Ard Fheis 2012 Motions

Click on the topics below to see the motions for the 2012 Sinn Féin Ard Fheis

Athchóiriú Polaitiúil

Motion 1

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas
• Aithníonn sí bunú an Choinbhinsiúin Bhunreachtúil agus an dualgas suntasach tábhachtach atá ar an gCoinbhinsiún seo;
• Athdheimhníonn sí go gcreidimid go bhfuil gá soiléir le hathchóiriú radacach forleathan ar an gCoimisiún agus go bhfuil luach a bhaineann leis an athchóiriú sin. Creidimid freisin gur chóir dúinn iarracht a dhéanamh obair i dtreo Bunreacht nua a bhunú, rud a bheadh mar bhunchloch de Phoblacht Nua;
• Aithníonn sí go dtugann an próiseas seo deis chun forbairt a dhéanamh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, go háirithe maidir le Fóram Parlaiminte agus le Fóram Comhairleach Saoránach Uile-Éireann a thionól agus le Cairt Uile-Éireann um Chearta a chomhaontú, agus iarrann sí ar Rialtas na hÉireann ráthaíocht a thabhairt nach ndéanfaidh an Bunreacht a thiocfaidh as an bpróiseas seo dochar don Chomhaontú, dá mheanma ná dá fhorálacha.

Dá bhrí sin, creideann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
i. Go bhfuil sé ríthábhachtach go gcuirfear cearta socheacnamaíocha áirithe san áireamh in aon Chonradh amach anseo agus nach mór na cosaintí uile do chearta nua-aimseartha comhionannais agus daonna a bheith san áireamh ann, rud a léireoidh raon iomlán ár n-oibleagáidí idirnáisiúnta agus aon oibleagáidí eile is gá chun sochaí atá bunaithe ar chearta a bhunú;
ii. Nach mór do phróiseas an Choinbhinsiúin Bhunreachtúil a bheith go hiomlán cuimsitheach maidir lena chomhdhéanamh agus leis an dóigh a nglacann daoine páirt ann. Go háirithe, ba chóir don Choinbhinsiún Bunreachtúil a áirithiú go mbeidh na rannpháirtithe ionadaíoch, an oiread agus is féidir, ó thaobh aicme, inscne, eitneachais, náisiúntachta, claonta, aoise, creidimh, teanga agus míchumais de, agus go mbeidh an próiseas deartha chun éascú a dhéanamh ar rannpháirtíocht ó chuid de shochaí na hÉireann atá chomh leathan agus is féidir;
iii. Ní mór don Choinbhinsiún Bunreachtúil saoránaigh na Sé Chontae - cibé acu is aontachtaithe, náisiúnaithe nó daoine eile é - agus an Diaspóra a chuimsiú sa phróiseas seo;
iv. Ní mór do phróiseas an Choinbhinsiúin a bheith go hiomlán poiblí, trédhearcach agus cuntasach freisin, idir plé ar théarmaí tagartha agus ceapacháin agus idir díospóireachtaí agus tabhairt i gcrích moltaí, chomh maith lena bheith éifeachtach ó thaobh costais de agus seasamh do luach ar airgead don phobal.

Creideann an Ard-Fheis seo freisin:
• Nach mór don toradh ó phróiseas den sórt sin a bheith láidir, cuimsitheach agus buan agus nár chóir an próiseas a bhrostú trí é a dhéanamh laistigh de thréimhse shaorga ama 12 mhí.
• Cé gur dearfach atá na saincheisteanna a aithníodh le cur san áireamh go dtí seo, ní mór don Choimisiún breathnú ar raon leathan ábhar, saincheisteanna agus forálacha, lena n-áirítear go háirithe an gá atá le ráthaíochtaí soiléire a thabhairt maidir le cearta eacnamaíocha agus sóisialta, an gá atá le cearta vótála a leathnú chuig saoránaigh sa Tuaisceart agus chuig saoránaigh sa Diaspóra, agus an gá atá le bonneagar chun daonlathas níos cuimsithí, go hiomlán ionadaíoch agus cuntasach, agus ina bhfuil meicníochtaí le haghaidh rannpháirtíocht dhíreach, a bhunú (ach gan a bheith teoranta do na nithe seo)
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 2

Creideann an Ard-Fheis seo gur neamhleor atá na cuótaí inscne maidir le tabhairt faoi na cúiseanna atá taobh thiar den easpa rannpháirtíochta ó mhná i bpolaitíocht na hÉireann agus nach mór iarrachtaí níos mó a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an éagothroime inscne laistigh dár gcóras polaitiúil.
Cumann Uí Aodha/Uí Raghallaigh
Eochaill, Co. Chorcaí

Passed

Motion 3

Athdheimhníonn an Ard-Fheis seo an tiomantas a bhfuil aici do chur i gcrích an Athbhreithnithe ar Riarachán Poiblí (athchóiriú an rialtais áitiúil sna Sé Chontae), próiseas athchóirithe a mbeidh ina chúis le comhionannas, le daonlathas rannpháirteach agus le héifeachtacht agus le héifeachtúlachtaí fochuideachta a bhunú i riarachán an rialtais áitiúil. Ní mór seirbhísí rialtais áitiúil amach anseo a sheachadadh ar bhealach a sholáthraíonn comhionannas rochtana do gach duine agus iad a sheachadadh ag leibhéal áitiúil nuair is féidir.
Éilítear go ndéanfar foráil i struchtúir agus i socruithe rialachais an rialtais áitiúil amach anseo foráil do dhaonlathas rannpháirteach, don ionadaí tofa agus d’ionadaithe ón earnáil phobail agus dheonach araon tríd an bhfeidhm pleanála pobail. Tríd an bhfeidhm pleanála a aistriú chuig an rialtas áitiúil, beidh saoránaigh agus pobail áitiúla in ann páirt níos gníomhaí a ghlacadh sa chóras pleanála. Ní mór cóid láidre eitice agus córas srianta agus ceartúcháin a bheith bunaithe laistigh den fheidhm pleanála seo. Ní mór saoránaigh a éascú go hiomlán maidir le ‘déanamh áiteanna’ laistigh de shocruithe nua an rialtais áitiúil.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 4

Iarrann an Ard-Fheis seo ar Rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre athchóirithe an rialtais áitiúil a thabhairt isteach atá dírithe ar bhainistiú dramhaíola, ar phleanáil, ar bhainistiú bóithre, ar bhainistiú an tsoláthair uisce, ar fhorbairt eacnamaíoch agus ar chumhachtaí tithíochta a chineachadh d’údaráis áitiúla sna 26 Contae.
Ard-Chomhairle
Cumann Shéamais Uí Chonghaile
Baile Formaid, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 5

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas
a) Aithníonn sí an dea-obair atá déanta ag comhairlí baile maidir le cosaint agus le cur chun cinn a dhéanamh ar leasanna daonlathacha á gcónaitheoirí. Measaimid gur chóir leibhéal bunúsach daonlathach seo na hionadaíochta a leathnú chuig gach cónaitheoir ar fud na 26 Contae le go mbeidh a leasanna á gcosaint ag an gcomhairle áitiúil tuaithe, uirbeach nó baile a oibríonn ina gceantar;
b) Tacaíonn sí le Sinn Féin maidir le cur in aghaidh an chumaisc atá beartaithe idir Comhairle Cathrach Luimnigh agus Comhairle Contae Luimnigh.
c) Cuireann sí in aghaidh phlean na Roinne Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil maidir le Comhairle Contae Thiobraid Árann Theas agus Comhairle Contae Thiobraid Árann Thuaidh a chónascadh.
Cumann Mhic Fhlannchaidh/Uí Cheallacháin
Cathair Luimnigh
Cumann Uí Chonghaile/Plant
Tiobraid Árann Theas

Passed

Motion 6

Iarrann an Ard-Fheis seo go gcruthófar poblacht dhaonlathach shóisialach chun deireadh a chur le córas briste truaillithe polaitíochta atá i bhfeidhm sa stát seo ó cruthaíodh é.
Cumann Uí Aodha/Uí Raghallaigh
Eochaill, Co. Chorcaí

Passed

Motion 7

Diúltaíonn an Ard-Fheis seo an beartas déine agus ciorruithe ar ghlac Rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre leis trí phionós airgeadais a chur ar mhuintir na tíre seo nach raibh ina cúis leis an ngéarchéim airgeadais.
Iarrann Sinn Féin go ndéanfar leasú Bunreachta ar Airteagal 39 (An tAcht Tréasa) le go n-áireofar ann: “Gníomhú ar bhealach a dhéanann dochar do fhlaitheas airgeadais agus eacnamaíoch an stáit seo.”
Cumann Liam Uí Bhroic
Co. Laoise

Passed

Motion 8

Agus an gá atá le poist agus le saibhreas a chruthú á aithint aici, iarrann an Ard-Fheis seo ar an Tionól tosaíocht a thabhairt do dhílárú seirbhísí agus feidhmeanna roinne agus rialtais chuig an réigiún Thiar Thuaidh de na Sé Chontae.
Comhairle Ceantair Dhoire
Gaeilge, Ealaíona agus Cultúr

Passed

Motion 9

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
a) Molann sí an obair atá déanta ag an Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta Carál Ní Chuilín maidir leis an nGaeilge agus le straitéis na Gaeilge a chur chun cinn, rudaí atá á dtabhairt ar aghaidh faoi láthair ag a Roinn;
b) Molann sí an intinn atá aici saothrú a dhéanamh ar Acht na Gaeilge a chruthú mar thosaíocht agus ar sholáthar na n-acmhainní atá ag teastáil le haghaidh a chur chun feidhme;
c) Molann sí an tAire as an tionscnamh Líofa 2015 a thabhairt ar aghaidh, rud a bhfuil sé mar aidhm aige líon na nGaeilgeoirí a mhéadú faoi 2015 agus iarrann sí ar an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Jimmy Deenihan tionscnamh den chineál céanna a thabhairt ar aghaidh sna 26 Contae.
Ard-Chomhairle
Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Thiar
Cumann Chonchúir Uí Cholbaird
Áth an tSléibhe, Co. Luimnigh

Passed

Motion 10

Go gcreideann an Ard-Fheis seo gur chóir Oifig an Choimisinéara Teanga leanúint le bheith ag feidhmiú go neamhspleách, agus gur chóir don Rialtas na moltaí a rinne sé ina thuarascálacha bliantúla a chur i bhfeidhm agus acmhainní cuí a chur ar fáil dó chun é sin a dhéanamh.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 11

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas
a) Tacaíonn sí le feachtais phobail chun an Ghaeilge a chur chun cinn tríd an nGaeilge a chur ar chomharthaí sráide agus logainmneacha Gaeilge a chur chun cinn agus tréaslaíonn sí le comhairleoirí agus le gníomhaithe páirtí don obair a rinne siad go dtí seo;
b) Iarrann sí ar chomhairleoirí Shinn Féin beartas comharthaíochta dátheangaí sráide a chur chun cinn ina gceantair agus iarrann sí ar chumainn áitiúla obair chun a áirithiú go ndéantar suirbhé ar chónaitheoirí i gceantair ina bhfuil éileamh ar chomharthaíocht sráide Gaeilge.
Cumann Ghearóid Uí Chathasaigh
Ros Earcáin, Aontroim Thuaidh

Passed

Motion 12

Molann an Ard-Fheis seo go n-oibreoidh Sinn Féin chun éascú a dhéanamh ar fhorbairt ceadúnas raidió do stáisiúin raidió Ghaeilge a chlúdóidh ceantar geografach níos mó agus féachann sí le stáisiúin raidió Ghaeilge atá nua agus a fhreastalóidh ar an oileán uile.
Cumann Uí Dhochartaigh/Uí Dhubhshláine
An Uaimh, Co. na Mí

Passed

Motion 13

Iarrann an Ard-Fheis seo, agus í ag tabhairt faoi deara go bhfuilimid ag tarraingt ar chéad bliain a bheith caite ó 1916, go n-ainmneofar Sráid an Mhúraigh, Paráid Uí Rathaille, Lána an Mhúraigh, Plás Anraí (lena n-áirítear Ard-Oifig an Phoist) i mBaile Átha Cliath mar cheathrú stairiúil agus chultúrtha agus mar shéadchomhartha náisiúnta.
Bheadh luach ollmhór ag baint le forbairt den sórt sin, ní amháin chun feabhas a chur ar an tuiscint chultúrtha, stairiúil agus oideachasúil ar an tréimhse , ach chun cuimhneachán buan a thógáil don Éirí Amach 1916 freisin, rud a bhféadfadh éirí ina ní is díol spéise do chuairteoirí sa phríomhchathair.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 14

Cuireann an Ard-Fheis seo fáilte roimh an gcinneadh stairiúil chun Fleadh Ceoil a thabhairt go Doire i 2013 agus molann sí iad siúd a raibh baint acu leis an ócáid seo a thabhairt go Doire.
Comhairle Ceantair Dhoire

Passed

Motion 15

Iarrann an Ard-Fheis seo tuilleadh tacaíochta, infheistíochta agus feabhsaithe ar mhaithe lenár mbailte múrtha stairiúla.
Cumann Uí Aodha/Uí Raghallaigh
Eochaill, Co. Chorcaí

Passed

Motion 16

Iarrann an Ard-Fheis seo ar Rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre infheistiú, feabhsú agus cur chun cinn a dhéanamh ar an táirge turasóireachta i gceantar Oirthear Chorcaí d’fhonn poist a chruthú agus a choinneáil sa cheantar.
Cumann Uí Aodha/Uí Raghallaigh
Eochaill, Co. Chorcaí

Passed

Motion 17

Déanann an Ard-Fheis seo, agus cumas thurasóireacht CLG agus an táirge ar leith dúchasach a seasann cluichí Gaelacha dóibh á n-aithint aici, a iarraidh ar gach ionadaí tofa cur chun cinn agus forbairt a dhéanamh ar thurasóireacht cluichí Gaelacha, agus iarrann sí ar Thurasóireacht Éireann, ar NITB agus ar Fháilte Ireland gníomhaíochtaí CLG a chur san áireamh ina straitéis mhargaíochta.
Comhairle Ceantair Aontroma Thuaidh

Passed

Motion 18

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas
a) Aithníonn sí nár bhain turasóireacht ar an gcósta thuaidh a cumas iomlán amach go fóill ó thaobh na heacnamaíochta de, agus iarrann sí ar ghníomhaireachtaí turasóireachta an cósta thuaidh a mhargú mar limistéar amháin ó Dhún na nGall go hAontroim Thuaidh
b) Iarrann sí ar an dá riarachán a áirithiú go ndéanfar uasghrádú ar an mbonneagar ar an mbealach go dtí an cósta thuaidh (lena n-áirítear an A26, an A5, an A6 agus Conair an Atlantaigh) de réir ardchaighdeáin chun amanna turais go dtí an cósta thuaidh a laghdú.
Comhairle Ceantair Aontroma Thuaidh

Passed

Motion 19

Iarrann an Ard-Fheis seo ar na hairí a bhfuil freagracht orthu as turasóireacht agus as comhlachtaí turasóireachta náisiúnta forbairt, infheistiú agus cur chun cinn a dhéanamh ar ár n-ionaid saoire cois farraige dhúchasacha, go háirithe don mhargadh intíre, ar bhealach comhordaithe agus samhlaíoch.
Cumann Sheortúis/Uí Scannláin
Co. Chiarraí

Passed

Motion 20

Tacaíonn an Ard-Fheis seo leis na cartlanna agus na déantúsáin náisiúnta atá i músaeim agus i stórtha eile thar lear a bheith á dtabhairt ar ais dúinn.
Cumann Uí Chairealláin/Mhic Giolla Mhartain
Dún Geimhin

Passed

Motion 21

Iarrann an Ard-Fheis seo go gcuirfear ár n-oidhreacht Cheilteach chun cinn ag leibhéal náisiúnta agus Eorpach chun na críocha seo a leanas:
a) An mhuintir Cheilteach a aontú;
b) Tuiscint a chur chun cinn ar phatrúin lonnaíochta tuaithe na gCeilteach agus ar mhodh maireachtála tuaithe na gCeilteach.
c) Turasóireacht agus feirmeoireacht orgánach a chur chun cinn;
d) Pobail tuaithe atá faoi ionsaí marthanach a chosaint.
Cumann Mhic Coisteala/Uí Ursáin
Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí

Passed

Motion 22

Aithníonn an Ard-Fheis seo an ról tábhachtach a imríonn leabharlanna beaga pobail; agus molann sí an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta Carál Ní Chuilín as a cuid oibre maidir le leabharlanna beaga tuaithe a choinneáil agus a n-uaireanta oscailte a chosaint.
Cumann Chiaráin Uí Nuinseann
Carnlach, Co. Aontroma
An Próiseas Síochána agus Aontacht na hÉireann

Passed

Motion 23

Athdheimhníonn an Ard-Fheis seo ár dtiomantas do dhaonlathas ionadaíoch uile-Éireann.
Leanfaimid ar aghaidh le bheith ag obair agus le dul i mbun feachtais ar son na nithe seo a leanas:
• Feidhmiú an chirt chun féinchinntiúchán náisiúnta;
• Athaontacht críche náisiúnta;
• Neamhspleáchas agus flaitheas polaitiúil.

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas
Iarrann sí ar phoblachtaigh na hÉireann agus ar dhaonlathaithe ó na páirtithe go léir agus ar Dhiaspóra na hÉireann tacú le bearta chun dul chun cinn a dhéanamh ar chearta náisiúnta agus daonlathacha agus chun tacaíocht a fháil do chearta náisiúnta agus daonlathacha.
a) Iarraimid ar Rialtas na hÉireann uasmhéadú a dhéanamh ar úsáid an Choinbhinsiúin Bhunreachtúil chun na críocha seo agus a áirithiú go ndéantar foráil i dtéarmaí tagartha an Choinbhinsiúin ina leith seo. Ba chóir don chuspóir a bheith físeach ó thaobh dearcaidh de le go múnlóidh sé Éire uilechuimsitheach don 21ú hAois a fhreastalóidh go cothrom ar gach leanbh na hÉireann;
b) Iarraimid ar Rialtas na hÉireann Páipéar Glas ar Aontacht na hÉireann a údarú, rud ina leagfar amach na buntáistí a bhaineann le haontacht náisiúnta agus leis na céimeanna chun na críche sin;
c) Aithnímid go bhfuil próiseas athmhuintearais náisiúnta ina chuid lárnach den chuspóir seo agus iarraimid ar gach duine atá páirteach i gcomórthaí céad bliain ar fud na hÉireann leas a bhaint as na himeachtaí seo chun cuidiú le hathmhuintearas.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 24

Déanann an Ard-Fheis seo - gan dochar do cheart an náisiúin chun féinchinntiúchán náisiúnta - a iarraidh ar Rialtas na Breataine a ghealltanas faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta a chomhlíonadh agus dáta a leagan do ‘Pholl Teorann’.
Cúige Uladh
Comhairle Ceantair Dhoire

Passed

Motion 25

Ní mór aontacht na hÉireann a fhorbairt ag leibhéal eagraíochta pobail. Spreagann Sinn Féin a bhaill agus an pobal i gcoitinne a bheith páirteach in eagraíochtaí ionadaíocha uile-Éireann nuair is féidir, in ionad a bheith páirteach in eagraíochtaí deighilte. In áiteanna nach bhfuil eagraíochtaí ionadaíocha ar fáil iontu, spreagann Sinn Féin a bhaill agus an pobal i gcoitinne spreagadh a thabhairt d’aon eagraíochtaí a bhfuil siad ina mbaill díobh éirí ina n-eagraíochtaí uile-Éireann agus cumascadh lena macasamhail sa tuaisceart nó sa deisceart nuair is féidir.
Cumann Uí Dhochartaigh/Uí Dhubhshláine
An Uaimh, Co. na Mí

Passed

Motion 26

Tacaíonn an Ard-Fheis seo leis an obair a dhéanann Grúpa Chonair na Teorann agus le tionscnaimh eile uile-Éireann agus spreagann sí na gníomhaithe agus na hionadaithe tofa go léir chun obair le chéile ar bhonn uile-Éireann ar mhaithe le comhar agus le comhordú trasteorann a chur chun cinn.
Cumann Uí Dhochartaigh/Uí Dhubhshláine
An Uaimh, Co. na Mí

Passed

Motion 27

Molann an Ard-Fheis seo ceannaireacht fhoireann Shinn Féin sa Tionól cumhachtroinnte agus sa Choiste Feidhmiúcháin cumhachtroinnte maidir le forbairt agus le neartú a dhéanamh ar an bPróiseas Síochána, agus ar na hinstitiúidí polaitiúla agus cuntasachta lena mbaineann a d’eascair ó Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Iarrann an Ard-Fheis seo go gcuirfear na gnéithe amuigh de Chomhaontú Aoine an Chéasta agus de Chomhaontú Chill Rìmhinn chun feidhme go hiomlán.
Go háirithe, déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
a) Déanann sí athrá ar éilimh Shinn Féin go dtabharfar Bille nua um Chearta isteach sna Sé Chontae mar aon le cosaintí coibhéiseacha do chearta an duine sna 26 Contae agus go nglacfar le Cairt uile-Éireann um Chearta a dhéanfaidh cearta bunúsacha gach saoránaigh a chumhdach agus a chosaint - ba chóir tabhairt isteach ceart éifeachtach socheacnamaíoch atá go hiomlán infheidhmithe a bheith mar ghné lárnach de gach foráil den sórt sin;
b) Tacaíonn sí le bunú Fhóram Parlaiminte Uile-Éireann agus le Fóram Comhairleach Saoránach Uile-Éireann - mar a shamhlaítear faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta agus faoi Chomhaontú Chill Rìmhinn - agus iarrann sí go gcuirfear próiseas i gcrích le go mbeidh éifeacht ag an dá cheann acu.
c) Aithníonn sí an dea-obair agus an luach a bhaineann le sé chomhlacht forfheidhmithe uile-Éireann a cruthaíodh mar thoradh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta agus tacaíonn sí le leathnú na gcomhlachtaí seo agus na réimsí comhair;
d) Iarrann sí go bhfoilseofar an t-athbhreithniú ar Chomhlachtaí Forfheidhmithe uile-Éireann a bunaíodh faoi Chomhaontú Chill Rìmhinn.
Ard-Chomhairle
Comhairle Ceantair na hÓmaí

Passed

Motion 28

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas
a) Aithníonn sí an tábhacht a bhaineann le comhphlé níos dlúithe leis an bpobal aontachtach agus Protastúnach maidir le próiseas fíor-athmhuintearais a fhorbairt;
b) Tuigimid go bhfuil amhras domhain laistigh de phobail aontachtach i leith poblachtach mar gheall ar oidhreacht na coimhlinte - tá fíorghortú ar an dá thaobh;
c) Aithnímid nach mór don phróiseas chun Éire a aontú a bheith bunaithe ar thuiscint agus ar chómheas a fheabhsú trí chumarsáid a dhéanamh, trí dhifríochtaí a leigheas agus trí mhuinín a chruthú le haontachtaithe agus le Protastúnaigh;
d) Creidim gur féidir linn, trí chomhphlé méadaithe agus trína bheith ag éisteacht gan choinníoll agus le trua agus le samhlaíocht, forbairt a dhéanamh ar phróiseas athmhuintearais a d’fhéadfadh gortú shochaí na hÉireann a leigheas agus dul chun cinn a dhéanamh ar an bpróiseas polaitiúil.
Ard-Chomhairle
Cúige Uladh

Passed

Motion 29

Tacaíonn an Ard-Fheis seo
• le prionsabal na Fírinne mar réamhriachtanas le haghaidh Ceartais.
• Diúltaíonn an Ard-Fheis seo don mholadh gur féidir leis an bhFoireann Fiosrúchán Stairiúil, atá teoranta do bheith ag amharc ar sheanchomhaid RUC, Aisghabháil Fírinne a bhaint amach do phobal iomlán na nÍospartach agus na Marthanóirí.
• Aithníonn an Ard-Fheis seo an phian atá ar gach íospartach na coimhlinte.
• Athdheimhnímid tiomantas Shinn Féin do phróiseas athmhuintearais a aithníonn fulaingt gach íospartaigh agus marthanóra an fhoréigin a d’eascair ó choimhlint san am seo a chuaigh thart agus do phróiseas a thugann aghaidh ar an bhfulaingt seo.
• Seasann an Ard-Fheis le cearta gach teaghlaigh chun fírinne agus ceartais.

Iarrann an Ard-Fheis seo ar na nithe seo a leanas:
a) Comhionannas cóireála do gach íospartach agus marthanóir agus deireadh le cleachtais a dhéanann leithcheal ar íospartaigh foréigin agus claonpháirteachas stáit;
b) Acmhainniú agus maoiniú cuí ag an dá Rialtas chun cur ar chumas grúpaí íospartach a sainchúram a shaothrú.
c) Dea-chleachtas idirnáisiúnta chun tacú le forbairt tionscnamh speisialta pobalbhunaithe, lena n-áirítear seirbhísí tráma agus comhairleoireachta.
Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo a tiomantas do phróiseas Neamhspleách Idirnáisiúnta Aisghabhála Fírinne:
• Atá dírithe ar an íospartach
• Nach n-aithníonn aon ordlathas íospartach
• A chuirfidh fírinne ar fáil do theaghlaigh a chaill gaolta mar gheall ar choimhlint
• A spreagann na páirtithe leasmhara uile páirt a ghlacadh sa phróiseas agus rannchuidiú leis an bpróiseas
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 30

Iarrann an Ard-Fheis seo tacaíocht agus dlúthpháirtíocht leanúnach ar mhaithe leis na teaghlaigh siúd a chaill gaolta de dheasca claonpháirteachais agus dúnmharú stáit. Bheadh sé praiticiúil sraith laethanta eolais a éascú do theaghlaigh le go bhféadfaidís an t-eolas is deireanaí a thabhairt d’ionadaithe tofa ag an gcomhairle áitiúil, ag an Tionól, ag an Dáil, ag Westminster agus ag Parlaimint na hEorpa.
Comhairle Ceantar Bhéal Feirste Thiar

Passed

Motion 31

Iarrann an Ard-Fheis seo nochtadh láithreach agus iomlán na gcomhad uile ó na húdaráis is gá a bhaineann le dúnmharú Ghearóid Uí Chathasaigh, Óglach an IRA, agus tugann sí dlúthpháirtíocht do gach teaghlach íospartaigh an chlaonpháirteachais a leanann ar aghaidh le bheith ag lorg na fírinne faoi cad a tharla dá ngaolta.
Cumann Ghearóid Uí Chathasaigh
Ros Earcáin, Aontroim Thuaidh

Passed

Motion 32

Molann an Ard-Fheis seo na héachtaí suntasacha a bhaineann le straitéis pholaitiúil phoblachtach agus molann sí an fás leanúnach ar neart polaitiúil Shinn Féin ó thuaidh agus ó dheas.
Athdheimhnímid ár gcumas chun Éire aontaithe a bhaint amach bunaithe ar straitéisí síochánta, polaitiúla agus daonlathacha.
Leanann daoine eile ar imill an náisiúnachais le bheith ag cur in aghaidh an Phróisis Síochána agus na straitéise poblachtaí. Táimid go hiomlán in aghaidh úsáid modhanna armtha nó foréigneacha chun na críche seo.
Aithníonn an Ard-Fheis seo an tábhacht a bhaineann le rannpháirtíocht le gach duine siúd a chuireann in aghaidh an Phróisis Síochána agus na straitéise poblachtaí, trí mhodhanna armtha nó foréigneacha. Atiomnaímid sinn féin do leanúint ar aghaidh le bearta polaitiúla a ghlacadh chun deireadh a chur le bearta armtha agus chun aghaidh a thabhairt ar fhreasúra polaitiúil maidir leis an bPróiseas Síochána níos leithne.
Cúige Uladh

Passed

Motion 33

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas
a) Iarrann sí ar chomhairlí ceantair sna Sé Chontae beartas comhionannais nó neodrachta a ghlacadh i leith bratacha agus feathal;
b) Is oth léi cinneadh Chomhairle an Bhaile Mheánaigh bratacha agus feathail aontachtacha a chur suas san Ionad Ealaíon áitiúil;
c) Molann sí ár gcomhairleoirí áitiúla atá ag obair chun bearta comhionannais a thabhairt isteach i gcomhairlí ar fud an Tuaiscirt.
Comhairle Ceantair Aontroma Thuaidh

Passed

Motion 34

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas
a) Molann sí obair chumann na gcónaitheoirí i Ros Earcáin;
b) Aithníonn sí go bhfuil dochar á dhéanamh do chaidreamh poiblí sa Tuaisceart de dheasca an diúltaithe ar thaobh eagraithe paráidí do dhul i mbun comhrá maidir le díospóidí paráidí
c) Iarrann sí ar Choimisiún na Mórshiúlta a áirithiú go gcuirtear cosc ar bhratacha agus ar mhionmheirgí Óglaigh Uladh (UVF) agus Chumann Cosanta Uladh (UDA) i bpobail atá den chuid is mó náisiúnach.
Comhairle Ceantair Aontroma Thuaidh

Passed

Póilíneacht agus Ceartas

Motion 35

Aithníonn an Ard-Fheis seo ‘Ceartas d’Éirinn ina bhfuil Gach Duine Cothrom’ - dréacht-doiciméad beartais uile-Éireann Shinn Féin maidir le ceartas agus sábháilteacht pobail agus éilíonn sí ar ghrúpaí póilíneachta agus comhairleacha ar cheartas, ó thuaidh agus ó dheas, imeacht a thionól do bhaill an pháirtí maidir le forbairt an bheartais seo.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 36

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas
a) Aithníonn sí rannchuidiú ghníomhaithe páirtí agus pobail a d’fhreastail ar an bpáirtí agus ar a bpobail ina róil mar bhaill den Bhord Póilíneachta nó den Chomhpháirtíocht Póilíneachta Ceantair le ceithre bliana anuas, mar cheapaithe polaitiúla nó mar bhaill neamhspleácha;
b) Cuireann sí ár dtacaíocht agus dea-ghuí in iúl do bhaill pháirtí agus do ghníomhaithe páirtí agus pobail a ceapadh ar an mBord Póilíneachta nó a chuir iarratas isteach le haghaidh ballraíochta ar na Comhpháirtíochtaí Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail (PCSPanna) a bhunófar go luath sna Sé Chontae;
c) Tugaimid faoi deara go bhfuil easnaimh ar leith maidir le straitéis phóilíneachta, le pleanáil agus le húsáid acmhainní i gceantair thuaithe. Tacaímid le bunú na bhFóram Sábháilteachta Pobal Tuaithe mar bheart ar leith chun feabhas a chur ar straitéis phóilíneachta, ar shocruithe oibríochtúla agus ar chuntasacht laistigh de phobail tuaithe;
d) Molaimid freisin forbairt na dtionscnamh ilghníomhaireachta ar fud na sé chontae a chuireann ar chumas daoine áitiúla pobail níos sábháilte a chur chun cinn, agus iarraimid ar PCSPanna tacaíocht agus acmhainní a thabhairt do na tionscnaimh seo.
Cúige Uladh
Cumann Chaoimhín Uí Loingsigh
An Pháirc/An Charraig Bhán, Co. Dhoire

Passed

Motion 37

Cáineann an Ard-Fheis seo an cleachtas cúlchéimnitheach maidir le hathfhostú a dhéanamh ar oifigigh scortha phóilíní a fuair scaoilphacáiste ‘Patten’ agus iad ina mbaill foirne gníomhaireachta, comhlachais, seirbhíse bainistithe nó ina mbaill foirne eile, agus éilíonn sí go gcuirfear deireadh leis an gcleachtas seo.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 38

Iarrann an Ard-Fheis seo go mbeidh sé mar phríomhthosaíocht ag an Ombudsman nua do na Póilíní muinín agus iontaoibh an phobail a atógáil as a oifig mar eochairmheicníocht chuntasachta maidir leis an Ardchonstábla agus leis an tSeirbhís Póilíneachta a choinneáil cuntasach ar bhealach trédhearcach agus inchreidte, rud atá ríthábhachtach maidir leis an dispeansáid phóilíneachta nua a chomhdhlúthú.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 39

Athdheimhníonn an Ard-Fheis seo go bhfuil sí go hiomlán in aghaidh úsáid na bpiléar plaisteach in aon chúinse ar bith.
Cúige Uladh

Passed

Motion 40

Cuireann an Ard-Fheis seo in aghaidh chúlgairm na gceadúnas a úsáideadh chun iarphríosúnaigh faoi phianbhreith saoil Máirtín Mhic Gothraidh agus Marian Ní Phrís a chur i bpríosún agus éilíonn sí a scaoileadh láithreach.
Iarrann an Ard-Fheis seo ar Rialtas na Breataine chun cloí lena thiomantas faoi Mhír 20 de Chomhaontú Pháirc Weston, rud a sheasann do thiomantas follasach soiléir nach saothrófaí ciontú in aghaidh aon duine a d’fhéadfadh, dá gciontófaí é, a bheith in ann leas a bhaint as an scéim luathscaoilte a d’eascair ó Chomhaontú Aoine an Chéasta. Dá bhrí sin, éilíonn an Ard-Fheis seo scaoileadh láithreach Ghearóid Mhic Eochadha.
Ard-Chomhairle
Cumann Chathail Mhig Léid
Droimeanach, Baile Átha Cliath
Cumann Uí Néill/De Barra
Cathair Chorcaí
Cúige Átha Cliath

Passed

Motion 41

Cuireann an Ard-Fheis seo fáilte roimh fhoilsiú ‘Thuarascáil na Foirne Athbhreithnithe Príosúin’ a bunaíodh tar éis Chomhaontú Chromghlinne i 2010 agus iarrann sí ar an Roinn Dlí agus Cirt a moltaí a chur chun feidhme go hiomlán: deireadh a chur le nochtchuardach i bpríosúin agus aon bhearta is gá a thabhairt isteach chun cóireáil dhaonna agus mhaorga na bpríosúnach a áirithiú.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 42

Fáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh na nithe seo a leanas:
a) Tuarascáil na Cigireachta um Cheartas Coiriúil maidir le moill inseachanta sa chóras ceartais agus iarrann sí ar an Roinn Dlí agus Cirt na bearta is gá a dhéanamh chun feabhas a chur ar rochtain ar cheartas agus ar éifeachtacht an phróisis bhreithiúnaigh.
b) Foilsiú an ‘Athbhreithnithe ar Cheartas d’Óige’ agus iarrann sí ar an Roinn Dlí agus Cirt obair leis na grúpaí comhpháirtíochta chun a áirithiú go ndéanfar forbairt ar an gcóras Ceartais d’Óige ar aon dul leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 43

D’fhonn laghdú a dhéanamh ar leibhéil na coireachta scine, iarrann an Ard-Fheis seo go dtabharfar isteach pianbhreith níos déine dóibh siúd a ghabhtar agus iad i seilbh scine i gcásanna ina bhfuil fianaise láidir go bhfuil sé ar intinn acu í a úsáid.
Cumann Uí Néill/De Barra
Cathair Chorcaí

Passed

Motion 44

Iarrann an Ard-Fheis seo ar Rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre an uimhir shaorghlao don fheachtas ‘Diailigh chun Mangaireacht Drugaí a Stopadh’, seirbhís a raibh ról suntasach le himirt aici sa troid in aghaidh drugaí agus i bhfaisnéis ardchaighdeáin a sholáthar don Gharda Síochána. Is ionann a cónascadh le huimhir ‘Crimestoppers’ agus céim siar maidir le muinín a fhorbairt idir an Garda agus pobail atá faoi bhrú ó bhuíonta drugaí.
Cumann Markievicz
Cathair Chorcaí

Passed

Motion 45

Tá an Ard-Fheis seo feasach ar thuairiscí ó charthanachtaí dlisteanacha éagsúla agus ó ghrúpaí neamhbhrabúis atá ag streachailt chun déileáil le bailiú éadaí ag bailitheoirí bréagacha a chuireann i gcéill gur grúpaí carthanachta iad agus iarrann sí ar Rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre reachtaíocht a thabhairt isteach lena n-éileofar ar gach bailiú den sórt sin a bheith ceadúnaithe agus lena ndéanfar coir de ghníomh ina gcuireann grúpa i gcéill go bhfuil stádas carthanachta aige le gur féidir leis earraí, maoiniú nó bearta eile brabúsmhara a fháil.
Cumann Emmet/Uí Chléirigh
Cumann na Lárchathrach Thiar Theas

Passed

Motion 46

Athdheimhníonn an Ard-Fheis seo tiomantas Shinn Féin do bheith ag déanamh ár ndícheall chun aird a tharraingt ar shaincheist an chiníochais i sochaí na hÉireann agus chun dul i ngleic leis an tsaincheist seo.
Comhairle Ceantar Bhéal Feirste Thiar

Passed

Motion 47

Tugann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas faoi deara:
• Go dtí seo, ní bhfuair íospartaigh agus marthanóirí Institiúidí Mhaigdiléana leithscéal ón stát ná ón Eaglais Chaitliceach;
• Rinne an Coimisiún um Chearta an Duine in Éirinn (IHRC) agus Coiste na Náisiún Aontaithe in Aghaidh an Chéasta (UNCAT) moltaí gur chóir don Stát sásamh a sholáthar agus ceartas aisiríoch a éascú;
• Go dtí seo, dhiúltaigh an stát do ghníomhú ar na moltaí seo;
• Tá aimhrialtachtaí tromchúiseacha maidir le dí-adhlacadh iarsmaí ó neachtlann na Páirce Airde i nDroim Conrach, áit inar thángthas ar 155 iarsma ach ar dheimhnithe báis nár aithníodh ach 75 bean iontu;
• Tá ainm ar leac - an ghné is bunúsaí de dhínit an duine - fós á dhiúltú do mhórán ban a adhlacadh i neachtlanna Mhaigdiléana;
• Is ag dul in aois agus leochaileach atá mórán marthanóirí Institiúidí Mhaigdiléana.

Tacaíonn an Ard-Fheis seo leis na nithe seo a leanas:
• An obair a dhéanann ‘Ceartas do Mharthanóirí Mhaigdiléana’ agus grúpaí eile a dhéanann ionadaíocht do mharthanóirí Neachtlanna Mhaigdiléana;
• An tionscnamh ‘Bláthanna do Mharthanóirí Mhaigdiléana’ a chuimhníonn orthu siúd a ndéantar dearmad díobh go minic

Iarrann an Ard-Fheis seo:
a) Leithscéal láithreach ón stát agus ón Eaglais Chaitliceach;
b) Gníomhaíocht thapa ó Rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre i leith mholtaí IHRC agus UNCAT;
c) Míniú iomlán ón Roinn Dlí agus Cirt maidir le haimhrialtacht a bhaineann le huaigheanna na Páirce Airde;
d) Imeacht bliantúil a dhéanamh den tionscnamh ‘Bláthanna do Mharthanóirí Mhaigdiléana’ mar iarracht chun cuimhneamh agus comóradh a dhéanamh ar shaolta na mban uile agus a leanaí a chuaigh trí Neachtlanna Mhaigdiléana.
Cúige Átha Cliath

Passed

Gnóthaí Eorpacha agus Idirnáisiúnta

Motion 48

Tacaíonn an Ard-Fheis seo le diúltú don Chonradh Déine agus spreagann sí baill Shinn Féin obair, nuair is féidir, le fórsaí atá ar an eite chlé agus atá forásach chun diúltú don chonradh.
Cumann Emmet/Uí Chléirigh
Cumann na Lárchathrach Thiar Theas

Passed

Motion 49

Cuireann Sinn Féin a dhlúthpháirtíocht le muintir na Gréige in iúl agus cáineann sí na hiallaigh dhéine atá á gcur orthu, bearta a dhíríonn go háirithe ar an ngnáthdhuine i bhfostaíocht agus ar na daoine is leochailí sa tsochaí, bearta a dhéanann dochar mór do shochaí na Gréige. Chomh maith leis sin, dearbhaímid ár dtiomantas do chur in aghaidh beart den sórt sin in Éirinn, bearta a mhéadaíonn éagothroime agus bochtaineacht sa tóir ar straitéis eacnamaíoch loicthe.
Cumann Phádraig Uí Chanáin
Domhnach Míde, Baile Átha Cliath
Charles Kickham
An tAonach, Co. Thiobraid Árann

Passed

Motion 50

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an bpáirtí tús a chur le díospóireacht inmheánach agus seachtrach maidir leis an Eoraip níos fearr a chruthú agus maidir le háit na hÉirinn san Eoraip.
Ós rud é gur tháinig an ghéarchéim eacnamaíoch reatha chun cinn de dheasca lochtanna a bhain leis an airgeadra aonair agus le bainistiú an Bhainc Cheannais Eorpaigh ar an airgeadra aonair, de dheasca na heaspa daonlathais sna reifrinn athreatha agus de dheasca an laghdaithe leanúnaigh ar fhlaitheas Bhallstáit an AE, ní mór a argóint go bhfuil “an Eoraip eile indéanta” agus ní mór cruth beartaithe na hEorpa sin a chur ar aghaidh.
Cumann Sheosaimh Mhic Dhómhnaill
Droim Caorthainn, Co. Liatroma

Passed

Motion 51

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas
a) Iarrann sí ar an Aontas Eorpach tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Saorthrádála leis an gColóim a chur ar fionraí chomh fada nach bhfuil caighdeáin bhunúsacha cearta an duine á gcomhlíonadh sa tír;
b) Molann sí iarrachtaí Feisirí de Pharlaimint na hEorpa ón nGrúpa Cónasctha den Chlé Aontaithe Eorpach agus den Chlé Ghlas Nordach (GUE/NGL) maidir le dul i mbun tionscnamh i bParlaimint na hEorpa atá dírithe ar chearta oibrithe sa Cholóim a chur chun cinn agus iad ag leanúint le haird a tharraingt ar ionsaithe leanúnacha, ar chiapadh agus ar fheallmharú cheardchumannaithe na Colóime.
Cumann Fheargaill Uí Anluain/Sheáin Uí Dháibhis
Leamhaigh, Co. Dhoire

Passed

Motion 52

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas
• Cuireann sí a dlúthpháirtíocht in iúl le muintir na Palaistíne agus le híospartaigh uile na coimhlinte agus lena dteaghlaigh;
• Tréaslaíonn sí leis na gníomhaithe siúd de chuid Shinn Féin a bhí páirteach sa chabhlachán is déanaí a bhris léigear Gaza. Cáinimid Rialtas Iosrael as gabháil agus as coinneáil mhídhleathach ár gcomrádaithe agus ghníomhaithe eile na hÉireann ar an gcabhlachán.

Éilíonn an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
a) Go gcuirfidh Rialtas Iosrael stop le lonnaíochtaí a thógáil sna Críocha faoi Fhorghabháil agus go gcuirfidh sé tús le cainteanna bríocha le hionadaithe mhuintir na Palaistíne d’fhonn stát neamhspleách na Palaistíne a bhunú laistigh de na teorainneacha mar a bhí siad i 1967 agus ar a n-áireofar Oirthear Iarúsailéim;
b) Deireadh láithreach le húsáid ‘coinneála riaracháin’ ag Rialtas Iosrael chun Palaistínigh a chur i bpríosún gan triail ná próiseas cuí;
c) Cur chun feidhme rúin na Náisiún Aontaithe agus forfheidhmiú an dlí idirnáisiúnta;
d) Tús a chur le próiseas cuimsitheach am-fhrámaithe caibidlíochta ina bhfuil meas ar na sainorduithe daonlathacha uile;
e) An ceart atá ag gach pobal chun féinchinntiúcháin, stát neamhspleách na Palaistíne, agus an ceart atá ag saoránaigh Iosrael maireachtáil go síochánta gan teorainneacha stáit arna gcomhaontú sa chaibidlíocht.
Ard-Chomhairle
Cúige Átha Cliath

Passed

Motion 53

Iarrann an Ard-Fheis seo go ndéanfar dintiúir Ambasadóir Iosrael go hÉirinn a tharraingt siar a fhad is atá coimhlint sa Phailistín.
Cumann Chathail Mhig Léid
Droimeanach, Baile Átha Cliath

Failed

Motion 54

Tá imní mhór ar an Ard-Fheis seo i leith na coimhlinte leanúnaí agus an chaillteanas saolta sa tSiria agus iarrann sí ar réimeas na Siria deireadh a chur lena hionsaithe ar agóideoirí agus ar shibhialtaigh neamharmtha agus le sáruithe ar chearta an duine.

Iarrann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
a) Go gcuirfear deireadh le gach gníomh armtha agus go gcuirfear tús le próiseas idirbheartaíochta cuimsithí chun coimhlint a réiteach. Creidimid gur chóir cinniúint na Siria amach anseo a bheith faoi stiúir mhuintir na Siria;
b) Nach mbeidh aon idirghabháil lasmuigh mhíleata sa tír agus go ndéanfaidh na Náisiúin Aontaithe, an tAontas Eorpach agus Léig na nArabach éascú ar dhímhíleatú na staide reatha trí lánchosc a chur ar easpórtáil arm chuig gach grúpa sa tSiria.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 55

Iarrann an Ard-Fheis seo:
a) Go gcuirfear deireadh le sáruithe ar chearta an duine sa Libia.
b) Go réiteoidh na páirtithe uile sa Libia a gcoimhlint inmheánach trí chomhphlé agus caibidlíocht atá síochánta.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 56

Iarrann an Ard-Fheis seo:-
a) Go gcuirfear deireadh le himshuí neamhdhleathach Chúba atá á stiúradh ag na Stáit Aontaithe;
b) Go n-úsáidfidh an tUachtarán Obama a chumhachtaí le go ndéanfar Cúigear Chúba (Cúigear Miami) a scaoileadh láithreach ar chúiseanna daonchairdiúla.
Ard-Chomhairle
Cumann Uí Chéitinn/Uí Sheachnasaigh
Port Láirge

Passed

Motion 57

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas-
I. Cuireann sí fáilte roimh Dhearbhú San Sebastian an 17 Deireadh Fómhair 2011 lenar iarradh ar ETA dearbhú poiblí a dhéanamh go scoirfeadh sé go deifnídeach de gach gníomh armtha agus lenar iarradh ar rialtas na Spáinne agus ar rialtas na Fraince aontú ar chainteanna cuimsitheacha chun déileáil le hiarmhairtí na coimhlinte;
II. Cuireann sí fáilte ar fhreagra pras ETA ar Dhearbhú San Sebastian, agus í ag fógairt go deifnídeach de ghníomhaíocht armtha agus ag tiomnú do chomhphlé agus do chomhaontú ar mhaith le dul chun cinn a dhéanamh;
III. Molann sí Izquierda Abertzale as an gceannaireacht a léirigh siad agus as na hiarrachtaí a rinne siad chun creat polaitiúil a chruthú a rachadh i ngleic agus a dhéileálfadh le cúis na coimhlinte;
IV. Tréaslaíonn sí le Amaiur dá dtorthaí toghcháin le déanaí agus creidimid go léiríonn sé seo go bhfuil vótálaithe na mBascach ag tacú leis an bpróiseas síochána.

Iarrann an Ard-Fheis na nithe seo a leanas:
a) Go dtapóidh Rialtas nua na Spáinne agus Rialtas na Fraince an deis ar leith seo le haghaidh dul chun cinn polaitiúil a dhéanamh i dTír na mBascach trí thiomantas a dhéanamh do phróiseas comhphlé chuimsithigh leis na gníomhaithe agus leis na hionadaithe polaitiúla go léir chun déileáil le hiarmhairtí na coimhlinte agus chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an bpróiseas síochána;
b) Scaoileadh láithreach gníomhaithe polaitiúla Bascacha agus scaoileadh láithreach daoine eile ó ghrúpálacha ar thaobh an náisiúnachais (lena n-áirítear ceardchumainn, eagraíochtaí óige, cultúrtha agus na meán) atá á gcoinneáil faoi láthair ag Rialtas na Spáinne;
c) C óireáil dhaonnúil príosúnach, lena n-áirítear scaoileadh príosúnach atá tinn, agus aisdúichiú príosúnach chuig Tír na mBascach ar feitheamh a scaoilte;
d) Scaoileadh Arnaldo Otegi;
e) Go dtabharfar ceart do mhuintir na mBascach chun vótáil dá rogha ionadaithe;
f) Reachtaíocht Amaiur atá molta ag Izquierda Abertzale.
Ard-Chomhairle
Cumann Uí Néill/De Barra
Cathair Chorcaí
Comhairle Ceantair Chathair Chorcaí

Passed

Forbairt an Pháirtí

Motion 58

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas
a) Molann sí an Coiste Náisiúnta don Óige agus Ógra Shinn Féin as a n-obair ar an Straitéis Náisiúnta Óige a phríomhshruthú ar fud a struchtúr páirtí. Soláthraíonn an straitéis seo an bonn ónar féidir méadú a dhéanamh ar rannpháirtíocht i Sinn Féin i measc na hóige agus feabhas a chur ar an rannpháirtíocht le daoine óga i sochaí na hÉireann;
b) Aithníonn sí nach mór do dhaoine óga a bheith lárnach don tóir ar dhaonlathas náisiúnta agus ar ‘Éire ina bhfuil Gach Duine Cothrom’ agus iarraimid ar gach gníomhaí an pháirtí deiseanna nua a chruthú chun a áirithiú go mbeidh daoine óga lárnach d’fhorbairt an pháirtí;
c) Gríosaíonn sí gach ball den pháirtí agus gníomhaithe poblachtacha óga le páirt a ghlacadh sna struchtúir nua agus lena áirithiú go mbeidh polaitíocht phoblachtach tábhachtach maidir le dóchas agus le mianta gach duine óg na hÉireann.
d) Athdheimhníonn sí cé chomh tábhachtach is a bheidh sé go n-áiritheoidh Sinn Féin go dtabharfar tacaíocht agus spreagadh do dhaoine óga chun páirt a ghlacadh ag gach leibhéal agus ag gach gné de ghníomhaíocht an pháirtí.
e) Athdhearbhaíonn sí go dtacaíonn sí le laghdú a dhéanamh ar an aois vótála go 16 bliana d’aois le haghaidh gach toghcháin agus reifrinn.
Ard-Chomhairle
Comhairle Ceantar Bhéal Feirste Thiar

Passed

Motion 59

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas
a) Aithníonn sí an fás seasta atá ag teacht ar bhallraíocht Shinn Féin. Admhaíonn an dul chun cinn a baineadh amach go dtí seo maidir le hearcú na mball nua, leathnú eagraíocht an pháirtí agus ár gcumas le bheith i bhfad níos mó. Tacaímid le leagan na spriocanna ‘forbartha eagraíochta’ ag Stiúrthóireachtaí Polaitiúla na Sé Chontae agus na 26 Contae chun na críche sin;
b) Athdheimhnímid go bhfuil sé mar chuspóir againn polaitíocht phoblachtach a chur chun cinn ar fud na hÉireann agus eagraíocht Shinn Féin a fhorbairt i ngach pobal ar fud na tíre;
c) Aontaímid go bhfuil an obair seo mar phríomhthosaíocht do Shinn Féin agus do gach gníomhaí an pháirtí sa bhliain atá romhainn.
d) Tacaíonn sí leis an straitéis náisiúnta um choinneáil ballraíochta a fhorbraíonn dea-chleachtas reatha ag an leibhéal áitiúil le treoirlínte dea-chleachtais maidir le bualadh le baill nua
e) Aithníonn sí go bhfuil aird speisialta ag teastáil chun cabhrú le ceantair is lú forbartha
Ard-Chomhairle
Comhairle Ceantar Bhéal Feirste Thiar
Cumann Emmet/Uí Chléirigh
Cumann na Lárchathrach Thiar Theas
Cumann Chonchúir Uí Cholbaird
Áth an tSléibhe, Co. Luimnigh

Passed

Motion 60

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas
a) Cuireann sí fáilte roimh an mbéim athnuaite atá á cur ar mhéadú a dhéanamh ar ionadaíocht na mban i struchtúir inmheánacha agus i struchtúir sheachtracha araon;
b) Iarrann sí ar an Ard-Chomhairle atá ag teacht isteach straitéis chomhtháite a chur le chéile a thabharfaidh aghaidh iomlán ar na dúshláin agus ar na deiseanna a bhaineann le forbairt a dhéanamh ar ionadaíocht agus ar rannpháirtíocht na mban, agus béim á cur aici ar fhoghlaim ón méid dearfach a rinne mná leis an gcoimhlint agus le saol polaitiúil agus poiblí, agus samplaí á n-aithint aici de dhea-chleachtas sna ceantair sin inar éirigh le mná maidir le hionadaíocht shuntasach a bhaint amach agus le bheith páirteach i struchtúir pháirtí, agus iarrann sí uirthi breithniú a dhéanamh ar an dóigh a bhféadfadh sí glacadh leis na cleachtais seo ar fud struchtúir an pháirtí.
Cumann Uí Nualláin/Uí Dhúnaigh
Béal Feirste Theas & Thoir

Passed

Motion 61

Nuair nach mbíonn Ard-Fheis ar seisiún, beidh an Ard-Chomhairle freagrach as rialtas na heagraíochta a stiúradh, agus molfaidh an Ard-Chomhairle seo seasaimh maidir le saincheisteanna conspóideacha a d’fhéadfadh teacht chun cinn (amhail an Cháin Teaghlaigh nó na muirir uisce) do na cúigí nuair is féidir. Ina dhiaidh sin, déanfaidh na cúigí plé ar na saincheisteanna seo agus a dtoscairí don Ard-Chomhairle a mholadh chuige sin.
Cumann Maolbheannachta Uí Chonghaile
Baile Bhailcín, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 62

Ní mór do struchtúir cheannaireachta an pháirtí, agus na príomhstraitéisí agus na príomhfheachtais á bpleanáil acu, dul i gcomhairle, chomh fada agus is féidir, le ballraíocht an pháirtí agus a áirithiú go bhfuil siad eolach ar a dtuairimí agus ní mór leas iomlán a bhaint as struchtúir dhaonlathacha an pháirtí chun a áirithiú gur daonlathach a bheidh díospóireacht agus cinnteoireacht pholaitiúil.
Cumann Phádraig Uí Chanáin
Domhnach Míde, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 63

Iarrann an Ard-Fheis seo go gcuirfear na moltaí seo a leanas san áireamh nuair a bheidh straitéis míchumais an pháirtí á dréachtú;
a) nuair is féidir, ba chóir gach cruinniú ag gach leibhéal den pháirtí a thionól i bhfoirgnimh ina bhfuil rochtain do chathaoireacha rothaí ar mhaithe le níos mó daoine faoi mhíchumas a spreagadh chun páirt a ghlacadh i bpolaitíocht phríomhshrutha.
a) ba chóir oifigeach míchumais a cheapadh do gach limistéar cúige.
Cumann Uí Aodha/Uí Raghallaigh
Eochaill, Co. Chorcaí

Passed

Motion 64

Molann an Ard-Fheis seo don bhord oifigeach agus d’urlabhraithe an pháirtí leanúint de bheith ag cur i gcuimhne do mhuintir na hÉireann:
a) Go bhfuil an locht ar pháirtí Fhianna Fáil as drochbhainistíocht an gheilleagair, as an margadh tubaisteach maoine, as an tubaiste eacnamaíoch a bhí mar thoradh air agus as an ráthaíocht bainc gan teorainn;
b) Gur chuir Fianna Fáil tús leis an réimeas déine, atá dochrach ó thaobh na sochaí de agus atá neamhphraiticiúil ó thaobh an gheilleagair de, ach atá á leanúint faoi láthair ag Comhrialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre.

Tarraingímid aird ar an bhfimíneacht atá ar pháirtí Fhianna Fáil maidir lena iarrachtaí chun cur i gcéill gur cosantóir na ndaoine in aghaidh ciorruithe é, agus leanfaidh Sinn Féin le fíorphoblachtachas a fhorbairt ar fud an oileáin seo, agus le rogha eile a chur ar fáil aige in áit na bPáirtithe Déine - Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre agus Fianna Fáil.
Cumann Phádraig Uí Chanáin
Domhnach Míde, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 65

Aithníonn an Ard-Fheis seo an tábhacht a bhaineann le caighdeáin is airde ionracais, chuntasachta agus trédhearcachta a bheith sa saol poiblí agus molann sí go soláthróidh gach ionadaí an pháirtí sonraí iomlána macánta ar na costais uile arna dtabhú ar bhonn bliantúil.
Cumann Mhic Dhomhnaill/Uí Shé
Beantraí, Corcaigh Thiar

Passed

Motion 66

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Ard-Chomhairle treoirlínte dochta a dhréachtú do gach ionadaí Shinn Féin maidir le húsáid airgead na gcáiníocóirí agus le tarraingt anuas na gcostas chun comhsheasmhacht iompair a áirithiú ar fud an pháirtí agus chun ár n-inchreidteacht leis an bpobal a choimeád. Ba chóir go léireofaí sna treoirlínte seo ár dtuairim nach inchosanta ná inghlactha ó thaobh na moráltachta de atá cuid mhór cleachtas a úsáidtear chun costais a éileamh.
Cumann Uí Néill/De Barra
Cathair Chorcaí

Passed

Motion 67

Déanann an Ard-Fheis seo éachtaí an pháirtí sna toghcháin le déanaí a aithint agus a cheiliúradh. Tá an Ard-Fheis seo ag iarraidh leanúint ar aghaidh leis na héachtaí seo agus iarrann sí ar an bpáirtí na meicníochtaí uile a chur chun feidhme chun é sin a dhéanamh, lena n-áirítear na nithe seo a leanas (ach gan a bheith teoranta dóibh):

• Athbhreithniú a dhéanamh ar an gcumarsáid agus ar an bpoiblíocht a gineadh sa chéad bhliain tar éis an olltoghcháin sna 26 Contae, go háirithe sa phreas príomhshrutha náisiúnta agus go háitiúil, do Theachtaí Dála nuathofa, ar mhaithe le pleanáil don chéad olltoghchán eile agus leis an méid a bheidh ag teastáil chun na suíocháin a bhuamar a choinneáil agus chun líon suntasach suíochán nua a bhuachan;
• Gearáin a dhéanamh chuig an Ombudsman don Phreas maidir leis an easpa cothroime i gclúdach preasa ar ionadaithe Shinn Féin agus ar scéalta a bhaineann leis;
• Oiliúint a chur ar fáil do cheantair áitiúla maidir le conas feachtais earcaithe ball a sheoladh chun an bonn gníomhaithe a fhorbairt;
• Méadú a dhéanamh ar chumarsáid dhíreach le gach ball cláraithe, lena n-áirítear i ndáil le faisnéis ó chruinnithe Ard-Chomhairle, réamhfhógra ar fheachtais agus ar agóidí, agus aon phoiblíocht a ghintear go lárnach
Cumann Mhíchil J Uí Mhearáin
Sligeach Theas

Passed

Motion 68

Molann an Ard-Fheis seo go mbeidh clárú ballraíochta de dhualgas ar na cumainn ar leith, rud a chuirfidh ar chumas na gcumann costais amhail clárú cúigí agus costais eile a chlúdach le linn na bliana.
Cumann Chonchúir Uí Cholbaird
Áth an tSléibhe, Co. Luimnigh

Failed

Motion 69

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Ard-Chomhairle tús a chur le Bailiúchán Bliantúil Náisiúnta Shinn Féin a eagrú agus go dtionólfar an bailiúchán seo i ngach ceann de na 32 Contae.
Cumann Leo Uí Mhurchú/Thomáis de Barra
Corcaigh Thiar Thuaidh

Passed

Motion 70

Iarrann an Ard-Fheis seo ar SIPTU agus ar cheardchumainn eile athmhachnamh a dhéanamh ar a naisc le Páirtí an Lucht Oibre agus tús a chur le díospóireacht chun na páirtithe a dhéanann ionadaíocht ar an mbealach is fearr do leasanna a mball a aithint agus chun a áirithiú go gcuirfear maoiniú óna gciste polaitiúil ar fáil do na hiarrthóirí siúd a dhéanfaidh ionadaíocht ar an mbealach is fearr do bhaill cheardchumainn; agus iarrann sí ar bhaill Shinn Féin ar bhaill de SIPTU/de cheardchumainn eile iad a roghnú gan an íocaíocht atá mar chuid dá dtáille ballraíochta ceardchumainn do Pháirtí an Lucht Oibre a thabhairt.
Cumann Chathail Mhig Léid
Droimeanach, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 71

Aontaíonn an Ard-Fheis seo go liostófar i leabhráin toghcháin amach anseo ainmneacha na gcumann agus na gComhairlí Ceantair ainmniúcháin taobh le hainm gach iarrthóra a bheidh ag dul san iomaíocht i gcomhair poist ar an Ard-Chomhairle agus ar an mbord oifigeach.
Comhairle Ceantair Mhuineacháin

Failed

Motion 72

Iarrann an Ard-Fheis seo go n-atheagrófar an Coiste Comórthaí Náisiúnta, chun próifíl níos airde a thabhairt dó laistigh den eagraíocht ionas gur féidir leis a bheith ina acmhainn do chumainn áitiúla agus do choistí comórthaí maidir le cainteoirí agus le bannaí ceoil a aimsiú.
Ba chóir don choiste seo teacht le chéile go rialta le hionadaithe ó gach cuid den eagraíocht agus tús a chur le comóradh Éirí Amach na Cásca 1916 a eagrú. Iarrann an Ard-Fheis seo ar gach ball agus ar gach cumann tacú leis na comórthaí náisiúnta agus áitiúla.
Cumann Markievicz
Cathair Chorcaí
Cumann Chathail Mhig Léid,
Droimeanach, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 73

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an bpáirtí úsáid a bhaint as téacs comhthreomhar nuair atá doiciméid dhátheangacha, lena n-áirítear an Clár don Ard-Fheis, á bpriontáil. (Ciallaíonn sé seo gur chóir an Ghaeilge a phriontáil ar thaobh na láimhe clé agus Béarla a phriontáil ar thaobh na láimhe deise.) Is é an buntáiste a bhaineann leis an bhformáid seo go n-éascaíonn sí foghlaim na Gaeilge agus comparáidí atá éasca le léamh idir an dá theanga.
Cumann Uí Dhuibh/Uí Riain
Leamhcán

Passed

Motion 74

Is oth leis an Ard-Fheis seo go mbíonn an síneadh fada ar iarraidh i mórán foilseacháin oifigiúla. Molann sí do Shinn Féin, ag gach leibhéal den pháirtí, dea-shampla a thabhairt uaidh maidir le húsáid cheart a bhaint as an síneadh fada i ngach cumarsáid scríofa agus phriontáilte.
Cumann Caisleán Nua Thiar

Passed

Motion 75

Molann an Ard-Fheis seo go gcloífidh gach rannóg nó gach aonad sa pháirtí le polasaí Shinn Féin maidir le haitheantas a thabhairt ar an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge nuair atá na haonaid nó na rannóga éagsúla á n-ainmniú, le go bhfeicfidh daoine go bhfuil an páirtí á Ghaelú againn.
Cumann Phroinnséis Uí Aodha/Uí Dhonnabháin Rossa
An Sciobairín, Co. Chorcaí

Passed

Motion 76

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Ard-Chomhairle atá ag teacht isteach a áirithiú go gcuirfidh an tAonad Toghcháin tús, laistigh de na sé mhí atá romhainn, le próiseas na gcoinbhinsiún roghnaithe in LEAnna ina bhfuil iarrthóirí aitheanta.
Cumann Uí Laoghóg/Uí Mhearthaile
Cromghlinn, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 77

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas
a) Is oth léi nach ndearna Aonad Toghcháin an pháirtí aighneacht shubstaintiúil chuig an gCoimisiún um Thoghlaigh a bhfuil sé de chúram air teorainneacha a atarraingt do thoghcháin chuig Teach Laighean agus nach ndearna sí comhordú ar thoghlaigh áitiúla in ainneoin go raibh an Coimisiún ag déanamh breithniú ar an leasú is suntasaí ar theorainneacha toghlach le fada an lá
b) Molann sí don rannóg a áirithiú nach mbeidh mainneachtain den sórt sin arís.
Cumann Emmet/Uí Chléirigh
Cumann na Lárchathrach Thiar Theas

Passed

Motion 78

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas
a) Cuireann sí fáilte roimh fheidhmíocht mhaith an pháirtí ar fud réimse feachtas sna 26 Contae ach creideann sí go bhfuil struchtúr feachtas tiomnaithe in easnamh sa pháirtí chun comhordú a dhéanamh ar obair in údaráis áitiúla, i dTeach Laighean agus sa Tionól, agus ar obair Aonad Forbartha na hEagraíochta agus bhaill an pháirtí;
b) Dá bhrí sin, molann sí do stiúrthóireachtaí, ó thuaidh agus ó dheas, aonad chun comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíocht feachtas a bhunú agus dóthain acmhainní a thabhairt dó.
Cumann Emmet/Uí Chléirigh
Cumann na Lárchathrach Thiar Theas
Cumann Chonchúir Uí Cholbaird
Áth an tSléibhe, Co. Luimnigh

Passed

Motion 79

Leasú ar Bhunreacht an Pháirtí
a) Alt 5.2 - an téacs seo a leanas a bhaint “mura bhfuil an clár curtha i gcrích acu mar bhaill d’Ógra Shinn Féin”.
b) Alt 6.1.2 - an méid seo a leanas a bhaint “e. Triúr toscairí ó gach Comhairle Cúige Ógra”

Agus é seo a leanas a chur ina áit “(e) Beirt thoscairí ar bhonn gach Cúige, ó Óige Phoblachtach Shinn Féin”.
c) Alt 6.1.5 - an méid seo a leanas a scriosadh “An Chomhairle Náisiúnta Ógra, Comhairlí Cúige Ógra”

Agus é seo a leanas a chur ina áit “an Coiste Náisiúnta Óige”
d) Alt 6.1.6 - an méid seo a leanas a scriosadh “Náisiúnta Ógra, Comhairle Cúige Ógra”

Agus é seo a leanas a chur ina áit “an Coiste Náisiúnta Óige”
e) Alt 6.2 - an méid seo a leanas a scriosadh “Déanfaidh Ógra Shinn Féin ionadaí amháin a thoghadh chuig an Ard-Chomhairle, i dteannta Eagraí Náisiúnta Ógra Shinn Féin, ag Comhdháil Náisiúnta Ógra a bheidh ar siúl 6 seachtaine roimh an Ard-Fheis”

Agus é seo a leanas a chur ina áit “Beidh triúr ionadaithe ag an gCoiste Náisiúnta Óige ar an Ard-Chomhairle, agus beidh an Cathaoirleach ar an gCoiste Náisiúnta Óige mar dhuine amháin den triúr díobh.

Leasú ar Rialacha an Pháirtí
a) Alt 1.4a - an méid seo a leanas a scriosadh “An Chomhairle Náisiúnta Ógra, Comhairlí Cúige Ógra”

Agus é seo a leanas a chur ina áit “an Coiste Náisiúnta Óige”
b) Alt 1.4c - an méid seo a leanas a scriosadh “An Chomhairle Náisiúnta Ógra, Comhairlí Cúige Ógra”

Agus é seo a leanas a chur ina áit “an Coiste Náisiúnta Óige”
c) Alt 3.2 - an méid seo a leanas “Ba chóir d’ionadaí Ógra Shinn Féin freastal, i gcáil breathnóra, ar gach Comhairle Cúige Shinn Féin chun cumarsáid agus comhar éifeachtach a áirithiú idir Sinn Féin agus Ógra Shinn Féin”

Agus é seo a leanas a chur ina áit “Ba chóir d’ionadaí Óige Phoblachtach Shinn Féin freastal, i gcáil breathnóra, ar gach Comhairle Cúige Shinn Féin chun cumarsáid agus comhar éifeachtach a áirithiú.”
d) Alt 4.1a - “Oifigeach Óige” a chur isteach tar éis “Oifigeach Airgeadais”
e) Alt 4.2 - an méid seo a leanas a scriosadh “Ba chóir d’ionadaithe Ógra Shinn Féin suí i gcáil breathnóra ar gach cruinniú Chomhairle Ceantair Shinn Féin chun cumarsáid agus comhar éifeachtach a áirithiú idir Sinn Féin agus Ógra Shinn Féin.”
Agus é seo a leanas a chur isteach “f. Déanfaidh gach Comhairle Ceantair tacú agus cur chun cinn a dhéanamh ar obair Óige Phoblachtach Shinn Féin ar bhonn áitiúil agus déanfaidh siad straitéisí a chur i bhfeidhm chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar fhorbairt Óige Poblachtaí. Beidh gach Coiste Óige áitiúil i dteideal beirt bhreathnóirí a chur chuig cruinniú de chuid na Comhairle Ceantair.”

f) Alt 5.3g a scriosadh, “Nuair is féidir, ba chóir do Chumainn Shinn Féin Oifigeach Óige a cheapadh chun dul i gcuibhreann leo féin agus le grúpa áitiúil Ógra Shinn Féin.”

Agus é seo a leanas a chur ina áit, “Cabhróidh Cumainn Shinn Féin go gníomhach le hobair Óige Phoblachtach Shinn Féin, agus le Coistí Óige áitiúla a fhorbairt.”
g) An chuid ar fad d’Alt 8 a bhaineann le hÓgra Shinn Féin a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina háit;

8. Óige Phoblachtach
8.1 Ainm
Tá Óige Phoblachtach Shinn Féin lárnach d’eagraíocht páirtí Shinn Féin.
Tá freagracht uirthi as Straitéisí Óige a fhorbairt agus as feidhmeanna agus as cuspóirí Óige Poblachtaí, mar atá leagtha amach in alt 8.2 thuas, a chur chun feidhme.
Beidh obair Óige Poblachtaí á stiúradh agus á treorú ag an gCoiste Náisiúnta Óige. Déanfar gach ball óg Shinn Féin a spreagadh chun páirt a ghlacadh i ndul chun cinn a dhéanamh ar obair Óige Poblachtaí.

8.2 Feidhm & Cuspóirí
• Malairt pholaitiúil atá radacach, fhorásach agus ábhartha do dhaoine óga na hÉireann a dhéanamh de Shinn Féin.
• Uasmhéadú a dhéanamh ar ábharthacht Shinn Féin trína bheith ag éisteacht le daoine óga, trína bheith ag dul i dteagmháil le daoine óga agus trí chomhghuaillíochtaí a fhorbairt le daoine óga.
• Gnaoi daoine a tharraingt ar phoblachtachas agus ar chuspóirí náisiúnta straitéiseacha an Pháirtí.
• Spreagadh agus slógadh a dhéanamh ar líon méadaitheach de shaoránaigh óga na hÉireann agus dul i dteagmháil leo ar mhaithe le tacú le cuspóirí náisiúnta agus daonlathacha.
• Straitéisí polaitiúla agus cláir feachtais a léiríonn riachtanais dhaoine óga an lae inniu agus na réaltachtaí os a gcomhair.
• Modhanna eagrúcháin atá cuí agus comhtháite a chur i bhfeidhm a chomhtháthófar le struchtúir náisiúnta níos leithne an Pháirtí.
• Nuálaíocht, samhlaíocht agus fuinneamh athnuaite a chur le tionscadal Shinn Féin.
• Cur chun cinn a dhéanamh ar inchreidteacht na ngnóthaí óige laistigh de Shinn Féin agus ar an streachailt fhoriomlán phoblachtach.
• Cumhacht a thabhairt do dhaoine óga in Éirinn atá ag athrú, agus cur chun cinn a dhéanamh ar fhís fhorásach don todhchaí a chosnóidh agus a ráthóidh dóchas, cearta agus mianta ár ndaoine óga.
8.3 An Chomhdháil Náisiúnta Óige
Eagróidh Óige Phoblachtach Comhdháil Náisiúnta bhliantúil roimh Ard-Fheis Shinn Féin, ar mhaithe le plé a dhéanamh ar Straitéis Phoblachtach, le bainistiú a dhéanamh ar fheidhmiú Óige Poblachtaí, le baill a thoghadh chuig an gCoiste Náisiúnta Óige, agus le húdarás a thabhairt don Choiste Náisiúnta Óige tairiscintí a chur faoi bhráid na hArd-Fheise. Beidh freastal ar an gComhdháil ar oscailt do gach ball óg Shinn Féin.
Beidh gach Coiste Óige i dteideal beirt thoscairí vótála ag an gComhdháil Náisiúnta, nó beidh siad i dteideal triúr toscairí i gcásanna ina bhfuil ballraíocht an Choiste Óige thar 16 duine.

8.4 An Coiste Náisiúnta Óige
Déanfaidh an Chomhdháil Náisiúnta Óige 8 mball a thoghadh ó urlár na Comhdhála trí vóta ballóidithe, rud a dhéanfar trí PR-STV. Déanfaidh toscairí ceathrar iarrthóirí ó liosta iarrthóirí baineanna a thoghadh, agus ceathrar iarrthóirí ó liosta iarrthóirí fireanna a thoghadh.
Déanfaidh an Ard-Chomhairle Cathaoirleach an Choiste Náisiúnta Óige a cheapadh, agus beidh an Cathaoirleach freagrach do Chathaoirleach an Pháirtí Náisiúnta. Beidh Cathaoirleach an Pháirtí ina bhall ex-officio den Choiste.
Mar aon leis an gCathaoirleach a bheith á thoghadh aige, déanfaidh an Coiste Náisiúnta Óige rúnaí, Cisteoir agus Oifigeach Poiblíochta a roghnú.
Déanfaidh an Coiste Náisiúnta Óige suas le seisear ball eile a chomhthoghadh tar éis na Comhdhála.
Déanfaidh an Coiste Náisiúnta Óige triúr ball, lena n-áirítear an cathaoirleach, a cheapadh chun suí ar an Ard-Chomhairle.
Déanfaidh an Coiste Náisiúnta Óige triúr toscairí, lena n-áirítear an cathaoirleach, a cheapadh chun suí ar an Ard-Chomhairle.
Ina theannta sin, beidh Óige Phoblacht Shinn Féin i dteideal bloc vótála de suas le 12 thoscaire ag gach Ard-Fheis. Déanfar iad seo a leithdháileadh ar chóimheas de suas le beirt thoscairí in aghaidh an chúige tríd an gCoiste Náisiúnta Óige agus trí chomhairliúchán idir an Coiste Náisiúnta Óige agus Coistí Óige áitiúla.

8.5 Coistí Óige Poblachtaí
Beidh Coiste áitiúil Óige Poblachtaí, le cumainn agus le comhairlí ceantair áitiúla Shinn Féin, freagrach as feidhm agus as cuspóirí Óige Poblachtaí a chur chun cinn laistigh dá gceantar, agus laistigh den pháirtí sa cheantar sin.
Ard-Chomhairle
Feidhmeannas Náisiúnta Ógra

Passed

Motion 80

Leasaíonn an Ard-Fheis seo alt 5.4a de bhunreacht Shinn Féin agus léifear é mar seo a leanas anois;

5.4 TÁILLE CHLEAMHNAITHE AGUS CISTÍ
a. Rithfidh bliain airgeadais Shinn Féin ón mbliain féilire dar críoch an 31 Nollaig ar aghaidh. Ní mór táille chleamhnaithe Chumainn de €95 a íoc le linn mhí Eanáir agus ní mór an táille a bheith íoctha faoin 31 Eanáir gach bliain. Éileofar ar chumainn nua táille chleamhnaithe laghdaithe de €25 a íoc don chéad trí bliana.
Cumann Mhic Coisteala/Uí Ursáin
Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí

Failed

Tithíocht

Motion 81

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas
a) Cuireann sí beannachtaí dlúthpháirtíochta in iúl do na cónaitheoirí a aslonnaíodh ó Halla na Prióireachta, Baile Átha Cliath;
b) Caoineann sí iompar Thomas McFeely, forbróir Halla na Prióireachta, agus Coalport, a chuideachta forbartha, a bhfuil an príomhlocht orthu faoi staid na gcónaitheoirí;
c) Caoineann sí na dlíthe agus na rialacháin neamhleora a bhaineann le pleanáil agus le sábháilteacht dóiteáin agus caoineann sí forfheidhmiú na ndlíthe agus na rialachán seo ag an Rialtas agus ag údaráis áitiúla, rud a thug deis d’fhorbróirí den sórt seo gníomhú gan baol pionóis;
d) Iarrann sí ar an Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil iarrachtaí a chomhordú chun teacht ar réiteach cóir do na cónaitheoirí, rud a chosnóidh an ceart atá acu chun teach a bheith acu agus an ceart atá acu gan pionós airgeadais a fháil mar gheall ar fhaillí nach raibh siad freagrach aisti.
Cumann Phádraig Uí Chanáin
Domhnach Míde, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 82

Iarrann an Ard-Fheis seo ar fhoireann Shinn Féin i dTeach Laighean breithniú a dhéanamh ar reachtaíocht a mholadh don Oireachtas (reachtaíocht a bhféadfadh foráil do leasú bunreachta a bheith i gceist léi) chun réiteach a dhéanamh ar an tsaincheist a bhaineann le ‘bunchíosanna/cíosanna fadtéarmacha’ a íoctar le tiarnaí talún neamhchónaitheacha na Breataine, mar atá i gcás Eastát Shirley i gCarraig Mhachaire Rois, Co. Mhuineacháin, agus atá le feiceáil i mbailte agus i gcathracha ar fud an stáit.
Comhairle Ceantair Mhuineacháin

Passed

Motion 83

Cé go gcuirimid fáilte roimh an ngealltanas atá i gClár Feidhmiúcháin don Rialtas maidir le 8,000 teach sóisialta agus inacmhainne a chur ar fáil, iarrann an Ard-Fheis seo ar an Tionól forbairt a dhéanamh ar straitéis chuimsitheach a fhreastalóidh riachtanais tithíochta ár saoránach go léir.
Comhairle Ceantair Dhoire

Passed

Motion 84

Iarrann an Ard-Fheis seo ar na húdaráis áitiúla iomchuí uile tús a chur leis an bpróiseas chun cíosanna a laghdú, mar gheall gur méadaíodh cíosanna laistigh de roinnt údaráis áitiúla cheana féin chun na costais a bhaineann le bailiúcháin bhruscair a chlúdach.
Cumann Uí Laoghóg/Uí Mhearthaile
Cromghlinn, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 85

Agus í ag aithint go mbíonn mionlach beag tionóntaí ag dul i mbun iompar coiriúil agus frithshóisialta ar bhonn rialta agus córasach go minic agus nach bhféadann údaráis tithíochta smachtbhanna éifeachtach a chur chun srian a chur leis an iompar coiriúil seo i mórán cásanna, molann an Ard-Fheis seo go dtabharfar cumhachtaí nua d’údaráis tithíochta chun déileáil le hiompar den sórt sin.
Ní mór do gach údarás tithíochta nós imeachta soiléir i scríbhinn a bheith acu maidir le déileáil le saincheisteanna a bhaineann le tionóntaí a iompraíonn go dona agus a théann i mbun iompar leanúnach coiriúil/frithshóisialta.
Níor chóir athshealbhú baile a bheith á lorg ag údarás tithíochta ach amháin mar rogha dheireanach i gcásanna inar caitheadh na nósanna imeachta uile. Ní mór na nósanna imeachta seo a bheith caite go hiomlán sula gcuirfear tús le haon ghníomh cúirte.
Nuair a lorgaíonn an t-údarás tithíochta athshealbhú baile, ba chóir féachaint air seo mar admháil gur theip ar iarrachtaí roimhe an údaráis tithíochta sin.
Tá sé measartha soiléir go bhfuil an reachtaíocht atá ann cheana féin neamhéifeachtach maidir le déileáil le tionóntaí a leanann de bheith ag dul i mbun iompar coiriúil agus frithshóisialta. Is minic a bhíonn tionchar díobhálach aige seo ar phobail iomlána in áiteanna nach bhféadann na húdaráis tithíochta smachtbhanna a chur chun srian a chur le tionóntaí coiriúla/frithshóisialta.
Sa chás nach bhfuil aon rogha eile ag an údarás tithíochta, tar éis dó a nósanna imeachta uile a ídiú, agus sa chás go leanann tionóntaí de bheith ag dul i mbun iompar córasach leanúnach Frithshóisialta, ba chóir dlíthe nua a achtú chun ligean d’fhoirceannadh níos tapa tionóntachtaí i gcás na ndaoine siúd a théann i mbun iompar coiriúil leanúnach agus frithshóisialta. Ba chóir do Shinn Féin dul i mbun feachtais le go dtabharfaí cumhachtaí breise d’údaráis tithíochta chun déileáil le hiompar cóiriúil leanúnach/frithshóisialta ag tionóntaí ina n-áitreabh.
Cumann Mhic Fhlannchaidh/Uí Cheallacháin
Cathair Luimnigh

Passed

Motion 86

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas
a) Tarraingíonn sí aird ar dhroch-chaighdeán tithíochta na n-údarás áitiúil i mórán codanna de na 26 Contae atá ag titim i léig de réir mar a théann ciorruithe an Rialtais láir i bhfeidhm ar chumas na n-údarás áitiúil maoiniú a chur ar fáil do chláir chothabhála tithíochta;
b) Molann sí don pháirtí dul i mbun feachtais chomhordaithe um chothabháil tithíochta a dhíríonn ar údaráis áitiúil agus atá dírithe ar ionaid uirbeacha ina bhfuil ardleibhéil tithíochta údaráis áitiúil.
Cumann Emmet/Uí Chléirigh
Cumann na Lárchathrach Thiar Theas

Passed

Motion 87

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas

Tarraingíonn sí aird ar a himní maidir leis an bhfadhb mhéadaitheach a bhaineann le láithreáin thréigthe agus go bhfuil orduithe éigeantacha ceannaigh gan úsáid mar nach bhféadann formhór na n-údarás áitiúil iad a úsáid mar gheall ar shrianta buiséadacha;
Iarrann sí ar Rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre bearta breise a thabhairt isteach chun dul i ngleic le láithreáin thréigthe agus le baincéireacht talún, amhail an t-ordú um bainistíocht teaghaisí folmha a tugadh isteach sa Bhreatain.
Cumann Emmet/Uí Chléirigh
Cumann na Lárchathrach Thiar Theas

Passed

Motion 88

Aithníonn an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas, de réir suirbhé a rinne Sinn Féin Bhaile Átha Cliath Thiar Meán:

• Tá fadhbanna le caighdeáin a dtithíochta ag 85% de theaghlaigh i Méile an Rí, i dTor an Rí agus i mBuirg an Rí, i mBaile Gadaí, Leamhcán i gCo. Bhaile Átha Cliath;
• Tá fadhbanna leis an taise ag 60% de na teaghlaigh sna heastáit seo;
• Tá na fadhbanna seo ina bhfadhbanna struchtúracha, seachas ina bhfadhbanna aonuaire;
• Dúirt 67% de theaghlaigh sna heastáit seo a chuir na fadhbanna seo in iúl don Chomhairle go raibh freagra na Comhairle go dona nó go han-dona;
• Dúirt 60% de theaghlaigh sna heastáit seo go raibh iompar frithshóisialta ar siúl ina gceantar;
• Dúirt 55% de theaghlaigh sna heastáit seo go raibh freagra an Gharda Síochána go dona nó go han-dona agus tá saincheist freisin maidir le sástacht na gcónaitheoirí faoi phóilíneacht sa cheantar.

Iarrann sí
• ar Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas suirbhé cuimsitheach mionsonraithe ar na 465 teach cónaithe i Méile an Rí, i dTor an Rí agus i mBuirg an Rí d’fhonn méid iomlán na bhfadhbanna tithíochta sa cheantar a fháil amach;
• ar Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas Bainisteoir Eastát tiomnaithe a cheapadh chun maoirseacht a dhéanamh ar chlár oibreacha a thiocfaidh as an suirbhé cuimsitheach;
• cistiú breise ón Roinn Comhshaoil leis na hoibreacha riachtanacha a dhéanamh;
• Fóram Sábháilteachta Pobail tiomanta a chruthú ar son Bhaile Gadaí ina gcuirfear le chéile ionadaithe ón bpobal áitiúil agus bainistíocht shinsearach ó Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas agus ó ghníomhaireachtaí eile chun tabhairt faoi fhadhb an iompair fhrithshóisialta.
Cumann Uí Dhuibh/Uí Riain
Leamhcán

Passed

Motion 89

Cinneann an Ard-Fheis seo séanadh freagrachta stát na 26 Contae as tithíocht shóisialta a fhreaschur go gníomhach trí na nithe seo a leanas a mholadh:
a) réadmhaoine oiriúnacha an GNBS a aistriú faoi úinéireacht an stáit mar thithíocht shóisialta nó le húsáid ar mhaithe le seirbhísí pobail, le háiseanna áineasa (ealaíona agus spóirt, etc), le comharchumainn phobail nó le spásanna le haghaidh tionscnamh gnó ar tháillí ainmniúla;
b) an beart céanna maidir le horduithe ceannaigh éigeantaigh ar réadmhaoine oiriúnacha a luíonn folamh ar feadh 18 mí ar a laghad.
Cumann Mhic Dhomhnaill/Uí Shé
Beantraí, Corcaigh Thiar
Cumann Uí Shúilleabháin/Mhic Ionnrachtaigh
Co. Chiarraí

Passed

Motion 90

Iarrann an Ard-Fheis seo Scéim Athghiniúna Bhaile Munna a chur i gcrích a luaithe is féidir. Tá na staideanna ina bhfuil cuid de na cónaitheoirí ina gcónaí níos measa ná tionóntáin sluma agus tá siad neamh-inghlactha ar fad in Éirinn nua-aimseartha, más fíor.
Níor cuireadh athghiniúintí roimhe seo i mBaile Munna i gcrích agus chruthaíodar mórchuid de na fadhbanna sóisialta a fheicimid sa lá atá inniu ann. Ní mór an athghiniúint a chur i gcrích d’fhonn tithíocht shóisialta agus bonneagar sóisialta a sholáthar do phobal a rinne rialtais roimhe sin agus reatha an-fhaillí air.
Cumann Mhic Cába/ Uí Choigligh
Baile Munna, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 91

Iarrann an Ard-Fheis seo
a) ar an Roinn Comhshaoil sna 26 Contae tascfhórsa a bhunú chun dul i ngleic go mear le saincheist na Piríte. Is fadhb í pirít a théann a bhfeidhm ar thithíocht na comhairle agus thithíocht phríobháideach araon ar fud Bhaile Átha Cliath. Níl aon dul chun cinn á dhéanamh ag úinéirí tí agus tionóntaí le linn dóibh éileamh ar chúiteamh ó fhorbróirí agus ó thógálaithe, mórchuid acu ina bhfolach taobh thiar den GNBS;
b) tithe buailte le pirít a bheith díolmhaithe ón Muirear Teaghlaigh.
Cumann Mhic Cába/ Uí Choigligh
Baile Munna, Baile Átha Cliath

Passed

Comhshaol & Bonneagar

Motion 92

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
a) Cásaíonn sí príobháidiú na seirbhíse bailithe dramhaíola teaghlaigh arna dhéanamh ag Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas agus ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath in aghaidh mhianta, arna gcur in iúl de réir daonlathais, bhaill tofa Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus gan eolas bhaill tofa Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas;
b) Cásaíonn sí an modh mursanta ar chuir Greyhound, an t-oibreoir príobháideach, cóir ar shaoránaigh sa dá cheantar Comhairle;
c) Iarrann sí freaschur an bheartais phríobháidithe;
d) Iarrann sí ar Rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre scéim scaoilte ó tháillí bruscair do dhaoine ar ísealioncaim ar fud an Stáit;
e) Cuireann sí in iúl go gcuirimid in aghaidh loisceoir an Phoill Bhig atá neamhriachtanach, díobhálach ó thaobh an chomhshaoil agus ríchostasach agus reáchtáiltear í contrártha leis an gcleachtas bainistíochta is fearr mar go dteastóidh sruth dramhaíola uaidh ar mhaithe lena fheidhmiú;
f) Iarrann sí ar fhiosrú faoin tionscadal seo, tionscadal a chosain na cáiníocóirí na milliúin euro cheana féin sular leagadh bríce.
Cúige Átha Cliath
Cumann Markievicz/Uí Riain agus Uí Fhearghaill
Tamhlacht, Baile Átha Cliath
Cumann Mhic Cearbhaill/Ághais
an Chabhrach, Baile Átha Cliath
Cumann Emmet/Uí Chléirigh
Cumann na Lárchathrach Thiar Theas
Cumann Uí Dhuibh/Uí Riain
Leamhcán

Passed

Motion 93

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:-
a) Athdhearbhaíonn sí go gcuireann sí in éadan na húsáide scoilte hiodrálaigh mar mhodh taiscéalaíochta gáis mar gheall ar an dochar comhshaoil, sláinte agus geilleagrach a bhfuil bunús maith leis a dhéanfaidh sé don cheantar áitiúil agus dá chónaitheoirí;
b) Geallann sí a dlúthpháirtíocht agus a tacaíocht leanúnach dóibh siúd a bhfuil baint acu le grúpaí feachtais frith-scoilte ar fud na tíre;
c) Tugann sí údarás do ghníomhaithe Shinn Féin obair le pobail áitiúla chun cur in éadan scoilte hiodrálaigh;
d) Iarrann sí ar na rialtais, ó thuaidh agus ó dheas, líonra uile-Éireann gineadóirí glanfhuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn agus a fhorbairt a threoróidh an bealach chun slándáil an tsoláthair agus praghsanna fuinnimh inbhuanaithe a bhaint amach agus gníomhú mar fhíorthiomántóir geilleagair fadtéarmach don tír ar fad.
Ard-Chomhairle
Comhairle Ceantair Mhuineacháin
Cumann Mhíchil J. Uí Mhearáin
Sligeach Theas

Passed

Motion 94

De mheon na fealsúnachta atá i gClár Oibre Poblachánaighe Dháil Éireann, 1919, athdhearbhaíonn Sinn Féin a thiomantas do thosaíocht a thabhairt do cheart bunúsach mhuintir na hÉireann ar bhuntáistí eacnamaíocha iomlána acmhainní hidreacarbóin ola agus gháis na hÉireann.
Ní fhéadann saothrú na n-acmhainní seo a bheith ann ach amháin i gcomhthéacs an chleachtais idirnáisiúnta is fearr, arna bhunú ag muintir na hIorua, maidir le druileáil, le táirgeadh, le cosaintí comhshaoil agus le huastoradh do mhuintir na hÉireann i ndáil le cánacha, le poist, le hearraí, le seirbhísí agus le slándáil an tsoláthair.
Iarraimid ar an Ard-Fheis seo iarraidh ar an Ard-Chomhairle cíoradh a dhéanamh ar thoscaireacht a chur chun na hIorua d’fhonn staidéar a dhéanamh ar an dóigh ar phléigh an Iorua leis an aimsiú ola agus gáis ina huiscí féin.
Comhairle Ceantair na Gaillimhe Thiar

Passed

Motion 95

Molann an Ard-Fheis seo feachtas Ros Dumhach, atá ina 10ú bliain anois, agus iarrann sí ar Rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre beartas fuinnimh a tharraingt anuas a uasmhéadaíonn tairbhe na n-acmhainní mianra ar an oileán seo do mhuintir na hÉireann ar dhóigh shlán éifeachtúil.
Cúige Átha Cliath

Passed

Motion 96

Iarrann an Ard-Fheis seo ar Rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre brostú le reachtaíocht d’fhonn áirithiú go ndéantar dramhaíl ghuaiseach a chóireáil ag an bhfoinse, rud a chuirfeadh an gá lena hiompar ar fud ár dtuaithe ar neamhní.
Cumann Uí Aodha/Uí Raghallaigh
Eochaill, Co. Chorcaí

Passed

Motion 97

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:-
a) Tugann sí dá haire na costais thromchúiseacha chomhshaoil agus airgeadais a bhaineann le ‘níochán díosail’;
b) Iarrann sí orthu siúd a bhfuil baint acu leis an ngníomhaireacht sin stopadh lom láithreach;
c) Iarrann sí ar an Ard-Chomhairle ag teacht isteach beartas uile-Éireann a ullmhú a dhíríonn ar an gcleachtas seo a chosc, lena n-áirítear cíoradh a dhéanamh ar thogra díosal aondatha a bheith againn agus comhairle leis an bpobal talmhaíochta d’fhonn modh eile soláthair díosail níos saoire don earnáil seo a shainaithint.
Comhairle Ceantair Mhuineacháin

Passed

Motion 98

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil sna 26 Contae Bille um Athrú Aeráide a thabhairt isteach i 2012
Cumann Shéamais Uí Chongaile
Baile Formaid, Baile Átha Cliath
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 99

Iarrann an Ard-Fheis seo fóirdheontas le láithreacht agus minicíocht Bhád Farantóireachta Aird Mhic Giollagáin/an Chaisleáin Nua, atá ríthábhachtach i leith gheilleagar an Iarthuaiscirt ar fad, a choinneáil.
Cumann Uí Cheirealláin/Mhic Giolla Mhartain
Dún Geimhin

Passed

Motion 100

Iarrann an Ard-Fheis seo ar Rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre maoiniú láithreach a sholáthar do thógáil sheachbhothar Mhaigh Chromtha ar bhóthar náisiúnta an N22 mar thionscadal neamhspleách.
Cumann Leo Uí Mhurchú/Thomáis de Barra
Corcaigh Thiar Thuaidh

Passed

Motion 101

Aithníonn an Ard-Fheis seo páirt Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath i seirbhísí comhtháite dóiteáin, tarrthála agus otharchairr éigeandála a sholáthar agus dearbhaíonn sí go gcuireann sí in aghaidh aon iarrachta ar na seirbhísí éigeandála ríthábhachtacha a sheachfhoinsiú nó a phríobháidiú go hiomlán nó go páirteach.
Cúige Átha Cliath

Passed

Sláinte agus Leanaí

Motion 102

Iarrann Sinn Féin ar Rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre dul ar aghaidh i 2012 leis an reifreann Bunreachtúil a gealladh chun cearta leanaí a neartú agus go ndéantar an reifreann seo a stiúradh mar thogra neamhspleách a bheidh le cur os comhair an phobail.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 103

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
a) Athdhearbhaíonn sí tiomantas Shinn Féin do rochtain chothrom thráthúil ar sheirbhísí sláinte poiblí thar barr a bheith ag gach duine in Éirinn, bunaithe ar ghá amháin;
b) Tugann sí dá haire cúngú na gciorruithe scriosacha ar chuir Rialtas Fhianna Fáil/an Chomhaontais Ghlais tús leo agus ar lean Comhrialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre leo;
c) Cásaíonn sí na ciorruithe de €750 milliún ar na seirbhísí sláinte poiblí i 2012 a tháinig tar éis an chiorraithe de €1.5 billiún ar chaiteachas sláinte i 2010 agus i 2011;
d) Breathnaíonn sí go han-imníoch ar an lánchosc earcaíochta leantach agus ar na bearnaí i seirbhísí arna gcruthú ag an lánchosc seo i gcomhar le himeacht 4,200 ball foirne trí luathscor faoi dheireadh mhí Fheabhra 2012;
e) Tugann sí dá haire go ndéanann Plean Seirbhíse ‘Náisiúnta’ Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus a Pleananna Réigiúnacha an córas ciorruithe seo a chur chun feidhme, trína sriantar seirbhísí i gcúram príomhúil, in ospidéil, i gcúram sláinte meabhrach, i seirbhísí do dhaoine scothaosta agus i seirbhísí leanaí agus teaghlaigh;
f) Tugann sí dá haire go bhfuil breis agus 2,300 leaba ospidéil phoiblí dúnta agus gurb é atá i bPlean Seirbhíse Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte tuilleadh leapacha dúnta, lena n-áirítear leapacha cónaithe fadtéarmacha, agus i gcásanna éigin, tithe cúraim faoi reáchtáil phoiblí ina n-iomláine do dhaoine scothaosta;
g) Aithníonn sí go léiríonn an t-ionsaí seo ar sheirbhísí sláinte poiblí beartas teipthe na déine á chur i ngníomh;
h) Éilíonn sí tréigean na n-ionsaithe seo agus an bheartais seo;
i) Iarrann sí ar Rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre deireadh a chur leis an lánchosc earcaíochta, tús a chur le hathoscailt na leapacha ospidéil phoiblí dhúnta agus seirbhísí a athbhunú; agus
j) Beartaíonn sí leanúint ar aghaidh lena feachtas in aghaidh na gciorruithe sláinte agus ar son seirbhís sláinte in Éirinn atá athnuaite, cothrom agus éifeachtúil.
Ard-Chomhairle
Cumann Shéamais Fhionntáin Uí Leathlobhair
Port Laoise, Co. Laoise
Cumann Chathail Mhic Léid
Droimeanach, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 104

Mar gheall ar an mbrú méadaithe arna chur ar sholáthraithe seirbhíse túslíne inár seirbhíse sláinte de dheasca imeachta 4,200 oibrí cúram sláinte amhail an 29 Feabhra, an lín mhéadaithe leapacha ospidéil phoiblí dhúnta (a sháraíonn 2,300 leaba faoi láthair) agus an lánchosc earcaíochta leanúnach, iarrann an Ard-Fheis seo ar an Taoiseach Enda Kenny TD:
a) Glacadh leis gur loic a Aire Sláinte agus Comhrialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre ar an bpobal agus nach bhfuil siad cumasach meath leanúnach an tsoláthair seirbhíse sláinte a chosc, beag beann ar na ciorruithe arna bhforchur ag Comhrialtas Fhianna Fáil/an Chomhaontais Ghlais a aisiompú;
b) an 31ú Dáil a dhíscaoileadh agus ligean do na toghthóirí Rialtas a thoghadh a chloífidh lena shainordú agus a sholáthróidh seirbhís sláinte den chéad scoth do chách ar bhonn riachtanas amháin.
Comhairle Ceantair Mhuineacháin

Passed

Motion 105

Molann an Ard-Fheis seo gach oibrí cúram sláinte a thugann aghaidh ar staideanna a éiríonn níos deacra, go háirithe iad siúd a sholáthraíonn tacaíochtaí riachtanacha ar fud ár seirbhísí sláinte meabhrach. Ag aithint an éilimh mhéadaithe seirbhísí ar fud na ndisciplíní sláinte meabhrach go léir, iarrann an Ard-Fheis seo ar Kathleen Lynch TD, an tAire le freagracht as Sláinte Mheabhrach, chun áirithiú go gcuirtear na hacmhainní daonna agus na hacmhainní eile atá ag teastáil chun an gá méadaithe práinneach seo a chomhlíonadh.
Cumann Uí Anluain/Mhic MhathúnaUí Laighnigh
Baile Mhuineacháin

Passed

Motion 106

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
a) Aithníonn sí gur fadhb thromchúiseach sláinte poiblí í féinmharú a chuaigh i bhfeidhm ar bheagnach gach pobal anseo;
b) Molann sí gurb é atá i gcur chuige comhtháite lena bhfuil baint ag comhlachtaí pobail, deonacha agus reachtúla an t-aon mhodh éifeachtach amháin ina bhféadfar tabhairt faoin tsaincheist sláinte poiblí go straitéiseach;
c) Molann sí gur trí fheachtas meán cumarsáide cosúil le feachtas sábháilteachta ar bhóithre an Údaráis um Bóithre Náisiúnta a dhéantar céim phríomhúil chun tabhairt faoi shaincheist an fhéinmharaithe, feachtas atá bunaithe ar fheasacht a chruthú ar na seirbhísí bainteacha atá ann cheana i réimse na sláinte meabhrach agus folláine agus oideachas leathan a thabhairt don phobal maidir le topaic an fhéinmharaithe freisin
d) Geallann sí tacaíocht iomlán d’fhéinmharú a chomhrac inár bpobail trí eagraíochtaí tacaithe amhail SOSAD (Sábháil Ár Mic agus Ár nIníonacha), Éire.
Cumann Mhairtírigh Dhroichead na Cuntaoise
Ciarraí Theas
Cumann Chiaráin Uí Dhochartaigh
Coill an Chollaigh, Co. an Chabháin

Passed

Motion 107

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Dr. James Reilly TD, an tAire Sláinte, an brón agus an tacaíocht d’íospartaigh mhná an chleachtais simfiseatóime ag roinnt suíomhanna ospidéil, lena n-áirítear Ospidéal Mhuire Lourdes i nDroichead Átha, a chuireann sé in iúl go minic a chomhlíonadh agus fiosrúchán poiblí iomlán agus neamhspleách a bhunú gan mhoill maidir leis an gcleachtas barbarach thar thréimhse caoga bliain (1940í go dtí na 1980í) agus a dhéanann foráil do chúiteamh cuimsitheach do gach marthanóir agus do chuimhne na ndaoine a d’fhulaing agus a fuair bás cheana.
Comhairle Ceantair Mhuineacháin

Passed

Motion 108

Ag tabhairt dá haire na mbuarthaí arna gcur in iúl ag comhairligh ardchéimneacha agus ag soláthraithe seirbhíse túslíne eile inár n-ospidéil leanaí - ospidéil ina bhfuil ar leanaí óga agus ar a dtuismitheoirí cur suas le hagaí feithimh ainspianta ar thralaithe i Ranna Éigeandála agus inar leanadh le cúngú acmhainní - iarrann an Ard-Fheis seo ar Rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre foráil a dhéanamh do riachtanais leanaí tinne in Ospidéal Shráid Temple, in Ospidéal Chromghlinn agus in Ospidéal Thamhlachta, go dtí go dtógfar an tOspidéal Náisiúnta Péidiatraiceach nua lena bhfuiltear ag súil le fada.
Comhairle Ceantair Mhuineacháin
Cumann Chathail Mhic Léid
Droimeanach, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 109

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Dr. James Reilly TD, an tAire Sláinte, acmhainní agus áiseanna níos fearr a chur ar fáil d’ospidéil na leanaí atá ann cheana agus ráiteas a dhéanamh ar thodhchaí fhadtéarmach Ospidéal Leanaí Chromghlinn ó tharla gur diúltaíodh na pleananna do shuíomh nua an Ospidéil Náisiúnta Phéidiatraicigh.
Cumann Uí Laoghóg/Uí Mhearthaile
Cromghlinn, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 110

Go n-aithníonn an Ard-Fheis seo cinneadh an Bhoird Phleanála an t-iarratas ar an Ospidéal Náisiúnta Péidiatraiceach ar shuíomh Ospidéal Mater Misericordiae a dhiúltú agus iarrann sí athbhreithniú cuimsitheach neamhspleách ar fhéidearthacht suíomhanna amhail Ospidéal Thamhlachta.
Markievicz/Uí Riain agus Uí Fhearghaill,
Tamhlacht, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 111

Cáineann an Ard-Fheis seo an fhaillí a rinne Rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre i riocht na ndaoine a bhfuil fiobróis chisteach orthu agus iarrann sí plé le fiobróis chisteach mar thosaíocht seirbhíse sláinte.
Cumann Aindriú Uí Shúilleabháin
Mala, Co. Chorcaí

Passed

Motion 112

Iarrann Sinn Féin athbhreithniú iomlán agus neamhspleách ar an gcóras riaracháin Chártaí Liachta d’fhonn cinneadh cé acu an bhfuil sé ag cur le moilleanna neamhghlactha ar fhoirmeacha a phróiseáil nó nach bhfuil agus, más gá, féachaint ar riarachán a athbhunú ag an leibhéal áitiúil.
Cumann Eoin Sheosaimh Mhic Shíthigh
Ciarraí Thuaidh
Markievicz/Uí Riain agus Uí Fhearghaill
Tamhlacht, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 113

Cáineann an Ard-Fheis seo an rialtas reatha agus an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) mar gur theip orthu cuairteanna ar-shuíomh ar ospidéil a stiúradh i ndáil le rialú ionfhabhtaithe agus le hIonfhabhtuithe Faighte i gCúram Sláinte. Tá easpa sonraí cainníochtúla a d’fhéadfadh athruithe ag teastáil ar bheartas agus ar chleachtas a áirithiú mar gheall ar an teip seo. Ní sholáthraíonn uirlisí féinmheasúnaithe sonraí iontaofa oibiachtúil.
Cumann Mhic Craith/Uí Bhriain
Port Láirge Thoir

Passed

Motion 114

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
a) Cáineann sí an teip ar Rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre dul ar aghaidh le hachtú an Bhille Cróinéirí, 2007.
b) Iarrann sí ar Rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre achtú an Bhille Cróinéirí, 2007, a thabhairt anuas gan tuilleadh moille chun áirithiú go gcomhlíonann Éire Airteagal 2 de Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.
Cumann Uí Dhroma/Uí Dhochartaigh
Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 115

Go dtacaíonn an Ard-Fheis seo leis an tuairim eiticiúil gur cheart an ceart dlíthiúil a bheith ag bean le ginmhilleadh roghnach, beag beann ar na cúinsí. Aithnímid go bhfuil tuairimí láidre laistigh dár bpáirtí ar an dá thaobh den argóint ach creidimid gur cheart an ceart a bheith ag bean sa deireadh cinneadh a dhéanamh i gcás a mbaineann a sláinte, bíodh sé sláinte fhisiceach nó sláinte mheabhrach, agus a leas leis.
Cumann Uí Chéitinn/Uí Sheachnasaigh
Port Láirge

Failed

Motion 116

Go bhfuil cead ag gach ball de Shinn Féin saincheist an ghinmhillte a chur i bhfriotal i bhfocail nó feachtas a dhéanamh nó vótáil uirthi, de réir a gcoinsiasa.
Cumann Uí Dhochartaigh/Uí Dhubhshláine
an Uaimh, Co. na Mí

Failed

Motion 117

Iarrann an Ard-Fheis seo ar chomhrialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre Aonad na Mionghortuithe ag Ospidéal Ginearálta Mhuineacháin a athbhunú mar sheirbhís seacht lá, an Fheithicil Mhearfhreagartha don tseirbhís otharcharranna i gcomhair Chontae Mhuineacháin a athchoimisiúnú agus foráil iomchuí a dhéanamh do NEDoc, an tseirbhís iar-ama DG, ar fud Chontae Mhuineacháin, Chontae an Chabháin, Chontae Lú agus Chontae na Mí agus tuilleadh ceangaltais a dhéanamh d’fhorbairt seirbhísí nua nó athbhunaithe ag Ospidéal Ginearálta Mhuineacháin, lena n-áirítear tabhairt isteach Ionad Measúnaithe Leighis.
Chomh maith leis sin, iarrann an Ard-Fheis seo ar an Rialtas gealltanais réamhthoghcháin a gcuid páirtithe a chomhlíonadh agus an choinneáil, an t-athbhunú agus an fhorbairt seirbhísí ag ospidéil áitiúla a áirithiú.
Cumann Uí Anluain/Mhic Mhathúna/Uí Laighnigh
Baile Mhuineacháin
Comhairle Ceantair Mhuineacháin

Passed

Motion 118

Fáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh an gcinneadh seirbhísí raidiateiripe a lonnú ag Ospidéal Allt Mhic Dhuibhleacháin agus, de bhreis air sin, fáiltíonn sí roimh an infheistíocht de £30 milliún ag an ospidéal le déanaí.
Comhairle Ceantair Dhoire

Passed

Motion 119

Aithníonn an Ard-Fheis seo obair ríthábhachtach ár n-oibrithe cúram sláinte réamhéigeandála, molann sí obair an ghrúpa ‘Save Youghal Ambulance’ agus iarrann sí ar Rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre agus ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte clúdach leanúnach otharcharranna lánaimseartha a chinntiú do bhaile Eochaille agus don cheantar máguaird.
Cumann Uí Aodha/Uí Raghallaigh
Eochaill, Co. Chorcaí

Passed

Motion 120

Go n-iarrann an Ard-Fheis seo ar James Reilly TD, an tAire Sláinte, na trí obrádlann in Ospidéal Réigiúnach Phort Láirge a dúnadh le déanaí a athbhunú agus na bardaí a dúnadh a athoscailt freisin. Freastalaíonn Ospidéal Réigiúnach Phort Láirge ar bhreis agus 500,000 saoránach sa réigiún agus is cinnte go n-imreoidh na ciorruithe seo drochthionchar ar na daoine tinne agus ar na daoine is leochailí sa tsochaí.
Cumann Uí Chéitinn/Uí Sheachnasaigh
Port Láirge

Passed

Motion 121

Tugann an Ard-Fheis seo a tacaíocht don Fheachtas ‘Sábháil ár Seirbhísí Ospidéil Ghéarmhíochaine’ i dTiobraid Árann Theas agus fáiltíonn sí roimh a cinneadh tús a chur le himeachtaí dlí in aghaidh Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus James Reilly TD, an tAire Sláinte, mar gur sháraíodar comhaontú dlíthiúil atá ann le fada ina ndearna foráil do leanúint de gach seirbhís ospidéil ghéarmhíochaine do mhuintir Thiobraid Árann Theas i gCluain Meala.
Cumann Uí Chongaile/Plant
Tiobraid Árann

Passed

Motion 122

Iarrann an Ard-Fheis seo ar James Reilly TD, an tAire Sláinte, na speisialtachtaí cairdiacha agus ortaipéideacha atá i bhfeidhm faoi láthair in Ospidéal Ginearálta Shligigh a choinneáil agus Seirbhísí Diagnóiseacha Ailse a athbhunú mar a gealladh.
Cumann Mhic Dhiarmada/Mhic Giolla Dhuinn
Liatroim Thuaidh

Passed

Motion 123

Go dtacaíonn an Ard-Fheis seo go hiomlán leis an gcoinneáil seirbhísí ag Teach Altranais Naomh Bríd do Mhná (Cnoc Slinne, an Briotás, Co. Bhaile Átha Cliath), aithníonn sí an sárchaighdeán cúraim a fhaigheann othair san áis seo faoi reáchtáil an phobail, aithníonn sí nach bhfuil aon áiseanna leapa poiblí ar fáil do na mná sin faoi láthair, ar othair ardspleáchais iad 66 duine acu, agus iarrann sí ar an Dr. James O’Reilly, an tAire Sláinte, scor den chlár oibre príobháidithe a bhfuil a roinn ag obair ina threo faoi láthair.
Markievicz/Uí Riain agus Uí Fhearghaill,
Tamhlacht, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 124

Tá an Ard-Fheis seo in éadan pleananna chun leapacha ospidéil phobail a dhúnadh agus áiseanna nua á dtógáil agus a n-oscailt, i bhfabhar roinnt limistéar geografach in áit limistéar eile. Is náire í an neamhaird shoiléir ar an gcinniúint othar fadtéarmach agus ar an anacair a chuirtear ar na hothair sin agus ar a dteaghlaigh leis an mbagairt go mbogfaí na háiseanna i bhfad i gcéin. Is ionann an fhíric gur tugadh comhairle do na hothair seo agus dá dteaghlaigh go bhféadfaidís íoc as leapacha teach altranais phríobháidigh níos cóngaraí don bhaile agus sracadh thar ceann seirbhís sláinte a threoraítear trí phríobháidiú.
Iarrann an Ard-Fheis freisin oscailt láithreach Ospidéal Pobail Thrá Lí.
Cumann Uí Shúilleabháin/Mhic Ionnrachtaigh
Co. Chiarraí
Cumann Eoin Sheosaimh Mhic Shíthigh
Ciarraí Thuaidh

Passed

Oideachas

Motion 125

Fáiltíonn an Ard-Fheis seo:
a) roimh an bhfeabhsú ar ghnóthachtáil oideachais laistigh de scoileanna sna Sé Chontae a ndearna Airí Oideachais Shinn Féin maoirseacht uirthi i ndiaidh a chéile agus molann sí tionscnaíocht an Aire Reatha maidir le mórchlár oibre a thabhairt anuas chun gnóthachtáil agus ionchais na leanaí go léir a mhéadú tuilleadh.
b) Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo a hiarraidh ar an gCoimisiún Caitliceach um Oideachas a bheartas maidir le deireadh a chur le cleachtas an roghnaithe acadúil laistigh dá scoileanna a chur chun feidhme. De bhreis air sin, iarrann sí orthu siúd atá in aghaidh roghnú acadúil a n-iarrachtaí a mhéadú d’fhonn deireadh a chur leis an gcleachtas seo atá éagothrom ó thaobh na sochaí de agus atá lochtach ó thaobh an oideachais de.
c) Aithníonn an Ard-Fheis seo an comhghaolú soiléir idir iontrálacha daltaí scoileanna gramadaí agus teaghlaigh shaibhre; fáiltíonn sí cinneadh an Aire Oideachais athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfoirmle chómhaoinithe míbhuntáiste sóisialta a chur san áireamh agus aithníonn sí go ndéanann an éagothromaíocht oideachais a chruthaíonn roghnú acadúil dochar fadtéarmach do leibhéil ghnóthachtála agus don gheilleagar araon.
d) Go gcásaíonn an Ard-Fheis seo cinneadh na Rialtas i Londain agus i mBaile Átha Cliath buiséid oideachais i dTuaisceart na hÉireann agus i nDeisceart na hÉireann a laghdú go mór; aithníonn sí idirghabháil an Choiste Feidhmiúcháin ó thuaidh cistí suntasacha breise a chur isteach san Oideachas ach aithníonn sí freisin na deacrachtaí atá ann fós agus iarrann sí ar an dá rialtas na ciorruithe seo a fhreaschur.
e) Go gcuireann an Ard-Fheis seo in éadan aon srianta ar dhaoine óga rochtain a fháil ar oideachas ar bhonn Thuaidh-Theas agus tacaíonn sí le tionscnamh na beirte Airí Oideachais ar oileán na hÉireann suirbhé agus plean gníomhaíochta a choimisiúnú - trí Chomhairle Aireachta Uile-Éireann - d’fhonn na bacainní seo a athchóiriú.
f) Iarrann an Ard-Fheis seo ar ár bhfoireann sa Tionól coinneáil an Liúntais Chothabhála Oideachais a iarraidh agus chun áirithiú go bhfuil sé dírithe orthu siúd is mó gátar.
g) Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo gur cheart do chách rochtain a fháil ar oideachas - suas le hoideachas tríú leibhéal agus é a chur san áireamh - agus gan a bheith srianta ar bhonn an chumais íocaíochta.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 126

Go ndéanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
Tugann sí dá haire:
• go ndeachaigh ciorruithe ar an gcóras oideachas i bhfeidhm go diúltach ar na leanaí sin atá sa bhaol is mó míbhuntáiste oideachais. Is leanaí iad seo ó cheantair uirbeacha faoi mhíbhuntáiste, ó phobail tuaithe iargúlta nó leanaí a bhfuil riachtanas speisialta acu.
• go gcaillfear 250 post múinteoireachta agus go méadófar tuilleadh an cóimheas daltaí/múinteora mar gheall ar athruithe ar an sceideal soláthair foirne i scoileanna a bhfuil níos lú ná 86 dalta. Rachaidh sé seo i bhfeidhm go díréireach ar scoileanna beaga tuaithe, ar Ghaelscoileanna agus ar scoileanna sa Ghaeltacht.
• an drochthionchar a d’imir an teorainn le Cúntóirí Riachtanas Speisialta ar leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu.

Molann sí: iad siúd go léir a bhí i mbun feachtais rathúil ar son na ciorruithe ar scoileanna CDSS a fhreaschur. Iarrann sí ar rialtas na hÉireann agus ar an Aire Oideachais:
a) CDSS a leathnú ionas go bhféadfaidh scoileanna a fhreastalaíonn ar dhobharcheantair atá faoi mhíbhuntáiste suntasach sóisialta agus eacnamaíoch a bheith curtha san áireamh sa scéim.
b) na hathruithe ar an sceideal soláthair foirne do scoileanna a bhfuil níos lú ná 86 dalta a fhreaschur.
c) deireadh a chur leis an teorainn le Cúntóirí Riachtanas Speisialta agus foráil iomchuí a dhéanamh do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
Markievicz/Uí Riain agus Uí Fhearghaill,
Tamhlacht, Baile Átha Cliath
Cumann Thraolaigh Mhic Shuibhne
Cathair Chorcaí
Cumann Chathail Mhic Léid
Droimeanach, Baile Átha Cliath
Cumann Mhic Cana
Béal Átha na Sluaighe, Gaillimh
Cumann Mhic Dhónaill/Uí Shé
Beanntraí, Corcaigh Thiar

Passed

Motion 127

Go ndéanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
Tugann sí dá haire:
• na costais mhéadaithe do thuismitheoirí maidir lena gcuid leanaí a chur ar scoil sna 26 Contae
• go bhfuil nasc díreach ag bochtaineacht le gnóthachtáil oideachais

Iarrann sí ar an rialtas:
a) deireadh a chur leis na táillí breise ar iompar bunscoileanna
b) tacaíocht airgeadais bhreise a sholáthar do chláir thacaíochta iarscoile
Markievicz/Uí Riain agus Uí Fhearghaill,
Tamhlacht, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 128

Go ndéanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
Aithníonn sí rathú an tionscnaimh um Nuatheangacha i mBunscoileanna
Creideann sí go bhfuil deireadh na scéime gearr-radharcach agus go bhféadfadh sé dochar a dhéanamh d’ionchais post ilnáisiúnta a mhealladh sa todhchaí
Iarrann sí ar Rialtas na hÉireann an cinneadh seo a fhreaschur.
Markievicz/Uí Riain agus Uí Fhearghaill,
Tamhlacht, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 129

Go ndéanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
Tugann sí dá haire:
• An casadh iomlán suntasach a rinne Páirtí an Lucht Oibre maidir lena ghealltanas gan táillí tríú leibhéal a thabhairt isteach
• Go n-imreoidh an cinneadh cistiú lárnach d’institiúidí ardoideachais a laghdú trí 5% drochthionchar ar an soláthar oideachais tríú leibhéal

Cuireann sí in éadan:
• an mhéadaithe de €250 ar na táillí clárúcháin mhic léinn
• an chiorraithe de 3% ar dheontais do mhic léinn agus an chinnidh gan deontais a íoc le mic léinn iarchéime nua ó mhí Eanáir 2012
• an chinnidh an Ciste do Mhic Léinn faoi Mhíchumas trí 20%

Iarrann sí ar an rialtas agus ar an Aire Oideachais:
• na ciorruithe díobhálacha ar oideachas tríú leibhéal a fhreaschur agus seasamh lena ngealltanais roimhe sin don earnáil
Markievicz/Uí Riain agus Uí Fhearghaill,
Tamhlacht, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 130

Go n-iarrann an Ard-Fheis seo, ag aithint an ghá le leathnú an tsoláthair bhreisoideachais agus ardoideachais san Iarthuaisceart, cruthú champas Ollscoil Mhig Aodha a fhreastalaíonn ar 9,400 coibhéiseach lánaimseartha agus cúrsaí atá ábhartha agus ag teastáil le haghaidh fhorbairt an duine aonair agus réigiúnach i dtéarmaí riachtanas sóisialta agus eacnamaíoch agus soláthar feabhsaithe 1,500 MaSN ag Coláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt faoin mbliain 2020.
Comhairle Ceantair Dhoire

Passed

Motion 131

Go ndéanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
a) Aithníonn sí go dtuairiscíonn mórán cuideachtaí deacracht i bpoist a líonadh ina bhfuil scileanna teicniúla ina riachtanas
b) Go gcuireann an deacracht seo béim ar an éagothromaíocht reatha idir na scileanna a theagasctar ag an tríú leibhéal agus riachtanais reatha mhargadh an tsaothair
c) nach mór fócas an dara leibhéal agus an tríú leibhéal bogadh go straitéiseach ó roghanna gairme traidisiúnta ina gcruthaítear beagán post nua go cúrsaí ina dteagasctar scileanna do mhic léinn a d’fhéadfadh tabhairt faoin nganntanas reatha scileanna teicniúla agus faoi nuálaíocht agus ghníomhaíocht fiontraíochta intíre a stiúradh
Cumann Mhairtírigh Dhroichead na Cuntaoise
Ciarraí Theas

Passed

Motion 132

Cuireann an Ard-Fheis seo in éadan chinneadh an rialtais treoirchomhairleoirí scoile a laghdú agus iarrann sí a fhreaschur.
Markievicz/Uí Riain agus Uí Fhearghaill,
Tamhlacht, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 133

Cuireann an Ard-Fheis seo in éadan athruithe ar chur i bhfeidhm liúntas cáilithe do mhúinteoirí mar a fógraíodh i mBuiséad 2012; tacaíonn sí leis an tuairim go bhfuil ionchas dlisteanach ag múinteoirí a thugann faoi chúrsaí acadúla na liúntais a fháil a bhí ar fáil nuair a chláraíodar le haghaidh staidéar breise; aithníonn sí go dtabharfaidh teorainn le liúntais díspreagadh do mhúinteoirí staidéar breise a dhéanamh agus go mbainfidh sí dreasacht thábhachtach de a thugann spreagadh dóibh siúd atá og obair laistigh d’earnáil an oideachais uasoiliúint a dhéanamh.
Cáineann an Ard-Fheis seo an t-ionsaí ar phá, ar liúntais agus ar shocruithe pinsean iontrálaithe nua sa ghairm Mhúinteoireachta sna 26 contae. Creidimid gur cheart do mhúinteoirí nuacháilithe a bheith i dteideal na gcoinníollacha céanna fostaíochta agus luach saothair is atá a gcomhghleacaithe. Creideann an Ard-Fheis seo gurb ionann an teip seo cothromas a áirithiú sa réimse seo agus dúshaothrú.
Cumann Thraolaigh Mhic Shuibhne
Cathair Chorcaí
Markievicz/Uí Riain agus Uí Fhearghaill,
Tamhlacht, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 134

Iarrann an Ard-Fheis seo ar Rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre cistiú a chur ar fáil don tógáil scoileanna nua (go háirithe do scoileanna atá ann le mórán blianta i bhfoirgnimh réamhdhéanta throchlaithe agus fhó-chaighdeánacha) agus don uasghrádú foirgneamh scoile reatha a dteastaíonn uasghrádú uathu.
Cúige Átha Cliath

Passed

Motion 135

Iarrann an Ard-Fheis seo ar Ruairí Quinn, an tAire Oideachais, idirghabháil agus cistiú a dháileadh d’fhoirgneamh buan scoile ar son Ghaelscoil Bharra sa Chabhrach. Rinne rialtais éagsúla faillí sa scoil seo agus suíonn daltaí go fóill i bhfoirgnimh réamhdhéanta, 17 mbliana tar éis bhunú na scoile.
Cumann Mhic Cearbhaill/Ághais
an Chabhrach, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 136

Go gcomhaontaíonn an Ard-Fheis seo gur cheart do rialtas na hÉireann agus do Choiste Feidhmiúcháin na 6 Chontae a ndícheall a dhéanamh deireadh a chur le rialú na hEaglaise ar scoileanna arna maoiniú ag an stát i gcás inar mian le pobail áitiúla amhlaidh agus gur cheart foráil d’oideachas tuata a bheith ar fáil do na teaghlaigh go léir ar mhaith leo é.
Cumann Chaisleán Nua Thiar

Passed

Motion 137

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an rialtas cáin ar iPadanna agus ar fhearas leictreonach eile a bhaint a úsáidtear chun críche oideachais nó mar ionadú leabhar scoile, d’fhonn é a chur i gcomhréir le neamhchánachas leabhar scoile.
Cumann Uí Dhuibh/Uí Riain
Leamhcán

Passed

Leas Sóisialach

Motion 138

Diúltaíonn an Ard-Fheis seo iarracht Rialtas reatha na Breataine bochtaineacht a athshainmhíniú mar rogha saoil a bhféadfaí tabhairt fúithi trí shochair a chiorrú, trí chomhéigean breise agus trí smachtbhannaí breise.
Ina theannta sin, athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo tosaíocht na gcritéar eacnamaíoch bunaithe a dhíríonn ar an nganntanas soláthair ábhair, i dtéarmaí íosphá maireachtála nó i dtéarmaí sochar iomchuí, in ionad ganntanas disciplín agus carachtrachtaí réamhchlaonta na ndaoine tinne, faoi mhíchumas agus dífhostaithe.
Aithníonn an Ard-Fheis seo go bhfuil easpa cumhachtaí fioscacha ag an Tionól cosc a chur ar athchóirithe leasa na dTóraithe ina n-iomláine ach molann sí iarrachtaí ár bhfoirne aireachta agus Tionóil maidir le tograí praiticiúla a thabhairt anuas d’fhonn na bearta is measa a mhaolú, go háirithe dóibh siúd is leochailí.

Molann an Ard-Fheis seo Aengus Ó Snodaigh TD:-
a) mar gur aithin sé agus gur chuir sé béim ar an mbagairt d’ioncaim daoine faoi mhíchumas, do chúramóirí agus do thuismitheoirí aonair tríd an togra na scéimeanna cúnaimh shóisialta go léir ar aois oibre a chumasc ina n-íocaíocht shingil agus mar go ndearna sé iarracht ar an togra sin a mhoilliú;
b) i leith a oibre mar rapóirtéir do Choiste an Oireachtais um Poist, Coimirce Shóisialta agus Oideachas i ndáil le tuarascáil a thabhairt anuas ina ndéantar anailís ar dhrochthorthaí na hÍocaíochta Singile Aois Oibre agus go háirithe i leith an chomhairliúcháin fhairsing a rinne sé leo siúd a bhféadfadh an t-athrú dochar a dhéanamh dóibh.

Aithníonn sí nach ndéanfadh Íocaíocht Shingil Aois Oibre ach ioncaim ghrúpaí leochaileacha a chiorrú tuilleadh in éagmais na dtacaíochtaí riachtanacha, na ndeiseanna gníomhachtaithe agus na bpost ardchaighdeánach a d’fhéadfaí a fháil, agus iarrann sí athchóiriú leasa shóisialaigh chun freastal níos fearr d’obair pháirtaimseartha agus d’obair ócáideach.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 139

Cásaíonn an Ard-Fheis seo na ciorruithe ar leas sóisialach arna ndéanamh ag rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre, lena n-áirítear;
a) Ciorrú an Liúntais Bhreosla ó 32 seachtain go 26 seachtain agus an cruatan do sheanóirí agus dóibh siúd is mó gátar ina dhiaidh sin.
b) an méadú de €6 go €30 sa tseachtain ar an ranníocaíocht íosta ó thionóntaí singile, agus an méadú go €35 sa tseachtain ó lánúineacha, i dtreo cíosa chun críche na scéime Forlíonta Cíosa. I roinnt cásanna, ní fhéadann daoine bogadh ar aghaidh go cóiríocht cíosa príobháidí nua, níos saoire mar go bhfuil siad stoptha sna conarthaí lena dtiarnaí talún. Is méadú trom é seo do theaghlaigh a bhfuil ualach mór orthu dá bhrí sin.
c) na ciorruithe ar íocaíochtaí tuismitheoirí aonair atá ag méadú an chruatain do thuismitheoirí atá faoi bhrú cheana féin de dheasca na Muirear Teaghlaigh nua, arduithe ar an gcostas maireachtála, ardchostais cúram leanaí agus ciorruithe ar Shochar Linbh don tríú leanbh agus do leanaí ina dhiaidh sin.
d) an laghdú ar an ‘Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil’ ó €305 go €250 i leith leanaí atá 12 bhliain d’aois ar a laghad agus ó €200 go €150 i leith leanaí atá 4-11 bliain d’aois.
Cumann Chaisleán Nua Thiar
Cumann Uí Dhuibh/Uí Riain
Leamhcán
Cúige Átha Cliath

Passed

Motion 140

Iarrann an Ard-Fheis seo ar Rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre ciorruithe ar an tionscadal ‘Madraí Cúnaimh do Theaghlaigh Leanaí a bhfuil uathachas orthu’ a fhreaschur, tionscadal a sholáthraíonn madraí sainoilte chun cabhrú le leanaí a bhfuil uathachas orthu.
Cumann Uí Néill/De Barra
Cathair Chorcaí

Passed

Motion 141

Cáineann an Ard-Fheis seo Rialtas na hÉireann as beartais a chur chun feidhme a dtéann duine amháin as cúigear dár leanaí is leochailí ar scoil gach maidin le hocras orthu dá mbarr. Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Rialtas bearta a chur chun feidhme lom láithreach chun deireadh a chur leis an staid neamhchothrom náireach seo.
Cumann Éadan Doire

Passed

Motion 142

Iarrann an Ard-Fheis seo ar Joan Burton TD, an tAire Coimirce Sóisialaí, catagóir leasa shóisialaigh a thabhairt isteach ar mhaithe le daoine féinfhostaithe a éiríonn gan fostaíocht nó gan ioncam mar gheall ar an gcúlú leantach geilleagrach. Ba cheart leibhéal na híocaíochta a bheith bunaithe ar fhad féinfhostaíochta an duine aonair agus a chinneadh ar bhonn cás go cás.
Cumann Mhic Cana
Béal Átha na Sluaighe, Gaillimh
Cumann Shéamais Fhionntáin Uí Leathlobhair,
Port Laoise, Co. Laoise
Cumann Mhíchil J. Uí Mhearáin
Sligeach Theas

Passed

An Geilleagar - Poist agus Fás

Motion 143

Tugann an Ard-Fheis seo dá haire:
• nach bhfuil ag éirí leis na beartais déine atá á saothrú ag Rialtas na hÉireann agus ag Rialtas na Breataine araon. Tá cruatan do mhuintir na hÉireann mar gheall orthu;
• gur bhain Rialtas na dTóraithe i Londain £4 billiún de bhuiséad an Choiste Feidhmiúcháin;
• go bhfuil sé beartaithe £500 milliún sa bhreis ar a laghad a bhaint den bhuiséad leasa;
• gur tháinig méadú ar easnamh an Státchiste sna 26 Contae ó €18.7 billiún i 2010 go €24.9 billiún i 2011;
• go bhfuil torthaí ar bhannaí 10-mbliana Rialtas na hÉireann do-íoctha go fóill;
• go bhfuil 434,800 duine ar an mBeo-Chlár sna 26 Contae;
• go bhfuil 6,000 duine ag dul ar eisimirce gach mí;
• go bhfuil 92 teaghlach sna 26 Contae ag titim isteach in anacair mhorgáiste gach lá;
• go bhfuil seirbhísí pobail á ngearradh, rud a rachaidh i bhfeidhm go díréireach orthu siúd is mó faoi mhíbhuntáiste;
• gur sháraigh caiteachas Rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre ar bhainc €24.6 billiún ó mhí an Mhárta 2011, lena n-áirítear €6.2 billiún ar Bhanc Angla-Éireannach.

Iarrann an Ard-Fheis seo:
a) ar Rialtas na hÉireann agus ar Rialtas na dTóraithe i Londain deireadh a chur le beartas teipthe déine;
b) aistriú cumhachtaí fioscacha ó Londain go hÉirinn;
c) deireadh a chur le tarrthálacha bainc;
d) cur chuige nua bunaithe ar infheistíocht i bpoist agus ar dhíluachálacha fiachais;
e) ar Rialtas na hÉireann pacáiste spreagtha €7 billiún a infheistiú ar feadh trí bliana arna mhaoiniú tríd an gCúlchiste Náisiúnta Pinsean agus tríd an mBanc Eorpach Infheistíochta d’fhonn breis agus 60,000 post a chruthú go díreach;
f) pacáiste spreagtha teaghlaigh €596.7 billiún d’fhonn cuidiú le teaghlaigh atá ag streachailt agus éileamh tomhaltais a mhéadú;
g) deireadh a chur le híocaíochtaí nótaí gealltanais Bhanc Angla-Éireannach, rud a chuirfidh laghdú 20% ar fhiachas an stáit agus laghdú 2% ar an easnamh bliantúil.
Ard-Chomhairle
Cúige Átha Cliath

Passed

Motion 144

a) Creideann an Ard-Fheis seo gur tríd an ngeilleagar a spreagadh chun fáis an bealach is fearr go téarnamh geilleagrach.
b) Fáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh fhógairt an Choiste Feidhmiúcháin go gcuirfear obair ar an A5 in ainneoin teipe ar Rialtas na hÉireann an ceangaltas a rinne sé ag Comhaontú Chill Rìmhinn an tionscadal a mhaoiniú go páirteach a chomhlíonadh;
c) Iarrann an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann teacht ar aghaidh le cistiú breise d’fhonn an tionscadal ríthábhachtach bonneagair a chur i gcrích, i gcomhréir lenar chomhaontaigh sé ag Comhaontú Chill Rìmhinn;
d) Molann an Ard-Fheis seo fógairt an Choiste Feidhmiúcháin le déanaí tionscadal tógála caipitil £500 milliún a fholaíonn an A5, ospidéal nua ar an Ómaigh agus sciathán breise ag Ospidéal Allt Mhic Dhuibhleacháin i nDoire agus tá sí ag súil leis an ionchas 2000 post nua sa tionscal tógála.
Ard-Chomhairle
Comhairle Ceantair Dhoire

Passed

Motion 145

Tugann an Ard-Fheis seo dá haire:
• go bhfuil breis agus 500,000 duine atá dífhostaithe ar fud na hÉireann faoi láthair, agus is iad na daoine faoi bhun 25 bliain d’aois sa bhaol is mó dífhostaíochta.
• Go mbeidh costas geilleagrach ollmhór ar eisimirce, atá ag folú mhéid iomlán na dífhostaíochta, sa todhchaí mar go bhfuil na daoine óga oilte atá ag teastáil chun an geilleagar a thógáil ag imeacht.
• go bhfuil na beartais déine á gcur i bhfeidhm ag an Aontas Eorpach, ag Rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre agus ag Rialtas an Pháirtí Choimeádaigh/na nDaonlathaithe Liobrálacha i Londain tríd an gciorrú ar Bhlocdheontas an Tionóil, ag imirt drochthionchair ar choimeád agus ar chruthú post agus atá ag brú an gheilleagair níos doimhne isteach i gcúlú.

Iarrann sí
a) cur chuige uile-Éireann maidir le saincheist na dífhostaíochta agus an chruthaithe post agus iarrann sí ar an Aire Fiontar, Trádála agus Infheistíochta sna Sé Chontae agus ar an Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta sna 26 Contae obair le chéile chun straitéis uile-Éireann um chruthú post a thabhairt anuas;
b) tabhairt isteach an spreagtha á mhaoiniú ag an stát a sholáthródh na háiseanna airgeadais chun brostú le tionscadail éigeantacha bhonneagair atá réidh le tosú amhail Leathanbhanda ardluais agus fuinneamh in-athnuaite agus a chuirfeadh feabhas ar iomaíochas an stáit agus a chruthódh poist ag an am céanna;
c) an cruthú timpeallachta a chabhródh le cruthú post trí dhul i ngleic le saincheisteanna amhail athbhreithnithe ar chíos aníos amháin agus forchostais arda mar gheall ar ardchostais agus ar ardrátaí uirlisí
d) an tabhairt isteach lipéadú iomlán na tíre tionscnaimh chun an brú ar tháirgeoirí agraibhia Éireannacha ó allmhairí ísealchostais a laghdú;
e) straitéis a spreagfadh fiontraíocht a d’fholódh fócas ar earnálacha comhroghnacha fostaíochta amhail comharchumainn, agus teidlíochtaí feabhsaithe leasa do dhaoine féinfhostaithe i gcás nach n-éiríonn lena ngnóthas;
f) aithint gurbh fhiú infheistíocht i ngach leibhéal oideachais, ón réamhscolaíocht go hoideachas tríú leibhéal, maidir le hiomaíochas na hÉireann a fheabhsú don tsochaí agus gur cheart tosaíocht a thabhairt do theagasc scileanna ríomhaireachta agus teangacha ag leibhéal na bunscoile.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 146

Cuireann an Ard-Fheis seo in aghaidh chinneadh Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre sócmhainní stát-tionscanta tráchtála a chur de láimh. Níl díol sócmhainní stát-tionscanta rathúla féin-mhaoinithe tráchtála le leas an phobail.

Tugann an Ard-Fheis seo dá haire:-
• nár sholáthair an Grúpa Athbhreithnithe ar Shócmhainní agus ar Dhliteanais Stáit, a ndearna Colm McCarthy cathaoirleacht air, anailís ná fianaise imleor chun tacú lena mholtaí sócmhainní agus fiontair faoi úinéireacht an stáit a phríobháidiú;
• gur chuir Bord Gáis agus BSL an-infheistíocht i mbonneagar fuinnimh an chéad domhain, rud a chosain slándáil fuinnimh an stáit, a chruthaigh na deicheanna míle post inbhuanaithe agus ar bhain na céadta míle teaghlach leas as ar fud na mblianta;
• go bhfuil coimeád chion 25% an stáit in Aer Lingus ríthábhachtach d’fhonn nascacht na hÉireann leis an Eoraip, le Stáit Aontaithe Mheiriceá agus leis an gcuid eile den domhan a áirithiú; agus go bhfuil tábhacht straitéiseach ag gabháil le cinntiú thodhchaí sleatáin Heathrow tríd an gcoimeád seo;
• go bhfuil Coillte ina fhostóir tábhachtach tuaithe, go háirithe le linn na haimsire seo, agus go ndéanfar dochar do leas an phobail trí dhíol chearta saothraithe foraoiseachta na cuideachta agus trí loiceadh an stáit agus na cuideachta forbairt a dhéanamh ar acmhainn ollmhór earnáil na foraiseachta maidir le táirgeadh adhmaid, le bithmhais agus le héiceathurasóireacht;
• nach maolóidh úsáid na bhfáltas ó dhíol sócmhainní stáit le haghaidh laghdú fiachais bhainc fiachas náisiúnta an stáit;
• gur beart gearrthéarmach é an díol sócmhainní stáit a mbeidh drochéifeachtaí fadtéarmacha geilleagracha, sóisialta agus comhshaoil mar thoradh air;
• nár baineadh amach go fóill tairbhí féideartha eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil na gcuideachtaí stát-tionscanta tráchtála;
• an dochar inseachanta don gheilleagar agus an cur isteach ar sheirbhísí do chustaiméirí a thagann as corraíl thionsclaíoch a eascraíonn as an díol neamhriachtanach sócmhainní straitéiseacha stáit amháin.

Tacaíonn an Ard-Fheis seo le haon bheart arna dhéanamh ag oibrithe comhlachtaí stát-tionscanta in aghaidh chinneadh an Rialtais sócmhainní stáit a chur de láimh.

Iarrann sí
a) ar Rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre Grúpa Straitéise Stát-Tionscanta a chur isteach in ionad NewERA ina gcuimseofar Príomhfheidhmeannaigh ó gach ceann de na comhlachtaí stát-tionscanta tráchtála agus a mbeidh freagracht air as tionscadal straitéiseach cruthaithe post agus oiliúna a sholáthar - a oibreoidh go díreach leis an Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta; leis an Aire Cosanta Sóisialaí; agus leis an Aire Oideachais agus Scileanna - agus a thabharfaidh tuairisc go díreach don Taoiseach agus don Chomhchoiste um Poist, Cosaint Shóisialach agus Oideachas;
b) nach mór na díbhinní bliantúla go léir a íocann comhlachtaí stát-tionscanta tráchtála leis an stát a athinfheistiú i ngníomhachtú fostaíochta agus i mbearta oiliúna mar a shainaithin an Grúpa Straitéise Stát-Tionscanta agus ar ghlac an Taoiseach leo, ag tuairisciú don Chomhchoiste um Poist, Cosaint Shóisialach agus Oideachas
c) Cuireann an Ard-Fheis seo in éadan díol aon tailte agus sócmhainní Choillte arna mbeartú ag Rialtas reatha Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre.
Ard-Chomhairle
Cumann Chaisleán Nua Thiar

Passed

Motion 147

Cuireann an Ard-Fheis seo in iúl go gcuireann Sinn Féin in éadan clár JobBridge atá an-lochtach, clár atá oscailte do mhí-úsáid shoiléir;
Aithníonn sí go bhfuil rialacháin láidre chuimsitheacha ag teastáil chun tabhairt faoin gcur chuige dúshaothraithe (a mheasann roinnt fostóirí gur intéirneachtaí neamhíoctha iad) agus iarrann sí ar an Rialtas athbhreithniú a dhéanamh ar chlár JobBridge.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 148

Go ndéanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
Ós rud é go dtugann sí dá haire:
• gur bhain roinnt tiarnaí talún réadmhaoine tráchtála mí-úsáid as a staid mhargaidh tréimhsí léasa 25 bliain a fhorbairt agus clásail athbhreithnithe cíosa aníos amháin a chur san áireamh;
• go leanann córais chánach an Rialtais orthu infheistíocht i réadmhaoin tráchtála a fhóirdheonú;
• gur aimsigh Feabhas Miondíola Éireann go bhfuil léasanna tráchtála 100% níos costasaí ná an choibhéis Eorpach;
• gur theip ar Pháirtí an Lucht Oibre agus ar Fhine Gael mar rialtas a ngealltanais toghcháin agus sa Chlár don Rialtas a chur chun feidhme maidir le deireadh a chur le hathbhreithnithe cíosa aníos amháin reatha;
• gur íoc Rialtas na hÉireann níos mó ná €53 milliún anuraidh le tiarnaí talún na hearnála príobháidí as léasanna a bhfuil clásail athbhreithnithe cíosa aníos amháin acu.
Creideann sí go mbaineann an teip orthu gníomhú ar na clásail seo agus ar mhí-úsáidí eile tiarnaí talún tráchtála an bonn d’iomaíochas an gheilleagair, go gcosnaíonn sí poist, agus go laghdaíonn sí na hacmhainní atá ar fáil do sheirbhísí poiblí.
Iarrann sí:
a) deireadh a chur le gach athbhreithniú cíosa aníos amháin reatha;
b) athbhreithniú bunúsach ar chleachtais na dtiarnaí talún tráchtála, lena n-áirítear socrú cíosanna luach an mhargaidh agus tréimhsí léasa srianta;
c) athidirbheartú gach léas Rialtas na hÉireann chun luach ar airgead a sholáthar.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 149

Aithníonn an Ard-Fheis seo na héifeachtaí dochracha a chuireann cleachtais gheilleagracha an Rialtais Fhianna Fáil/an Chomhaontais Ghlais roimhe sin agus Rialtas reatha Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre isteach ar ghnóthais bheaga agus mheánmhéide, ar fhostaithe féinfhostaithe agus ar chonradh, agus aithníonn sí freisin nach ndearna an rialtas reatha aon iarracht chomhordaithe tacaíocht a thabhairt do na gnóthais seo ná do na daoine aonair agus dá dteaghlach i gcás ina dteipeann ar ghnóthais agus ina dtéann conarthaí in éag.
Iarrann an Ard-Fheis seo ar an bpáirtí iarrachtaí a bheartú, agus tacú leo, ar rannóg a chur ar bun laistigh de SOLAS (an comhlacht nua atá ag teacht isteach in áit FÁS) a bhaineann go háirithe le gnóthais bheaga agus mheánmhéide, le daoine féinfhostaithe agus le fostaithe conartha agus a sholáthraíonn cúnamh i gcomhair tacaíocht gheilleagrach, oiliúna, agus fostaíochta ina bhfolaítear foinse dhíreach nó foinse fhaisnéise maidir le sochair, nó mar thacadóir.
Cumann Mhíchil J. Uí Mhearáin
Sligeach Theas

Passed

Motion 150

Ag fáiltiú roimh an ngealltanas sa Chlár don Rialtas de chuid an Choiste Feidhmiúcháin i dtreo straitéis Athnuachana Chathair Dhoire, ‘One Plan’, (lena n-ionchorpraítear comhionannas mar chuid lárnach den phróiseas athnuachana trí thorthaí riachtanacha eacnamaíocha, sláinte, oideachais agus sóisialta i gceantair ina bhfuil ard-díothacht agus míchothromaíochtaí ar dhóigh inmheasta agus a ndéantar faireachán uirthi), iarrann an Ard-Fheis seo ar ionadaithe sa Tionól agus sa Dáil áirithiú go mbainfear na torthaí sin amach i ndáil le haon infheistíocht phoiblí nó eile in One Plan. Ba cheart na prionsabail seo a bheith ina bpointe tosaithe i gcomhair aon straitéisí athnuachana a threoróidh an Rialtas sa todhchaí.
Comhairle Ceantair Dhoire

Passed

Motion 151

Tugann an Ard-Fheis seo dá haire:
• gur theip ar Fhine Gael agus ar Pháirtí an Lucht Oibre, ó chuaigh siad i seilbh oifige, a gceangaltas ina gClár don Rialtas a sholáthar maidir leis an tseirbhís phoiblí a athchóiriú ar dhóigh a bhfreastalaíonn do leas an phobail;
• go stiúrann Sinn Féin ina chuid oibre san Oireachtas, sa Tionól agus i rialtas áitiúil an t-iarratas ar chuntasacht, ar thrédhearcacht, ar éifeachtúlacht agus ar chothromas ioncaim ar fud na hearnála poiblí;
• gur saintréithe sochaí rathúla agus geilleagair tháirgiúil iad seirbhísí poiblí atá inrochtana, éifeachtúil agus ardchaighdeánach;
• go bhfuil an ceart ag saoránaigh a bheith ag súil le seirbhísí a shásaíonn a gcuid riachtanas;
• go bhfuil an ceart ag cáiníocóirí a bheith ag súil le hearnáil phoiblí atá táirgiúil agus a sholáthraíonn luach ar airgead.

Iarrann sí:
a) Gach tuarastal san earnáil phoiblí a chaidhpeáil ar €100,000 sa bhliain mar gheall ar an ngéarchéim gheilleagrach reatha agus ar staid an airgeadais phoiblí, Príomhfheidhmeannaigh Ghníomhaíochtaí an Stáit, Príomhfheidhmeannaigh na gCoistí Gairmoideachais, Bainisteoirí Cathrach agus Contae san áireamh
b) Tuarastal gach Sealbhóra Oifige - an tUachtarán agus na breithiúna san áireamh - a chaidhpeáil ar €100,000; tuarastal TDanna a chaidhpeáil ar €75,000 agus tuarastal Seanadóirí a chaidhpeáil ar €60,000;
c) Liúntas bliantúil €17,250 ‘Bharr-Aire Sóisearach’ an Rialtais a chúlghairm;
d) An bronnadh scaoilíocaíochtaí aisce speisialta a chealú agus blianta breise a chur le dul ar scor Ard-Rúnaithe, Bainisteoirí Cathrach agus Bainisteoirí Contae;
e) Cur i bhfeidhm ráta tobhaigh laghdaithe nua um pinsin seirbhíse poiblí de 100% ar na híocaíochtaí pinsin earnála poiblí a sháraíonn €100,000;
f) Caidhp €60,000 ar phinsin bhliantúla seirbhíse poiblí a thabhairt isteach;
g) Baint Ard-Rúnaithe den Choiste um Cheapacháin Ard-Leibhéil;
h) Nár cheart do bhaill foirne rannach na seirbhíse poiblí fónamh ar an mbord gníomhaireachtaí stáit;
i) Laghdú ar bhallraíocht an bhoird ghníomhaireachta stáit ó dháréag go seachtar le hathbhreithniú trí bliana ina dhiaidh sin chun cíoradh a dhéanamh ar cé acu an bhfuil méadú ag teastáil, méadú arb ionann é agus naonúr ar a mhéad i mballraíocht an bhoird;
j) Laghdú de 25% ar gach luach saothair a bhronntar do bhallraíocht boird comhlachta stáit tráchtála agus neamh-thráchtála;
k) Ar an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ‘Bunachar Sonraí Gníomhaireachta Stáit’ ina bhfolaítear ainmneacha, inniúlachtaí agus luach saothair bhaill an bhoird maidir le gach gníomhaireacht agus comhlacht stáit tráchtála agus neamh-thráchtála a thiomsú agus a uaslódáil ar láithreán Gréasáin na Roinne.
l) Ar an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe bunachar sonraí sa bhreis maidir le ceapaithe féideartha ar an mbord ar bhonn a n-inniúlachtaí as a roghnófar ceapaithe ar an mbord sa todhchaí a thiomsú agus a uaslódáil ar láithreán Gréasáin na Roinne.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 152

Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis go gcuireann Sinn Féin in éadan an Mhuirir Teaghlaigh a bhfuil ina buncháin chúlchéimnitheach nach gcuirtear san áireamh ann cumas íocaíochta an teaghlaigh. Iarraimid go n-aisghairfear an cháin seo agus tugaimid dár n-aire Gnó Comhaltaí Príobháideacha Shinn Féin a cuireadh síos ina leith seo.
Tugann an Ard-Fheis seo dá haire gur mhol Sinn Féin comhroghanna ar an gcáin faoi choim seo, lena n-áirítear an tríú ráta cánach 48% dóibh siúd a thuilleann níos mó ná €100,000, ráta a chruinneoidh níos mó ná dhá oiread an €160 milliún a bhfuiltear ag súil le cruinniú tríd an muirear míchothrom seo.
Molann sí gach gníomhaí Shinn Féin a bhí, agus atá go fóill, i mbun feachtais chun deireadh a chur leis an Muirear Teaghlaigh agus iarrann sí ar an Rialtas an Muirear Teaghlaigh a chur ar neamhní mar gur cáin mhíchothrom éagórach í seo ar theaghlaigh a bhfuil ró-ualach orthu cheana.
Ard-Chomhairle
Cúige Átha Cliath
Cumann Chathail Mhic Léid
Droimeanach, Baile Átha Cliath
Cumann Shéamais Uí Chongaile
Baile Formaid, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 153

Iarrann an Ard-Fheis seo ar cheannaireacht Shinn Féin comhairle a chur ar bhaill den phobal gan an Muirear Teaghlaigh a íoc.
Cumann Eoin Sheosaimh Mhic Shíthigh
Ciarraí Thuaidh

Failed

Motion 154

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
a) Creideann sí gur gá seirbhísí agus bonneagar uisce fanacht in úinéireacht iomlán an phobail agus cuireann sí in éadan tabhairt isteach muirear uisce agus in aghaidh príobháidiú seirbhísí uisce in Éirinn;
b) Molann sí aighneacht Shinn Féin maidir leis an gcomhairliúchán ar ‘Athchóiriú na hEarnála Uisce in Éirinn’ sna 26 Contae a ina n-athdhearbhaítear go gcuireann Sinn Féin in éadan príobháidiú agus muirir uisce agus ina leagtar amach go gcuireann an páirtí in éadan an bhunaithe fóntais uisce shingile sna 26 Contae a mheasaimid a bheith ceaptha chun príobháidiú na sócmhainní agus na seirbhísí poiblí ríthábhachtacha seo sa todhchaí a éascú;
c) Tiomnaíonn sí Sinn Féin a bheith i mbun feachtas gníomhach in aghaidh tabhairt isteach méadar uisce baile agus in aghaidh tabhairt isteach muirear uisce.
Ard-Chomhairle
Cumann Shéamais Uí Chongaile
Baile Formaid, Baile Átha Cliath
Cumann Uí Laoghóg/Uí Mhearthaile
Cromghlinn, Baile Átha Cliath
Cumann Charles Kickham
an tAonach, Co. Thiobraid Árann

Passed

Motion 155

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
a) Molann sí na pobail sin a bhí i mbun feachtais in aghaidh muirir umair sheiptigh;
b) Aithníonn sí nach mór an comhshaol a chosaint agus ardchaighdeáin a bheith i bhfeidhm maidir le humair sheipteacha;
c) Cáineann sí rialtais i ndiaidh a chéile mar gur theip orthu cloí le treoracha ón CEE agus ón AE;
d) Cuireann sí in éadan aon iarrachta ar an dlí a chur ar shealbhóirí tí toisc nach bhfuil siad ábalta íoc as uasghrádú na n-umar seipteach;
e) Tiomnaíonn sí Sinn Féin d’obair le pobail agus iad i mbun feachtais le haghaidh caighdeáin chothroma agus cúnamh iomlán airgeadais do theaghlaigh a uasghrádaíonn a n-umair sheipteacha le caighdeáin nua a chomhlíonadh.
Ard-Chomhairle
Cumann Shéamais Uí Chongaile
Baile Formaid, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 156

Molann an Ard-Fheis seo go ndéanann an chomhairle áitiúil Mótarcháin a choinneáil lena mbóithre a chothabháil.
Cumann Charles Kickham
an tAonach, Co. Thiobraid Árann

Failed

Motion 157

Iarrann an Ard-Fheis seo ar Rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre athbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras reatha íocaíochta Mótarchánach. In aimsir an chúlaithe seo, níl an t-airgead ag mórán tiománaithe ach mótarchánach trí mhí a íoc ag aon am amháin, rud a chiallaíonn go bhfuil siad ag íoc níos mó ná iad siúd a bhfuil an t-airgead acu íoc as cáin bhliantúil dá gcarr. Iarraimid ar an Rialtas muirir Mhótarchánach pro rata a thabhairt isteach.
Cúige Átha Cliath

Passed

Motion 158

Ag aithint gur iarradh ar ghnáthshaoránaigh cur suas leis an gcuid is mó den ualach coigeartaithe fhioscaigh, mar aon leis an bhfás mór ar bhrabúis chorparáideacha i measc cuideachtaí ilnáisiúnta a fheidhmíonn sa Deisceart agus leis an ngá atá ann le gluaiseachtaí daingne i dtreo comhchuibhiú cánach ar fud na hÉireann, tacaíonn sí le hiarratas Chomhar Ceardchumann na hÉireann ar thobhach sealadach 2.5% ar bhrabúis chorparáideacha sna 26 Contae.
Cumann Mhic Fhlannchaidh/Uí Cheallacháin
Cathair Luimnigh

Failed

Motion 159

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
a) Cuireann sí in éadan aisíoc fiachais de €65 billiún, a bheag nó a mhór, a thagann as loiceadh margaidh na mbanc Éireannach is mó, beag beann ar an duine aonair ná ar an institiúid ag a bhfuil an fiachas sin agus a fholaíonn aon ghé den fhiachas sin a bhféadfadh fiachas ceannasach Éireannach teacht isteach ina hionad mar thoradh díreach na ‘ráthaíochta’ tubaistí arna tabhairt ag Rialtas Fhianna Fáil i 2008;
b) Aithníonn sí nach mór do Shinn Féin plean inchreidte le haghaidh an beartas seo a fhorghníomhú a thíolacadh agus dul in aghaidh scothaicme theipthe sa tír seo a iarrfaidh ar eagla a chur ar mhuintir na hÉireann géilleadh trí bhagairtí a bhaineann le ‘huathmheaisíní bainc’ agus a leithéid;
c) Molann sí don Ard-Chomhairle plé a dhéanamh ar thoscaireacht ag leibhéal sinsearach a chur chun na Síne ar mhaithe le cainteanna le polaiteoirí agus le hionadaithe airgeadais;
d) Molann sí go ndíreoidh na cainteanna seo ar an gcomhaontú ‘i bprionsabal’ d’iasacht scála chuí ainmnithe i ndollar SAM chun tacaíocht iomlán a thabhairt do Rialtas na hÉireann a thiocfaidh isteach in ionad an rialtais reatha san idirbheartaíocht riachtanach athstruchtúraithe fiachais leis an AE agus leis an mBanc Ceannais Eorpach.
e) Molann sí tuilleadh go ndéanfar cíoradh sna cainteanna seo ar úsáid chorparáidí Síneacha as Éirinn mar shuíomh roghnaithe i gcomhair trádála leis an AE/leis an Eoraip agus go ndéanfar plé iontu ar na beartais ghnó agus chultúrtha a d’éascódh an cuspóir seo is fearr.
Cumann Sheaic Uí Ghríofa
Lárchathair Thoir Theas, Baile Átha Cliath

Failed

Motion 160

Iarrann an Ard-Fheis seo achtú reachtaíochta ina gcuirfear oibleagáid ar bhainc méid iomlán aon laghdaithe ráta úis sa todhchaí a thabhairt dá gcustaiméirí.
Cumann Uí Néill/De Barra
Cathair Chorcaí

Passed

Motion 161

Iarrann an Ard-Fheis seo ollchóiriú iomlán rialacháin agus chaighdeáin an tionscail tógála agus iarrann sí freisin forghníomhú dian rialuithe caighdeáin d’fhonn custaiméirí a chosaint agus ardchaighdeáin feabhais a spreagadh laistigh de na gnóthais.
Cumann Thraolaigh Mhic Shuibhne
Cathair Chorcaí

Passed

Motion 162

Creideann an Ard-Fheis seo gur trí bhainistíocht stáit dhíreach an gheilleagair amháin a fhéadaimid deireadh luath a chur lenár leibhéil náireacha dífhostaíochta agus fhiachais agus is é an chéad chéim chuige seo ná rialú ár n-airgeadra féin. Iarraimid, dá bhrí sin, ar Shinn Féin obair le daoine aonair agus le grúpaí a bhfuil na tuairimí seo acu i dtreo titim éifeachtúil mhear airgeadra euro agus an bhunaithe airgeadra stáit.
Cumann Mhic Fhlannchaidh/Uí Cheallacháin
Cathair Luimnigh

Failed

Motion 163

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
a) Aithníonn sí an ról tábhachtach a imríonn an earnáil phobail agus dheonach i seirbhísí éigeantacha a sholáthar inár bpobail, lena n-áirítear seirbhísí do leanaí, do dhaoine scothaosta, do dhaoine faoi mhíchumas nó atá tinn, d’úsáideoirí drugaí, do mhná, d’inimircigh, don lucht taistil agus do ghrúpaí mionlaigh eile;
b) Tugann sí dá haire go soláthraíonn an earnáil phobail agus dheonach seirbhísí éigeantacha nach bhfuil an Stát ná earnálacha príobháideach toilteanach nó ábalta soláthar;
c) Dearbhaíonn sí nach mór don earnáil phobail agus dheonach páirt a ghlacadh i gcinnteoireacht agus a bheith ábalta faireachán a dhéanamh ar an Rialtas agus é a cheistiú;
d) Iarrann sí ar Rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre na ciorruithe ar chistiú don earnáil phobail agus dheonach a fhreaschur;
e) Iarrann sí ar Rialtas na hÉireann €89 milliún atá i gCuntas Díomhaoine a scaoileadh chun ligean d’úsáid eisiach an Chrannchuir Náisiúnta agus na gcistí ón mBiúró um Shócmhainní Coiriúla le haghaidh tionscadail na hearnála pobail agus deonaí a mhaoiniú;
f) Iarrann sí ar Rialtas na hÉireann moltaí na Cúirte Oibreachais a chur chun feidhme agus ligean d’oibrithe na hearnála pobail agus deonaí a dtuarastal agus a gcoinníollacha a athidirbheartú ar chómhargáil trí reachtaíocht a thabhairt isteach;
g) Iarrann sí ar Rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre agus ar Choiste Feidhmiúcháin an Tionóil acmhainní fadtéarmacha iomchuí a chur i bhfeidhm a chabhróidh le pobail dul i ngleic le saincheisteanna a bhaineann le míbhuntáiste agus le bochtaineacht agus a fheabhsóidh caighdeán saol na saoránach go léir in Éirinn.
h) Iarrann sí ar an Rialtas Fóram Saoránach Comhairleach Uile-Éireann a bhunú, mar a gealladh i gComhaontú Aoine an Chéasta;
i) Molann sí an feachtas “Pobal na hÉireann a Chosaint” as comhordú agus obair leis an earnáil phobail agus dheonach maidir le cur in aghaidh chiorruithe an Rialtais agus dlúthpháirtíocht inár bpobail a chur chun cinn.
Cumann Mhic Fhlannchaidh/Uí Cheallacháin
Cathair Luimnigh
Cumann Thraolaigh Mhic Shuibhne
Cathair Chorcaí
Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Thiar
Cumann Shéamais Fhionntáin Uí Leathlobhair,
Port Laoise, Co. Laoise
Markievicz/Uí Riain agus Uí Fhearghaill,
Tamhlacht, Baile Átha Cliath
Cumann Shéamais Uí Chongaile
Baile Formaid, Baile Átha Cliath
Cúige Átha Cliath
Ard-Chomhairle
Cumann Chonchúir Uí Cholbaird
Áth an tSléibhe, Co. Luimnigh

Passed

Motion 164

Cásaíonn an Ard-Fheis seo an cinneadh maidir le Dún Chiceam i gCluain Meala a dhúnadh agus a phearsanra a athlonnú go Luimneach agus go Cill Chainnigh. Meastar gurb ionann costas an aistrithe do cháiníocóirí agus €5.5 milliún, gan an costas leanúnach a bhaineann le suíomh folamh na beairice a fháil mar aon leis an gcaillteanas post ar a mbeidh costas measta €8 milliún a chur san áireamh.
Cumann Uí Chongaile/Plant
Tiobráid Árann

Passed

Cearta na nOibrithe

Motion 165

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
a) Molann sí iarrachtaí na n-oibrithe ar fud na bliana ar chiorruithe agus sháruithe a gceart ag fostóirí a chomhrac, faoi mar a chonacthas ag Vita Cortex, La Senza, Stobart agus Lagan Brick. Is é atá sna hoibrithe seo eiseamláirí dúinn go léir de thábhacht na comhghníomhaíochta oibrithe d’fhonn a gcearta agus a dteidlíochtaí a chosaint.
b) Iarrann sí ar Jack Ronan agus ar scairshealbhóirí eile de chuid Vita Cortex an pacáiste iomarcaíochta ex-gratia comhaontaithe 0.9 seachtain de réir bliain seirbhíse agus iarrann sí ar Rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre cíoradh a dhéanamh ar dhóigheanna ina bhféadfar na pacáistí iomarcaíochta comhaontaithe sin a fhorghníomhú agus ina bhféadfar cosaintí iomarcaíochta oibrithe a neartú.
c) Iarrann sí ar Rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre reachtaíocht a achtú a chuirfeadh cosc ar fhostóirí íoc iomarcaíochta a sheachaint trí bhíthin sócmhainní a aistriú idir cuideachtaí éagsúla faoi chomhúinéireacht, agus tosaíocht dhlíthiúil a thabhairt d’oibrithe in ionad creidiúnaithe eile cuideachta atá ag dul faoi leachtú.
Ard-Chomhairle
Cúige Átha Cliath
Cumann Thraolaigh Mhic Shuibhne
Cathair Chorcaí
Cumann Uí Néill/De Barra
Cathair Chorcaí
Cumann Uí Dhochartaigh/Uí Dhubhshláine
an Uaimh, Co. na Mí
Cumann Mhic Cába/Uí Choigligh
Baile Munna, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 166

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
Aithníonn sí:
• Gur éigeantach an ceart cómhargála d’fhonn cearta na n-oibrithe a chosaint, íospairt ball agus gníomhaithe a chosc, agus áirithiú go gcosnaítear na hoibrithe is leochailí ar dhúshaothrú;
• Agus clár oibre gearrtha tuarastail á chur chun tosaigh ag Rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre - agus spreagadh á thabhairt ag an Triúracht agus ag eagraíochtaí fostóirí - atá ag baint an bhoinn de chearta na n-oibrithe, is ríthábhachtach an cumas atá ag ceardchumainn comhghníomhú d’fhonn cearta na n-oibrithe agus na n-oibrithe ísealtuarastail go háirithe a chosaint.

Tugann sí dá haire:
• Gur rialaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine go bhfolaíonn an ceart glactha dul isteach i gcomharchumainn ceart na cómhargála agus an ceart dul ar stailc;
• Go bhfuil Éire ag sárú ar roinnt comhdhálacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) ina leith seo, lena n-áirítear: Comhdháil 98 EIS (Airteagal 1), Comhdháil 98 EIS (Airteagal 2), agus Comhdháil 98 EIS (Airteagal 4), ina ndéantar prionsabal na cómhargála deonaí a chur chun cinn agus a chumhdach.

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
• Iarrann sí cumhdach sa dlí cheart na cómhargála agus aitheantas comharchumainn ina láthair oibre.
Ard-Chomhairle
Cumann Chathair na Gaillimhe

Passed

Motion 167

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
• Cáineann sí teip ar Rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre reachtaíocht a rith i gcomhair ionadú iomchuí chóras roimhe sin na gComhchoistí Oibreachais agus go háirithe an deiridh le híocaíochtaí bhisigh an Domhnaigh, tabhairt isteach athbhreithnithe tréimhsiúla chóras na gComhchoistí Oibreachais agus eisiamh na laethanta saoire poiblí, íocaíochtaí in ionad fógra agus iomarcaíochta ó chomhaontuithe na gComhchoistí Oibreachais;
• Iarrann sí ar an Rialtas reachtaíocht a thabhairt anuas a phléifidh go hiomchuí leis na saincheisteanna sin agus a chosnóidh cearta na n-oibrithe ar mhodh sásúil.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 168

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
• Fáiltíonn sí roimh na bearta malla chun cearta na n-oibrithe gníomhaireachta sna 26 Contae a chosaint san Acht um Chosaint Fostaithe (Obair Ghníomhaireachta Shealadach), 2011, ach cuireann sí a himní in iúl i ndáil leis na díolúintí maidir le pá breoiteachta, scéimeanna pinsean gairme, sochair chomhchineáil, íocaíochtaí rannpháirteachais airgeadais agus íocaíochtaí bónais;
• Iarrann sí ar Rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre na díolúintí seo a bhaint mar gur cheart gach oibrí bheith i dteideal reachtúil na gceart sin.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 169

Cáineann an Ard-Fheis seo aon iarracht a dhéanann Rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre ar gheilleagar ísealtuarastail a thabhairt isteach ar scáth dífhostaíocht a ‘leigheas’.
Is go mór a spreagann an Ard-Fheis seo freisin gach oibrí dul isteach agus a bheith gníomhach i gceardchumann mar dhóigh a bhféadfaidh siad a gcearta agus a gcoinníollacha a chosaint.
Cumann Sheaic Uí Ghríofa
Lárchathair Thoir Theas, Baile Átha Cliath

Passed

Tuath na hÉireann

Motion 170

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:

Aithníonn sí:
i. an drochthionchar atá déine ag imirt ar thuath na hÉireann mar go bhfuil seirbhísí éigeantacha á mbaint de phobail áitiúla, lena n-áirítear scoileanna, ospidéil, oifigí an phoist agus stáisiúin Ghardaí;
ii. an tionchar atá dífhostaíocht agus eisimirce ag imirt ar phobail tuaithe;
iii. an fhearg mhór ar thuath na hÉireann faoi chiorruithe agus faoi bhearta amhail na tograí umair sheipteacha atá neamhchothrom do chónaitheoirí tuaithe;
iv. nach mór don Rialtas agus don lucht déanta beartas féachaint ar a dtairgeann tuath na hÉireann, in ionad a bheith ag féachaint ar an dóigh a bhféadfaidh ciorruithe a dhíriú uirthi.

Tiomnaíonn an Ard-Fheis seo Sinn Féin do chomhrac ar son birt atá níos fearr do thuath na hÉireann, lena n-áirítear:-
• beart cothrom do theaghlaigh thuaithe
• deiseanna fostaíochta a chruthú faoi thuath na hÉireann
• scoileanna tuaithe a chosaint;
• rochtain chothrom ar sheirbhísí sláinte a áirithiú;
• leithlisiú tuaithe a c
homhrac.

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
a) Molann sí Martin Ferris TD agus Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh atá ag gabháil do chomhairliúchán le pobail tuaithe, lena n-áirítear ionadaithe feirmeoireachta agus tuaithe, grúpaí feachtais, grúpaí forbartha áitiúla, lucht gnó agus páirtithe leasmhara eile, ar mhaithe lena dtuairimí a fháil maidir lena mbeidh le cur san áireamh i bplean um thodhchaí thuath na hÉireann;
b) Molann sí Michelle O’Neill, an tAire Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe, as a seasamh do phobail tuaithe sna Sé Chontae agus as an obair a rinne sí ar shaincheisteanna amhail sláinte mheabhrach tuaithe, athchóiriú an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT) agus tacú le fiontair agraibhia.
c) Molann an tAire Oideachais, John O’Dowd, as maoiniú breise de 5% a fháil le haghaidh bhuiséid na scoileanna chun tionchar ciorruithe ón mBreatain a mhaolú; ag cosaint scoileanna inmharthana i gceantar riachtanais, lena n-áirítear ceantair na tuaithe, agus as a chinntiú gur príomhfhachtóirí iad inrochtaineacht, gnóthachtáil oideachais agus naisc leis an bpobal agus inmharthanacht scoileanna sa todhchaí a dheimhniú; agus iarrachtaí leanúnacha airí comhleanúnacha oideachais Shinn Féin chun gnóthachtáil a ardú i scoileanna sna Sé Chontae.
Ard-Chomhairle
Comhairle Ceantair na Gaillimhe Thiar
Cumann Chonchúir Uí Cholbaird
Áth an tSléibhe, Co. Luimnigh
Cumann Sheosaimh Mhic Mhaghnuis
an Garastún, Co. Fhear Manach

Passed

Motion 171

Iarrann an Ard-Fheis seo ar na hAirí Talmhaíochta sna 26 Contae agus sna Sé Chontae obair le chéile chun an beart is fearr is féidir d’Éirinn a idirbheartú san idirbheart leanúnach um athchóiriú CBT (Comhbheartas Talmhaíochta).
San idirbheartaíocht seo, iarrann Sinn Féin Comhbheartas Talmhaíochta atá dea-mhaoinithe, solúbtha simplithe.

Maidir leis na tograí ón gCoimisiún Eorpach um athchóiriú CBT, déanann Sinn Féin na nithe seo a leanas:
a) Tacaíonn sí le coinneáil na hÍocaíochta Feirme Aonaraí agus easaontaíonn sí le sraith íocaíochtaí ar leith;
b) Comhaontaíonn sí nár cheart aon ghné ‘ghlásaithe’ den Íocaíocht Feirme Aonarach maorlathas agus srianta míchuí ar fheirmeoirí;
c) Tacaíonn sí le coinneáil íocaíochtaí Limistéar Mídheisiúil i gColún a Dó;
d) Iarrann sí sainiú inoibrithe ar fheirmeoir gníomhach a dhíríonn ar ghníomhaíocht in ionad ioncaim;
e) Tacaíonn sí le scéim um fheirmeoirí beaga;
f) Tacaíonn sí leis an rogha a bhaineann le tacaíocht a athcheangal do roinnt earnálacha, go háirithe earnáil na mairteola;
g) Tacaíonn sí leis an athrú go córas ar ráta comhréidh íocaíochtaí ar dhóigh bhainistithe agus ordaithe;
h) Iarrann sí leibhéal méadaithe an Chistithe Forbartha Tuaithe (Colún 2) do na Sé Chontae.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 172

Iarrann an Ard-Fheis seo athchaibidlíocht ar chearta iascaigh na hÉireann chun áirithiú go mbainfidh Éireannaigh leas as acmhainní iascaigh na hÉireann agus stoic éisc na hÉireann á gcosaint ar ró-iascaireacht ag soithí iascaigh na mballstát eile den AE.
Sinn Féin Órán Mór

Passed

Motion 173

Iarrann an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann Roinn na Mara a athbhunú mar roinn ar leith Rialtais laistigh den Rialtas a bhfuil Aire na Mara aici.
Cumann Mhic Craith/Uí Bhriain
Port Láirge Thoir

Passed

Motion 174

Rachaidh an Ard-Fheis seo, ag aithint na hacmhainne i gcomhair cruthú post, i mbun feachtas gníomhach ar son athbhunú ár dtionscail bhiatas siúcra agus iarrfaidh sí cistí a fháil ón AE chun cuidiú léi an dianiarracht seo a mhaoiniú.
Comhairle Ceantair na Gaillimhe Thiar

Passed

Motion 175

Comhaontaíonn an Ard-Fheis seo go bhfuil baint móna ina ngníomhaíocht chultúrtha agus ina ngníomhaíocht eacnamaíoch. Ní réiteach ar bhainistíocht gnáthóg é lánchosc ar bhaint móna i bportaigh áirithe arna roghnú ag an stát agus tá an-chuid de na portaigh seo saibhir i mbithéagsúlacht de bharr baint bheagscála agus maoirsiú cúramach na talún acu siúd a bhain an mhóin ar na portaigh seo le linn a saoil agus le linn na nglún roimhe seo.
Táimid buartha go bhfuil ceann de na foinsí is saoire ar fáil don ghnáthdhuine á srianadh de réir mar a mhéadaítear praghas breosla le linn barrshaothrú móracmhainní móna stát na 26 contae. Is ionsaí eile é seo ar thuath na hÉireann.
Mairtírigh Ghort an Ghleanna
Ciarraí Thuaidh

Passed

Motion 176

Cuireann an Ard-Fheis seo in iúl an scaoll atá uirthi mar gheall ar an eisimirce mhearmhéadaithe atá ar siúl ar fud na 32 Contae. Aithnímid na drochéifeachtaí ar leith a imríonn eisimirce ar phobail tuaithe ar an oileán.
Measaimid é seo a bheith ina éigeandáil náisiúnta. Faoi láthair, imíonn níos mó ná 1,000 saoránach Éireannacha na Sé Chontae agus na 26 Contae gach seachtain, an-chuid acu ina n-ógánaigh shingile agus ina dteaghlaigh óga.
Iarrann an Ard-Fheis seo ar airí Shinn Féin sa Choiste Feidhmiúcháin ó Thuaidh agus TDanna Shinn Féin sa Dáil áirithiú go dtugann Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas agus Rialtas na hÉireann mar dheargthosaíocht, faoi éigeandáil reatha na heisimirce agus, trína bhíthin, straitéis uile-oileáin thras-Rannach a iarraidh trí idirghabháil a dhéanamh sa staid seo atá ag dul chun donachta ina dtír féin.
Cumann Chaoimhín Uí Loingsigh
An Pháirc/An Charraig Bhán, Co. Dhoire
Comhairle Ceantair Chorcaí Thiar
Comhairle Ceantair na hÓmaí

Passed

Latest votes on Ard Fheis Motions

  • Passed
  • Passed
  • Passed