Motion 252. Molann an Ard-Fheis seo gur cheart an stráice idir Clár Chlainne Mhuiris agus Cúil Mhuine de Bhealach Iarnróid an Iarthair a thiontú lena úsáid mar raon rothaíochta/siúil mar shamhail den Ghlasbhealach i gCo. Mhaigh Eo.
Cumann Uí Chadhain/Mhic an tSábhaisigh, Sligeach
Motion 193. Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Aire Oideachais, Ruairí Quinn, cúrsa samhraidh éigeantach sa Ghaeltacht a thabhairt isteach mar chuid den churaclam oideachais meánscoile.
Motion 161. Creideann an Ard-Fheis seo go bhfuil an córas breithiúnach reatha trócaireach go míchuí dóibh siúd atá ciontaithe as cionta gnéasacha. Molaimid nár cheart aon teidlíocht a bheith ann i leith loghtha d’aon duine atá ciontaithe as cion gnéasach. Ina theannta sin, molaimid gur cheart cionta a dhéanamh níos déine dóibh siúd atá ciontaithe as coireanna gnéis in aghaidh leanaí agus breithniú á dhéanamh ar an tionchar ar feadh an tsaoil ar mharthanóirí na gcoireanna sin.
Cumann Uí Chearbhaill/Uí Thighearnaigh, Lú