láthair, imíonn níos mó ná 1,000 saoránach Éireannacha na Sé Chontae agus na 26 Contae gach seachtain, an-chuid acu ina n-ógánaigh shingile agus ina dteaghlaigh óga.
Iarrann an Ard-Fheis seo ar airí Shinn Féin sa Choiste Feidhmiúcháin ó Thuaidh agus TDanna Shinn Féin sa Dáil áirithiú go dtugann Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas agus Rialtas na hÉireann mar dheargthosaíocht, faoi éigeandáil reatha na heisimirce agus, trína bhíthin, straitéis uile-oileáin thras-Rannach a iarraidh trí idirghabháil a dhéanamh sa staid seo atá ag dul chun donachta ina dtír féin.
Cumann Chaoimhín Uí Loingsigh
An Pháirc/An Charraig Bhán, Co. Dhoire
Comhairle Ceantair Chorcaí Thiar
Comhairle Ceantair na hÓmaí