Ard Fheis 2013 Motions

Athchóiriú na hEarnála Poiblí agus Athchóiriú Polaitiúil

Motion 1

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:

  • Aithníonn sí an ról tábhachtach atá ag an earnáil phoiblí agus ag a cuid oibrithe inár sochaí agus tá meas aici ar an ról sin;
  • Aithníonn sí an rannchuidiú suntasach atá déanta ag oibrithe san earnáil phoiblí le linn na géarchéime eacnamaíche agus fioscaí atá ann faoi láthair;
  • Tugann sí dá haire go raibh fostaíocht san earnáil phoiblí, mar sciar den lucht saothair, beagán faoi bhun mheánfhigiúr na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) i 2008;
  • Diúltaíonn sí do na hionsaithe leanúnacha atá á ndéanamh ag Páirtí an Lucht Oibre agus ag Fine Gael ar sheirbhísí túslíne tríd an lánchosc earcaíochta agus tríd an laghdú de 28,000 duine ar líon na n-oibrithe san earnáil phoiblí agus trí na 10,000 post eile a ghearrfar faoin mbliain 2014;
  • Diúltaíonn sí arís do dhiúltú an Rialtais do dhul i ngleic leis an éagothroime shuntasach phá atá ann ar fud na hearnála poiblí;
  • Tacaíonn sí le fíor-athchóiriú ar fud na hearnála poiblí, rud a sheachadfaidh seirbhís atá nua-aimseartha, cuntasach agus éifeachtúil;
  • Cuireann sí i gcoinne na bpost “ar phá íseal” a cruthaíodh do chéimithe nua sna hearnálacha altranais agus teagaisc.

Ard-Chomhairle
Cumann Uí Maoilmhiadhaigh/Mhic Cathmhaoil, Cathair na Gaillimhe
Cumann Uí Ghlasáin, Loch Garman

Passed

Motion 2

Cuireann an Ard-Fheis seo fáilte roimh bhunú an Choinbhinsiúin Bhunreachtúil agus molann sí an iarracht atá déanta ag an bpainéal saoránach atá comhdhéanta de 66 ball, rannpháirtíocht na dtoscairí ón tuaisceart ónár bpáirtí, rannpháirtíocht Pháirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre (SDLP), rannpháirtíocht Pháirtí an Chomhaontais agus rannpháirtíocht an Comhaontaithe Ghlais agus rannpháirtíocht agus rannchuidiú saoránach aonair sa dá chuid d’Éirinn agus i nDiaspóra na hÉireann, chomh maith le rannpháirtíocht agus le rannchuidiú shochaí shibhialta na hÉireann agus saineolaithe acadúla a bhíonn ag obair ar bhonn pro bono.

Mar sin féin, tugann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas dá haire:

  • An gá atá le bunreacht atá go hiomlán nua le haghaidh Éire aontaithe tar éis vóta reifrinn i bhfabhar aontaithe
  • An gá atá le hathchóiriú bunreachtúil cuimsitheach idir an dá linn agus, dá bhrí sin, an gá atá le raon feidhme an Choinbhinsiúin a leathnú, chomh maith leis an acmhainn le hé sin a dhéanamh faoi théarmaí a shainordaithe atá ann cheana féin.

Féachann an Ard-Fheis leis na nithe seo a leanas a shaothrú:

  • Leathnú na gceart vótála agus ionadaíochta do shaoránaigh na hÉireann, beag beann ar áit chónaithe;
  • Bille na gCeart atá cuimsitheach agus a chuimsíonn gach ceann de na cosaintí nua-aimseartha do chomhionannas agus do chearta an duine a léiríonn raon iomlán ár n-oibleagáidí idirnáisiúnta agus aon oibleagáidí ar bith eile atá ag teastáil chun sochaí atá bunaithe ar chearta a bhunú, agus a fhorálann do chearta sóisialta, eacnamaíocha agus cultúrtha, agus do chearta sibhialta agus polaitiúla a fhéadfaidh cúirt dlí a chinneadh;
  • Creat bunreachtúil le haghaidh athnuachan dhaonlathach, rud a chinnteoidh cuimsitheacht, ionadaíochas agus cuntasacht níos mó;

Féachann an Ard-Fheis leis na nithe seo a leanas freisin:

  • Gach saoránach na hÉireann, agus gach poblachtach go háirithe, a spreagadh chun a gcuid tuairimí i leith athrú bunreachtúil a chur in iúl trí aighneacht a dhéanamh chuig www.constitution.ie;
  • Páirtithe aontachtacha a spreagadh chun na háiteanna is dleacht dóibh ar an gCoinbhinsiún a ghlacadh, agus aontachtaithe aonair agus eagraíochtaí sochaí sibhialta a spreagadh chun a gcuid tuairimí a chur in iúl.
  • Go mbeidh an próiseas um athrú bunreachtúil a thionscnóidh rialtas faoi cheannas Shinn Féin le haghaidh Poblacht Nua go hiomlán cuimsitheach, rannpháirteach go forleathan agus go mbeidh an raon feidhme is leithne agus is féidir ag sainordú an phróisis sin

Ard-Chomhairle

Passed

Motion 3

Iarrann an Ard-Fheis seo go dtabharfar reachtaíocht isteach a ligfidh do Dhiaspóra na hÉireann vóta a chaitheamh in aon vótaíocht teorann.
Comhairle Ceantair Thír Eoghain Thoir agus Theas

Passed

Motion 4

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an rialtas, mar chuid den Tóstal, dul i dteagmháil láithreach agus go réamhghníomhach le Diaspóra na hÉireann agus le gach saoránach a chónaíonn lasmuigh den Stát. Agus aird á tabhairt air sin, iarraimid ar an rialtas foráil a dhéanamh do chearta vótála i dtoghcháin uachtaránachta a leathnú do gach saoránach na hÉireann, beag beann ar áit chónaithe.
Cumann Mhic Fhlannchaidh/Uí Cheallacháin, Cathair Luimnigh
Cumann Frank Stagg, Co. Mhaigh Eo

Passed

Motion 5

Tacaíonn an Ard-Fheis seo leis an gceart atá ag daoine óga ó thuaidh agus ó dheas vóta a chaitheamh agus iad 16 bliana d’aois agus iarrann sí go dtabharfar reachtaíocht ar aghaidh chun ligean dó sin.
Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Thiar

Passed

Motion 6

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:

  • Aithníonn sí an rannchuidiú a dhéanann mná sa pholaitíocht ar fud an oileáin;
  • Admhaíonn sí nach bhfuil dóthain ionadaíochta ag mná sa saol poiblí;
  • Geallann sí go n-oibreoidh sí ag gach leibhéal laistigh den pháirtí chun mná a spreagadh chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochas polaitiúil, dul i mbun post laistigh den pháirtí agus toghadh a lorg.
  • Aithníonn sí an reachtaíocht a ritheadh sa deisceart le déanaí lena nasctar maoiniú polaitiúil le cuótaí inscne i dtoghcháin Dála
  • Tacaíonn sí le leagan síos spriocanna sa reachtaíocht ó thuaidh agus ó dheas, a chinnteoidh go seasfaidh mná do 30% ar a laghad d’iarrthóirí in aon toghchán, lena n-áirítear toghcháin áitiúla, toghcháin pharlaiminte agus toghcháin an AE.

Ard-Chomhairle
Cumann Mhic Cába/Uí Choigligh, Baile Átha Cliath
Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Thiar

Passed

Motion 7

Teastaíonn athchóiriú radacach ón rialtas áitiúil sna 26 Contae. Ní mór cumhacht uasta a chineachadh ón rialtas láir chuig údaráis áitiúla. Tá Sinn Féin tiomanta dona chinntiú go dtarlóidh an cineachadh sin.
Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas;

  • Ba mhian léi rialtas áitiúil láidir a fheiceáil, a mbeadh fíorchumhacht agus fíorchumhachtaí cinnteoireachta aige agus a mhaoinítear go leordhóthanach trí rátaí forchéimnitheacha cánachais agus tráchtála.
  • Éilíonn sí go ndéanfaidh rialtas na hÉireann cumhachtaí agus feidhmeanna, lena n-áirítear pleanáil, oideachas, bainistíocht dramhaíola, comhshaol, tithíocht, seirbhísí uisce, turasóireacht, forbairt áitiúil eacnamaíoch, pleanáil agus bóithre, a chineachadh ó ranna rialtais chuig údaráis áitiúla agus chuig comhairlí ceantair.
  • Éilíonn sí gur cheart cothromaíocht na cumhachta a aistriú ó Bhainisteoirí Cathrach agus Contae chuig comhairleoirí tofa.
  • Éilíonn sí go n-éireoidh Bainisteoirí Cathrach agus Contae ina bPríomhfheidhmeannaigh, a bheidh freagrach do chomhairleoirí.
  • Cuireann sí i gcoinne phlean an rialtais chun líon na gcomhairleoirí a laghdú go dtí 950 duine
  • Ba mhian léi líon iomlán de 1165 comhairleoir a bheith ann sna 26 contae.
  • Tacaíonn sí le Comhairlí Cathrach, le Comhairlí Contae agus le Comhairlí Ceantair Áitiúil atá láidir agus a bhfuil cumhachtaí cineachta acu, agus atá cuntasach ó thaobh cúrsaí daonlathacha de agus a sheachadann seirbhísí áitiúla ar bhealach atá éifeachtúil ó thaobh costais de. Tacaímid le sainordú aonair do chomhairleoirí.
  • Tacaíonn sí le comhairlí ceantair a chuimsíonn an chúlchríoch ábhartha agus le cumhachtaí a chineachadh chuig na Comhairlí Ceantair sin i gcomhréir le beartas Shinn Féin.
  • Éilíonn sí gur cheart struchtúir reatha na gComhairlí Baile, na gComhairlí Buirge agus na gComhairlí Cathrach agus Contae a choimeád ar bun go dtí go dtiomnóidh an rialtas é féin d’athchóiriú cuí i gcomhréir lenár gcuid moltaí.
  • Féachann sí le Cumann Rialtais Áitiúil Uile-Éireann atá láidir a chruthú.
  • Féachann sí le ról na gCuideachtaí Forbartha Áitiúla agus na hEarnála Pobail a neartú in aon athchóiriú a dhéanfar amach anseo ar an rialtas áitiúil.

Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae
Cumann John Francis Green, Co. Mhuineacháin
Cumann Uí Néill/de Barra, Corcaigh

Cumann Shéamais Uí Chonghaile, Baile Átha Cliath
Cumann Shéamais Fhionntáin Uí Leathlobhair, Laois

Passed

Motion 8

Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo, ag formhuiniú go hiomlán na tuairime gur ceart daonlathach é daonlathas áitiúil, go dtacaíonn Sinn Féin le forbairt an rialtais áitiúil ar fud na 26 contae trí chumhachtaí agus trí dhualgais na gComhairlí Baile agus Contae a leathnú agus trí shainordú na gComhairlí Baile a shíneadh ionas go gcuimseoidh siad a gcúlchríocha nádúrtha. Leis seo, treoraíonn sí an Ard-Chomhairle atá ag teacht isteach agus ár n-ionadaithe tofa i gcomhairlí baile, i gcomhairlí contae, sa Dáil agus sa Seanad, fíorcheannaireacht éifeachtach a thaispeáint in aghaidh phleananna Chomhrialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre chun deireadh a chur le gach comhairle baile, agus molann sí dóibh athchóiriú a dhéanamh ar an leibhéal ríthábhachtach ionadaíochta áitiúla seo a mholadh.
Comhairle Ceantair Mhuineacháin

Passed

Motion 9

Iarrann an Ard-Fheis seo ar rialtas na hÉireann Coiste Cuntas an Rialtais Áitiúil, cosúil leis an gceann atá ann ag leibhéal an stáit, a bhunú. Is go hiomlán neamhleor atá an córas iniúchta atá ann faoi láthair ag leibhéal áitiúil. Níl coistí iniúchta den sórt sin saor ó chur isteach ag leasanna áirithe, a chuireann bac go minic ar imscrúduithe a d’fhéadfadh a bheith léiritheach. Tá an córas seo faoi réir na dtionchar diúltach a imríonn leasanna páirtíneacha freisin. Tabharfar don chomhlacht nua lánchumhachtaí grinnscrúdaithe ar na comhlachtaí uile a idirghníomhaíonn le húdaráis áitiúla. Beidh sé comhdhéanta de bhaill a thagann ó gach cuid den speictream polaitiúil. Mar thoradh air sin, beidh córas go hiomlán trédhearcach againn a bhaineann le caitheamh airgid phoiblí. Beidh gach duine a bhfuil sé de chumhacht acu airgead poiblí a chaitheamh faoi réir ghrinnscrúdú an chomhlachta seo. Beidh na conarthaí uile a bhronntar go poiblí, lena n-áirítear an próiseas soláthair, faoi réir grinnscrúdaithe. Trína leithéid de choiste maoirseachta agus imscrúdaithe a thabhairt isteach, creidimid nach mór cuntas a thabhairt do na cúirteanna maidir le haon iompar a d’fhéadfadh míchlú a tharraingt ar an rialtas áitiúil.

Cumann Uí Néill/de Barra, Corcaigh

Passed

Motion 10

Tacaíonn an Ard-Fheis seo le bearta cuí cánach a thabhairt isteach chun pinsin iomarcacha a chúiteamh ó iarpholaiteoirí loicthe a bhí freagrach as an ngéarchéim eacnamaíoch. Chomh maith leis sin, ar mhaithe le comhionannas, tacaíonn an Ard-Fheis seo leis an tuairim nár cheart do pholaiteoirí a bheith incháilithe le haghaidh pinsean ach amháin nuair atá siad ar chomhaois leis an ngnáthshaoránach atá incháilithe le haghaidh pinsean stáit.
Tacaíonn an Ard-Fheis seo freisin le himscrúdú ar ghníomhartha polaiteoirí, rialtóirí, iniúchóirí agus daoine eile a d’fhéadfadh cur leis an tobchliseadh eacnamaíoch, d’fhonn imeachtaí coiriúla a thionscnamh in aghaidh duine ar bith a bhris an dlí.
Cumann Chéitinn/Sands, Port Láirge

Passed

Motion 11

Geallann an Ard-Fheis seo go n-éileoidh sí go gcuirfear deireadh leis an díolúine ar rátaí údaráis áitiúil a chuirtear i bhfeidhm i gcás ionadaithe poiblí agus geallann sí go ngníomhóidh sí chun é sin a bhaint amach.
Cumann Terry Clarke, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 12

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Aire Oideachais sna 26 contae a chinntiú go mbeidh rochtain éasca ar fhoirmeacha clárúcháin vótála ag institiúidí dara leibhéal agus ag institiúidí tríú leibhéal ar mhaithe le saoránacht ghníomhach a chur chun cinn.
Cumann Thraolaigh Mhic Shuibhne, Cathair Chorcaí

Passed

Motion 13

Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo go gcuirimid i gcoinne tabhartais chorparáideacha do pháirtithe polaitíochta agus go n-éilímid go dtabharfar reachtaíocht isteach chun tabhartais den sórt sin a chosc.
Cumann Phádraig Uí Chanáin, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 14

Iarrann an Ard-Fheis seo ar Airí Shinn Féin reachtaíocht nua a thabhairt ar aghaidh chun freastal ar riachtanais phobal bunaithe ar bheartas Shinn Féin agus ar idirghníomhaíocht ghníomhaithe Shinn Féin lena gcuid pobal.
Cumann Mhairtírigh Oileán an Ghuail/Chluain Eo, Tír Eoghain

Passed

Motion 15

Iarrann an Ard-Fheis seo go ndéanfar an próiseas roghnúcháin i gceapachán comhaltaí chuig Údarás Craolacháin na hÉireann agus chuig Comhairle Preasa na hÉireann a athrú:

  • D’fhonn go mbeidh sé neamhspleách ar an rialtas.
  • D’fhonn go mbeidh comhaltas na mBord sin fíorionadaíoch don tsochaí ina hiomláine, in ionad a bheith ionadaíoch do scothaicme ghustalach amháin.
  • D’fhonn go roghnófar comhaltaí ó réimse níos leithne, lena n-áirítear ainmnithigh ó ghrúpaí pobail agus iad siúd ó chúlraí eacnamaíocha níos leithne.

Cumann Phort Láirge Thiar

Passed

Motion 16

Iarrann an Ard-Fheis seo go ndéanfar an reachtaíocht a athrú d’fhonn fógraíocht pholaitiúil a cheadú ar Stáisiúin Raidió Áitiúil. Ag aithint go n-imríonn Stáisiúin Raidió Áitiúil ról luachmhar maidir le dul i ngleic le heisiamh sóisialta agus le haonrú sóisialta, go háirithe faoi thuath na hÉireann, tá sé éagórach nach féidir leo dul san iomaíocht leis na meáin chlóite agus ar líne le haghaidh ioncam fógraíochta le linn toghchán.
Cumann Iorrais, Maigh Eo

Failed

Cánachas

Motion 17

Tugann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas dá haire

  • Gur thug Fianna Fáil, Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre buiséid i ndiaidh a chéile isteach a ghearr laghduithe pionósacha ar sheirbhísí túslíne agus a ghearr cánacha pionósacha orthu siúd is mó faoi mhíbhuntáiste.
  • Go bhfuil cáin Áras an Teaghlaigh (an cháin mhaoine) ar an gceann is déanaí i sraith cánacha éagóracha nach bhfuil bunaithe ar an gcumas chun íoc agus a dhéanann difear díréireach do shaothraithe níos ísle
  • Go dteipeann ar an gcáin na nithe seo a leanas a chur san áireamh: morgáistí, dleacht stampála atá íoctha, táillí bainistíochta agus eastáit agus an cumas atá ag údaráis áitiúla agus ag gníomhaireachtaí deonacha chun an cháin a iompar
  • Gur dóigh go n-éileoidh údaráis áitiúla ar a gcuid tionóntaí an cháin seo a íoc
  • Nach bhfuil an oiread sin díolúintí ann agus is coinníollach atá iad siúd atá ar fáil
  • Gur tugadh de chumhacht ag comhairlí an cháin seo a mhéadú sna blianta amach romhainn
  • Nach bhfuil an cháin seo deartha chun údaráis áitiúla a mhaoiniú, ach tá sí deartha chun íoc as na beartais loicthe eacnamaíocha agus bhaincéireachta ar ghlac an rialtas seo agus an rialtas roimhe seo leo
  • Gur fhoilsigh Sinn Féin bille chun Cáin Áras an Teaghlaigh a aisghairm.

Cuireann Sinn Féin i gcoinne Cháin Áras an Teaghlaigh (cáin mhaoine) de chuid rialtas na hÉireann agus iarrann sé ar an rialtas an cháin seo a aisghairm agus cáin rachmais a chur ina háit – rud a ghearrfadh tobhach 1% ar gach glansócmhainn, lena n-áirítear maoin, ar fiú níos mó ná €1 mhilliún iad. Bheadh na heisiaimh mar atá leagtha amach i reachtaíocht Shinn Féin ar cháin rachmais a foilsíodh i 2012.
Ard-Chomhairle
Comhairle Ceantair Dhún na nGall
Cumann Shéamais Uí Chonghaile, Baile Átha Cliath
Cumann Shéamais Fhionntáin Uí Leathlobhair, Laois
Cumann Chathail Mhig Léid, Baile Átha Cliath
Cumann Tom Kealy, Cill Dara

Cumann Uí Mháille/Mhic an Mhíligh, Maigh Eo

Passed

Motion 18

Iarrann an Ard-Fheis seo ar Cheardchumannaithe, trína gcuid ceardchumainn faoi seach, brú a chur ar Chomhdháil na gCeardchumann (ICTU) chun tacú leis an bhfeachtas in aghaidh na cánach maoine.
Cumann Uí Laoghóg/Uí Mhearthaile, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 19

Cuireann Sinn Féin i gcoinne phlean rialtas na hÉireann méadair uisce bhaile a shuiteáil agus táillí uisce a thabhairt isteach.

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas;

  • Molann sí an ról a d’imir Sinn Féin maidir le tabhairt isteach rátaí uisce a chosc i dTionól an Tuaiscirt
  • Iarrann sí go gcuirfear straitéis Uile-Éireann i leith soláthar uisce le chéile
  • Cuireann sí i gcoinne bhunú Uisce na hÉireann mar fhochuideachta de chuid Bhord Gáis Éireann, toisc go ndúirt an rialtas go bhfuil sé beartaithe aige an chuideachta sin a dhíol.
  • Iarrann sí go mbunófar Creat-Fhoireann Náisiúnta don Earnáil Uisce chun maoirseacht a dhéanamh ar rialachas na hearnála uisce agus ar infheistíocht chaipitil don earnáil.
  • Iarrann sí ar an Tionól agus ar Rialtas na hÉireann araon a bheith ag obair le chéile ar sheachadadh seirbhísí a bhaineann le comhbhainistíocht abhantraí a bhunú i réigiúin na teorann, le comhinfheistíocht chaipitil agus le bonneagar agus soláthar.
  • Molann sí go ndéanfar uasghrádú ar chóras dáilte uisce atá silteach agus ag dul in aois
  • Tacaíonn sí le tabhairt isteach an bhlocmhéadraithe in áit méadair uisce bhaile a shuiteáil i ngach teach.

Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae agus Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

Cumann Shéamais Uí Chonghaile, Baile Átha Cliath
Cumann William Brock, Co. Laoise

Passed

Motion 20

Formhuiníonn an Ard-Fheis seo an reachtaíocht um an gcáin rachmais a chuir an páirtí le chéile i 2012 agus an togra chun an cháin rachmais a thabhairt isteach mar mhalairt ar na cánacha a d’fhorchuir an Rialtas orthu siúd is mó faoi mhíbhuntáiste;
Tugann sí na nithe seo a leanas dá haire

  • Tá an Fhrainc, an Iorua, an tSualainn agus an Íoslainn i measc na dtíortha ECFE ina bhfuil cánacha rachmais i bhfeidhm faoi láthair. Thug rialtas na Spáinne cáin rachmais isteach arís, molann an Páirtí Daonlathach Liobrálach sa Bhreatain tabhairt isteach na cánach rachmais, agus tá tíortha ar nós na Fraince ag neartú na cánach rachmais atá i bhfeidhm cheana. Tá an príomhpháirtí freasúra sa Ghearmáin tiomanta do cháin den sórt sin a thabhairt isteach agus é sa rialtas.
  • Ní bhailíonn an rialtas sonraí mionsonraithe maidir le rachmas pearsanta, ach tá sé beartaithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) sonraí den sórt sin a bhailiú ó 2014 ar aghaidh. Mar sin féin, i ndíospóireacht Dála i 2011, mheas an tAire Airgeadais Michael Noonan go gcruinneodh cáin rachmais atá cosúil leis an gceann atá i bhfeidhm sa Fhrainc idir €400 milliún agus €500 milliún i mbliain iomlán chánach,

aithníonn sí na nithe seo a leanas

  • D’fhéadfadh cáin 1% ar gach sócmhainn ar fiú níos mó ná €1 mhilliún iad, glan ar gach dliteanas, lena n-áirítear morgáiste agus fiacha eile, €800 milliún a chruinniú i mbliain iomlán, bunaithe ar roinnt foinsí éagsúla sonraí, lena n-áirítear an Banc Ceannais, an CSO agus Tuarascáil Capgemini ar Rachmas an Domhain
  • Ní ghearrfaí tobhach ar 20% de luach áras an teaghlaigh, ar an tsuim chaipitil i gcistí pinsin, ar shócmhainní gnó ná ar thalamh talmhaíochta.
  • Bheadh feidhm ag an gcáin maidir leis na sócmhainní domhanda de chuid na ndaoine sin a bhfuil sainchónaí nó gnáthchónaí orthu sa stát agus maidir leis na sócmhainní intíre de chuid na ndaoine sin a bhfuil cónaí orthu sa stát chun críocha cánach amháin.

Iarrann sí ar Rialtas na 26 Contae cáin rachmais a thabhairt isteach agus a chuid pleananna chun cáin mhaoine agus táillí uisce a thréigean.
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae

Passed

An Próiseas Síochána agus Aontú na hÉireann

Motion 21

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas

  • Tugann sí dá haire go bhforáiltear le Comhaontú Aoine an Chéasta (GFA) do vótaíocht teorann ar aontú na hÉireann
  • Aithníonn sí gur éagórach, neamheacnamaíoch agus mí-éifeachtúil atá deighilt.
  • Tugann sí dá haire na hiarrachtaí atá déanta ag Aontachas Polaitiúil agus ag Stát na Breataine chun an díospóireacht ar Vótaíocht na Teorann a chosc.
  • Creideann sí go bhfuil sé in am dáta a shocrú do vótaíocht teorann, go bhfuil sé in am do dhíospóireacht ar Aontú na hÉireann agus go bhfuil sé in am, 15 bliana tar éis an GFA, do dheis a thabhairt do dhaoine a gcuid tuairimí a chur in iúl

Iarrann sí

  • ar Státrúnaí na Breataine dáta a shocrú do reifreann ar Aontú na hÉireann sna 6 chontae a bheidh le reáchtáil le linn shaolré an chéad Tionóil eile.
  • ar Rialtas na hÉireann brú a chur ar Rialtas na Breataine dáta a shocrú do vótaíocht mar a fhoráiltear di sa GFA agus gealltanas a thabhairt go reáchtálfar vótaíocht chomhuaineach ar Aontú na hÉireann sna 26 contae

Formhuiníonn sí an feachtas le haghaidh vótaíocht teorann agus spreagann sí gach duine siúd ar mhian leo Éire Aontaithe a fheiceáil páirt a ghlacadh san fheachtas seo agus i Reifrinn na nDaoine a reáchtálfar mar chuid den fheachtas sin.
Ard-Chomhairle
Cumann Uí Nualláin/Mhic Giolla Domhnaigh, Béal Feirste

Cumann Terry Clarke, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 22

Tugann an Ard-Fheis seo dá haire go bhfuil easpa comhdhearcaidh pholaitiúil agus shochaíoch ó thuaidh agus ó dheas go fóill maidir le déileáil le hoidhreacht an ama atá caite.

Creidimid nach féidir aghaidh a thabhairt ar an am atá caite, ná nach féidir é a réiteach, ar bhealach atá páirtíneach nó aontaobhach. Leanfar ar aghaidh le hargóintí a dhéanamh ar ár dtodhchaí chomh fada agus a leanaimid ar aghaidh le hargóintí a dhéanamh ar an am atá caite.

Aithníonn Sinn Féin go bhfuil torthaí éagsúla á lorg ag íospartaigh agus ag marthanóirí ó gach taobh.

Athdhearbhaímid go bhfuil sé mar bheartas ár bPáirtí próiseas idirnáisiúnta neamhspleách um ghnóthú fírinne a bhunú.

Glacaimid leis go bhfuil dúshláin chasta pholaitiúla agus dhaonna i gceist le straitéisí a fhorbairt chun cabhrú le hoidhreacht ár gcoimhlinte atá thart a bhainistiú. Is léir go bhfuil plé ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar na himpleachtaí a eascraíonn ó aon straitéisí nó ó aon phróisis atá comhaontaithe.

Athnuann an Ard-Fheis seo a hiarraidh le haghaidh comhphlé cuimsitheach idir gach taobh maidir leis an dóigh is fearr chun aghaidh a thabhairt ar oidhreacht an ama atá caite, mar rannchuidiú riachtanach leis an bpróiseas síochána agus le forbairt athmhuintearais ar fud an oileáin.

Ard-Chomhairle

Coiste Náisiúnta Óige

Passed

Motion 23

Molann an Ard-Fheis seo iarrachtaí leanúnacha Shinn Féin chun tacaíocht trasphobail agus traspháirtí a spreagadh do phróiseas cuimsitheach athmhuintearais a fhorbairt.

Tugaimid dár n-aire gur dhírigh díospóireacht phoiblí, a tharla sa 12 mhí a chuaigh thart, go príomha ar fhormáid, ar shubstaint agus ar rannpháirtithe. Ba cheart fáilte a chur roimhe sin.

Tugaimid dár n-aire freisin gur léirigh an díospóireacht phoiblí sin an méid easaontais inár sochaí maidir leis na cúiseanna leis an gcoimhlint pholaitiúil agus maidir leis na hiarmhairtí a bhí aici uirthi.

Mar sin féin, creidimid gur cheart fáilte a chur roimh aon admháil go bhfuil gá le hathmhuintearas agus gur cheart cur leis sin. Molaimid iad siúd a chuir tuairimí straitéiseacha agus críonna leis an díospóireacht sin cheana féin.

Aithníonn Sinn Féin go bhfuil mórán íospartach agus a lán péine ar gach taobh. Aithnímid an phian agus an fhulaingt ar thaobh gach neamhchomhraiceora, gach comhraiceora agus a gcuid teaghlach.

Creidimid gur riachtanach atá próiseas fíréanta athmhuintearais maidir lenár bpróiseas síochána agus lenár gcobhsaíocht pholaitiúil a chomhdhlúthú agus a fheabhsú. Is ríthábhachtach atá aontú na ndaoine ar an oileán seo maidir leis an bhfiontar sin.

Tá Sinn Féin tiomanta d’athmhuintearas anois, agus do chaidrimh nua dhaonna agus pholaitiúla a chur in áit na ndeighiltí atá ann faoi láthair.

Molann an Ard-Fheis seo díospóireacht aibí straitéiseach ó thuaidh agus ó dheas maidir le tús a chur le céim nua dár bpróiseas síochána, bunaithe ar athmhuintearas, le caidrimh nua a fhorbairt, agus le muinín a chruthú i measc ár muintire go léir.

Ard-Chomhairle

Passed

Motion 24

Tugann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas dá haire:

  • Go mbeadh geilleagar pleanáilte oileáin aonair chun tairbhe rathúnais; chun tairbhe post; chun tairbhe infheistíochta.
  • Gur geilleagar inmharthana é geilleagar ina bhfuil 6.4 milliún duine, agus go soláthraíonn sé bonn níos láidre le haghaidh téarnaimh ná mar a sholáthraíonn geilleagar deighilte.
  • Nach gcuirfidh Rialtas na Breataine an méid ioncaim a ghintear sa Tuaisceart in iúl.
  • Nach fíorasach atá na dearbhuithe ó Aontachtaithe agus ó mhuintir na Breataine maidir le spleáchas an Tuaiscirt ar Státchiste na Breataine agus nach bunaithe ar fhianaise atá maímh go bhfuil staid eacnamaíoch an Tuaiscirt ina bac ar aontú
  • Gur mí-éifeachtúil atá dúbailt seirbhísí, dhá airgeadra agus dhá chóras cánach agus gníomhaireachtaí infheistíochta atá san iomaíocht le chéile agus go bhfuil na nithe sin ina mbac ar fhás eacnamaíoch.
  • Gur bhain deighilt an bonn ó fhorbairt eacnamaíoch ó thuaidh agus ó dheas agus go mbeadh geilleagar 32 contae níos láidre agus go soláthródh sé deiseanna agus acmhainn nua le haghaidh fáis agus rathúnais.

Aithníonn sí

  • go bhfuil sé de cheart ag cáiníocóirí sna Sé Chontae a bheith ar an eolas faoin méid ioncaim a ghintear sa tuaisceart agus iarrann sí ar Rialtas na Breataine na sonraí uile ina leith sin a scaoileadh gan a thuilleadh moille
  • nach mór roinnt beart a dhéanamh chun na geilleagair atá ann cheana féin ó thuaidh agus ó dheas a chomhchuibhiú mar ullmhúchán do gheilleagar nua na hÉireann aontaithe
  • go mbeidh geilleagar na hÉireann aontaithe ina cineál nua geilleagair a bhfuil comhionannas, athdháileadh, trédhearcacht agus éifeachtúlacht ag a chroílár

Iarrann sí

  • ar rialtas na hÉireann agus ar cheannairí polaitíochta sa Tuaisceart díospóireacht mhacánta a thionscnamh le saoránaigh faoi na buntáistí a bhaineann le geilleagar na hÉireann Aontaithe agus faoin gcuma a bheadh ar an ngeilleagar sin
  • go n-aistreofar cumhachtaí fioscacha ó Londain go hÉirinn láithreach.
  • go n-aistreofar cumhachtaí chun dleacht breosla a chinneadh sna 6 Chontae chuig an Tionól agus go gcomhchuibheofar dleacht breosla ó thuaidh agus ó dheas.
  • go ndéanfar athbhreithniú ar an dá chóras cánach atá ann ar an oileán agus go gcomhchuibheofar cáin chorparáide agus dleachtanna máil ar bhonn eatramhach.
  • go gcomhchuibheofar rialacha agus rialacháin talmhaíochta ar an oileán.
  • comhoibriú uile-oileáin a bheith ann tríd an teorainn a bhaint mar bhac ar fhás agus ar théarnamh eacnamaíoch, agus aird ar leith á tabhairt ar tháillí fánaíochta a bhaint, ar mhuirir thrasteorann a bhaint ar chártaí creidmheasa agus ar chórais phárolla a chomhchuibhiú.

Ard-Chomhairle
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae agus Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae
Cumann Uí Thuamáin/Uí Bheirne/Mhic Corra, an Bhanna Uachtair
Comhairle Ceantair Dhún na nGall
Cumann Tony Ahern, Muineachán

Passed

Motion 25

Tugann an Ard-Fheis seo dá haire go ndiúltaíonn Rialtas na Breataine faoi láthair d’fhaisnéis chruinn iomlán a chur ar fáil maidir leis an leibhéal ioncaim a ghintear i dtuaisceart na hÉireann. Iarrann an Ard-Fheis seo ar Rialtas na Breataine faisnéis chruinn iomlán a chur ar fáil maidir leis an leibhéal ioncaim a ghintear i dtuaisceart na hÉireann.
Cumann Uí Nualláin/Mhic Giolla Domhnaigh, Béal Feirste

Passed

Motion 26

Aithníonn an Ard-Fheis seo go n-éilíonn athimeascadh iarchomhraiceoirí ina gcuid pobal go bhfuil an duine sin i dteideal na gceart céanna atá ag aon saoránach eile, lena n-áirítear na cearta seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh:
a. An ceart chun obair a dhéanamh.
b. An ceart chun taisteal.

Toisc go bhfuil athimeascadh mar chuid riachtanach de phróiseas rathúil um réiteach coimhlinte, iarrann an Ard-Fheis seo ar na Rialtais i mBaile Átha Cliath agus i Londain na taifid ar gach iarphríosúnach polaitiúil a cuireadh i bpríosún mar gheall ar an gcoimhlint a scriosadh.
Cumann Thraolaigh Mhic Shuibhne, Cathair Chorcaí
Cumann Bhairéid/Mhic Curtáin, Corcaigh
Cumann Uí Mháille/Uí Ruiséil, Baile Átha Cliath

Motion 27

Iarrann an Ard-Fheis seo ar pháirtithe an Choiste Feidhmiúcháin cur chuige cuimsitheach a chur le chéile i leith comhtháthú pobail a chur chun cinn ar bhonn na n-oibleagáidí a chuirtear le Comhaontú Aoine an Chéasta ar an rialtas:

  • cultúr caoinfhulaingthe agus athmhuintearais a chur chun cinn
  • gníomhú ar bhealach a chothaíonn cóimheas seachas deighilt
  • meas iomlán a thabhairt, ar bhonn paireacht ghradaim agus comhionannas cóireála, ar na cearta sibhialta, polaitiúla, sóisialta agus cearta, ar an bhféiniúlacht agus ar an éiteas atá ag an dá chuid den phobal.
  • a chinntiú go mbaineann an rialtas úsáid as siombailí agus as suaitheantais chun críocha poiblí agus ar bhealach a chothaíonn cóimheas seachas deighilt.

Ard-Chomhairle

Passed

Motion 28

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Ard-Chomhairle atá ag teacht isteach tús a chur le díospóireacht le Comhairlí Ceantair faoin bhféidearthacht a bhaineann leis an dá bhratach a chur ar foluain ag comhairlí sna sé chontae chun príomhfhéiniúlachtaí na ndaoine áitiúla a léiriú. Dá bhrí sin, bheadh bratach na hÉireann ar foluain i bhfoirgnimh comhairle sa tuaisceart den chéad uair ar bhonn cóimheasa.
Cumann Gerard Casey, Aontroim

Passed

Motion 29

Atiomnaíonn an Ard-Fheis seo Sinn Féin do na prionsabail a bhaineann le paireacht ghradaim, le comhionannas agus le cóimheas, go háirithe i gcás bratach agus siombailí, a chur chun cinn laistigh de Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste agus ar fud an rialtais áitiúil in Éirinn.
Atiomnaíonn an Ard-Fheis seo í féin freisin don éagothroime pholaitiúil agus chultúrtha atá le feiceáil i gCathair Bhéal Feirste, áit nach léiríonn ainmneacha agus teidil na sráideanna, na ndroichead, na n-ionad siopadóireachta agus na n-áiseanna poiblí ach pobal amháin den chuid is mó agus iarrann sí ar an Aire Attwood ainm níos oiriúnaí a fháil do thionscadal ‘an Mhalartáin Ríoga’ atá beartaithe
Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Thiar
Cumann Seán Martin/Seán Treacy, Béal Feirste

Motion 30

Molann an Ard-Fheis seo an dínit agus an teacht aniar atá léirithe ag pobal na Trá Giorra beag beann ar an deargseicteachas atá fulaingthe acu le míonna anuas agus molann sí do gach páirtí agus do gach duine a imríonn tionchar ar dhaoine ar fud na hÉireann a gcuid iarrachtaí a mhéadú chun seicteachas a dhíbirt chuig bosca bruscair na staire.
Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Theas agus Thoir

Passed

Motion 31

Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo an tiomantas atá againn do réitigh a éascú ar dhíospóidí paráide atá amuigh sna Sé Chontae. Agus an cuspóir sin á bhaint amach againn, geallaimid go ndéanfaimid na nithe seo a leanas:

a) Aird a tharraingt ar an ngá atá le próisis chomhphlé fhiúntaigh idir na daoine sin a chuireann iarratais isteach chun paráidí a reáchtáil i gceantair íogaire agus iad siúd a chuireann iarratais isteach ar agóidí in aghaidh na bparáidí sin, toisc gurbh é sin an mheicníocht ba phraiticiúla maidir le réitigh inbhuanaithe a sheachadadh.
b) Dul i dteagmháil le príomhpháirtithe leasmhara d’fhonn a gcuid fócais agus cur chuige a mhúnlú, agus a gcuid tionchair á n-úsáid acu chun dul chun cinn a dhéanamh ar an ngá atá le próisis chomhphlé den sórt sin.
c) A chinntiú go leanfaidh Coimisiún na Mórshiúlta le bheith ábhartha agus go gcomhlíonfaidh sé a shainchúram reachtúil chun paráidí achrannacha a rialáil, sa chás nach mbainfear réitigh amach ar dhíospóidí atá amuigh nó nua.
d) Tús a chur le próiseas machnaimh agus plé inmheánaigh leis an bpobal Poblachtach níos leithne, lena n-áirítear bannaí Poblachtacha, faoin dóigh a dtéann eagrú paráidí poblachtacha agus eagrú comórthaí poblachtacha i bhfeidhm ar dhearcadh an phobail níos leithne i leith paráidí agus ar chothú na bprionsabal a bhaineann le cóimheas agus le paireacht ghradaim.

Ard-Chomhairle

Cumann Gerard Casey, Aontroim

Passed

Motion 32

Tacaíonn an Ard-Fheis seo le teaghlaigh a d’fhulaing na Sléachtanna i mBaile Uí Mhurchú agus i gCnoc Chluanaí agus iad ar thóir na fírinne agus ceartais maidir le dúnmharú a gcuid gaolta i mí Iúil agus i mí Lúnasa 1971 ag Reisimint Paraisiúit na Breataine; agus tugann sí tacaíocht dá n-éileamh ar imscrúdú idirnáisiúnta neamhspleách ar na himthosca a bhaineann leis na dúnmharuithe sin.

Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Thiar

Passed

Forbairt an Pháirtí

Motion 33

Molann an Ard-Fheis seo an obair leanúnach atá á déanamh ag an Tascfhórsa um Éirinn a Aontú, ag ionadaithe tofa Shinn Féin agus ag ceannaireacht an Pháirtí maidir le tosaíocht a thabhairt don fheachtas chun Éire a Aontú.
Tugann sí dá haire an tionscnamh tráthúil ar thaobh an Tascfhórsa um Éirinn a Aontú agus Cheannaireacht an Pháirtí chun tús a chur le feachtas chun vótaíocht teorann a dhaingniú.
Tiomnaíonn sí dona chinntiú go mbeidh Ógra Shinn Féin ar thús cadhnaíochta an fheachtais chun vótaíocht teorann a bhaint amach ar dtús agus, ina dhiaidh sin, chun a bheith rathúil i vótaíocht teorann, chun dul i dteagmháil le daoine óga ó gach cuid den tsochaí d’fhonn an gá atá le vótaíocht teorann, agus na buntáistí a bhaineann le haontú na hÉireann, a chur ina luí orthu, agus chun aird a tharraingt ar an tábhacht a bhaineann le deighilt a bhaint d’fhonn athrú polaitiúil atá fiúntach agus buan a bhaint amach ar an oileán seo.
Coiste Náisiúnta Óige

Passed

Motion 34

Aithníonn an Ard-Fheis seo bunú Ghrúpa Conaire na Teorann (BCG). Tá an BCG mar chuid lárnach de straitéis uile-Éireann Shinn Féin sa mhéid is go gcuireann sé comhtháthú chun cinn go gníomhach idir na contaetha agus na hinstitiúidí atá suite i gceantar conaire na teorann. Aithníonn an Ard-Fheis freisin na trí ghrúpa áitiúla teorann; Bris an Teorainn (Grúpa an Iarthuaiscirt); Grúpa Teorann an Oirthir agus; Grúpa Teorann an Láir.
Comhairle Ceantair Ard Mhacha Theas
Cumann Mhagh, Dún na nGall

Comhairle Ceantair Dhún na nGall

Passed

Motion 35

Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo an tiomantas atá againn do Phoblacht Shóisialach Uile-Éireann agus cinnteoidh sí:

  • Go mbeidh éiteas Uile-Éireann i gceist le gach tionscnamh áitiúil polaitiúil.
  • Go bhfaighidh ballraíocht an Pháirtí cumarsáid rialta maidir le forbairtí agus le comhoibriú trasteorann.
  • Go ndíreoidh an modh polaitíochta a úsáidfear i bhfeachtas ar nós ‘Vótaíocht na Teorann’ ar ardcheannas Uile-Éireann, ar pholaitíocht loicthe an ama atá caite a thréigean agus ar leas a bhaint as acmhainní nádúrtha an Oileáin.

Comhairle Ceantair na Gaillimhe Thiar

Passed

Motion 36

Tugann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas dá haire

  • Go ndeachaigh beagnach trí bliana thart ó reáchtáladh na chéad chruinnithe comhairliúcháin ar Straitéis Náisiúnta don Óige ar an mBaile Bocht i mBaile Átha Cliath, agus go ndeachaigh beagnach 12 mhí thart ó athraíodh bunreacht Shinn Féin i gcomhréir leis an straitéis sin.
  • Go ndearnadh a lán dul chun cinn i bhforbairt na hóige, lena n-áirítear coistí nua a bheith á mbunú, agus rannpháirtíocht mhéadaithe i measc na hóige i mórán réimsí.

Chomh maith leis sin, measann sí

  • Go bhfuil a lán dul chun cinn le déanamh go fóill d’fhonn na spriocanna uaillmhianacha atá leagtha síos ag an Straitéis Náisiúnta don Óige a bhaint amach, is iad sin, chun an tionscadal forbartha óige a fheabhsú agus a lárshruthú laistigh den pháirtí.
  • Gur fós neamhiomlán atá cur i bhfeidhm na straitéise ag an bpáirtí i gcoitinne, agus nach bhfuil an creat agus an straitéis atá beartaithe sa Straitéis Náisiúnta don Óige curtha i bhfeidhm ag an bpáirtí i ngach réimse go fóill.
  • Gur gá do dhaoine óga teacht chun tosaigh i seachadadh na straitéise, ceannaireacht a thaispeáint, freagracht a ghlacadh as an straitéis agus úinéireacht na straitéise a thógáil.

Agus, dá bhrí sin,

  • Atiomnaíonn sí í féin do na cuspóirí agus do na físeanna atá leagtha amach sa Straitéis don Óige
  • Iarrann sí ar cheannaireacht an pháirtí ag leibhéal áitiúil agus náisiúnta a seacht ndícheall a dhéanamh chun a chinntiú go gcuirfear an Straitéis don Óige i bhfeidhm ina hiomláine ar fud an pháirtí.
  • Iarrann sí go dtabharfar deiseanna do dhaoine óga ceannaireacht a thaispeáint, agus go spreagfar iad róil cheannaireachta a ghlacadh, sa pháirtí agus i gcáil thofa araon, agus ag na toghcháin údaráis áitiúil atá le teacht ó thuaidh agus ó dheas.

Coiste Náisiúnta Óige

Cumann Thomas Ashe, an Mhí

Passed

Motion 37

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:

  • Formhuiníonn sí an obair dhearfach atá déanta go dtí seo ag an bpáirtí chun méadú a dhéanamh ar rannpháirtíocht na mban ar fud na struchtúr eagraíochta ar bhonn áitiúil agus náisiúnta
  • Tugann sí dá haire an gá atá le leanúint leis an obair sin
  • Tugann sí dá haire freisin an gá atá le méadú a dhéanamh ar rannpháirtíocht na hóige agus grúpaí mionlaigh sa pháirtí
  • Tacaíonn sí le clár feasachta comhionannais a chur i bhfeidhm ar bhonn náisiúnta do gach cumann áitiúil
  • Tacaíonn sí arís le hiarrachtaí chun ballraíocht na mban den pháirtí, ag obair leis an Riarthóir Ballraíochta chun a chinntiú go gcomhlíontar spriocanna le haghaidh bhallraíocht na mban, go dtugtar dóthain tacaíochta do bhaill bhaineanna ar bhonn áitiúil agus náisiúnta, agus go gcuirtear na srianta praiticiúla a bhíonn ar rannpháirtíocht na mban i gcruinnithe agus in imeachtaí áitiúla an pháirtí san áireamh
  • Aithníonn sí an géarghá atá le méadú a dhéanamh ar líon na mban a bhfuil poist acu ar bhoird áitiúla oifigeach, ag cur leis an obair dhearfach atá déanta ag an bpáirtí ag leibhéal náisiúnta d’fhonn paireacht inscne a bhaint amach
  • Treoraíonn sí an Ard-Chomhairle arís breithniú a dhéanamh ar Oifigeach Comhionannais a cheapadh

Cumann Uí Aodha/Uí Raghallaigh, Corcaigh
Cumann Andy O’Sullivan, Corcaigh

Cumann Mhíchil S. Uí Mhearáin, Sligeach
Cumann Uí Dhochartaigh/Uí Dhubhshláine, an Mhí

Passed

Motion 38

Molann an Ard-Fheis seo an obair atá déanta ag gach duine siúd a bhí páirteach sa tsamhail nua bhallraíochta a bhainistiú agus a sheachadadh; agus iarrann sí, agus an tábhacht a bhaineann le díospóireacht leanúnach pholaitiúil agus le hoideachas leanúnach polaitiúil á haithint aici, go dtabharfaidh na comhlachtaí cuí sa pháirtí tús áite do chur i bhfeidhm chúrsa nua oiliúna polaitiúla Shinn Féin san am atá romhainn chun a chinntiú go gcuirfear éiteas agus fealsúnacht an pháirtí chun cinn go leordhóthanach agus chun cur in aghaidh deighilteachais agus teanga dheighilte ag gach deis.

Cumann Thomas Ashe, an Mhí

Cumann Uí Dhochartaigh/Uí Dhubhshláine, an Mhí
Cumann Tony Ahern, Muineachán
Cumann Chathail Uí Uirthile, Co. Chorcaí
Cumann Uí Dhroma/Uí Dhochartaigh, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 39

Glacann an Ard-Fheis seo le beartas chun stádas agus úsáid na Gaeilge a mhéadú laistigh den pháirtí trí cheanglas a leagan síos:

  • go n-úsáidfear an Ghaeilge go pointe áirithe i ngach cruinniú, agus go méadófar úsáid na Gaeilge go rialta mar is cuí
  • go gcuirfear an leagan Gaeilge in áit focal a úsáidtear go minic i mBéarla
  • go mbeidh an Ghaeilge le feiceáil i ngach oifig Shinn Féin

Cúige na Sé Chontae
Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Thiar

Passed

Motion 40

Molann an Ard-Fheis seo gur cheart do gach cumann sa tír seoltaí agus ainmneacha a gcuid ball a scríobh as Gaeilge ar gach píosa comhfhreagrais a seoltar chuig na baill, más mian leis an mball amhlaidh.
Cumann Chathail Bhrugha/Chaoimhín Uí Loingsigh, Port Láirge

Passed

Motion 41

Molann an Ard-Fheis seo gur cheart gach rud atá foilsithe ag an bPáirtí a bheith dátheangach, agus gur cheart an leagan Gaeilge a bheith ar chomhréim leis an leagan Béarla in aon ábhar a bheidh foilsithe ag an bPáirtí sa todhchaí. Áirítear leis sin na hábhair uile atá foilsithe ag Teachtaí Dála, ag Seanadóirí agus ag Comhairleoirí. Aithníonn Sinn Féin an tábhacht a bhaineann lenár dteanga, lenár gcultúr agus lenár n-oidhreacht agus, dá bhrí sin, aithníonn sé gur cheart dó a bheith chun tosaigh i gcur chun cinn an dátheangachais.
Cumann Phort Láirge Thiar

Passed

Motion 42

Tiomnaíonn an Ard-Fheis seo an Páirtí do thús áite a thabhairt go gníomhach do na trí thoghcheantar is díothaí sna 6 chontae trí ghrúpa oibre a bhunú d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na nithe seo a leanas:

  • Cruthú post
  • Infheistíocht isteach
  • Bochtaineacht agus Eisiamh Sóisialta
  • Gnóthachtáil oideachais
  • Sláinte agus folláine

agus éilíonn sí gur cheart an grúpa oibre a bhunú tráth nach déanaí ná Meitheamh 2013 agus gur cheart an dréacht deiridh den straitéis a bheith réidh tráth nach déanaí ná Nollaig 2013.
Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Thiar

Passed

Motion 43

Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo polasaí Shinn Féin nach n-úsáidfidh sé ach óstáin a aithníonn ceardchumainn le haghaidh cruinnithe agus tóstalacha, nuair is féidir é, agus go dtacóidh sé leis an bhfeachtas ‘Óstáin Chóra’. Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Ard-Chomhairle atá ag teacht isteach cur in iúl do chumainn, do Chomhairlí Ceantair agus do Chomhairlí Cúige óstáin a aithníonn an ceart atá ag ceardchumainn eagrú i measc a gcuid foirne a úsáid, nuair is féidir é.

Cumann Phádraig Mhic Phiarais, Cathair Dhoire
Cumann Mhic Fhlannchaidh/Uí Cheallacháin, Cathair Luimnigh

Passed

Motion 44

Ag aithint go bhfuil fíorthábhacht a bhaineann le leas agus le cosaint leanaí, cuireann an Ard-Fheis seo fáilte roimh na Treoirlínte um Chosaint Leanaí atá foilsithe ag an bPáirtí agus roimh cheapachán oifigeach náisiúnta agus réigiúnach um chosaint leanaí a thug faoi chúrsa dian oiliúna leis an FSS, agus tacaíonn sí le feasacht fhorleathan ar na treoirlínte sin i measc ball chun a chinntiú go gcloífear leo.

Comhairle Ceantair Dhún na nGall
Cumann Mhic an Ultaigh/Mhig Corraidhín, an Dún

Passed

Motion 45

Aithníonn an Ard-Fheis seo:

  • go bhfuil ciall le Poblacht Shóisialach 32 Contae ó thaobh cúrsaí eacnamaíocha, sóisialta agus polaitiúla de
  • go gcuireann Sinn Féin, mar pháirtí uile-Éireann, a bheartas agus a fhís i leith gach ábhair i láthair bunaithe ar an éiteas sin uile-Éireann agus go leagann Ard-Fheiseanna beartas síos do Shinn Féin sa tuaisceart, sa deisceart, san oirthear agus san iarthar

Dá bhrí sin, molann an Ard-Fheis seo go gcuirfear fís Shinn Féin chun cinn agus go gcloífear léi ar fud na 32 contae, go bhféachfar le tacaíocht a fháil di ar bhonn traspháirtí, agus go bhféachfaidh na beartais uile le dul chun cinn i dtreo na físe sin.
Cumann Mháirtín Uí Ursáin, COC

Passed

Motion 46

Aithníonn an Ard-Fheis seo an tábhacht a bhaineann lenár dtírghráthóirí marbha a chomóradh, le híobairtí a rinneadh san am atá caite ar son an cheartais agus na saoirse a urramú agus leis an nglúin gníomhaithe poblachtacha atá ann faoi láthair a spreagadh chun leanúint leis an streachailt.
Chun na críche sin, ní mór d’ócáidí comórtha a bheith cuimsitheach, ba cheart dóibh páirtí atá ag fás a léiriú, agus ba cheart cloí le gnás comhaontaithe feistis, is é sin, léinte agus carbhait, ag cóisirí datha.
Cumann Shéamais Uí Chonghaile, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 47

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an gCoiste Cuimhneacháin Náisiúnta aon phríomhchomóradh amháin a reáchtáil i 2016 do Chomóradh Céad Bliain Éirí Amach na Cásca 1916 agus gach Comóradh áitiúil a reáchtáil ar Shatharn Cásca.
Cumann Chathail Mhig Léid, Baile Átha Cliath

Referred

Motion 48

Aithníonn an Ard-Fheis seo na creidimh phearsanta agus na cleamhnuithe éagsúla creidimh atá ag a cuid ball. Ar mhaithe le comhionannas agus le neodracht, ní mór dúinn tacú le comórthaí tuata ar bhealach atá bunaithe ar fhorchéimnitheachas agus ar uileghabhálacht.
Cumann Jim Lochrie, Ard Mhacha

Passed

Motion 49

Molann an Ard-Fheis seo go gcuirfear Lile na Cásca ar fáil i bhfoirm greamáin.
Cumann Charles J Kickham, Tiobraid Árann

Motion 50

Iarrann an Ard-Fheis seo ar gach comhalta tofa dá cuid aird chuí a thabhairt agus breithniú cúramach a dhéanamh nuair a dhéanann siad iarratas chun freastal ar chomhdhálacha/sheimineáir agus iarrann sí orthu gan freastal ar chomhdhálacha/sheimineáir den sórt sin ach amháin nuair a bhíonn siad chun tairbhe a gcuid pobal/toghthóirí.
Cumann Thraolaigh Mhic Shuibhne, Cathair Chorcaí

Passed

Motion 51

Tacaíonn an Ard-Fheis seo le fostaithe an pháirtí nach mbaineann leas ach as scéimeanna pinsin atá eiticiúil nuair a roghnaíonn siad é sin a dhéanamh.
Cumann Gerard Casey, Aontroim

Passed

Motion 52

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Ard-Chomhairle atá ag teacht isteach treoir a thabhairt don Roinn Toghcháin maidir le tograí reatha chun ualú toscairí a ligean do Choinbhinsiúin Toghcháin AE, do Choinbhinsiúin Toghcháin Dála, do Choinbhinsiúin Toghcháin Westminster agus do Choinbhinsiúin Toghcháin an Tionóil.

Thairis sin, iarrann sí ar an Ard-Chomhairle atá ag teacht isteach breithniú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

  • Go mbeidh líon na dtoscairí ag Coinbhinsiún AE bunaithe ar an tacaíocht pháirtí a fuarthas ag an toghchán parlaiminte is déanaí. i.e. más rud é go bhfuair toghlach parlaiminte 10% d’iomlán na vótaí sa Toghlach AE, beidh sé i dteideal 10% de na toscairí ag an gcéad Choinbhinsiún Toghcháin eile AE.
  • Mar an gcéanna, go mbeidh líon na dtoscairí ag coinbhinsiún toghcháin pharlaiminte bunaithe ar an tacaíocht pháirtí a fuarthas ag an toghchán Comhairle is déanaí. i.e. Más rud é go bhfuair Toghlach Comhairle 20% d’iomlán na vótaí sa Toghlach Parlaiminte, beidh sé i dteideal 20% de na toscairí ag an gCoinbhinsiún Toghcháin Pharlaiminte.
  • Go mbeidh Coinbhinsiúin ag leibhéal toghlaigh an Rialtais Áitiúil/na Comhairle Áitiúla bunaithe ar bhonn ‘vóta amháin an duine’

Cinnteoidh an togra seo go léireoidh coinbhinsiúin toghcháin an pháirtí ár bhfíorleibhéil tacaíochta ar fud aon toghcheantair ar leith – is é an léiriú is fírinní ar thuairim an phobail. Tugann ualú toscairí luach saothair ar son gníomhaíochais ar bhonn toghlaigh, agus cinntíonn sé ag an am céanna go bhfuil vóta ag gach ball nuair atá iarrthóirí á roghnú do gach toghchán. Tugann sé cosaint don pháirtí i gcoinne cleachtais a nglacann páirtithe na bunaíochta leis - ollchlárúchán ball - roimh an gcoinbhinsiún. Ina theannta sin, cuireann sé dualgas ar cheantair áitiúla a gcuid vótaí a uasmhéadú chun a chinntiú go mbeidh an oiread tionchair agus is féidir acu ag aon choinbhinsiún amach anseo.

Cumann an tSeisir Uasail/Uí Fhlannagáin/Mhic Mhánuis, Sligeach

Failed

Motion 53

Molann an Ard-Fheis seo iad siúd a bhí páirteach sa ghluaiseacht ‘Occupy’ agus creideann sí gur dea-sampla d’agóid éifeachtach shíochánta iad.
Cumann Mhairéid Uí Fhearghaill, Cathair na Gaillimhe

Passed

Motion 54

Iarrann an Ard-Fheis seo ar bhaill Shinn Féin ar baill de SIPTU iad faoi láthair rúin a chur ar aghaidh chuig Comhdháil an Cheardchumainn lena n-iarrtar ar SIPTU a chleamhnú le Páirtí an Lucht Oibre a tharraingt siar.
Cumann Uí Laoghóg/Uí Mhearthaile, Baile Átha Cliath

Cumann Chathail Mhig Léid, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 55

Leasú ar alt 5.4 de Bhunreacht Shinn Féin
5.4 Táillí cleamhnaithe agus cistí
a. Is í an bhliain airgeadais a bheidh ag Sinn Féin ná an bhliain féilire dar críoch 31 Nollaig. Ní mór táille chleamhnaithe Cumainn de €95 a íoc le linn mhí Eanáir agus is é an 31 Eanáir an spriocdháta gach bliain. Beidh cumainn atá bunaithe in institiúidí tríú leibhéal díolmhaithe ón táille sin.
Cumann Mháirtín Uí Ursáin, COC

Failed

Motion 56

Leasú ar alt 5.1e de Bhunreacht Shinn Féin;
Ní mór ballraíocht a athnuachan go bliantúil trí tháille a íoc leis an Ard-Oifig. Ina theannta sin, ba cheart táille a íoc leis an Ard-Oifig ar gach athnuachan cúigiú bliain. Faoi chúinsí áirithe airgeadais phearsanta, féadfar an táille do bhall aonair a tharscaoileadh le comhaontú ó chathaoirleach an chumainn, le comhaontú ó chathaoirleach na Comhairle Ceantair nó le comhaontú ó chathaoirleach na Comhairle Cúige, tar éis don bhall sin breac-chuntas a thabhairt ar nádúr na gcúinsí sin don chathaoirleach. Ina dhiaidh sin, ní mór don chathaoirleach eolas a thabhairt faoi seo don Ard-Oifig i scríbhinn.
Cumann Mhic Bhriartaigh/Mhig Uidhir, Dún na nGall

Failed

An Comhshaol, Pleanáil agus Fuinneamh

Motion 57

Iarrann an Ard-Fheis seo ar rialtas na hÉireann agus ar Thionól an Tuaiscirt araon Billí um Athrú Aeráide a bhfuil ábhar agus fócas uile-Éireann i gceist leo a dhréachtú agus a thabhairt isteach. Ní mór na nithe seo a leanas a bheith sna billí:

  • Spriocanna astuithe carbóin do 2020 agus do 2050 i gcomhréir le comhaontuithe an AE agus le comhaontuithe idirnáisiúnta
  • Buiséid charbóin 5 bliana atá ceangailteach agus ina bhfuil spriocanna chun astuithe carbóin a laghdú
  • Sainúdarás neamhspleách
  • Cuntasacht do Thionól an Tuaiscirt agus don Dáil araon, agus tuairisciú bliantúil ar dhul chun cinn
  • Na héifeachtaí fadtéarmacha a bhaineann le hathrú aeráide agus bearta is féidir a dhéanamh chun an daonra, tionscail agus poist ar oileán iomlán na hÉireann a chosaint agus chun tairbhe a bhaint as na deiseanna a d’fhéadfadh athrú aeráide a chur ar fáil

Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae
Cumann Benny Connolly, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 58

Tugann an Ard-Fheis seo dá haire gur chuir Rialtais na hÉireann agus na Breataine comhthionscadal rúnda um malartú faisnéise teicniúla a bhaineann le Sellafield ar bun i 2008.
Cuireann an Ard-Fheis seo a himní in iúl nár cuireadh an tuarascáil iomlán ar fáil don phobal agus go bhfuil drochmhuinín mhór as an tionscal núicléach. Iarrann an Ard-Fheis seo go bhfoilseofar an tuarascáil ‘Risks to Ireland from Incidents at the Sellafield Site’ ina hiomláine.
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

Cumann Mhic Ruaidhrí/Uí Mháirtín, Lú

Passed

Motion 59

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Tionól agus ar rialtas na hÉireann staidéar cuimsitheach a chur i gcrích láithreach ar na costais, ar na tairbhí agus ar na tionchair chomhshaoil, shóisialta, shláinte, eacnamaíocha agus phleanála a bhaineann le gach cineál soláthair fuinnimh in-athnuaite ar fud an oileáin, mar gheall ar an mbrú atá orainn treoracha AE a chomhlíonadh.
Ordaíonn an Ard-Fheis seo do stiúrthóireacht na 6 chontae agus do stiúrthóireacht na 26 contae grúpa oibre a bhunú chun páipéar beartais a fhoilsiú ar líonra fuinnimh inbhuanaithe a fhorbairt ar fud oileán na hÉireann agus breithniú a dhéanamh ar thograí amhail feirmeacha gaoithe faoi úinéireacht phobail a chruthú - is é sin, infheistíonn an pobal áitiúil sna feirmeacha gaoithe ina bpobal féin, tógann siad na feirmeacha gaoithe agus glacann siad úinéireacht na bhfeirmeacha gaoithe sin.
Iarrann an Ard-Fheis seo go gcruthófar grúpa oibre uile-oileáin Shinn Féin chun scrúdú a dhéanamh ar leorgacht na dtograí beartais phleanála i ndáil le tuirbíní gaoithe.
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae agus Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

Cumann Bob Doyle/Dinny Barry, Cill Dara

Passed

Motion 60

Dearbhaíonn an Ard-Fheis seo go bhfuil acmhainní gaoithe faoi úinéireacht mhuintir na hÉireann – ní le forbróirí feirme gaoithe, le hinfheisteoirí feirme gaoithe, le húsáideoirí fuinnimh ghaoithe, le cúpla úinéir talún Éireannach ná le náisiúnstáit eile iad. Cinnteoidh Sinn Féin go mbeidh orthu siúd ar mhian leo an acmhainn seo a shaothrú cáin/táille chóir a íoc a léireoidh an chuid is mó dá luach eacnamaíoch dá húinéirí dlisteanacha. Úsáidfear an táille/cháin sin go páirteach chun muintir na tuaithe a chúiteamh in aon chaillteanas díreach nó indíreach a fhulaingíonn siad mar gheall ar fhorbairt feirme gaoithe agus chun oidhreacht agus bithéagsúlacht thuath na hÉireann a chosaint. Ba cheart an barrachas a úsáid chun laghdú a dhéanamh ar an bhfiach príobháideach a cruthaíodh an uair dheireanach a saothraíodh comhacmhainn.

Cumann Uí Laoghóg/Uí Mhearthaile, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 61

Cuireann an Ard-Fheis seo i gcoinne fhorchur ainmniú na Páirce Náisiúnta in éagmais fíorchomhairliúcháin agus fíortheagmhála leis na pobail a chónaíonn agus a oibríonn sa cheantar. Ní mór na riachtanais atá ag pobail dhúchasacha faoi láthair agus amach anseo agus a gcuid slite beatha a bhreithniú agus a mhaolú, nuair is cuí.
Tugaimid faoi deara freisin go bhféadfadh bearta agus tionscnaimh eile a bheith chomh héifeachtach céanna maidir le turasóireacht a chur chun cinn, le poist a chruthú, le bonneagar a thógáil, leis an gcomhshaol a chosaint agus le geilleagar an cheantair a fheabhsú.
Comhairle Ceantair an Dúin Theas

Passed

Motion 62

Iarrann an Ard-Fheis seo go nglacfar le cur chuige uile-Éireann i leith réiteach fadhbanna a thagann as sciúradh díosail tríd an difreálach idir díosal talmhaíochta agus díosal neamhthalmhaíochta a bhaint agus trí íocaíocht dhíreach ar chaiteachas deimhnithe a chur in áit an fhóirdheontais a thugtar don phobal feirmeoireachta faoi láthair.
Cumann Tony Ahern, Muineachán

Passed

Motion 63

Agus í ag aithint go bhfuil iarratais phleanála faoi réir cúrsaí breithnithe atá bunaithe ar roinnt athróga éagsúla, agus go bhfuil gá le solúbthacht i dtaca leis sin, ordaíonn an Ard-Fheis seo go gcruthófar grúpa oibre a chuirfeadh le meabhrán na bPrionsabal Pleanála 2008 agus a d’fhorbródh an cháipéis sin, rud a sholáthródh liosta cuimsitheach de phrionsabail agus de chritéir a chuirfeadh Comhairlí Ceantair agus Comhairlí Cúige i bhfeidhm agus cinneadh á dhéanamh acu ar sheasamh an pháirtí i leith iarratais bhonneagair, tionsclaíocha agus tráchtála ar leith.
Is iad Stiúrthóireacht na 6 Chontae agus Stiúrthóireacht na 26 Contae a chinnfidh comhdhéanamh an ghrúpa oibre agus cuirfear de dhualgas ar an ngrúpa dréachtcháipéis a chur faoi bhráid na hArd-Chomhairle lena daingniú don chéad Ard-Fheis eile.
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae agus Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

Motion 64

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Roinn Iompair i mBaile Átha Cliath athmheasúnú a dhéanamh ar an gconair Thoir-Thiar ó Dhún Dealgan go Sligeach atá sa Straitéis Spáis Náisiúnta. Tá imní ar leith ar an Ard-Fheis seo go bhfuil an chuid bheartaithe atá is gaire do Dhún Dealgan suite ar bhealach Bhóthar Charraig Mhachaire Rois. Ní sholáthraíonn an bealach seo atá beartaithe rochtain ar an líonra mótarbhealaigh. Molann an Ard-Fheis seo gur cheart an chuid is oirthearaí den bhealach a bheith suite feadh an N53 (Bóthar Bhaile na Lorgan) a fhreastalaíonn ar Ard Mhacha.

Cumann Mhic Ruaidhrí/Uí Mháirtín, Lú

Passed

Motion 65

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil bearta níos déine a thabhairt isteach sna Treoirlínte Pleanála chun deireadh a chur le húsáid Gléasra Mheicniúil ag forbróirí chun déileáil le fuíolluisce in aon fhorbairtí tithíochta amach anseo agus iarrann sí air maoiniú a chur ar fáil do chomhairlí áitiúla ionas gur féidir leo déileáil le hoidhreacht an ghléasra mheicniúil sin agus ionas nach mbeidh ar ghnáthúinéirí tí iarmhairtí tubaisteacha an ghléasra sin a fhulaingt.
Comhairle Ceantair Dhún na nGall

Passed

Iompar

Motion 66

Iarrann an Ard-Fheis seo ar Rialtas Fhine Gael / Pháirtí an Lucht Oibre cloí leis an dualgas atá air faoi Chomhaontú Chill Rìmhinn agus maoiniú iomlán a chur ar ais do dhébhealach an A5 ó Dhoire / Dhún na nGall go Baile Átha Cliath le gur féidir an tionscadal ríthábhachtach sin a chur i gcrích chomh luath agus is féidir.
Comhairle Ceantair Dhún na nGall
Comhairle Ceantair na hÓmaí
Comhairle Ceantair an tSratha Bháin

Passed

Motion 67

Iarrann an Ard-Fheis seo go ndéanfar dul chun cinn go práinneach ar na céadta bóithre neamhcríochnaithe a chur i gcrích ar fud na tíre.
Cúige na Sé Chontae
Cumann Mhairtírigh Oileán an Ghuail/Chluain Eo, Tír Eoghain

Passed

Motion 68

Iarrann an Ard-Fheis seo go ndéanfar uasghrádú láithreach ar an A6, arb é an príomhbhealach ag Dún Geimhin agus Muine Chnoic ó Dhoire agus ó réigiún an Iarthuaiscirt go Béal Feirste é.
Iarrann an Ard-Fheis seo go n-athbhunófar seirbhís farantóireachta atá rialta, laethúil agus ar fáil an bhliain ar fad ar an trasbhealach idir an Caisleán Nua agus Aird Mhic Giollagáin agus go gcuirfear acmhainní leordhóthanacha ar fáil chun é a mhaoiniú.
Comhairle Ceantair Léim an Mhadaidh
Comhairle Ceantair Chúil Raithin

Motion 69

D’fhonn Oileán inbhuanaithe na hÉireann a chruthú, ní mór dúinn aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist a bhaineann le hiompar inbhuanaithe. Is eol go gcabhraíonn rothaíocht, seachas tiomáint, ar feadh turais ghearra le teaghlaigh airgead a choigilt, go laghdaíonn sí an baol tinnis a bhaineann le hotracht, go gcuireann sí cailliúint meáchain chun cinn agus, dá bhrí sin, go laghdóidh sí an méid airgid a chaithfear ar chúram sláinte san fhadtéarma. Cabhróidh bonneagar rothaíochta le laghdú a dhéanamh ar an spleáchas atá ar ola eachtrach. Níos tábhachtaí fós, d’fhéadfaimis laghdú a dhéanamh ar an méid airgid a bhíonn ag imeacht ón ngeilleagar áitiúil ar an mbealach sin. Cruthóidh infheistíochtaí bonneagair den sórt sin poist sa ghearrthéarma freisin. Iarrann an Ard-Fheis seo líonraí rothaíochta níos fearr ar fud Oileán na hÉireann ar mhaithe le hinbhuanaitheacht a bhaint amach.
Cumann Uí Nualláin/Mhic Giolla Domhnaigh, Béal Feirste

Passed

Motion 70

Iarrann an Ard-Fheis seo leibhéal níos airde comhtháthaithe agus comhoibrithe i measc soláthraithe iompair phoiblí ar fud an oileáin ar mhaithe le haonrú sóisialta a laghdú agus le héifeachtúlachtaí a sheachadadh.
Cúige na Sé Chontae

Passed

Motion 71

Iarrann an Ard-Fheis seo ar Iarnród Éireann polasaí achomharc fíneálacha ticéid a chur i bhfeidhm do chustaiméirí ionas gur féidir déileáil le cúiseanna dlisteanacha ar bhealach báúil seachas an dóigh fhuar a ndéileáiltear leo faoi láthair.

Cumann Nollag Mhic Cana, Gaillimh

Passed

Motion 72

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an gCoiste Feidhmiúcháin maoiniú a chur ar fáil chun tacú le córas Mearlíne Bhéal Feirste (BRT) a chruthú. Nuair a bhunófar í, beidh an BRT ina seirbhís nua-aimseartha iompair phoiblí do Bhéal Feirste agus léireoidh sí gur cathair bhríomhar atá ag fás é. Beidh an córas nua iompair an-tábhachtach ar dtús maidir leis na pobail i mBéal Feirste Thoir agus i mBéal Feirste Thiar a nascadh le chéile, le ceantair atá díothach ó thaobh cúrsaí sóisialta de a thabhairt le chéile, le rochtain a fháil ar fhostaíocht, ar shláinte, ar oideachas, ar chultúr agus ar fhóillíocht. Tar éis na chéad chéime a nascfaidh Béal Feirste Thoir agus Béal Feirste Thiar le chéile, ba cheart í a thabhairt isteach ina dhiaidh sin i gcodanna eile den chathair, lena n-áirítear Béal Feirste Thuaidh agus Béal Feirste Theas.
Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Thiar

Passed

Motion 73

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Rialtas mórinfheistíocht a dhéanamh in Aerfort Chnoc Mhuire, cosúil le tarrtháil Aerfort na Sionna, d’fhonn inbhuanaitheacht Aerfort Chnoc Mhuire a chinntiú sa todhchaí. Cuideachta neamhbhrabúis is ea Aerfort Chnoc Mhuire agus tá sainordú aige ní amháin chun an t-aerfort a chur chun cinn ach chun Réigiún iomlán an Iarthuaiscirt a chur chun cinn trí thurasóireacht agus trí chruthú post.
Comhairle Ceantair Mhaigh Eo

Passed

Motion 74

Tugann an Ard-Fheis seo dá haire an tábhacht a bhaineann leis an gconradh oibleagáide seirbhíse poiblí (PSO) don tseirbhís aeir chuig Oileáin Árann agus aithníonn sí gur cuid lárnach de shaol an oileáin é agus go bhfuil sé ríthábhachtach i gcásanna éigeandála leighis agus iarrann sí ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta tacaíocht do sheachadadh na seirbhíse seo sa todhchaí a chosaint.
Cumann Mháirtín Uí Chadhain, Gaillimh

Passed

Geilleagar

Motion 75

Tugann an Ard-Fheis seo dá haire

  • Go bhfuil thart ar 430,000 duine ar an mBeochlár sna 26 Contae agus 68,000 duine ar an mBeochlár sna 6 Chontae
  • Go bhfuil eisimirce cothrom le leibhéil nach bhfacthas ó Aimsir an Drochshaoil
  • Go gcosnaíonn gach duine atá dífhostaithe thart ar €20,000 ar an Stát go díreach trí airgead a chailltear in ‘Íoc mar a thuillir’ (PAYE) agus trí chostais leasa shóisialaigh, de réir fhigiúirí Rialtas na hÉireann

Iarrann an Ard-Fheis seo go dtabharfar bearta sonracha isteach sna 26 Contae, lena n-áirítear:

  • Infheistíocht de suas le €13 billiún a dhéanamh i gcruthú post agus i bhfás eacnamaíoch thar thréimhse ceithre bliana ar mhaithe le 156,000 post ar an meán a chruthú agus ar mhaithe le 15,000 post a choinneáil. Ba cheart an spreagadh post sin a úsáid chun infheistiú i mbonneagar riachtanach agus in athghiniúint, rud a chruthóidh poist, a chuirfidh feabhas ar iomaíochas agus a chabhróidh le hathbheocht a chur sa gheilleagar agus a chuideoidh le fiontraithe trí dheireadh a chur leis na baic atá ar ghnó a dhéanamh agus trí thacaíocht a thabhairt dóibh poist nua a choinneáil agus a chruthú.
  • Scéim choinneála post ar chostas €100 milliún chun 15,000 post a chosaint ar feadh bliain amháin, agus an acmhainn chun leanúint leis an scéim.
  • Líontán sábháilteachta a chruthú do dhaoine féinfhostaithe i gcás go gcaillfidh siad a gcuid post.
  • Deireadh a chur le cíosanna anuas amháin.
  • Dul i ngleic leis na costais a bhaineann le gnó a dhéanamh i réigiún na Teorann, lena n-áirítear táillí idirbhirt chártaí creidmheasa, táillí teileachumarsáide agus déchórais chánach agus phárolla.
  • Infheistíocht €1 billiún a dhéanamh sa tionscal cumhachta gaoithe agus i bhfuinneamh tonnta.
  • Gléasra bithscaglainne a athbhunú san Oirdheisceart.
  • Dul i ngleic le mí-úsáid as an lipéadú ‘déanta in Éirinn’.
  • Spriocanna réigiúnacha cruthaithe post a leagan síos.

Aithníonn sí go bhfuil Sinn Féin ag seachadadh post agus é sa rialtas agus go bhfuil maoirseacht déanta aige ar na nithe seo a leanas sa Tionól:

  • Infheistíocht chaipitil £4.8 billiún
  • Infheistíocht £217.5 milliún in athghiniúint
  • Críochnú 53 tionscadal mórchaipitil scoile idir Bealtaine 2007 agus Aibreán 2011, rud arbh ionann é agus infheistíocht £492 milliún in eastát na scoileanna;
  • Infheistíocht de níos mó ná £1 billiún i bhfeabhsuithe ar an mbonneagar uisce agus críochnú Thionscadal Séarach Bhéal Feirste arbh fhiú £160 milliún é.

Sa Tionól, formhuiníonn Sinn Féin “Cruthaigh Poist, Cruthaigh Fás”, ar Phlean Gníomhaíochta Post Shinn Féin é, agus iarrann sé ar a chuid comhghleacaithe sa Choiste Feidhmiúcháin tacú le hinfheistíocht £1 billiún i gcruthú post sna Sé Chontae trí acmhainní a dháileadh ón mblocdheontas agus trí chruinniú ioncaim agus trí dhleacht mháil a chineachadh ón mBreatain.

Ina theannta sin, iarrann an Ard-Fheis seo ar chomhghleacaithe Shinn Féin sa Choiste Feidhmiúcháin tacú leis na nithe seo a leanas:

  • Scéim Choinneála Post £80 milliún a chruthú
  • Ciste Post don Óige a chruthú
  • Bille Soláthair Inbhuanaithe a thabhairt isteach sa Tionól
  • £200 milliún eile a dháileadh le haghaidh tionscadail bhonneagair, lena n-áirítear bóithre agus iarnróid
  • An buiséad don chlár tógála scoile a mhéadú go £300 milliún in aghaidh na bliana
  • Infheistíocht £150 milliún a dhéanamh in Ospidéal nua do Mhná agus Leanaí a fhorbairt

Ard-Chomhairle

Passed

Motion 76

Tugann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas dá haire:

  • Go bhfuil 71,000 duine faoi bhun 25 bliain d’aois dífhostaithe sna 26 contae (31%)
  • Go bhfuil 22,000 duine faoi bhun 25 bliain d’aois dífhostaithe sna 6 chontae (22%)
  • Go dtéann 1,600 duine ar eisimirce gach seachtain ó na 26 contae de réir na Príomh-Oifige Staidrimh
  • Gur chuir Comhairle Eorpach na hÓige agus Comhairle Náisiúnta Óige na hÉireann tograí costáilte le chéile le haghaidh Ráthaíocht Óige agus ní mór don Rialtas iad a bhreithniú go gníomhach

Iarrann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:

  • Go dtabharfaidh an Rialtas Fíor-Ráthaíocht Óige isteach, ag cinntiú go ndéanfar tairiscint phoist atá ar ardchaighdeán, oiliúint, oideachas nó socrúchán taithí oibre atá fiúntach a chur ar fáil do gach duine óg sa stát ceithre mhí tar éis dó/di an scoil a fhágáil nó a bheith dífhostaithe
  • Go ndéanfar an Ráthaíocht Óige a dhearadh agus a chur chun feidhme i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí aighneachta don óige agus leis na daoine óga dífhostaithe lena mbaineann agus go dtabharfar tús áite do dhul i ngleic le dífhostaíocht fhadtéarmach óige i gceantair ina bhfuil ardleibhéil mhíbhuntáiste shocheacnamaíoch
  • Go maoineoidh an Stát an Ráthaíocht Óige agus go bhfaighidh sí maoiniú meaitseála ón Aontas Eorpach
  • Go mbeadh an costas a bhaineann leis an ngné oiliúna, oideachais agus socrúcháin taithí oibre den chiste Ráthaíochta Óige comhionann le €6,600 in aghaidh an duine gach bliain
  • Go ndéanfar an Ráthaíocht Óige a dhearadh mar chuid de chlár infheistíochta níos leithne chun poist a chruthú agus go mbeidh sí mar atá leagtha amach ag Sinn Féin inár gcuid tograí post a foilsíodh i 2012

Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae
Cumann Mhairtírigh Oileán an Ghuail/Chluain Eo, Tír Eoghain

Passed

Motion 77

Tugann an Ard-Fheis seo dá haire

  • Go bhfuil tionchar díobhálach á imirt ag an gcor chun donais eacnamaíoch ar dhaoine óga go háirithe
  • Go bhfuil sé níos dóichí go mbeidh ar dhaoine óga dul ar eisimirce, agus go bhfuil siad níos dóichí a bheith dífhostaithe mar gheall ar an ráta dífhostaíochta óige de 30%
  • Go raibh tionchar diúltach ag ciorruithe ar dhaoine óga go háirithe, lena n-áirítear na laghduithe i leas sóisialach, i seirbhísí pobail, i dtacaíochtaí oideachais - deontais agus táillí méadaithe san áireamh - agus in áiseanna oiliúna
  • Cáineann sí an dóigh a n-imríonn an Rialtas sa Deisceart leatrom ar dhaoine óga san earnáil phoiblí agus tabhairt isteach pá agus coinníollacha laghdaithe d’iontrálaithe nua
  • Cuireann sí a dlúthpháirtíocht leis an INMO in iúl agus é ag imirt baghcait ar na poist éagóracha nua d’altraí nuacháilithe
  • Cáineann sí an Coimisiún Eorpach toisc gur theip air acmhainní a chur ar fáil chun tacú le tionscnamh ráthaíochta post ar mhaithe lena chinntiú go mbeidh sé éifeachtach agus gur féidir le daoine óga dul isteach i bhfostaíocht nó in oiliúint atá fiúntach

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:

  • Formhuiníonn sí an cháipéis phoist “Gan Phoist, Gan Todhchaí, Gan Bhealach” atá foilsithe ag Sinn Féin – Óige Phoblachtach
  • Molann sí tuarascáil den scoth Mandate dar teideal ‘Decent Work?’, rud ina dtarraingítear aird ar an gcineál an-éagobhsaí post atá ag cuid mhór oibrithe sna tionscail mhiondíola agus seirbhísí, tionscail a bhfuil mórán oibrithe óga páirteach iontu
  • Molann sí na hiarrachtaí atá déanta ag an gCoiste Feidhmiúcháin chun leanúint le híocaíochtaí riachtanacha EMA

Iarrann sí ar Rialtas na 26 Contae

  • Aon laghduithe eile i leas sóisialach agus aon chiorruithe eile i seirbhísí sóisialta a chur as an áireamh
  • Beartais shonracha phoist a chur i bhfeidhm a thacaíonn leis an óige, mar shampla, gach scéim Fostaíochta Pobail (CE) a leathnú do gach duine faoi bhun 25 bliain d’aois, fíor-ráthaíocht phoist a thabhairt, agus measúnú rialta a dhéanamh ar riachtanais oiliúna agus fostaíochta
  • Pacáiste suntasach spreagtha a thabhairt isteach a d’fhéadfadh poist a chur ar fáil do dhaoine óga agus athbheocht a chur sa gheilleagar
  • Aon mhéaduithe eile i dtáillí agus aon chiorruithe eile ar dheontais a chur as an áireamh

Coiste Náisiúnta Óige

Passed

Motion 78

Tugann an Ard-Fheis seo faoi deara go bhfuil páirc IDA atá go hiomlán seirbhísithe agus a chlúdaíonn 20 acra folamh i gCaisleán an Bharraigh. Iarraimid cothromas níos mó nuair atá Infheistíocht Dhíreach Eachtrach á dáileadh chun a chinntiú go gcruthaítear poist feadh chósta an Iarthair.
Cumann Uí Mháille/Mhic an Mhíligh, Maigh Eo

Passed

Motion 79

Iarrann an Ard-Fheis seo go mbunófar aonad cothaithe gnóthas i sráidbhailte tuaithe a forbraíodh go tapa gan seirbhísí ná soláthairtí leordhóthanacha a bheith i bhfeidhm le haghaidh fostaíocht amach anseo le linn bhlianta an bhorrtha. Sampla de shráidbhaile den sórt sin is ea Baile an Droichid i nDeisceart Loch Garman, áit ina bhfuil an pobal áitiúil tréigthe ag an mbunaíocht pholaitiúil.

Cumann Phearaile/Uí Chorráin/Uí Ógáin, Loch Garman

Passed

Motion 80

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:

  • Aithníonn sí an méid a chuireann micreaghnóthais, gnóthais bheaga agus gnóthais mheánmhéide le sochaí agus le geilleagar na hÉireann;
  • Aithníonn sí an ról a imríonn caiteachas rialtais maidir le fás eacnamaíoch agus le fostaíocht a spreagadh;
  • Aithníonn sí go bhfuil an Rialtas agus an Coiste Feidhmiúcháin ar na príomhcheannaitheoirí earraí agus seirbhísí ar an oileán seo agus go meastar go gcaitheann siad €20 billiún in aghaidh na bliana ar fud an oileáin;
  • Aithníonn sí an luach sochaíoch agus eacnamaíoch a bhaineann le clásail shóisialta a chur san áireamh i gconarthaí poiblí, go háirithe maidir le poist, le deiseanna agus le hoiliúint a chur ar fáil do dhaoine atá dífhostaithe le fada agus do dhaoine óga atá dífhostaithe;
  • Cáineann sí an Rialtas toisc gur theip air dul i ngleic leis na baic atá roimh mhicreaghnóthais agus roimh ghnóthais bheaga agus mheánmhéide go fóill agus iad ag cur tairisceana isteach ar chonarthaí poiblí;
  • Cáineann sí an Rialtas arís toisc gur chuir sé clásail shóisialta as an áireamh i gconarthaí poiblí;
  • Molann sí Airí Shinn Féin sa Tionól as a gcuid oibre chun clásail shóisialta a chur san áireamh i gconarthaí soláthair phoiblí;
  • Iarrann sí ar gach Aire ó thuaidh agus ó dheas a chinntiú go gcuirfear clásail shóisialta san áireamh i ngach conradh ceannaigh rialtais ar mhaithe leis an gcuid is fearr a bhaint as na tairbhí eacnamaíocha agus sóisialta a bhaineann le caiteachas rialtais.

Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae
Cumann Uí Maoilmhiadhaigh/Mhic Cathmhaoil, Cathair na Gaillimhe
Comhairle Ceantair Mhuineacháin

Passed

Motion 81

Cuireann an Ard-Fheis seo fáilte roimh thosach Pháirceanna Eolaíochta an Iarthuaiscirt ag Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn (LYIT) agus ag Dún Sheoirse i nDoire agus iarrann sí fócas athnuaite ar réitigh Uile-Éireann, cosúil leis an gceann seo, ar théarnamh eacnamaíoch.
Comhairle Ceantair Dhún na nGall

Passed

Motion 82

Tacaíonn an Ard-Fheis seo le Forbairt an Gheilleagair Shóisialta ó thaobh Cruthú Post de agus ó thaobh Athghiniúint Pobal de agus iarrann sí ar an gCoiste Feidhmiúcháin ciste tiomnaithe a bhunú chun éascú a dhéanamh ar iasachtaí don earnáil agus spriocanna a leagan síos dá Ghealltanas d’Aistriú Sócmhainní atá i gClár an Rialtais.
Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Thiar

Passed

Motion 83

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:

  • Diúltaíonn sí do na beartais déine atá á gcur i bhfeidhm ag Rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre, ag Comhrialtas na dTóraithe/na nDaonlathaithe Liobrálacha i Londain tríd an gciorrú ar bhuiséad an Tionóil, agus ag an Aontas Eorpach
  • Creideann sí go bhfuil bealach níos fearr agus níos cothroime ann chun an t-easnamh a laghdú agus chun téarnamh eacnamaíoch a chur ar fáil, rud atá bunaithe ar chruthú post, ar chánachas forchéimnitheach, ar chosaint na ndaoine is leochailí agus ar sholáthar seirbhísí poiblí den scoth.

Tugann sí na nithe seo a leanas dá haire

  • Gur ghlac Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre agus Fianna Fáil €28 billiún ón ngeilleagar le cúig bliana anuas tar éis sé bhuiséad déine trí chánacha agus trí chiorruithe méadaithe, cé gur thug siad €64 billiún do na bainc agus €32 billiún don Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (NAMA) ag an am céanna.
  • Gur theip ar an rialtas dul i ngleic go héifeachtach le grúpaí ardioncaim agus le leasanna dílsithe
  • Gur dhírigh gach ceann de na cinntí ‘diana’ a rinne an rialtas ar na daoine is leochailí – teaghlaigh, leanaí, cúramóirí, daoine faoi mhíchumas, daoine scothaosta agus daoine breoite
  • Gur tháinig méadú ollmhór ar eisimirce ar fud an oileáin, go háirithe sna 26 Contae ina bhfágann 80,000 duine ar an meán an tír gach bliain.
  • Go leanann an laghdú 40% a rinne rialtas na Breataine ar bhuiséad caipitil na Sé Chontae ar aghaidh le tionchar díobhálach dochrach a imirt ar an ngeilleagar.
  • Nár chloígh rialtas reatha na Breataine leis an ngealltanas a thug sé don phacáiste infheistíochta a comhaontaíodh ag Comhaontú Chill Rìmhinn agus gurb ionann é sin agus ciorrú £4 billiún thar an tréimhse bhuiséid.
  • Go bhfuil an easpa cumhachtaí cánachais agus iasachtaíochta fós ina bac mór ar théarnamh eacnamaíoch agus go dteorannaíonn sí na bearta is féidir leis an gCoiste Feidhmiúcháin agus leis an Tionól sna 6 Chontae a dhéanamh chun tionchar na gciorruithe a fhritháireamh.
  • Go ndíreoidh tograí Rialtas na Breataine i leith athchóiriú leasa arís ar na daoine is boichte agus is leochailí i sochaí na 6 Chontae.

Formhuiníonn sí na nithe seo a leanas

  • Tograí malartacha Shinn Féin i leith bhuiséad ilbhliantúil na Breataine, a leag amach malairt ar dhéine agus a d’iarr infheistíocht £1 billiún i gcruthú post.
  • Buiséad malartach Shinn Féin do na 26 Contae dar teideal ‘Ag Déanamh na Roghanna Cearta’, ina raibh bearta chun an t-easnamh a laghdú tríd an gcóras cánach a dhéanamh níos cothroime agus trí chánacha, lena n-áirítear cáin rachmais, a ghearradh ar shaothraithe níos airde, trí thríú ráta nua cánach 48% a thabhairt isteach ar ioncam os cionn €100,000 agus trí fhaoisimh chánach a chaighdeánú; agus a d’fhéach le coigiltí a dhéanamh i gcaiteachas poiblí trí dheireadh a chur leis an diomailt sa phá a íoctar le príomh-státseirbhísigh agus le polaiteoirí, trí dhul i ngleic le tionscail phríobháideacha sláinte agus oideachais agus trí dhul i ngleic le diomailt i gcaiteachas ar leas sóisialach.

Iarrann sí na nithe seo a leanas:

  • Go ndéanfar cumhachtaí fioscacha, lena n-áirítear leathnú cumhachtaí iasachtaíochta, a chineachadh chuig Coiste Feidhmiúcháin na Sé Chontae.
  • Go gcuirfidh rialtas na Breataine an t-easnamh £4 billiún ar ais sa phacáiste spreagtha a comhaontaíodh mar chuid de chomhaontú Chill Rìmhinn.
  • Go dtabharfar aghaidh ar an tearcinfheistíocht i mbonneagar agus i seirbhísí poiblí sna 6 chontae. Ard-Chomhairle Cumann Uí Nualláin/Mhic Giolla Domhnaigh, Béal Feirste
Passed

Motion 84

Molann an Ard-Fheis seo do Chomhdháil na gCeardchumann oibrithe agus a gcuid pobal a eagrú chun cur i gcoinne bheartas déine Rialtas na hÉireann.
Cumann Shéamais Uí Chonghaile, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 85

Tugann an Ard-Fheis seo dá haire:

  • gurb é an beartas atá ag rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre atá ann faoi láthair agus gurbh é an beartas a bhí ag rialtas Fhianna Fáil roimhe sin na bainc a tharrtháil ar chostas cháiníocóir na hÉireann; gur ghlac muintir na hÉireann le 43% den fhiach bainc iomlán a gearradh ar cháiníocóirí ar fud na hEorpa; agus gur chuir Fianna Fáil fiach bainc de €63 billiún ar ghuaillí cáiníocóirí na hÉireann agus gur dhiúltaigh Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre, agus iad sa rialtas le dhá bhliain anuas, don ualach féich sin a éascú agus, go deimhin, gur chuir siad leis an ualach féich sin.
  • in ionad a bheith ag féachaint leis an bhfiach baincéireachta a laghdú, go háirithe laghdú nótaí gealltanais agus neamhíoc nótaí gealltanais, go bhfuil an rialtas seo, le tacaíocht ó Fhianna Fáil, sásta síneadh a dhéanamh ar an tréimhse thar a n-íocfar an fiach éagórach sin, beag beann ar an bhfíric gur gheall rialtas na hÉireann agus rialtais eile Limistéar an Euro ag cruinniú mullaigh Ghrúpa an Euro i Meitheamh 2012 go scarfaidís fiach baincéireachta ó fhiach ceannasach agus go dtabharfaidís aghaidh ar an tsaincheist a bhaineann le fiach bainc oidhreachta a cuireadh ar chláir chomhardaithe le haghaidh fiach ceannasach.

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an rialtas seo agus ar rialtais amach anseo tiomantas a thabhairt d’athchaipitliú siarghabhálach bhainc na hÉireann a bhaint amach ag leibhéal Eorpach d’fhonn aghaidh a thabhairt ar fhiach oidhreachta tríd an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (ESM); iarrann sí orthu éileamh ar an mBanc Ceannais Eorpach (ECB) gníomhú mar Iasachtóir na Dála Deiridh agus, tar éis tréimhse thástála struis ar na bainc, agus tar éis laghduithe, athstruchtúraithe agus comhroinnt uallaigh le sealbhóirí bannaí, nuair is gá, ina dhiaidh sin; iarrann sí orthu éileamh ar an ECB a chinntiú go dtabharfar maoiniú don ESM chun bainc a chaipitliú agus go mbeidh réiteach buan ann a scarfaidh fiach baincéireachta ó fhiach ceannasach.
Ard-Chomhairle
Cumann Phádraig Uí Chanáin, Baile Átha Cliath

Motion 86

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an rialtas maolú a idirbheartú ó threoir an AE lena gcuirtear iallach ar Rialtais náisiúnta a gcuid conarthaí d’íocaíocht leasa shóisialaigh a chur ar tairiscint. Dá gcaillfeadh An Post an conradh sin, d’fheicfimis cuid mhór Oifigí Poist a bheith á ndúnadh faoin Tuath.
Comhairle Ceantair Mhaigh Eo

Passed

Motion 87

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas
Aithníonn sí an streachailt céad bliain ar thaobh oibrithe na hÉireann idir 1913 agus 2013, cuimhníonn sí ar na hoibrithe sin a throid ar son cearta agus teidlíochtaí níos fearr dóibh féin agus dá gcuid comhoibrithe le linn na tréimhse sin agus molann sí dóibh as sin.

  • Molann sí iarrachtaí na n-oibrithe sin a chuir i gcoinne ciorruithe agus sáruithe ar a gcearta ag fostóirí le bliain anuas agus molann sí na gníomhaithe ó Shinn Féin a thug tacaíocht do na hoibrithe sin.
  • Tugann sí faoi deara go bhfuil cearta a lán Oibrithe na hÉireann faoi bhagairt agus faoi shrian mór agus nach bhfuil aon fhoráil reachtúil do chómhargáil go fóill sa bhliain 2013, arb í comóradh 100 bliain an Fhrithdhúnta 1913 í.

Dá bhrí sin, iarrann an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • Reachtaíocht a achtú a choiscfeadh fostóirí ar íocaíocht iomarcaíochta a sheachaint trí shócmhainní a aistriú idir cuideachtaí éagsúla faoi chomhúinéireacht, agus tosaíocht dhlíthiúil a thabhairt d’oibrithe in ionad creidiúnaithe eile nuair atá cuideachta á leachtú
  • Réimse na n-íocaíochtaí iomarcaíochta a athchóiriú d’fhonn a chinntiú go dtabharfar cosaint chuí agus fógra cuí d’oibrithe atá á leagan as, go mbogfar íocaíochtaí faoin gciste dócmhainneachta go mear agus go ndéileálfar leis an aimhrialtacht a fhágann nach féidir le hoibrithe éileamh a dhéanamh faoin gciste dócmhainneachta i gcás dócmhainneacht neamhfhoirmiúil
  • A chinntiú go sonrófar comóradh céad bliain an Fhrithdhúnta 1913 tríd an gceart chun cómhargáil a chumhdach agus trí aitheantas a thabhairt do cheardchumainn sa dlí
  • Cion a dhéanamh de Dhúnorgain Chorparáideach,
  • Dul i ngleic leis na deacrachtaí a bhíonn ag oibrithe gan doiciméid agus iad ag lorg sásamh a fháil i sáruithe ar an dlí fostaíochta a tháinig as an gcinneadh sa chás Hussein v an Chúirt Oibreachais
  • Cion a dhéanamh d’Obair éigeantais, rud arb ionann é agus ‘sclábhaíocht an lae inniu’

Iarrann an Ard-Fheis seo ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath freisin séadchomhartha cuí a thógáil dóibh siúd a chuaigh chun spairne ar son a gcuid ceart le linn an Fhrithdhúnta 1913.
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae
Comhairle Ceantair Mhuineacháin
Cúige Bhaile Átha Cliath

Passed

Motion 88

Cáineann an Ard-Fheis seo scriosadh na hEarnála Pobail agus Scéimeanna Fostaíochta Pobail go háirithe agus iarrann sí ar an rialtas aitheantas a thabhairt don obair luachmhar atá déanta ag an earnáil seo agus ag na scéimeanna seo tríd an méid maoinithe atá ar fáil do sheirbhísí pobalbhunaithe a thabhairt ar ais go dtí na leibhéil a bhí ar fáil i 2008, trí acmhainní leordhóthanacha a dháileadh orthu, trí mhéadú a dhéanamh ar líon na spásanna atá ar fáil ar Scéimeanna Fostaíochta Pobail agus trí leathnú a dhéanamh ar líon na ndaoine atá incháilithe le haghaidh páirt a ghlacadh i Scéimeanna Fostaíochta Pobail chun freastal ar na cúinsí eacnamaíocha atá ann faoi láthair.
Molann Sinn Féin na ceardchumainn sin a bhí ag obair leis an Earnáil Phobail agus iad siúd atá fós tiomanta do sheirbhísí pobail a chosaint.
Cumann Shéamais Uí Chonghaile, Baile Átha Cliath
Cumann Shéamais Fhionntáin Uí Leathlobhair, Laois
Cumann Iorrais, Maigh Eo

Passed

Motion 89

Cuireann an Ard-Fheis seo a dlúthpháirtíocht le hoibrithe Mhianaigh na Teamhrach, sheanlóiste Darnley agus B&Q in iúl agus iarrann sí ar an rialtas cearta fostaithe a chosaint mar is ceart.
Cumann Uí Dhochartaigh/Uí Dhubhshláine, an Mhí

Passed

Motion 90

Cuireann an Ard-Fheis seo fáilte roimh an obair atá déanta ag an Aire Carál Ní Chuilín maidir leis na nithe seo a leanas

  • clásail nua shuntasacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme laistigh den chlár caipitil is mó atá ag an gCoiste Feidhmiúcháin faoi láthair, is é sin, an clár chun trí staidiam nua spóirt atá urraithe ag an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta a thógáil;
  • feidhmiú na ndualgas cuspóiriúil agus nóis imeachta i leith comhionannais, alt 75 ina measc, atá ar an Tuaisceart chun a chinntiú go ndéanfar acmhainní agus deiseanna a imfhálú agus a dhíriú go sonrach ar earnálacha a bhfuil na míchothromaíochtaí is mó rompu sna réimsí a bhfuil an riachtanas oibiachtúil is mó acu;
  • Scéim an Phá Maireachtála, agus deiseanna d’fhochonraitheoirí, a chur chun cinn trí Chlár na Staidiamaí;
  • tabhairt isteach thosaíocht nua na Roinne chun Comhionannas a Chur Chun Cinn, agus chun Dul i nGleic le hEisiamh Sóisialta agus le Bochtaineacht ar fud gach gnó na Roinne, ag baint leasa arís as dualgais chuspóiriúla agus nóis imeachta i leith comhionannais ar mhaithe le díriú ar acmhainní poiblí is mó riachtanas;
  • torthaí inbhuanaithe eacnamaíocha, sóisialta, comhionannais agus comhshaoil a chur chun cinn trí Chlár na Staidiamaí agus trí shruth oibre níos leithne na Roinne Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta;

agus, dá bhrí sin, déanann sí na nithe seo a leanas:

  • Ordaíonn sí don Tionól cur leis an obair sin, i gcomhar le tionscnaimh níos leithne a bhaineann le beartas soláthair phoiblí atá dírithe ar ghnóthais bheaga agus mheánmhéide agus ar fhochonraitheoirí áitiúla, agus an fhís níos leithne a bhaineann le samhail eacnamaíoch inbhuanaithe a chur chun cinn; agus,
  • Iarrann sí ar gach Roinn an Choiste Feidhmiúcháin a chinntiú go ndéanfar sonraí cuimsitheacha alt 75 maidir le míchothromaíochtaí ar fud gach earnála a bhailiú, a anailísiú, a mheas agus a shaothrú d’fhonn a áirithiú go ndéanfar acmhainní poiblí a dhíriú agus a sheachadadh i gcomhréir le beartas poiblí agus le riachtanais an dlí phoiblí.

Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

Passed

Motion 91

Iarrann an Ard-Fheis seo “Straitéis Náisiúnta um Bochtaineacht” a dhéanfaidh promhadh ó thaobh Bochtaineachta de ar gach beartas náisiúnta agus áitiúil. Tá gá le promhadh ó thaobh bochtaineachta de a dhéanamh ar gach beartas agus iad ag céim an dearaidh agus ag céim an fheidhmithe araon ar mhaithe le daoine a chosaint.
Ba cheart don Straitéis seo díriú ar dheireadh a chur le bochtaineacht leanúnach agus le bochtaineacht leanúnach trí reachtaíocht spriocdhírithe a bhfuil spriocanna intomhaiste ag gabháil leo.
Cumann Uí Néill/de Barra, Cathair Chorcaí

Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Thiar

Passed

Motion 92

Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo; Go leanfaidh Sinn Féin ar aghaidh le teaghlaigh ísealioncaim agus leo siúd atá ag brath ar leas sóisialach a chosaint agus go leanfaidh sé ar aghaidh le seasamh suas dóibh a bhfuil ciorruithe an rialtais ag díriú orthu.
Go gcuirimid i gcoinne na mbeartas déine atá á saothrú ag Comhrialtas na dTóraithe/na nDaonlathaithe Liobrálacha sa Bhreatain agus ag comhrialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre agus atá ag déanamh difear díreach do na daoine is leochailí i sochaí na hÉireann.
Go bhfuilimid tiomanta do bhrú a chur ar na hinstitiúidí parlaiminte ó Thuaidh agus ó Dheas d’fhonn a chinntiú go dtabharfar an oiread cosanta agus is féidir anois agus sa todhchaí dóibh siúd atá ag fáil sochair agus a bhfuil poist ar phá íseal acu.
Go dtacaíonn sí le haistriú cumhachtaí fioscacha chuig an Tuaisceart, rud a thabharfadh de chumhacht dá institiúidí cánacha a athrú agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh a chinneadh.
Go n-iarrann sí go gcuirfear Buiséad Malartach Shinn Féin chun feidhme toisc go bhfuil sé ar an mbealach is cothroime chun dul i ngleic leis an spleáchas atá ar leas sóisialach, chun poist a chur ar fáil do dhaoine dífhostaithe agus chun beocht a chur sa gheilleagar.
Gur iarramar ar Joan Burton, ar Aire de chuid Pháirtí an Lucht Oibre í, aird a thabhairt ar an iomaí tuarascáil ina léirítear na tionchair mhillteacha atá á n-imirt ag a cuid beartas ar theaghlaigh atá ag brath ar leas sóisialach agus ar dhaoine ar ísealioncam, agus gur iarramar uirthi a cuid cur chuige a athrú agus cosaint a thabhairt do na boicht, do leanaí, do dhaoine faoi mhíchumas agus do phinsinéirí go háirithe in aghaidh an damáiste a dhéanann a gcuid bearta déine. Iarraimid uirthi agus ar a rialtas cloí leis an ngealltanas a thug siad le linn an toghcháin agus i gClár an Rialtais “chun na daoine is leochailí a chosaint” agus na ciorruithe pionósacha a aisiompú.
Go ndiúltaímid do chur chuige na dTóraithe a bhaineann le gnáthdhaoine a chur i gcoinne a chéile trí na hiarrachtaí atá déanta acu roinnt de na daoine is boichte is leochailí a dhamhnú agus a imeallú agus go gcuirimid i gcuimhne dóibh gurbh é iompar na n-institiúidí airgeadais, seachas iompar na ndaoine atá tinn, faoi mhíchumas nó dífhostaithe, a raibh ina chúis leis an ngéarchéim eacnamaíoch atá ann faoi láthair.
Go bhfuilimid tiomanta do chur i gcoinne tionchar díobhálach ar bith a imríonn clár oibre reatha rialtas na Breataine i leith Athchóiriú Leasa agus do gach beart is féidir a dhéanamh chun a chinntiú go mbeidh beartas sóisialta níos oiriúnaí do na cúinsí agus do na riachtanais atá ag ár bpobail uile i dtuaisceart na hÉireann.
Go gcreidimid nach ndéanann ciorruithe ar leas sóisialach difear d’fhaighteoirí leasa shóisialaigh amháin, ach go ndéanann siad difear díobhálach do gheilleagair áitiúla freisin.
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae agus Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae

Passed

Motion 93

Iarrann an Ard-Fheis seo go gcuirfear faoiseamh cánach i bhfeidhm do chúram leanaí chun an t-ualach atá ar theaghlaigh a mhaolú agus chun tuismitheoirí a spreagadh le dul ar ais ag obair.
Cumann Mhic Gabhann/Mhic an tSábhaisigh, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 94

Aithníonn Sinn Féin an phian atá cruthaithe ag eisimirce do na mílte teaghlach in Éirinn agus cuireann sé fáilte roimh aon iarracht a chabhróidh lenár ndiaspóra teacht abhaile. Ina theannta sin, iarrann an Ard-Fheis seo go gcuirfear deireadh leis an gClásal Gnáth-Chónaitheachta (HRC) a dhéanann leithcheal ar eisimircigh na hÉireann atá ag teacht abhaile tar éis dóibh cónaí thar lear ar feadh níos mó ná dhá bhliain. Dearbhaímid freisin go gcuirimid i gcoinne an HRC toisc go ndéanann sé leithcheal ar shaoránaigh na hÉireann a rugadh sa Tuaisceart agus a chónaíonn anois sna Sé Chontae is Fiche.

Cumann Mhagh, Dún na nGall
Cumann Thraolaigh Mhic Shuibhne, Cathair Chorcaí
Comhairle Ceantair Dhún na nGall

Passed

Motion 95

Iarrann an Ard-Fheis seo go n-eisreachtófar aistriú sócmhainní chuig ball teaghlaigh roimh fhéimheacht. Molaimid don pháirtí córas a fhorbairt a fhágfaidh gur féidir teicníc sheachanta den sórt sin a aisiompú.
Cumann Mhic Gabhann/Mhic an tSábhaisigh, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 96

Iarrann an Ard-Fheis seo go ndéanfar plean cinnte straitéiseach, a mbeidh cibé bearta is gá ag gabháil leis, a thabhairt isteach chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • Céatadán i bhfad níos airde de phinsin agus de chnapshuimeanna iomarcacha a íoctar le baincéirí, le hiarpholaiteoirí agus le príomh-státseirbhísigh a aisghlámadh
  • Banda speisialta cánach a chur san áireamh sa straitéis a dhéileálfaidh leis na luachanna saothair aimhrialta éagóracha sin
  • Iarrann sí go gcuirfear a leithéid de bheart chun feidhme chomh luath agus is féidir agus go mbeidh sé mar chuid shuntasach de bheartas Shinn Féin.

Cumann Phort Láirge Thiar

Passed

Motion 97

Molann an Ard-Fheis seo:

  1. Go ndéanfar Bainc-Aontas Éireann, Banc na hÉireann, Cuideachta Bheatha na hÉireann, Cumann Foirgníochta EBS agus Cumann Foirgníochta Forleitheadach na hÉireann a náisiúnú go hiomlán d’fhonn “Sárbhanc” amháin a chruthú.
  2. Go ndéanfar an “Sárbhanc” amháin sin a fhoirceannadh agus a roinnt ina cheithre bhanc cúige.
  3. Go ndéanfaidh na ceithre bhanc cúige sin bainc chontae a chruthú ina dhiaidh sin, rudaí a oibreofar cosúil le comhair chreidmheasa agus a bheidh á reáchtáil go dlúth ag an rialtas áitiúil agus ag daoine áitiúla.
  4. Reáchtálfar bainc áitiúla go neamhspleách agus roinnfear a gcuid brabús. Tabharfar leathchuid de na brabúis ar ais do na ceithre bhanc cúige níos mó agus cuirfear an leathchuid eile ar ais i mbrainsí áitiúla. Cruthófar Ciste Saibhris Ardcheannasaigh na hÉireann agus tógfaidh sé céatadán de na brabúis d’fhonn iad a infheistiú ar bhonn domhanda. Beidh banc áitiúil i bhfeidhm ar bhonn “in aghaidh an duine den daonra” (e.g. 1 Bhanc in aghaidh 10,000 duine) agus díolfar brainsí eile a thagann ón gcónascadh ag brabúis mhóra. Ní dhéanfaidh aon athruithe difear do chustaiméirí.
  5. Íocfaidh na bainc chontae ús, oibreoidh siad iasachtaí, feidhmeoidh siad mar bhanc agus beidh béim áitiúil ar leith ag baint leo. Is fíor nach mbeidh aon scairshealbhóirí acu ná nach mbeidh brabúis mhóra ar fáil d’amhantraithe, ach bainfear riosca ón gcóras agus beidh na bainc in ann seasamh ar a gcosa féin. Ní bheidh siad nochta i leith an mhargaidh ná i leith staideanna eacnamaíocha guagacha.

Cumann Bob Doyle/Dinny Barry, Cill Dara

Passed

Motion 98

Tacaíonn an Ard-Fheis seo le gnóthais áitiúla agus féachann sí le níos mó cumhachta a thabhairt dóibh ina gcuid gnóthaí airgeadais. Faoi láthair, níl rochtain ar Chúirt na nÉileamh Beag ach amháin ag daoine nádúrtha agus níl Trádálaithe Aonair ná gnóthais bheaga i dteideal an tseirbhís seo a úsáid. Fágann sé sin go bhfuil dualgas ar ghnóthais agus ar Thrádálaithe Aonair mórshuimeanna airgid a íoc leis an lucht dlí d’fhonn fiacha beaga a aisghabháil. Measann cuid mhór den lucht gnó nach fiú é sin a dhéanamh agus, mar gheall air sin, déantar formhór na drochfhiacha sin a dhíscríobh.
Molann an Ard-Fheis seo go mbeidh Trádálaithe Aonair agus gnóthais a fhostaíonn níos lú ná deichniúr ball foirne i dteideal fiacha atá dlite dóibh ag gnóthas eile nó ag duine eile a ghnóthú trí Chúirt na nÉileamh Beag. Éascóidh sé sin deacrachtaí sreafa airgid atá ag gnóthais toisc go bhfuil fadhbanna móra ag a lán acu le drochfhiach agus d’fhágfadh sé go gcuirfí na milliúin euro ar ais isteach sa gheilleagar áitiúil. Molaimid gur cheart dlínse a bheith ag Cúirt na nÉileamh Beag chun déileáil le fiacha gnó idir €50 agus €5000.
Cumann Bob Doyle/Dinny Barry, Cill Dara

Passed

Motion 99

D’fhonn gnóthais bheaga a chur chun cinn, iarrann an Ard-Fheis seo ar údaráis áitiúla na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • deireadh a chur leis an dliteanas a chuirtear ar dhuine/dhaoine rátaí tráchtála a íoc ar áitreabh nár bhog siad isteach ann ach le déanaí tar éis don áititheoir roimhe sin mainneachtain ina c(h)uid rátaí tráchtála a íoc.
  • laghdú a dhéanamh ar na rátaí tráchtála nach mór do ghnóthais mhiondíola a úsáideann foirgnimh liostaithe mar asraon a íoc, cabhrú le gnóthais bheaga a choimeád ar bun agus an iliomad foirgneamh liostaithe atá againn in ionchathracha, i mbailte agus i sráidbhailte a chosaint.

Cumann Thraolaigh Mhic Shuibhne, Cathair Chorcaí
Cumann Mhic Craith/Uí Bhriain, Port Láirge

Passed

Motion 100

Tugann an Ard-Fheis seo dá haire an brú airgeadais atá ar chuid mhór clubanna spóirt amaitéaraigh, clubanna CLG ina measc, agus tacaíonn sí le díolúine iomlán ó rátaí a thabhairt do hallaí spóirt amaitéaraigh sa tuaisceart in áit an fhaoisimh ráta 80% atá ann faoi láthair.
Cumann Gerard Casey, Aontroim

Passed

Motion 101

Cuireann an Ard-Fheis seo go láidir i gcoinne dhíol na gceart agus na dtailte buainte le leasanna príobháideacha ag Coillte, ag tréigean na hacmhainne nádúrtha riachtanaí sin, a bheag nó a mhór. Acmhainn nár bhain rialtais na hÉireann as a chéile an chuid is fearr aisti is ea an acmhainn seo.
Cumann Phádraig Uí Chanáin, Baile Átha Cliath

Cumann an Chaisleáin Nua, Luimneach

Passed

Motion 102

Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo go gcuireann sí i gcoinne phríobháidiú ár n-acmhainní nádúrtha agus go bhfuil sí tiomanta do sheasamh leis an gceart atá ag muintir na hÉireann chun úinéireacht na hÉireann agus chun úinéireacht gach cuid di, mar atá luaite i bhForógra Phoblacht na hÉireann 1916. Dá réir sin, iarrann an Ard-Fheis seo ar an bpáirtí straitéis 32 contae a chur le chéile i leith fhorbairt agus úsáid ár n-acmhainní nádúrtha chun tairbhe mhuintir an oileáin seo.
Tacaíonn an Ard-Fheis seo le fosuithe gáis nádúrtha agus ola ár dtíre a thógáil faoi úinéireacht phoiblí trí chuideachta ola nó gáis atá faoi úinéireacht stáit nó trí chuideachta atá bunaithe ar an tsamhail atá i bhfeidhm san Iorua, rud atá le forbairt chun tairbhe mhuintir na hÉireann trí bhíthin ciste saibhris ardcheannasaigh a úsáid.
Mar bheart eatramhach, iarrann an Ard-Fheis seo moratóir láithreach ar eisiúint ceadúnas nua le haghaidh taiscéalaíocht gáis agus ola:

  • Go dtí go gcuirfear moltaí Chomhchoiste an Oireachtais um Ola agus Gás chun feidhme.
  • Go dtí go lorgófar ráthaíochtaí dlíthiúla chun úsáid a bhaint as calafoirt domhainfharraige, lena n-áirítear Calafort Ros an Mhíl i gConamara.
  • Go dtí go gcuirfear clásail shóisialta san áireamh i ngach conradh chun a chinntiú go mbainfidh an ceantar áitiúil tairbhe as an toradh eacnamaíoch. Ba cheart poist amach ón gcósta a thabhairt don mhuintir áitiúil agus ba cheart úsáid a bhaint as calafoirt chun freastal ar oibrithe.

Comhairle Ceantair na Gaillimhe Thiar
Comhairle Ceantair Dhún na nGall
Cumann Benny Connolly, Baile Átha Cliath

Passed

An tAontas Eorpach agus Gnóthaí Idirnáisiúnta

Motion 103

Cáineann an Ard-Fheis seo an cogadh ocht lá a thionscain fórsaí Iosrael in aghaidh mhuintir Gaza le déanaí agus éilíonn sí go gcuirfear deireadh le gach foréigean sa réigiún.
Cuireann an Ard-Fheis seo fáilte roimh an gcinneadh a rinneadh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe le déanaí chun stádas breathnóra neamhbhaill a dheonú don Phalaistín agus cáineann sí na bagairtí atá déanta ag Iosrael ionsaí a leathnú agus acmhainní a choimeád siar ó Údarás na Palaistíne de dheargainneoin an chinnidh sin.
Creidimid go gcuireann an cinneadh sin le próiseas síochána inbhuanaithe agus le socraíocht chaibidlithe a bhaint amach agus go gcuireann sé arís eile leis an acmhainn chun teacht ar réiteach dhá stát.
Molaimid do Rialtas na hÉireann ar a vótáil i bhfabhar stádas breathnóra a dheonú don Phalaistín agus iarraimid air leas a bhaint as na roghanna taidhleoireachta agus eacnamaíocha uile atá ar fáil dó d’fhonn brú a chur ar rialtas Iosrael deireadh a chur lena ionsaí in aghaidh mhuintir na Palaistíne.
Iarrann an Ard-Fheis seo go gcuirfear deireadh leis na baic uile atá ar rannpháirtíocht sa phróiseas polaitiúil ag gach páirtí a bhfuil sainordú daonlathach acu.
Tacaíonn an Ard-Fheis seo le Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine maidir lena hiarraidh go gcuirfear deireadh leis na socraíochtaí uile a thógáil sna Críocha faoi Fhorghabháil ar na forais go bhfuil sé sin ina shárú ar Choinbhinsiúin na Ginéive 1949.
Iarrann an Ard-Fheis seo go gcuirfear rúin na Náisiún Aontaithe chun feidhme agus go bhforfheidhmeofar an dlí idirnáisiúnta.
Ard-Chomhairle
Cumann Phóil Uí Chinseallaigh, Cathair Dhoire

Passed

Motion 104

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:

  • Cuireann sí in iúl go bhfuil an-imní uirthi faoin gcoimhlint atá ar siúl agus faoin gcailliúint saol sa tSiria agus iarrann sí go gcuirfear deireadh le gach cogaíocht sa tír.
  • Cáineann sí aon duine atá páirteach sa choimhlint sa tSiria as sibhialtaigh a mharú agus as cearta an duine a shárú.
  • Cáineann sí an t-ionsaí a rinne Iosrael ar an tSiria le déanaí. Ní dhéanann sé sin ach cur leis an teannas sa réigiún.

Ard-Chomhairle

Passed

Motion 105

Cuireann an Ard-Fheis seo fáilte roimh an tionscnamh de chuid an PKK chun na himthosca a chruthú do phróiseas síochána atá bunaithe ar chuimsitheacht, ar ionadaíochas, ar chóimheas, ar cheartas agus ar chomhionannas agus iarrann sí freisin ar rialtas na Tuirce freagairt go dearfach dó agus creat a chur le chéile trínar féidir cainteanna síochána a chur ar siúl. Iarraimid ar an Aontas Eorpach tacaíocht a thabhairt don tionscnamh síochána agus na bearta cuí taidhleoireachta a dhéanamh chun rialtas na Tuirce a spreagadh chun freagairt ar bhealach dearfach.

Chomh maith leis sin, cáineann an Ard-Fheis seo marú an triúir bhanghníomhaithe Coirdíneacha i bPáras agus iarrann sí ar údaráis na Fraince imthosca a mbásanna a imscrúdú go géar.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 106

Cuireann an Ard-Fheis seo in iúl do mhuintir na Palaistíne go leanfaimid ar aghaidh le tacaíocht a thabhairt dóibh agus molann sí go dtabharfar tacaíocht iomlán don fheachtas chun earraí agus seirbhísí Iosrael, Caterpillar ina measc, a bhaghcatáil agus a sheachaint agus do bhaghcat taidhleoireachta a imirt ar gach duine siúd atá páirteach i ngníomhaíocht socraíochta. Tá imní ar leith ar an Ard-Fheis seo faoi ghníomhaíochtaí Cement Roadstone, ar cuideachta atá lonnaithe in Éirinn í, agus iarrann sí go ndéanfar imscrúdú ar a gcuid gníomhaíochtaí agus ar ghníomhaíochtaí gach cuideachta den chineál céanna agus iad ag comhoibriú i sáruithe ar chearta an duine.
Iarrann an Ard-Fheis seo freisin go gcuirfear deireadh le gach trádáil le cuideachtaí talmhaíochta Iosrael atá comhpháirteach sa chóras forghabhála, coilínithe agus apartheid atá i bhfeidhm in Iosrael. Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Ard-Chomhairle atá ag teacht isteach iarraidh ar gach Comhairle Ceantair agus ar gach Cumann páirt a ghlacadh in aon fheachtais a bhfuil sé mar aidhm acu deireadh a chur le trádáil talmhaíochta le hIosrael a mhaoiníonn scriosadh fheirmeoireacht na Palaistíne agus a bhaineann tairbhe as an scriosadh sin.

Cumann Phádraig Uí Chanáin, Baile Átha Cliath

Cumann Phearaile/Uí Chorráin/Uí Ógáin, Loch Garman

Cumann Gerard Casey, Aontroim
Cumann Phádraig Mhic Phiarais, Cathair Dhoire
Cumann Mhic Dhomhnaill/Uí Shé, Corcaigh
Comhairle Ceantair na Gaillimhe Thiar

Passed

Motion 107

Tacaíonn an Ard-Fheis seo leis na hiarrachtaí atá ar siúl chun próiseas síochána inbhuanaithe a bhaint amach sa Cholóim. Tacaímid le gach duine lena mbaineann agus iad ag féachaint le próiseas cuimsitheach a chur i bhfeidhm agus le socraíocht chaibidlithe dhaonlathach a bhaint amach.

Ard-Chomhairle

Passed

Motion 108

Molann an Ard-Fheis seo leis na hiarrachtaí atá déanta ag Rialtas Eacuadór chun dul i ngleic le déine, agus molann sí an tiomantas atá aige do chomhionannas sóisialta, agus é ag iarraidh a léiriú go bhfuil malairt ar dhéine agus ar chiorruithe ann.

Ard-Chomhairle

Passed

Motion 109

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:

  • Tugann sí dá haire go mbíonn cinnteoireacht san AE ag éirí níos láraithe agus gurb iad na ballstáit is mó a dhéanann na cinntí san AE go minic.
  • Tugann sí dá haire na srianta ar roghanna beartais eacnamaíoch atá ar fáil do na ballstáit agus go bhfuil beartas loicthe na déine á fhorchur ar bhonn méadaithe.
  • Cáineann sí an rialtas toisc gur theip air leasanna na hÉireann a chosaint ó thaobh cúrsaí polaitiúla de agus ó thaobh cúrsaí eacnamaíocha de araon.
  • Creideann sí go bhfuil sé tábhachtach dul i dteagmháil leis an AE maidir le cearta oibrithe a chosaint, le forbairt na gceantar tuaithe agus na bpobal cósta a chur chun cinn, agus le bonneagar ríthábhachtach a fhorbairt ar leibhéal uile-Éireann.
  • Creideann sí nach mór ionadaíocht níos láidre Shinn Féin a bheith ann i bParlaimint na hEorpa tar éis na dtoghchán i 2014 chun seasamh in aghaidh aon mhaolaithe eile ar ardcheannas na hÉireann, chun seirbhísí poiblí a chosaint, chun comhionannas a chur chun cinn, chun tús áite a thabhairt do thrádáil chóir in ionad saorthrádála, agus chun an geilleagar glas a fhorbairt.
  • D’fhonn na cuspóirí sin a bhaint amach ar an mbealach is fearr, creideann sí go dteastaíonn ‘Eoraip ina bhfuil gach duine Cothrom’ uainn – is é sin, comhpháirtíocht atá comhdhéanta de stáit ardcheannasacha chothroma, a chuireann síocháin, dímhíleatú, dí-armáil núicléach agus réiteach cóir coimhlintí chun cinn agus a chomhoibríonn chun forbairt shóisialta agus eacnamaíoch a bhaint amach san Eoraip agus níos faide anonn.
  • Molann sí an obair atá déanta ag FPE Shinn Féin Martina Anderson agus an obair a bhí déanta ag Bairbe de Brún, a réamhtheachtaí.
  • Tiomnaíonn sí í féin do bheith ag obair le fórsaí forásacha ar fud an AE chun Eoraip atá daonlathach, sóisialta agus síochánta a chur chun cinn.

Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

Passed

Motion 110

Cuireann an Ard-Fheis seo fáilte roimh an ionchas atá ann do mhaoiniú don Tuaisceart, agus do na contaetha teorann sa Deisceart, a chuirfidh beartas comhtháthaithe an AE ar fáil trí chláir Interreg V agus Peace IV 2014-2020, agus ní mór dúinn a chinntiú go mbainfear an chuid is fearr as an maoiniú sin.
Creideann an Ard-Fheis seo nach mór maoiniú ón AE a dhíriú ar dhul i ngleic le riachtanas oibiachtúil. Is é is riachtanas oibiachtúil ann ná an critéar a leagann amach go soiléir agus gan aon athbhrí cé hiad na daoine a bhfuil an gá is mó le cabhair acu. Ní mór do riachtanas oibiachtúil a bheith ar an rud is tábhachtaí nuair atá an maoiniú á dháileadh – níor cheart maoiniú a thabhairt do ghrúpaí ná do phobail bunaithe ar scéalta starógacha go mbraitheann siad go bhfuil siad fágtha taobh thiar nó faillithe.
Ní mór na critéir le haghaidh iarratais a shimpliú ionas gur féidir le grúpaí áitiúla beaga dul ar aghaidh tríd an bpróiseas casta iarratais, agus ní mór na nósanna imeachta um measúnú iarratas a chuíchóiriú agus a bhrostú go mór ar mhaithe le torthaí a tháirgeadh ar an bhfód. Tá gá leis sin a dhéanamh i gcás an SEUPB (Forais um Chláir Speisialta an AE) agus i gcás gach roinne rialtais, ó thuaidh agus ó dheas, atá páirteach sa phróiseas sin.
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

Passed

Motion 111

Cáineann an Ard-Fheis seo an foréigean a d’imir na póilíní sa Ghréig agus sa Spáinn ar agóideoirí síochánta frithdhéine. Tá imní orainn faoin gclaonadh atá ag na póilíní bearta leatromacha den sórt sin a úsáid sna 26 Chontae.
Cumann Phádraig Uí Chanáin, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 112

Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo go dtacaíonn sí leis an gceart atá ag náisiúin bheaga chun féinchinntiúcháin agus go gcuireann sí i gcoinne diúltaithe don cheart sin ag Rialtais ar fud an Domhain.
Go háirithe, cuireann sí ár dtacaíocht in iúl dár gcomrádaithe i ngluaiseacht Óige na mBascach, in JERC, sna gluaiseachtaí óige i ngach náisiún atá ag troid ar son féinchinntiúcháin, agus do gach duine atá ag troid in aghaidh forghabhála agus leatroim faoi láthair.
Coiste Náisiúnta Óige

Passed

Motion 113

Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo go gcuireann sí go hiomlán i gcoinne bhallraíocht NATO agus i gcoinne mhíleatú méadaitheach an AE agus ordaímid dár gcomhaltaí tofa agus d’eagraíocht an pháirtí cur chun cinn a dhéanamh ar an mbunphrionsabal poblachtach sin a bhaineann le neodracht agus le hardcheannas na hÉireann, go háirithe i gcomhthéacs chéad bliain bhriseadh amach an Chéad Chogaidh Dhomhanda i 2014, rud ar tharraing Sasana Impiriúil Éire isteach ann agus a raibh ina chúis le bás na mílte Éireannach óg.
Cumann Phádraig Uí Chanáin, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 114

Iarrann an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann a chuid cumhachtaí, dá bhforáiltear faoi airteagal 16 den Choinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (Coinbhinsiún Chicago) 1955 agus faoi airteagal 49 den Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Leasú), 1998, a fheidhmiú go hiomlán, is é sin chun imscrúdú a dhéanamh ar aerárthaí stáit na Stát Aontaithe atá ag dul trí Aerfort na Sionna d’fhonn comhlíonadh “seachadta urghnách” a bhrath nó a chosc ar thaobh Stát na hÉireann.
Comhairle Ceantair na Gaillimhe Thiar

Passed

Motion 115

Cuireann an Ard-Fheis seo a dlúthpháirtíocht le muintir Bhurma in iúl, daoine a d’fhulaing réim bhrúidiúil mhíleata le glúine anuas. Aithníonn an Ard-Fheis seo an ceart chun saoirse, chun síochána agus chun féinchinntiúcháin atá ag lucht Karen agus ag mionlaigh eitneacha eile i mBurma. Cuireann an Ard-Fheis seo fáilte roimh na céimeanna dearfacha atá á nglacadh i dtreo daonlathais agus iarrann sí go gcuirfear deireadh láithreach le sáruithe ar chearta an duine i mBurma agus leis an díriú d’aon ghnó ar phobail shibhialtach ag an arm i Stát Kachin; iarrann sí go scaoilfear príosúnaigh pholaitiúla agus go réiteofar an choimhlint trí chomhphlé agus trí idirbheartaíocht pholaitiúil.
Cumann Uí Mháille/Mhic an Mhíligh, Maigh Eo

Passed

Motion 116

Aithníonn an Ard-Fheis seo gur lean rialtais as a chéile ar aghaidh le neodracht na hÉireann a chreimeadh.
Tugaimid faoi deara imscaradh bhaill Óglaigh na hÉireann san Afganastáin agus an iarracht atá á déanamh faoi láthair chun saighdiúirí na hÉireann a thiomnú do thaobh an Rialtais sa choimhlint i Mailí beag beann ar rabhaidh a thug Adama Dieng, ar toscaire frith-chinedhíothaithe na Náisiún Aontaithe é, le déanaí gur shuaith gníomhartha shaighdiúirí rialtas Mhailí é agus “go bhféadfadh gurb ionann iad agus coireanna ainghnímh”.
Creideann an Ard-Fheis seo nach mbainfear cobhsaíocht ná síocháin amach trí Éirinn a tharraingt isteach i ngníomhartha míleata páirtíneacha. Dá ndéanfaí a leithéid de rud, creideann an Ard-Fheis seo go ndéanfadh sé sin dochar don dea-thuairim atá ag cuid mhór tíortha ar fud an domhain i leith na hÉireann.
Cuireann an Ard-Fheis seo i gcoinne imscaradh Óglaigh na hÉireann i Mailí agus i gcoimhlintí eile den sórt sin agus cuireann sí i gcoinne na bainte atá ag fás idir Éire agus comhghuaillíochtaí míleata NATO agus an AE.
Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo an tiomantas atá ag Sinn Féin do neodracht na hÉireann agus do bheartas eachtrach neamhspleách agus cuireann sí béim arís eile ar thoilteanas ár bpáirtí feidhmiú mar acmhainn le haghaidh réiteach coimhlinte, socraíochtaí daonlathacha síochánta agus féinchinntiúchán a chur chun cinn ar fud an domhain.
Ard-Chomhairle

Passed

Tithíocht

Motion 117

Tugann an Ard-Fheis seo dá haire:

  • Gur shábháil Fianna Fáil, Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre na bainc, na forbróirí, na gníomhaireachtaí iniúchta agus cuntasaíochta agus na polaiteoirí a raibh ina gcúis leis an ngéarchéim eacnamaíoch agus gur chabhraigh siad leis na daoine sin a chosaint
  • Nár tugadh an tacaíocht chéanna do na daoine sin a fuair airgead ar iasacht chun tithe chun cónaí iontu a cheannach, agus iad ag íoc na mílte euro i ndleacht stampála, agus a bhfuil morgáistí ollmhóra le híoc acu anois

Tugann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas dá haire freisin:

  • Go bhfuil duine amháin as gach ceathrar sealbhóirí morgáiste sna 26 Contae in anacair
  • Go bhfuil 179,370 sealbhóir morgáiste in anacair agus go bhfuil na mílte eile i mbaol anacra
  • Go bhfuil 115 sealbhóir morgáiste ag titim isteach in anacair gach lá
  • Go bhfuil an chumhacht i lámha na mbanc arís mar gheall ar an bhfógra ón rialtas le déanaí lena dtugtar cumhachtaí nua dóibh tithe a athshealbhú, agus go bhfágfaidh na hathruithe atá beartaithe ar an gcód iompraíochta um anacair mhorgáiste go mbeidh cúinsí níos deacra do chustaiméirí
  • Nach gcabhróidh an tAcht um Dhócmhainneacht Phearsanta 2012, ná an tseirbhís dócmhainneachta pearsanta a chruthaítear leis, le formhór mór na sealbhóirí morgáiste atá in anacair faoi láthair
  • Go n-iarrann an Ard-Fheis seo ar an rialtas reachtaíocht leasaithe a thabhairt anuas sa reachtaíocht um Dhócmhainneacht Phearsanta chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:
  • Deireadh a chur leis an gcumhacht atá ag iasachtóirí chun comhaontuithe dócmhainneachta atá beartaithe san Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta a chrosadh
  • Foráil a dhéanamh sa reachtaíocht do bhreithniú agus d’fhorfheidhmiú neamhspleách a dhéanamh ar chásanna anacra morgáiste, trí chatagóir nua de chomhaontú a dtabharfar ‘comhaontú neamhspleách ar anacair mhorgáiste’ uirthi. Is é painéal neamhspleách athstruchtúraithe morgáiste a bheidh ceaptha ag an Aire a dhéanfaidh breithniú ar chásanna den sórt sin
  • Príomhthosaíocht a dhéanamh de dhaoine a choinneáil in áras an teaghlaigh, agus an fhéidearthacht a chur san áireamh i gcomhaontuithe chun codanna den fhiach morgáiste a laghdú, chomh maith le babhtálacha cothromais a chur in áit féich agus roghanna cíosa a chur in áit morgáiste

Ard-Chomhairle
Cumann Thomas Ashe, an Mhí

Passed

Motion 118

Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo gur ceart bunúsach an duine é an ceart chun tithíochta ag am nuair atá anacair níos mó thithíochta i measc ár muintire ag teacht as na bearta déine atá á bhforchur ag cumhachtaí seachtracha ar fud oileán na hÉireann, agus tacaíonn sí, mar thosaíocht, le hiarrachtaí chun aon mhéadú ar an easpa dídine a mhaolú.

Cuireann an Ard-Fheis seo a cuid imní in iúl faoi oibriú an chórais leithdháilte tithíochta atá i bhfeidhm sa tuaisceart faoi láthair, rud a chuireann iad siúd atá ag lorg tithíocht shóisialta i gceantair náisiúnacha “ardéilimh” faoi mhíbhuntáiste.
Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Aire Forbartha Sóisialta na nithe seo a leanas;

  • Athbhreithniú a dhéanamh ar an mbeartas a bhaineann le gan deontais a thabhairt do dhaoine ar leo a dtithe féin agus nach bhfuil in ann stop a chur leis an meath atá ag teacht ar a gcuid áitribh
  • Bearta práinneacha a dhéanamh chun dul i ngleic leis na míchothromaíochtaí atá ann laistigh den scéim roghnúcháin tithíochta, go háirithe i gceantair ardéilimh (liostaí feithimh)
  • A chinntiú go dtógfar gach tithíocht shóisialta ar bhonn riachtanas oibiachtúil
  • Gan an pionós tearcáitíochta a chur chun feidhme, toisc go bhféadfadh sé sin iallach a chur ar na mílte tionónta tithíochta sóisialta a gcuid tithe a fhágáil.

Cúige na Sé Chontae
Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Thiar
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

Passed

Motion 119

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:

Aithníonn sí;

  • Go bhfuil ganntanas tithíochta sóisialta i stát na hÉireann agus go bhfuil sé sin amhlaidh ó bunaíodh é.
  • Gur ghlac rialtas reatha na hÉireann le cur chuige a chuireann an fhreagracht as tithíocht shóisialta a sholáthar ar an earnáil phríobháideach agus gur lean sé leis an stoc tithíochta poiblí atá ar fáil a laghdú.

Tugann sí dá haire;

  • Go ndearna rialtas na hÉireann caiteachas ar thithíocht a laghdú faoi 19% go dtí €585 milliún ó 2011, rud a fhágann go bhfuil Tithíocht Údaráis Áitiúil tearcmhaoinithe go mór agus go bhfuil 98,318 teaghlach ar liostaí feithimh do Thithíocht Údaráis Áitiúil sa stát seo.
  • Go bhfuil cóiríocht á cur ar fáil do 23,649 duine faoin Scéim um Chóiríocht ar Cíos agus go bhfuil 94,000 duine ag fáil Forlíonadh Cíosa. Mar thoradh ar laghduithe a rinneadh le déanaí ar rátaí Forlíonta Cíosa, tá sé níos deacra anois teacht ar thithíocht inacmhainne agus, i roinnt cásanna, chaill teaghlaigh a gcuid tithe.
  • Go bhfuil sainordú ag an nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (NAMA) díbhinn shóisialta a chur ar fáil, cé nár cuireadh ach 179 aonad ar fáil le haghaidh tithíochta go dtí seo

Iarrann sí ar rialtas na hÉireann na nithe seo a leanas a dhéanamh;

  • A chinntiú go gcuirfidh NAMA le “forbairt shóisialta agus eacnamaíoch an Stáit” trí aon aonaid tithíochta ina phunann atá oiriúnach do thithíocht shóisialta a chur ar fáil.
  • Plean a chur le chéile chun tús a chur le 5,000 aonad tithíochta ar a laghad a thógáil faoi dheireadh 2013, agus le 4,000 teach eile a thógáil faoin dara leath de 2014, don chóras tithíochta poiblí, lena n-áirítear bannaí tithíochta sóisialta a úsáid chun na tionscadail sin a mhaoiniú.
  • Maoiniú do chóiríocht don Lucht Siúil a thabhairt ar ais go dtí na leibhéil a bhí i bhfeidhm i 2010.

Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae
Cumann Mhic Cába/Uí Choigligh, Baile Átha Cliath
Cumann Phearaile/Uí Chorráin/Uí Ógáin, Loch Garman

Cumann Eiméid/Uí Chléirigh, Baile Átha Cliath

Cumann Uí Maoilmhiadhaigh/Mhic Cathmhaoil, Cathair na Gaillimhe

Passed

Motion 120

Cáineann an Ard-Fheis seo rialtais na hÉireann a bhí i bhfeidhm le déanaí toisc go dteipeann ar an oiread sin daoine sa stát a bheith in ann teacht ar thithíocht shóisialta ar chaighdeán maith. Tá sé soiléir go dteastaíonn athrú radacach uainn ar an dóigh a bhfuil tithíocht shóisialta á cur ar fáil againn ar fud an stáit faoi láthair. Meastar go bhfuil beagnach 100,000 duine ar an liosta reatha Feithimh Thithíochta faoi láthair, agus áirítear leis an bhfigiúr sin na 5200 duine atá ar liosta na n-údarás áitiúil nuachumaiscthe i Luimneach agus nach bhfuil ach miondóchas acu go gcuirfear tithíocht ar fáil dóibh. Ag an am céanna, chaith an stát seo €498,200 i gcíos le tiarnaí talún príobháideacha tríd an Scéim Liúntais Chíosa agus tríd an Scéim um Chóiríocht ar Cíos araon i 2012. Tá sé soiléir nach mór don stát díriú ar thithíocht shóisialta a sholáthar mar thosaíocht, ní mór dó bogadh ar shiúl ón spleáchas atá aige ar thiarnaí talún príobháideacha maidir le tithíocht shóisialta a sholáthar agus ní mór dó tiomantas a thabhairt do dhul i ngleic leis an liosta scannalach tithíochta sóisialta.
Cumann Mhic Fhlannchaidh/Uí Cheallacháin, Cathair Luimnigh

Passed

Motion 121

Iarrann an Ard-Fheis seo ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a gcuid áitreabh a chothabháil go leordhóthanach ar mhaithe leis na tionóntaí uile. Tá áitribh ag dul chun raice mar gheall ar fhaillí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
Cumann Mhic Cába/Uí Choigligh, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 122

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Ard-Chomhairle atá ag teacht isteach grúpa a chur ar bun chun a chinntiú go n-éireoidh le cosaint thithíocht shóisialta agus éiteas pobail an Fheidhmeannais Tithíochta tar éis an athbhreithnithe atá le teacht ar Thithíocht sa tuaisceart. Ba cheart d’fhoireann Tionóil Shinn Féin a chinntiú:

  • Go slánófar an stoc tithíochta atá ann cheana féin agus go bhfanfaidh sé faoi úinéireacht tiarna talún amháin
  • Go gcoimeádfar an t-éiteas pobail agus sóisialta ar bun agus go gcothófar an t-éiteas sin sna blianta amach anseo
  • Go mbeidh an leithdháileadh tithíochta bunaithe ar riachtanas
  • Go mbeidh an tógáil tithíochta nua sóisialta bunaithe ar dhíriú ar riachtanas sóisialta
  • Go slánófar na poist atá ann cheana féin laistigh den Fheidhmeannas Tithíochta sna blianta amach anseo
  • Go ndéanfar athbhreithniú ar an scéim ‘ceart ceannaigh’ chun a chinntiú nach bhfuil sí ag creimeadh cibé atá fágtha den stoc tithíochta sóisialta

Comhairle Ceantair Chathair Dhoire
Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Thiar

Passed

Motion 123

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:

  • Cé go bhfuil beartas soiléir tithíochta ag gach Údarás Áitiúil, tugann sí dá haire go bhfuil easpa soiléireachta iontu maidir le déileáil le daoine a bhfuil iallach á chur orthu áras an teaghlaigh a fhágáil mar gheall ar chliseadh caidrimh. Tá deacrachtaí sonracha ag na daoine céanna sin maidir le teacht ar Liúntas Leasa Forlíontach (Liúntas Cíosa) agus ní ghlactar go minic leo ar liostaí Tithíochta Údaráis Áitiúil toisc go meastar go bhfuil leasanna dílsithe airgeadais acu in árais teaghlaigh nach gcónaíonn siad iontu a thuilleadh (toisc go dteitheann siad ó na hárais sin go minic mar gheall ar fhoréigean baile).
  • Faoi láthair, déanann Údaráis Áitiúla measúnú ar iarratais den sórt sin ar bhonn cáis ar chás den chuid is mó, in ionad a bheith ag cur beartais shoiléire atá bunaithe ar reachtaíocht i bhfeidhm chun déileáil le daoine a bhíonn a bheag nó a mhór ligthe i ndearmad agus, mar gheall air sin, bíonn deacrachtaí acu freastal ar chostais chíosa phríobháidigh, agus meastar iad a bheith neamh-incháilithe le haghaidh iarratas a dhéanamh ar Scéimeanna Tithíochta Sóisialta.
  • Iarrann sí ar an Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil Phil Hogan cumhacht agus acmhainní a thabhairt d’Údaráis Áitiúil measúnú éifeachtach a dhéanamh ar dhaoine a d’fhág áras an teaghlaigh mar gheall ar chliseadh caidrimh, beartas a leagan amach go soiléir chun déileáil le hiarratasóirí den sórt sin, agus meicníochtaí a leagan síos laistigh den bheartas sin chun ligean do chúinsí atruacha agus síceolaíocha an duine a chur san áireamh mar chuid de na próisis mheasúnaithe.

Comhairle Ceantair Lú

Passed

Motion 124

Agus í ag tabhairt aitheantais don cheart chun tithíocht leordhóthanach agus don fhíric nach bhfuil téamh, insliú ná fuinneamh gréine leordhóthanach le fáil i gcuid mhór tithe atá á ligean ar cíos ag údaráis áitiúla, iarrann an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann maoiniú cuí leordhóthanach a chur ar fáil chun stoc tithíochta na comhairle a athchóiriú ionas gur féidir le daoine cónaí i gcóiríocht a chothaíonn dea-shláinte agus dea-chompord.
Iarrann an Ard-Fheis seo go dtabharfar maoiniú dóthanach do Scéim na dTithe Níos Teo ionas gur féidir aghaidh a thabhairt ar an liosta feithimh naoi mí ar bhealach tráthúil. Tá na céadta teach ag feitheamh leis na hoibreacha riachtanacha sin faoi láthair.
Cumann Iorrais, Maigh Eo

Passed

Motion 125

Iarrann an Ard-Fheis seo go ndéanfar rialáil níos mó ar thiarnaí talún príobháideacha agus go dtabharfar rialuithe cíosa isteach mar mhodh chun dul i ngleic leis na costais mhéadaitheacha tithíochta ar an sparán poiblí, in áit na dTeorainneacha treallacha Sochair Thithíochta agus na bPionós Tearcáitíochta atá a bhforchur chun aimhleasa tionóntaí sna Sé Chontae.
Iarrann an Ard-Fheis seo freisin ar Rialtas na hÉireann agus ar an gCoiste Feidhmiúcháin reachtaíocht a chur le chéile chun a chinntiú go dtabharfar cosaint do chearta Tionóntaí Príobháideacha agus go mbeidh gach réadmhaoin ar cíos oiriúnach don fheidhm.
Cumann Mhic Cába/Uí Choigligh, Baile Átha Cliath
Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Thiar
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

Passed

Motion 126

Iarrann an Ard-Fheis seo;

  • ar an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, ar Athnuachan Bhaile Munna Teo. agus ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath aon Tástáil Phiríte atá fós le déanamh a chur i gcrích agus na tithe a dheisiú mar ábhar práinne.
  • go gcuirfear Scéim Athnuachana Bhaile Munna i gcrích chomh tapa agus is féidir.
  • go n-aisiompófar na ciorruithe ar mhaoiniú d’Athnuachan Bhaile Munna Teo.

Cumann Mhic Cába/Uí Choigligh, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 127

Iarrann an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann maoiniú leordhóthanach a chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar an scannal a bhaineann le heastáit neamhchríochnaithe agus éilíonn sí go gcuirfear de dhualgas ar an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste imscrúdú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

  • An cleachtas atá ag roinnt údaráis áitiúla maidir le gan bannaí a bhailiú.
  • An cleachtas atá ag roinnt údaráis áitiúla maidir le bannaí rollacha a úsáid.
  • An cleachtas atá ag roinnt údaráis áitiúla maidir le leanúint ar aghaidh le cead pleanála d’fhorbairtí nua a dheonú d’fhorbróirí ar theip orthu cead pleanála a chomhlíonadh roimhe sin.

Comhairle Ceantair Dhún na nGall

Passed

Motion 128

Ag aithint go bhfuil roinnt tithe a tógadh le blianta beaga anuas ar droch-chaighdeán tógála, agus faillíoch i gcásanna áirithe, mar a léiríonn Halla na Prióireachta agus na tithe sin a bhfuil pirít le fáil iontu, iarrann an Ard-Fheis seo ar rialtas na hÉireann obair a dhéanamh i dtreo an fiach a thabhaigh na húinéirí lonnaitheacha sin ar cheannaigh a gcuid réadmhaoine féin de mheon macánta a chur ar ceal agus a chinntiú nach dtabharfar rátálacha diúltacha creidmheasa do na daoine sin mar thoradh air sin.
Cumann Uí Mháille/Uí Ruiséil, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 129

Ar iarratas a dhéanamh chuig Clárlann na Talún, ba cheart an leas atá ag úinéir i maoin a mhéadú go dtí stádas an úinéara réadmhaoine ruílse sa chás gur úinéir réadmhaoine léasaí atá fós i seilbh tiarnaí talún eachtracha nó tiarnaí talún neamhchónaitheacha é an t-úinéir sin. Ba cheart an próiseas a chur i bhfeidhm láithreach agus gan costas a bheith ar shaoránach na hÉireann. Más rud é nach eol cé hé an tiarna talún atá i gceist, nó nach mian leis an tiarna talún an nós imeachta sin a éascú, ba cheart don Stát aon chostais a thabhaítear trí úsáid a bhaint as Eadránaí Bunchíosanna a íoc.
Cumann Uí Choileáin/Mhig Riabhaigh, Gaillimh

Passed

Motion 130

Tugann an Ard-Fheis seo dá haire ar bhealach measúil na deacrachtaí a bhíonn ag gach duine gan dídean. Ina theannta sin, aithníonn an Ard-Fheis seo na baic a bhaineann le tithíocht idirthréimhseach a bhíonn roimh dhaoine, go háirithe na daoine siúd a bhaineann nó a bhain mí-úsáid as substaintí.

  • I bhfianaise na nithe thuas, molann an Ard-Fheis seo an coincheap a bhaineann leis an mBeartas ‘Tithíocht ar dTús’, cur chuige atá deartha chun deireadh a chur le heaspa dídine agus a forbraíodh sna Stáit Aontaithe. Is é atá i gceist leis an gcoincheap seo cúnamh a thabhairt do dhaoine gan dídean dul isteach i gcóiríocht bhuan trí thacaíocht chuí agus trí sheirbhísí cúraim a chur ar fáil dóibh, seachas an cur chuige a úsáidtear go traidisiúnta, rud a dtugtar ‘réidh do thithíocht’ air.
  • Ina theannta sin, ba cheart don Ard-Fheis seo tiomantas a thabhairt d’athbhreithniú cuimsitheach iomlánaíoch a dhéanamh ar an tsamhail sin chun féachaint cé chomh hoiriúnach is a bheadh a cur chun feidhme ar bhonn uile-Éireann.

Cumann Terry Clarke, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 131

I gcás aon imeachtaí féimheachta atá á dtionscnamh in aghaidh duine aonair, iarrann an Ard-Fheis seo go ndéanfar cosaint áras an teaghlaigh a chaidhpeáil ar luach €1m. Ba cheart an teach a dhíol ina dhiaidh sin agus aon mhaoiniú os cionn an €1m sin a úsáid chun creidiúnaithe a íoc.
Cumann Mhic Gabhann/Mhic an tSábhaisigh, Baile Átha Cliath

Passed

Ag Cosaint Thuath na hÉireann

Motion 132

Aithníonn an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas

  • Go bhfuil pobail tuaithe á n-ionsaí agus go bhfuil beartais déine Pháirtí an Lucht Oibre/Fhine Gael ag baint seirbhísí riachtanacha ónár bpobail áitiúla – scoileanna, treoirchomhairleoirí, ospidéil, líonra iompair thuaithe, oifigí poist agus stáisiúin Ghardaí. Chomh maith leis sin, tá cánacha faoi choim – cosúil leis an Muirear Sóisialach Uilíoch, cáin áras an teaghlaigh, méaduithe CBL, méaduithe mótarchánach, an muirear umair sheiptigh agus an muirear uisce - á dtabhairt isteach ag an rialtas.
  • Go bhfuil gnóthais, siopaí agus tithe tábhairne i mbailte tuaithe agus i sráidbhailte tuaithe ag druidim. Tá ag teip ar ghnóthais bheaga dhúchasacha, feirmeoirí beaga ina measc, agus ní bhíonn siad ag fáil tacaíochta ón rialtas ná ag fáil creidmheasa ó na bainc, agus leantar aghaidh le dochar a dhéanamh dár bpobail iascaireachta.
  • Go bhfuil caighdeán saoil na ndaoine a chónaíonn faoi thuath na hÉireann á chur faoi bhagairt mar gheall go bhfuil ag teip ar rialtas na hÉireann an tionchar sóisialta agus eacnamaíoch a imríonn eisimirce agus ciorruithe a aithint agus mar gheall ar an easpa comhionannas rochtana ar sheirbhísí poiblí.
  • Go bhfuil sé do-ghlactha nach bhfuil plean soiléir ag an rialtas chun cosaint agus inbhuanaitheacht amach anseo na bpobal tuaithe a chinntiú agus chun geilleagar rathúil tuaithe a chruthú.
  • An rannchuidiú socheacnamaíoch an-suntasach atá á dhéanamh ag an earnáil talmhaíochta agus agraibhia leis an ngeilleagar faoi láthair agus an rannchuidiú breise a d’fhéadfadh sí a dhéanamh le téarnamh eacnamaíoch dá dtabharfaí an tacaíocht is gá di.

Athdheimhníonn an Ard-Fheis seo;

  • Go leanfaimid ar aghaidh le ceannaireacht a sholáthar agus le seasamh le muintir thuath na hÉireann mar chuid d’fheachtas leanúnach Shinn Féin ‘Grá do Thuath na hÉireann’ a seoladh i gCaisleán an Bharraigh i Márta 2012;
  • Go bhfuil sé mar sprioc againn a chinntiú go dtabharfar an tOireachtas tacaíocht dár bplean ‘Ag Cosaint Thuath na hÉireann’ a seoladh le déanaí, rud a leagann amach réitigh shoiléire agus fís fhadtéarmach le haghaidh pobail áitiúla a athnuachan agus a fhás agus le haghaidh infheistíocht a dhéanamh i gcruthú post ar fud thuath na hÉireann, faoi mar atá leagtha amach i dtograí Shinn Féin chun poist a chruthú.
  • Gur cheart an ról mar Aire Gnóthaí Tuaithe a chur ar ais ina ról iomlán sa chomh-aireacht agus é san áireamh go hiomlán i gceann de na punanna atá ann cheana féin
  • Go dtacaíonn sí leis an gcáipéis “Todhchaí Thuath na hÉireann – Bealach a Mhapáil i dTreo Téarnaimh” a seoladh le déanaí.

Ard-Chomhairle

Cumann Chathail Uí Uirthile, Co. Chorcaí
Cumann Mhic Dhomhnaill/Uí Shé, Corcaigh
Cumann Iorrais, Maigh Eo

Passed

Motion 133

Iarrann an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann dul i dteagmháil go hiomlán le hionadaithe do bhainteoirí móna agus do chonraitheoirí, mar aon le páirtithe leasmhara eile, d’fhonn straitéis inghlactha a fhorbairt agus a ghlacadh le haghaidh bainistíocht a dhéanamh ar phortaigh ardaithe in Éirinn, rud a chinnteoidh gur féidir coimhlint a sheachaint agus gur féidir cearta traidisiúnta chun móin a bhaint a fheidhmiú nuair is féidir, ag tabhairt aitheantais ag an am céanna don ról ríthábhachtach a imríonn bainteoirí móna maidir le portaigh a choimeád agus maidir leis an gcomhshaol a chosaint.
Comhairle Ceantair na Gaillimhe Thiar

Passed

Motion 134

Tugann an Ard-Fheis seo dá haire an líon síormhéadaithe daoine óga atá dífhostaithe agus nach mór dóibh dul ar imirce. Aithnímid go ndeachaigh imirce i bhfeidhm ar Mhaigh Eo agus ar chontaetha eile feadh an chósta Thiar le cuid mhór blianta. Iarrann an Ard-Fheis seo ar rialtas na hÉireann tabhairt faoin ngéarchéim seo mar chúrsa práinne.
Cumann Uí Mháille/Mhic an Mhíligh, Maigh Eo

Passed

Motion 135

Tugann an Ard-Fheis seo dá haire an ghéarchéim phóilíneachta i bpobail tuaithe. Iarraimid an freaschur ciorruithe ar líon Gardaí, feithiclí agus athoscailt na stáisiún Gardaí faoin tuath.
Iarrann an Ard-Fheis seo freisin ar an Aire Dlí agus Cirt tús a chur le hollchóiriú iomlán na Scéime Pobal-ar-Aire faoi thuath na hÉireann;

  • go ndéantar an Scéim Pobal-ar-Aire a athchóiriú agus a athsheoladh go hiomlán ag leibhéal stáit agus go seoltar feachtas feasachta poiblí áitiúil agus ar fud an stáit chun eolas a thabhairt don phobal faoi chumas na scéimeanna Pobal-ar-Aire;
  • go gcuirfear an scéim ar fáil le líonta iomchuí pearsanra tiomanta Garda chun teagmháil a dhéanamh le pobail.
  • go n-oibríonn na Gardaí i spiorad comhoibrithe le páirtithe leasmhara sa phobal chun dul i ngleic le bagairt na coireachta tuaithe atá ag fás.

Comhairle Ceantair Dhún na nGall
Cumann Phort Láirge Thiar
Cumann Uí Mháille/Mhic an Mhíligh, Maigh Eo

Passed

Motion 136

Iarrann an Ard-Fheis seo athoscailt Oifig an Phoist i sráidbhaile Dhún Chormaic i Loch Garman Theas a bhí druidte gan aon mhíniú le naoi mí anuas, rud a raibh ina chúis le cruatan suntasach don phobal áitiúil agus le cailleadh mór ioncaim do ghnólachtaí sa cheantar.
Cumann Phearaile/Uí Chorráin/Uí Ógáin, Loch Garman

Passed

Motion 137

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil go mbainfear an coinníoll a shonraíonn nach mbeidh umair sheipteacha nár cláraíodh roimh an 1 Feabhra 2013 incháilithe le haghaidh deontais amach anseo i gcomhair uasghrádaithe.
Cumann John Francis Green, Co. Mhuineacháin

Passed

Motion 138

Iarrann an Ard-Fheis seo an fhorbairt Straitéise Cúram Leanaí agus iarrann sí ar an Aire Talmhaíochta ó thuaidh bearta a tharraingt anuas chun cabhrú le soláthar tuaithe cúram leanaí.
Cumann Mhairtírigh Oileán an Ghuail/Chluain Eo, Tír Eoghain

Passed

Motion 139

Cáineann an Ard-Fheis seo an deireadh a cuireadh leis an Scéim Feabhsúcháin Áitiúil atá ríthábhachtach le haghaidh líon ollmhór na mBóithre Áitiúil a athchóiriú agus a uasghrádú ar fud Thuath na hÉireann.
Cumann Iorrais, Maigh Eo

Passed

Motion 140

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Aire Iompair feabhsú agus méadú a dhéanamh ar an gClár Iompair Thuaithe agus cothabháil á déanamh ar na meicníochtaí seachadta reatha a sholáthraíonn seirbhísí tábhachtacha iompair áitiúla do phobail i gceantair thuaithe agus tacú leo.

Cumann Mháirtín Uí Chadhain, Gaillimh

Passed

Motion 141

Tugann an Ard-Fheis seo dá haire le himní neamhionannas an tsoláthair leathanbhanda. Ní thugtar seirbhís do cheantair thuaithe nó cuirtear iallach orthu an iomarca airgid a íoc as nasc leathanbhanda. Fáiltímid roimh phleananna an Aire Talmhaíochta agus forbartha tuaithe ó thuaidh £5m a infheistiú i leathanbhanda. Iarraimid ar an gCoiste Feidhmiúcháin a chinntiú go mbeidh rochtain iomlán ag gach ceantar tuaithe ar leathanbhanda.
Cumann Mhairtírigh Oileán an Ghuail/Chluain Eo, Tír Eoghain

Passed

Motion 142

Cásaíonn an Ard-Fheis seo an cás i Maigh Eo Thuaidh, áit nach raibh an Clár Náisiúnta um Fhorbairt Tuaithe i bhfeidhm ó dúnadh Meitheal Forbartha na Gaeltachta i mí Mheán Fómhair 2011. Iarraimid ar an Aire Hogan an clár a athbhunú láithreach agus an leithdháileadh airgeadaíochta gan íoc leis an réigiún a imfhálú.
Cumann Iorrais, Maigh Eo

Passed

Motion 143

Iarrann an Ard-Fheis seo athchóiriú suntasach ar chóras Aoníocaíochta Feirme de chuid an Chomhbheartais Talmhaíochta chun dáileadh níos cothroime den bhuiséad iomlán d’fheirmeoirí beaga agus dáileadh geografach níos cothroime de na híocaíochtaí a chinntiú.
Comhairle Ceantair Dhún na nGall

Passed

Motion 144

Iarrann an Ard-Fheis seo ar Aire Talmhaíochta reachtaíocht atá cosúil leis an reachtaíocht sin a thug an tAire Michelle O’Neill isteach sna Sé Chontae a achtú chun cead a thabhairt d’fheirmeoirí a bhfuil leithscéalta dlisteanacha acu sciodar a leathadh i rith mhíonna an Gheimhridh. Mar gheall ar na samhraí fliche atá ann le blianta beaga anuas, níorbh fhéidir le feirmeoirí an próiseas seo a chríochnú laistigh den spriocdháta socraithe.

Cumann Phearaile/Uí Chorráin/Uí Ógáin, Loch Garman

Passed

Motion 145

Tuigeann an Ard-Fheis seo go bhfuil conairí móra de thalamh thalmhaíochta ar fud an domhain á gceannach ag corparáidí ilnáisiúnta móra chun na heasnaimh bhia mhéadaithe ar domhan atá le teacht láithreach a shaothrú. I dteannta a beartais maidir le húinéireacht mhuintir na hÉireann d’acmhainní nádúrtha na tíre, iarrann an Ard-Fheis seo ar an bpáirtí gach rud is féidir leis a dhéanamh chun dul in éadan corparáidí ilnáisiúnta/eachtracha móra agus iad ag iarraidh conairí móra de thalamh thalmhaíochta a cheannach in Éirinn, chun an cleachtas a cháineadh go hidirnáisiúnta, agus cinntiú á dhéanamh go bhféadfaidh náisiúnaigh choigríche maoine cónaithe agus ceapa talún tadhlacha beaga a cheannach go fóill. Iarrann an Ard-Fheis seo gur féidir tuairiscí rialta a iarraidh chun méid na ndíolachán de thalamh thalmhaíochta do chomhlachtaí seachtracha a thaispeáint.
Cumann Mhíchil S. Uí Mhearáin, Sligeach

Passed

Motion 146

Iarrann an Ard-Fheis seo ar rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre an clár um dhíothú eitinne bólachta TVR (tástáil/vacsaínigh/bain) de chuid na 6 chontae a ghlacadh sna 26 contae. Agus aithint á déanamh gur d’fheirmeoirí atá an phríomhfhadhb maidir le heitinn bhólachta, níl ag éirí leis an mbeartas reatha ciondíothaithe agus ní ionann é agus an úsáid is fearr a d’fhéadfadh a bhaint as buiséad €70 milliún a leithdháileadh chun dul i ngleic le saincheist na heitinne bólachta. Is éard atá sa chlár Tástáil/Vacsaínigh/Baint a tugadh isteach le déanaí sna sé chontae ná clár níos córasaí agus úsáid níos fearr airgead luachmhar na gcáiníocóirí.

Cumann Markievicz/Uí Riain, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 147

Tiomnaíonn an Ard-Fheis seo Sinn Féin do Phacáiste Scoir Feirmeoireachta a bhunú agus an Scéim um Chaomhnú an Chomhshaoil Faoin Tuath, Cúnamh Suiteála agus Íocaíochtaí Ceantarbhunaithe a athbhunú mar chúrsa práinne, agus aithint á déanamh go gcaillfear cuid mhór dár bhfeirmeacha traidisiúnta teaghlaigh agus dár bpobail tuaithe mura ndéantar an beart sin anois.
Cumann Mhic Dhomhnaill/Uí Shé, Corcaigh

Passed

Motion 148

Cáineann an Ard-Fheis seo an laghdú ar Chúnamh Feirme sa dá bhuiséad is déanaí, rud a chiallaíonn go dtiteann Teaghlaigh Feirme faoi bhochtaineacht agus éilíonn sí go n-úsáidtear na critéir bhunaidh chun measúnú acmhainní a ríomh.
Cumann Iorrais, Maigh Eo

Passed

Motion 149

Iarrann an Ard-Fheis seo go gcuirfear pacáiste buan cúitimh i bhfeidhm do theaghlaigh feirme a bhfuil teorainn acu lena chleachtais feirme agus le cead pleanála i gcás ina bhfuil na tailte ainmnithe mar Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta, Limistéar Gnáthóg Náisiúnta agus Limistéar faoi Chosaint Speisialta.
Cumann Iorrais, Maigh Eo

Passed

Motion 150

Déanann an Ard-Fheis seo comhghairdeas le hAirí Shinn Féin Michelle O’Neill agus Carál Ní Chuilín as an obair a rinneadar chun tacú leis na hiascairí agus Loch nEathach a thabhairt faoi úinéireacht phoiblí.
Comhairle Ceantair Thír Eoghain Thoir agus Theas

Passed

Motion 151

Aithníonn an Ard-Fheis seo an cruatan eacnamaíoch atá á fhulaingt ag ár bpobail chósta mar gheall ar mheath thionscal iascaireachta tráchtála na hÉireann agus gheall sí gach rud is féidir léi a dhéanamh chun meath eacnamaíoch na bpobal sin a aisiompú.
Molann an Ard-Fheis seo Aire Iascaigh na Sé Chontae, Michelle O’Neill, as a ceannaireacht agus méadú 6% á bhaint amach ar an gcuóta áitiúil cloicheán in ainneoin ciorraithe de 12% a bheartaigh Coimisiún an AE; agus breithniú á dhéanamh ar athchóirithe ar an gComhbheartas Iascaigh amach anseo, iarrann sí uirthi obair le páirtithe leasmhara ar fud an oileáin in iarracht ar Thionscal Iascaigh na hÉireann a chosaint agus a chur chun cinn.
Comhairle Ceantair an Dúin Theas
Cumann Mhic Craith/Uí Bhriain, Port Láirge

Passed

Motion 152

Cuireann an Ard-Fheis seo in aghaidh feirmeacha éisc a fhorbairt in iarthar na hÉireann toisc go n-imríonn siad an-tionchar ar an mbradán fiáin a thagann chuig an gcósta thiar. Baineann saincheisteanna truaillithe le feirmeoireacht éisc freisin agus, i gcásanna áirithe, ní chuirtear an t-ioncam arna ghiniúint ó na feirmeacha sin ar ais sa gheilleagar áitiúil.
Cumann Murt Qualter, Gaillimh

Referred

Motion 153

Molann an Ard-Fheis seo gur cheart d’Éirinn athchaibidlíocht shuntasach an Chomhbheartais Iascaigh a iarraidh. Ón dáta a d’éirigh Éire ina ball i leith, chonaiceamar creimeadh ár dtionscail iascaireachta, scrios ár bpobal iascaireachta agus cailleadh aon sochair shuntasaigh do mhuintir na hÉireann as ceann amháin dár n-acmhainní nádúrtha is mó ar chostas daoine eile, rud a d’fhéadfadh a bheith mar bhloc bunúsach tógála chun geilleagar inbhuanaithe agus neamhthuilleamaíoch a fhorbairt dá mbainisteofaí le leas na hÉireann é.
Cumann Mhic Dhomhnaill/Uí Shé, Corcaigh

Passed

Motion 154

Aithníonn an Ard-Fheis seo tábhacht na ngníomhaíochtaí traidisiúnta amhail feamainn a ghearradh, sliogiasc a bhailiú agus iascaireacht chladaigh agus iarrann sí ar Rialtas na hÉireann beartais agus reachtaíocht a fhorbairt a thacóidh le pobail chósta leanúint leo siúd agus iad a fhorbairt mar thoradh ar a dtábhacht dhúchasach eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha.

Cumann Mháirtín Uí Chadhain, Gaillimh

Passed

Motion 155

Iarrann an Ard-Fheis seo, agus breithniú á dhéanamh ar an ngéarchéim le déanaí sa tionscal bia, tuilleadh comhair idir na húdaráis sábháilteachta bia ó thuaidh agus ó dheas, chomh maith le cruinnithe rialta ag leibhéal Aireachta agus Roinne chun monatóireacht ar an earnáil bhia a chomhordú chun inrianaitheacht iomlán a chinntiú agus chun úsáid feola a tháirgtear in Éirinn a chur chun cinn.
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae agus Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

Passed

Motion 156

Fáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh chinneadh an AE Lipéadú Tíre Tionscanta a mhéadú le feoil ó mhuca, ó chaoirigh, ó ghabhair agus ó éanlaith a chur san áireamh agus tá tuilleadh follasachta á iarraidh aici maidir le bia próiseáilte ag a bhfuil comhábhair ó chuid mhór tíortha.

Tá lipéadú “tír thionscanta infhíoraithe” á iarraidh ag an Ard-Fheis seo ar gach táirge feirmeoireachta a dhíolann miondíoltóirí chun a chinntiú nach mbeidh mearbhall ar thomhaltóirí agus nach mbainfear an bonn ó tháirgeoirí áitiúla trí earraí iompórtála a thairiscint mar earraí Éireannacha, faoi mar atá ag tarlú faoi láthair (e.g. trí úsáid a bhaint as bratach na hÉireann, as seamróga, as lipéid ghlasa agus araile)- go háirithe mar go bhfuil díospóireacht an AE maidir le lipéadú tíre tionscanta curtha ar atráth den chuid is mó.

Cumann Markievicz/Uí Riain, Baile Átha Cliath

Passed

Dlí agus Ceart agus Comhionannas

Motion 157

Athdheimhníonn an Ard-Fheis seo a tiomantas don tús nua le póilíneacht a beartaíodh i gComhaontú Aoine an Chéasta agus a léiríodh i dtoradh Thuarascáil Choimisiún Patten i 1999 a chomhdhlúthú. Athdheimhníonn an Ard-Fheis seo freisin a tiomantas do bhearta láithreacha a dhéanamh i dtreo sheirbhís phóilíneachta uile-Éireann a sholáthar.

Is riachtanas polaitiúil é an riachtanas do sheirbhís phóilíneachta atá sibhialta ina nádúr, cuntasach, oiriúnach le cearta an duine agus ionadaíoch don phobal a bhfreastalaíonn sí air.

Molaimid obair bhaill an pháirtí ar an mBord Póilíneachta ina gcuid iarrachtaí leantacha ar mhuinín a fhorbairt as an dispeansáid nua phóilíneachta agus, go háirithe, agus iad ag dul i ngleic le cleachtais phóilíneachta difreálaí, a bhfócas ar ról agus sainchúram na Gníomhaireachta Náisiúnta Coireachta, iad ag dul i ngleic leis an scannal a bhaineann le póilíní a chuaigh ar scor faoi Patten a athfhostú, agus a gcuid oibre chun seirbhís phóilíneachta a sholáthar atá ionadaíoch go hiomlán don phobal a bhfreastalaíonn sí air.
Ard-Chomhairle

Cumann Uí Dhochartaigh/Uí Dhubhshláine, an Mhí

Passed

Motion 158

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas;

  • Molann sí rannpháirtíocht na nUrlabhraithe Dlí agus Cirt agus Póilíneachta ar fud an oileáin
  • Admhaíonn sí rannpháirtíocht na ngníomhaithe páirtí agus pobail araon a d’fhreastail ar a gcuid pobal ar Bhoird Phóilíneachta, ar Chomhpháirtíochtaí Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail agus ar Chomhchoistí Póilíneachta
  • Molann sí an fhorbairt tionscnamh ilghníomhaireachta ar fud na Sé Chontae a chuireann ar chumas daoine áitiúla pobail níos sábháilte a chur chun cinn agus iarrann sí ar Chomhpháirtíochtaí Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail tuilleadh tacaíochta agus acmhainní a thabhairt do na tionscnaimh seo.
  • Iarrann sí ar Choiste Comhairleach Dlí agus Cirt Uile-Éireann de chuid Shinn Féin imeacht a ghairm do bhaill an pháirtí maidir le tuilleadh forbartha na cáipéise beartais “Justice in an Ireland of Equals” (“Ceartas in Éirinn ina bhfuil Gach Duine Cothrom”)
  • Iarrann sí ar rialtas na hÉireann na ciorruithe ar an nGarda Síochána a fhreaschur agus iarrann sí acmhainní leordhóthanacha a thabhairt do sheirbhísí póilíneachta le go gcuirtear ar a gcumas ár bpobail a chosaint
  • Iarrann sí ar an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais sna 26 Contae reachtaíocht a thabhairt isteach chun comhlacht maoirseachta sibhialtach a bhunú cosúil leis an mBord Póilíneachta ó Thuaidh a fhéadann an Garda Síochána a choimeád cuntasach, agus a chabhróidh leis muinín a fhorbairt sa phobal a bhfreastalaíonn sé air.

Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae agus Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae
Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Thiar

Passed

Motion 159

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Rialtas fíneáil shuntasach a gearradh ar aon duine a aimsítear ag tréigean ainmhithe.
Cumann Mhic Cába/Uí Choigligh, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 160

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Aire Dlí agus Cirt pianbhreith níos troime a thabhairt isteach d’aon duine a fhaightear ciontach as sá intinniúil.
Cumann Uí Laoghóg/Uí Mhearthaile, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 161

Creideann an Ard-Fheis seo go bhfuil an córas breithiúnach reatha trócaireach go míchuí dóibh siúd atá ciontaithe as cionta gnéasacha. Molaimid nár cheart aon teidlíocht a bheith ann i leith loghtha d’aon duine atá ciontaithe as cion gnéasach. Ina theannta sin, molaimid gur cheart cionta a dhéanamh níos déine dóibh siúd atá ciontaithe as coireanna gnéis in aghaidh leanaí agus breithniú á dhéanamh ar an tionchar ar feadh an tsaoil ar mharthanóirí na gcoireanna sin.
Cumann Uí Chearbhaill/Uí Thighearnaigh, Lú

Passed

Motion 162

Go dtacaíonn Sinn Féin leis an bhfeachtas “Turn Off The Red Light” (“Cas as an Solas Dearg”) a dtacaíonn ceardchumainn agus raon leathan eagraíochtaí sochaí shibhialta leis.
Comhairle Ceantair Dhún na nGall
Cumann Uí Mháille/Mhic an Mhíligh, Maigh Eo

Passed

Motion 163

Aithníonn an Ard-Fheis seo gur foirm nua-aimseartha sclábhaíochta í gáinneáil ban agus cailíní chun críche teacht i dtír gnéasach agus tugann sí dá haire le himní coir na gáinneála ar dhaoine atá ag fás in Éirinn agus iarrann sí ar na gníomhaireachtaí lena mbaineann ar an oileán seo obair le chéile agus comhoibriú iomlán a dhéanamh le chéile d’fhonn dul i ngleic go cuimsitheach leis an bhfadhb an-tromchúiseach seo.
Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Thiar
Cumann Uí Mháille/Mhic an Mhíligh, Maigh Eo
Cumann Uí Nualláin/Mhic Giolla Domhnaigh, Béal Feirste

Passed

Motion 164

Molann an Ard-Fheis seo gur cheart bord Ombudsman a bhunú ar bhonn Uile-Éireann chun plé leis na breithiúna agus monatóireacht a dhéanamh orthu agus chun maoirsiú go gcloítear le breithiúnais dá réir sin.
Cumann Murt Qualter, Gaillimh

Passed

Motion 165

Molann an Ard-Fheis seo gur cheart tras-scríbhinní imeachtaí sa chúirt dúiche agus sa chúirt chuarda a chur ar fáil trí sheirbhísí na gcúirteanna. Bheadh sé seo ina bhuntáiste don ghearánaí, don chosantóir agus don phobal i gcoitinne i gcás achomharc nó soiléirithe.
Cumann Murt Qualter, Gaillimh

Passed

Motion 166

Tacaíonn an Ard-Fheis seo go hiomlán leis an ngá le hathrú reachtúil maidir leis an gceanglas do bhreithiúnais d’aon toil i gCúirteanna Cróinéirí sna Sé Chontae. I gcomhréir leis an gcleachtas sna 26 Contae, ba cheart breithiúnais tromlaigh sa Bhreatain agus i ndlínsí eile a bheith ar an gceanglas dlíthiúil maidir le hionchoisní cróinéara.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 167

Tugann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas dá haire;

  • an easpa soiléireachta dlíthiúla maidir le máthairionadaíocht i ndlí na hÉireann
  • cás le déanaí san Ard-Chúirt inar áitigh an Stát nach bhféadfaí tuismitheoir géiniteach linbh ionaid a chlárú mar thuismitheoir dlíthiúil an linbh sin; coinníonn máthair ionaid coimeád iomlán an linbh ionaid in áit na dtuismitheoirí géiniteacha
  • go meastar leanaí a rugadh trí mháthairionadaíocht a bheith gan stát toisc gur theip ar an dlí aghaidh a thabhairt ar a n-imthosca
  • go bhfuil sé sin ina chúis le deacrachtaí do leanaí a rugadh trí mháthairionadaíocht agus dá dteaghlach agus go mbaineann sé ó na leanaí seo na cearta teaghlaigh a bhfuil siad i dteideal ina leith

Iarrann an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann;

  • reachtaíocht a thabhairt isteach chun creat dlí a chur ar fáil do mháthairionadaíocht
  • reachtaíocht a rith chun a chinntiú go seasfar le cearta na leanaí a bheirtear trí mháthairionadaíocht in Éirinn agus lasmuigh den dlínse.

Cumann Uí Dhroma/Uí Dhochartaigh, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 168

Iarrann an Ard-Fheis seo ar rialtas na hÉireann deireadh a chur leis an Acht um Chlúmhilleadh, 2009, nó le dlí Diamhasla, ar an mbonn go bhfuil sé míbhunreachtúil toisc go sáraíonn sé cearta a thugtar do shaoránaigh na hÉireann i mBunreacht na hÉireann: Airteagal 40.6.i Ráthaíonn an Stát saoirse chun na cearta seo a leanas a oibriú ach sin a bheith faoi réir oird is moráltachta poiblí: i. Ceart na saoránach chun a ndeimhní is a dtuairimí a nochtadh gan bhac.
Cumann Uí Dhroma/Uí Dhochartaigh, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 169

Cáineann an Ard-Fheis seo an ciorrú ar an liúntas teileafóin do phinsinéirí agus iarrann sí ar an Aire Dlí agus Cirt tús a chur le scéim a ligfidh do shaoránaigh scothaosta córais foláirimh bhaile a rochtain gan táillí teileafóin neamhriachtanacha a thabhú.
Comhairle Ceantair Dhún na nGall

Passed

Motion 170

Iarrann an Ard-Fheis seo cealú láithreach an chórais Soláthair Dhírigh d’iarrthóirí tearmainn atá neamhrialáilte, príobháidithe agus a dhéanann brabús agus iarrann sí córas níos cothroime agus níos cothromasaí a thabhairt isteach.

Iarrann an Ard-Fheis seo freisin an próiseas cinnteoireachta ar thearmann a bhaint ó chur isteach polaitiúil agus a thabhairt do chomhlacht atá iomlán neamhspleách a bhunaíonn a chinntí ar chosaint chearta an duine agus iarrann sí gur cheart ligean d’iarrthóirí tearmainn obair de réir mar atá siad toilteanach agus ábalta agus gur cheart dóibh na cearta agus na coinníollacha céanna is atá ag duine ar bith eile a bheith acu.
Comhairle Ceantair na Gaillimhe Thiar
Cumann Benny Connolly, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 171

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas;

  • Athdhearbhaíonn sí a hiarraidh ar scaoileadh láithreach Marion Price agus Martin Corey.
  • Iarrann sí imscrúdú arna dhéanamh ag an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine agus ag coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine ar an dóigh a gcaitheann údaráis phríosúin i bPríosún Mhaigh gCabraí le príosúnaigh pholaitiúla, bíodh siad ina bPoblachtaigh nó ina nDílseoirí.
  • Fáiltíonn sí roimh scaoileadh Gerry McGeough.

Cumann Chathail Mhig Léid, Baile Átha Cliath
Comhairle Ceantair na Gaillimhe Thiar
Cumann Uí Dhroma/Uí Dhochartaigh, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 172

Athdheimhníonn an Ard-Fheis seo a tacaíocht do phrionsabail bhunúsacha Chomhaontú Aoine an Chéasta, lena n-áirítear comhionannas, cóimheas agus paireacht mheasa, agus iarrann sí ar an dá rialtas agus ar na páirtithe sa Choiste Feidhmiúcháin, ar bhonn na bprionsabal sin, fócas athnuaite a bheith acu ar an ngá le forálacha Chomhaontú Aoine an Chéasta a chur i bhfeidhm maidir le Bille Ceart a bhunú do thuaisceart na hÉireann agus le cairt a chruthú ar féidir le gach páirtí polaitiúil daonlathach síniú a chur léi a léiríonn agus a cheadaíonn bearta comhaontaithe le haghaidh chosaint na gceart bunúsach atá ag gach duine a chónaíonn ar oileán na hÉireann.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 173

Tiomnaíonn an Ard-Fheis seo an páirtí d’obair a dhéanamh ar son ionchorprú práinneach Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (CNACL) sa dlí sna 32 Contae ar mhaithe lenár dtiomantas do Bhille Ceart.
Cumann Uí Thuamáin/Uí Bheirne/Mhic Corra, an Bhanna Uachtair

Passed

Motion 174

Athdheimhníonn an Ard-Fheis seo a tacaíocht do chomhionannas i ngach foirm agus athdheimhníonn sí a tacaíocht don phobal leispiach, aerach, déghnéasach agus trasinscneach (LGBT). Ina theannta sin, molann sí obair na gcomhairleoirí áitiúla agus bhaill an pháirtí sna 26 Contae agus sna 6 Chontae chun tacú le leathnú na gceart iomlán chun pósta don Phobal LGBT agus molann sí An Phoblacht as a clúdach leantach ar na saincheisteanna tábhachtacha seo.
Dá bhrí sin, iarrann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:

  • Reachtaíocht a thugann an ceart do lánúineacha comhghnéis pósadh agus aithníonn sí gur cheart an stádas céanna dlíthiúil, pósta agus sóisialta atá ag lánúineacha pósta den ghnéas eile a bheith ag na lánúineacha sin.
  • Cearta bunreachtúla a thugtar do lánúineacha pósta den ghnéas eile a leathnú go gach pósadh, cearta chun uchtaithe san áireamh.

Cumann Mháirtín Uí Ursáin, COC
Cúige Bhaile Átha Cliath
Cumann Phort Láirge Thiar

Passed

Motion 175

Tar éis na n-imeachtaí le déanaí a raibh baint ag Foireann Slándála Dorais leo, iarrann an Ard-Fheis seo ar Dhearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann na ceanglais i leith ábhar cláir a leathnú go soláthraithe oiliúna. Ba cheart do chúrsaí FETAC a rialaíonn nósanna imeachta um shlándáil dorais béim a chur ar chearta na ngrúpaí mionlaigh, amhail baill den phobal LGBT nó den lucht taistil, faoi mar atá leagtha síos san Acht um Stádas Comhionann.
Cúige Bhaile Átha Cliath
Cumann Chuntaois Markievicz/Thadhg de Barra, Cathair Chorcaí

Passed

Motion 176

Iarrann an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann gach díolúine “bunaithe ar éiteas” a bhaint ón Acht um Chomhionannas Fostaíochta a cheadaíonn eagraíochtaí leighis, reiligiúnacha agus oideachais leatrom a dhéanamh ar a bhfostaithe LGBT.
Iarrann an Ard-Fheis seo freisin ar Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann athbhreithniú a dhéanamh ar a polasaí maidir le deonacháin feola ó fhir a bhíonn caidreamh collaí acu le fir.
Cúige Bhaile Átha Cliath

Passed

Motion 177

Molann an Ard-Fheis seo an obair a rinne an Páirtí go dtí seo agus béim á leagan ar anás an lucht taistil in Éirinn agus go háirithe trí bhéim a leagan ar leibhéal an leithcheala a dhéantar ar thaistealaithe ó Thuaidh agus ó Dheas. Chomh maith leis sin, molann an Ard-Fheis seo Pádraig Mac Lochlainn as a Bhille um Aitheantas a Thabhairt d’Eitneachas an Lucht Taistil a chuirfear i láthair na Dála agus a thabharfaidh Stádas mar Mhionlach Eitneach do Thaistealaithe na hÉireann i dteannta cinn eile. Iarrann an Rún seo ar an bPáirtí forbairt a dhéanamh ar an obair a rinne Pádraig agus daoine eile laistigh den Pháirtí chun leanúint leis béim a leagan ar anás an Lucht Taistil in Éirinn d’fhonn stocaireacht a dhéanamh ar stádas mar Mhionlach Eitneach.
Cumann Phort Láirge Thiar
Cumann Mhagh, Dún na nGall

Passed

Oideachas

Motion 178

Molann an Ard-Fheis seo an tAire Oideachais sna Sé Chontae, John O’Dowd, as a gceannaireacht agus diúltú á dhéanamh aige ar dheireadh a chur leis an Liúntas Cothabhála Oideachais; as an infheistíocht a sholáthair sé chun fáil ar an Liúntas sa todhchaí a chinntiú; agus as a chinntiú go ndíreofaí orthu siúd sa ghátar is mó é.
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

Passed

Motion 179

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Aire Coimirce Sóisialaí, Joan Burton, na bacainní ar dhaoine ar lorg an “Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas” a bhaint láithreach.
Comhairle Ceantair Dhún na nGall

Passed

Motion 180

Aithníonn an Ard-Fheis seo an ról tábhachtach a imríonn coláistí breisoideachais i riachtanais oideachais na ndaoine ó cheantair faoi mhíbhuntáiste. Cáinimid na bearta buiséid le déanaí a d’fhógair an tAire Oideachais sna 26 Contae a raibh ina gcúis le méaduithe ar an gcóimheas daltaí le múinteoir ó 17:1 go 19:1 do Chláir Iar-Ardteistiméireachta.
Tugann an Ard-Fheis seo dá haire freisin go raibh na bearta seo ina gcúis le cailleadh tuairim is 200 Post Coibhéise Lánaimseartha (CL), rud a chiallaíonn go gcaillfidh breis agus 400 múinteoirí a bpost agus iarraimid ar an Aire Oideachais an cinneadh seo a fhreaschur.
Cumann Chuntaois Markievicz/Thadhg de Barra, Cathair Chorcaí

Passed

Motion 181

Molann an tAire Oideachais sna Sé Chontae, John O’Dowd, agus an t-urlabhraí oideachais ó dheas, Jonathan O’Brien, as a gcuid oibre go dtí seo ar shaincheist na bulaíochta i scoileanna.
Iarrann sí:

  • go ndéanfar tosaíocht den tsaincheist seo do na hurlabhraithe ó thuaidh agus ó dheas
  • go gcuirfear cláir rathúla amhail tionscnamh Frithbhulaíochta Iorrais agus an tsamhail Ioruach san áireamh agus beartas á cheapadh, faoi mar atá leagtha amach i reachtaíocht Shinn Féin le déanaí a cuireadh síos i dTeach Laighean.
  • go n-oibreoidh urlabhraithe oideachais an pháirtí ó thuaidh agus ó dheas le chéile ar bheartas uile-Éireann a cheapadh maidir le dul i ngleic le bulaíocht homafóbach agus thrasfóbach i scoileanna.

Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae agus Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae
Cumann Chuntaois Markievicz/Thadhg de Barra, Cathair Chorcaí

Passed

Motion 182

Tugann an Ard-Fheis seo údarás dá hUrlabhraithe Oideachais sna Sé Chontae agus sna 26 Contae obair le chéile chun a chinntiú go mbeidh na tacaí agus na hacmhainní riachtanacha ar fáil do leanaí a bhfuil riachtanais iompraíochta nó riachtanais speisialta oideachais acu le go mbainfeadh siad a gcumas acadúil is mó amach.
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae agus Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

Passed

Motion 183

Cáineann an Ard-Fheis seo an teip ar Rialtais na hÉireann i ndiaidh a chéile áiseanna iomchuí pobail agus poiblí a chur ar fáil i gceantair inar tháinig fás mór ar an bpobal le cúig bliana déag anuas, le tagairt ar leith d’áiseanna scoile agus d’áiteanna scoile.

Cumann Thomas Ashe, an Mhí

Passed

Motion 184

Go n-aithníonn Sinn Féin an gá le tuilleadh comhar trasteorann i ndáil le hoideachas dara leibhéal do dhaltaí a bhfuil uathachas orthu, agus go bhfuil sé i mbun feachtais trínár nAire Oideachais i gCoiste Feidhmiúcháin an Tuaiscirt agus trínár nUrlabhraí Oideachais sa Dáil aon mhaorlathas a bhaint a chuireann cosc ar scoileanna dara leibhéal freastal ar leanaí a bhfuil uathachas orthu ó chontaetha comharsanacha ar an dá thaobh den teorainn. Aithníonn an Ard-Fheis seo go laghdóidh beart den chineál sin an t-ualach ar theaghlaigh i gceantar teorann a chuireann a leanaí ar thurais fhada faoi láthair chun oideachas a rochtain cé go bhféadfadh scoil oiriúnach a bheith níos cóngaraí sa dlínse chomharsanach.
Comhairle Ceantair Dhún na nGall
Cumann Mhagh, Dún na nGall

Passed

Motion 185

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn, ról níos gníomhaí a ghlacadh i bpleananna athchumraithe FSS atá á gcur chun feidhme faoi láthair agus atá ag imirt drochthionchair ar scoileanna speisialaithe do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
Cumann Chuntaois Markievicz/Thadhg de Barra, Cathair Chorcaí

Passed

Motion 186

Admhaíonn an Ard-Fheis seo an tábhacht a ghabhann le straitéis náisiúnta litearthachta agus uimhearthachta Rialtas na hÉireann a bhfuil sé mar aidhm aici a chinntiú go mbeidh daoine óga ábalta léamh, scríobh agus matamaitic a úsáid ina ngnáthshaol agus i mbreisoideachas agus iad ag fágáil na scoile. Aithnímid freisin an tábhacht a ghabhann le foghlaim dhigiteach a fheabhsú i scoileanna agus, mar sin de, iarraimid ar an Roinn Oideachais agus Scileanna sna 26 Contae a chinntiú go gcuirfear maoiniú iomchuí ar fáil chun scoileanna a dhéanamh inniúil le go bhféadfaidh siad feabhas a chur ar chaighdeán na foghlama digití.
Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Straitéis Litearthachta agus Uimhearthachta soláthar a dhéanamh don leithdháileadh cothrom ama do theagasc na Gaeilge, Béarla agus Matamaitic inár mBunscoileanna.
Cumann Chuntaois Markievicz/Thadhg de Barra, Cathair Chorcaí
Cumann Mhaitiú Uí Chatháin, Uíbh Fhailí

Passed

Motion 187

Cuireann an Ard-Fheis seo i gcoinne phleananna Rialtas na hÉireann sócmhainní caipitil a mheasúnú agus deontais Ardoideachais á mbronnadh toisc go ngearrfaidh sé pionós míchothrom ar leanaí na dteaghlach ar daoine dífhostaithe iad a dtuismitheoirí nó a gcaomhnóirí agus ciallóidh sé nach dtabharfar cúnamh deontais do chuid mhór de mhic léinn ionchasacha tríú leibhéal ó chúlra feirmeoireachta.
Cumann Chuntaois Markievicz/Thadhg de Barra, Cathair Chorcaí
Cumann Iorrais, Maigh Eo

Passed

Motion 188

Cáineann an Ard-Fheis seo gníomhaíocht aischéimnitheach Rialtas na hÉireann maidir leis an soláthar oideachais tríú leibhéal. Iarraimid ar an rialtas rochtain uilíoch ar oideachas a chur ar fáil, deireadh a chur le ranníocaíochtaí mac léinn agus an córas deontas a athchóiriú chun an fíor-chostas ar oideachas coláiste a chur san áireamh.
Idir an dá linn, iarrann an Ard-Fheis seo freisin ar an Aire Oideachais, Ruairí Quinn, a ghealltanais réamh-thoghcháin a chomhlíonadh maidir le táillí mac léinn, agus an méadú ar an táille chlárúcháin do mhic léinn atá i mBuiséad 2013 a fhreaschur.
Cumann Terry Clarke, Baile Átha Cliath
Comhairle Ceantair Dhún na nGall
Cumann Mhic Phiarais/Mhic Cana, Tiobraid Árann

Passed

Motion 189

Tugann an Ard-Fheis seo dá haire an t-athbhreithniú neamhspleách ar Thacaíocht Uilíoch do Mhic Léinn (SUSI) agus iarrann sí cur chun feidhme iomlán a chuid moltaí chun a chinntiú nach mbeidh ar mhic léinn atá ag cur isteach ar dheontais tríú leibhéal an cruatan agus an strus a tháinig as na teipeanna ar SUSI i 2012/13 a fhulaingt choíche.
Cumann Chuntaois Markievicz/Thadhg de Barra, Cathair Chorcaí

Passed

Motion 190

Iarraimid ar an gCoiste Feidhmiúcháin ó Thuaidh agus ar Rialtas na hÉireann aistriú cinntitheach i dtreo caiteachas coisctheach agus tionscnaimh luath-idirghabhála a dhéanamh, trí fhócas ar leith a thabhairt ar na luathbhlianta agus ar spriocdhíriú orthu siúd sa ghátar is mó araon.
Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Thiar

Passed

Motion 191

Aithníonn an Ard-Fheis seo gur cheart tús a chur le spiorad cruthaithe fostaíochta agus fiontraíochta a chothú i scoileanna agus gur cheart do scoileanna dul i dteagmháil le daoine ar éirigh leo sa réimse seo chun gníomhú mar mheantóirí.
Tugann an Ard-Fheis seo dá haire freisin nach bhfuil ag éirí leis an gcóras ina gcuirtear daoine óga ar scéimeanna éigeantacha TÚS. Iarraimid athchóiriú bunúsach na scéime lena déanamh níos ábhartha do dhaoine óga dífhostaithe.
Comhairle Ceantair Ros Comáin

Passed

Motion 192

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Aire Oideachais, Ruairí Quinn, curaclam sainiúil iar-bhunscoile Gaeilge a fhorbairt atá dírithe ar scoileanna Gaeltachta, ar Ghaelscoileanna agus ar chainteoirí líofa Gaeilge laistigh den chóras chun feabhas a chur ar theagasc na Gaeilge agus tuilleadh inniúlachta agus saibhris a fhorbairt inár dteanga náisiúnta ag dara leibhéal.
Iarrann an Ard-Fheis seo freisin ar an Roinn Oideachais agus Scileanna clár de thacaí airgeadais a bhunú do mhúinteoirí faoi oiliúint, spriocdhírithe orthu siúd sa ghátar is mó, chun a rannpháirtíocht i gclár socrúcháin na Gaeltachta a éascú.
Comhairle Ceantair na Gaillimhe Thiar
Cumann Chuntaois Markievicz/Thadhg de Barra, Cathair Chorcaí

Passed

Motion 193

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Aire Oideachais, Ruairí Quinn, cúrsa samhraidh éigeantach sa Ghaeltacht a thabhairt isteach mar chuid den churaclam oideachais meánscoile.

Cumann Uí Dhorchaidhe/Mhic Maol Íosa, OÉ, Gaillimh

Passed

Motion 194

Athdheimhníonn an Ard-Fheis seo a tiomantas d’ilchineálacht ár gcórais oideachais ó thuaidh agus ó dheas. Tá Sinn Féin tiomanta do thuilleadh comhtháthaithe, comhroinnte agus lánaontaithe inár gcóras oideachais. Ba cheart dár gcóras oideachais a bhreith freagrúil d’fhadhbanna an tseicteachais agus an easaontais laistigh dár sochaí. Ba cheart don straitéis seo ról ríthábhachtach a imirt sa phróiseas athmhuintearais agus i gcothú an mheasa ar ilchineálacht. Tá sé tábhachtach, mar sin de, go bhfuil curaclam leathan oibiachtúil againn ina gcuirtear féiniúlachtaí éagsúla san áireamh.
Ba cheart Nua-Stair na hÉireann a theagasc ar bhealach neamhchlaonta chun a chinntiú go bhféadfaidh ár leanaí foghlaim ó stair le todhchaí níos cuimsithí a chruthú.
Cumann Mhic Phiarais/Mhic Cana, Tiobraid Árann

Passed

Motion 195

Aithníonn an Ard-Fheis seo an tionchar a bhí ag na ciorruithe déine ar an gcóras oideachais a thug rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre isteach sa dá bhliain dheireanacha seo. Cuireann an Ard-Fheis seo i gcoinne an buiséad oideachais a laghdú agus iarrann sí na nithe seo a leanas;

  • go bhfreaschuirtear cinneadh an Rialtais gan leithdháileadh sonrach a cheadú do chomhairleoirí treorach i scoileanna dara leibhéal a fhreaschur.
  • go dtugtar an Deontas Mionoibreacha isteach athuair. Is acmhainn do scoileanna í a íocann as cothabháil riachtanach agus as gnáthchostais reatha.
  • go bhfreaschuireann an rialtas an ciorrú i mbuiséad 2013 ar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil.
  • go bhfreaschuireann an rialtas a chinneadh nach méadófar íocaíochtaí nua go dtí an t-uasmhéid de €188 sa tseachtain a thuilleadh do dhaoine ar SDOG (Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais), ar Ógtheagmháil agus ar chláir bhreisoideachais agus oiliúna a bhogann ó íocaíochtaí Cuardaitheora Poist.

Cumann Chuntaois Markievicz/Thadhg de Barra, Cathair Chorcaí

Passed

Sláinte agus Leanaí

Motion 196

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:

  • Fáiltíonn sí roimh chinneadh mhuintir na hÉireann cearta na leanaí a chumhdach sa Bhunreacht tríd an Reifreann ar Chearta Leanaí a rith i mí na Samhna, 2012.
  • Ba mhaith léi bunú na Gníomhaireachta um Thacaíocht Leanaí agus Teaghlaigh a fheiceáil leis an bpráinn iomchuí.
  • Aithníonn sí an gá le Tús Áite do Leanaí a chur ar bhonn reachtúil gan mhoill.
  • Iarrann sí athruithe ar reachtaíocht uchtaithe a achtú a luaithe is féidir.
  • Molann sí Sinn Féin as a cheannaireacht agus aghaidh á tabhairt aige ar chosaint leanaí agus ar na riachtanais atá ag daoine fásta óga.

Ard-Chomhairle

Passed

Motion 197

Iarrann an Ard-Fheis seo ar Rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre na ciorruithe ar an Deontas Cúraim Faoisimh a fhreaschur. Soláthraíonn cúramóirí seirbhís éigeantach do dhaoine a dtugann siad aire dóibh agus don tsochaí san iomlán. Tagann an ciorrú seo ag am ina bhfuil seirbhísí faoisimh á ngearradh siar go seasta ar fud an stáit toisc go bhfuil ciorruithe á ngearradh ag an Rialtas ar an tseirbhís sláinte. Tá an t-airgead seo ríluachmhar do na teaghlaigh a dtéitear isteach orthu agus is arís atá ionsaí á dhéanamh ag an Rialtas seo ar na daoine is leochailí sa tsochaí.

Cumann Nollaig Mhic Cana, Gaillimh

Cumann Iorrais, Maigh Eo

Passed

Motion 198

Cáineann an Ard-Fheis seo an dóigh neamh-mhothálach ar ghearr an rialtas seo na céadta míle Uair Cúnamh Baile ó dhaoine scothaosta agus ó na daoine is leochailí a chónaíonn inár dtír. Éilímid athbhunú na n-uaireanta sin agus go ndáilfear uaireanta breise chun cur ar chumas daoine an cúram agus an tacaíocht atá riachtanach a fháil chun fanacht ina mbaile féin.
Cumann Iorrais, Maigh Eo
Comhairle Ceantair Dhún na nGall

Passed

Motion 199

Molann an Ard-Fheis seo altraí óga le céimeanna as a bhfeachtas baghcait rathúil in aghaidh na gconarthaí altranais dhá bhliain “ar phá íseal” atá an-éagothromasach agus inar laghdaíodh an tuarastal go mór a thug an tAire Sláinte James Reilly agus FSS isteach agus d’fhógraíodar scéimeanna cosúla do ghairmithe eile sláinte le céimeanna.
Iarraimid deireadh a chur leis an scéim seo agus ar an Aire agus ar FSS idirphlé bríoch a thionscnamh leis na ceardchumainn altranais a chuir in iúl cheana go bhfuil siad toilteanach coigiltí dílse a phlé, agus cosaint á déanamh ar phá agus coinníollacha na n-altraí a laghdaíodh cheana.
Éilímid go gcuirtear an toirmeasc ar earcaíocht i leataobh, toirmeasc a dhéanann dochar do chumas ár seirbhísí sláinte poiblí cúram a chur ar fáil d’othair agus a chuireann iallach ar ghairmithe óga sláinte a oiltear ar chostas mór in Éirinn dul ar imirce.
Ard-Chomhairle
Comhairle Ceantair Dhún na nGall

Passed

Motion 200

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:

  • Tugann sí dá haire nach gcuirtear ach ionchlannán cochla amháin ar fáil do leanaí bodhra sna 26 Contae mar gheall ar easpa maoinithe faoi láthair
  • Tugann sí dá haire freisin gurb éard atá sa dea-chleachtas idirnáisiúnta ionchlannán a chur sa dá chluais
  • Fáiltíonn sí roimh an obair arna déanamh ag Feachtas ‘Happy New Ear’ chun an tsaincheist seo a aibhsiú
  • Iarrann sí ar Rialtas na hÉireann soláthar a dhéanamh d’ionchlannáin chochla dhéthaobhacha do na leanaí go léir a bhfuil siad ag teastáil uathu.

Comhairle Ceantair Lú

Passed

Motion 201

Athdheimhníonn an Ard-Fheis seo tiomantas Shinn Féin d’obair a dhéanamh chun Seirbhís Sláinte Uile-Éireann a bhaint amach, seirbhís ina bhfuil cúram saor ag an bpointe seachadta agus ina bhfuil rochtain bunaithe ar an ngá atá le liacht agus atá maoinithe ó chánachas ginearálta cothrom.
Cuirimid in aghaidh lagú na seirbhíse sláinte poiblí sna 26 Contae agus scrios de réir a chéile na Seirbhíse Náisiúnta Sláinte sna Sé Chontae arna ndéanamh ag rialtais choimeádacha i mBaile Átha Cliath agus i Londain.
Tugaimid faoi deara na míchothromaíochtaí atá seasmhach agus ag fás i dtorthaí sláinte, faoi mar atá aibhsithe ag tuarascálacha ar nós “Eliminating Health Inequalities – A Matter of Life and Death” (Tasc, 2011) agus “Healthcare Guaranteed? The Right to Health in Ireland” (Amnesty International, 2011) agus an “Review of Health Inequalities Report” ó Choiste Sláinte an Tionóil (2012) agus a naoi moladh agus tugaimid faoi deara freisin nár soláthraíodh an gealltanas a tugadh sa straitéis ‘Investing for Health’ chun míchothromaíochtaí i sláinte a laghdú.
Geallaimid leanúint orainn a bheith i mbun feachtais ó Thuaidh agus ó Dheas ar son bearta éifeachtacha sóisialta, eacnamaíocha agus cúram sláinte chun deireadh a chur le míchothromaíochtaí sláinte agus chun seirbhísí sláinte a sholáthar ar bhonn cothromasach agus éifeachtúil dár muintir go léir.
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae agus Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae
Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Thiar

Passed

Motion 202

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Aire Sláinte, Seirbhísí Sóisialta agus Sábháilteachta Poiblí ó Thuaidh athdheimhniú a thabhairt do thuismitheoirí go ndéanfaidh an tsamhail seirbhíse amach anseo le haghaidh seirbhísí cairdiacha péidiatraiceacha ó bhroinn tosaíocht a thabhairt do riachtanais a gcuid leanaí; agus iarrann sí freisin ar an Aire réiteach uile-oileáin a chíoradh go hiomlán leis an Aire Sláinte ó Dheas, an Dr. James Reilly.
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

Passed

Motion 203

Agus aithint á déanamh gur theip ar an Aire James Reilly agus é i gceannas ar na seirbhísí sláinte ó Dheas, lena n-áirítear an neamhaird a rinne sé ar chritéir roghnúcháin oibiachtúla agus neamhspleácha, cosaint leanúnach na scothaicmí laistigh de leigheas, chomh maith leis an dóigh ar theip air coigiltí geallta ar bhille drugaí an stáit agus ar an gcostas ar chúram sláinte príobháideach in áiseanna poiblí a sholáthar, iarrann an Ard-Fheis seo air éirí as a phost agus iarrann sí freisin ar Rialtas na hÉireann rabhaí an eispéiris idirnáisiúnta a thabhairt faoi deara agus deireadh a chur lena phlean le haghaidh samhla de sholáthar cúram sláinte bunaithe ar ilárachóirí príobháideacha iomaíocha.

Cumann Thomas Ashe, an Mhí

Cumann Mhíchil S. Uí Mhearáin, Sligeach

Passed

Motion 204

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Aire Sláinte agus ar FSS Maoirseacht Chliniciúil a dhéanamh éigeantach don Ghairm Altranais sna 26 Contae agus breithniú á dhéanamh ar bhonn fianaise méadaithe na mbuntáistí a bhaineann le Maoirseacht Chliniciúil d’Altraí agus d’Othair araon.
Comhairle Ceantair Dhún na nGall

Passed

Motion 205

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Aire Sláinte iarratais ar chártaí liachta a dhílárú agus athbhreithniú a dhéanamh ar na próisis iarratais.
Comhairle Ceantair Dhún na nGall

Passed

Motion 206

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Aire Sláinte sna 26 Contae, mar chéim eatramhach i dtreo seirbhís sláinte atá saor ag an bpointe seachadta, an táille mhíosúil íocaíochta drugaí de €144 do dhaoine nach bhfuil cárta liachta acu a laghdú ar ais chuig an táille de €90 a bhí ann sa bhliain 2008.
Cumann Uí Laoghóg/Uí Mhearthaile, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 207

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Aire Edwin Poots agus ar an Aire James O’Reilly seoladh agus reáchtáil a dhéanamh go comhpháirteach ar fheachtas feasachta ar chomharthaí agus shiomptóim na hailse ubhagáin.

Cumann Julie Dougan, an Bhanna Uachtair

Passed

Motion 208

Iarrann an Ard-Fheis seo:

  • go gcuirtear céatadán an bhuiséid sláinte a leithdháiltear ar shláinte meabhrach i gcomhréir leis an norm Eorpach, arb ionann é agus thart ar 12%
  • go dtugann an Rialtas tiomantas, tacaíocht agus cur ar fáil acmhainní athnuaite do na hathchóirithe cúram sláinte meabhrach i “Vision for Change” a sholáthar san iomlán, rud a dhéanann soláthar d’athchóiriú agus do nua-aoisiú iomlán na seirbhísí sláinte meabhrach sna 26 Contae. Ina theannta sin, tacaíonn sí le feachtas Chumann Thuaisceart Éireann um Shláinte Meabhrach “athraigh d’intinn” atá dírithe ar an aithis a bhaineann le galar meabhrach sna 6 Chontae a laghdú.
  • an fairsingiú Foirne Teagmhála Síciatraí do gach ospidéal Máithreachais agus Leanaí.
  • oiliúint do ghairmithe sláinte agus do theagascóirí i bhfolláine meabhrach trí úsáid a bhaint as modúil oiliúna a fhormhuinítear go hidirnáisiúnta a chuirfidh ar chumas ár leanaí leochaileacht deacrachtaí sláinte meabhrach agus teacht aníos fíordheacrachtaí sláinte meabhrach a mheasúnú agus a aithint ó naíonacht i leith.
  • Athbhreithniú ar sholáthar seirbhíse tacaíochta Dochtúirí Ginearálta chun riachtanais oiliúna a shainaithint agus chun tacú le soláthar na freagartha iomchuí d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach do phlé le deacrachtaí sláinte meabhrach céadchéime.
  • “Creat Náisiúnta” sna 26 Contae le haghaidh rannpháirtíocht agus tacaíocht ball teaghlaigh agus cúramóirí i bpleananna cúraim, faoi mar a d’iarr Athchóiriú Sláinte Meabhrach.

Ard-Chomhairle
Comhairle Ceantair Dhún na nGall
Cumann Benny Connolly, Baile Átha Cliath
Cumann Uí Chadhain/Mhic an tSábhaisigh, Sligeach

Passed

Motion 209

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:

  • Aithníonn sí gur tháinig ardú seasta ar rátaí féinmharaithe in Éirinn le blianta beaga anuas; agus nach amháin go raibh sé sioncronach leis an gcúlú eacnamaíoch, ach go raibh an cúlú eacnamaíoch ina chúis leis go páirteach.
  • Tiomnaíonn sí Sinn Féin do dhul i ngleic leis an aithis a bhaineann le galar meabhrach agus féachaint le dul chun cinn a dhéanamh ar chláir Safetalk agus ASSIST ag leibhéal áitiúil nuair is féidir
  • Molann sí obair na ngrúpaí feasachta ar fhéinmharú agus na ngrúpaí chun féinmharú a chosc ar fud an oileáin agus an cur chuige uile-oileáin a ghlac an Cumann Idirpharlaiminteach Thuaidh/Theas
  • Aithníonn sí gur cineachadh an dualgas um fhéinmharú a chosc do na heagraíochtaí seo, eagraíochtaí nach bhfaigheann ach beagáinín maoinithe ón rialtas agus beagáinín faisnéise maidir le tionscnaimh rialtais; agus go bhfuil na heagraíochtaí seo ar na heagraíochtaí is fearr chun féinmharú a chomhrac.
  • Go bhfuil an Oifig Náisiúnta um Fhéinmharú a Chosc neamhéifeachtach agus go bhfuil an straitéis náisiúnta reatha um fhéinmharú a chosc as dáta agus nach mór í a athnuachan/a ionadú.
  • Dá bhrí sin, molann an Ard-Fheis seo gur cheart reachtaíocht a dhréachtú d’fhonn na hathruithe seo a leanas a chur chun feidhme:
  • Go méadaíonn na rialtais ó thuaidh agus ó dheas an maoiniú ar fáil d’eagraíochtaí agus do sheirbhísí atá gníomhach i bhféinmharú a chosc agus i dtacaíocht a thabhairt do theaghlaigh a ndeachaigh féinmharú i bhfeidhm orthu
  • Go nuashonraítear Straitéis Gníomhaíochta ‘Reach Out’ agus gach straitéis reatha eile chun freastal ar an gcúinse reatha eacnamaíoch agus sóisialta ina dtograí.
  • Go gcuirtear Údarás Náisiúnta Uile-Éireann um Fhéinmharú ar bun leis an aidhm iarrachtaí na n-eagraíochtaí frith-fhéinmharaithe go léir a shioncronú agus soiléireacht agus aontacht a chruthú i bhféinmharú a chosc.

Cumann Mháirtín Uí Ursáin, COC
Cumann Uí Thuamáin/Uí Bheirne/Mhic Corra, an Bhanna Uachtair
Cumann Julie Dougan, an Bhanna Uachtair

Cumann Thomas Ashe, an Mhí

Cumann Mhairtírigh Oileán an Ghuail/Chluain Eo, Tír Eoghain
Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Thiar
Cúige na Sé Chontae
Cumann Uí Dhorchaidhe/Mhic Maol Íosa, OÉ, Gaillimh
Cumann Terry Clarke, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 210

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:

  • Déanann sí an-chomhbhrón le clann Savita Halappanavar agus aithníonn sí gur chuir a bás sna himthosca tragóideacha agus trámacha sin brón ar dhaoine ar fud na tíre agus thar lear.
  • Admhaíonn sí nach bhfuil cosaint agus an ceart chun ginmhilleadh a fháil in imthosca a d’fhéadfadh a bheith bagrach don bheatha ag mná mar gheall ar an easpa reachtaíochta riachtanaí.
  • Admhaíonn sí freisin go bhfuil gairmithe leighis sna Sé Chontae ag obair faoi láthair le heaspa treorach a shoiléireodh a n-oibleagáidí dlíthiúla agus gairmiúla.
  • Is oth léi gur theip ar rialtais agus Airí Sláinte i ndiaidh a chéile reachtú ina leith seo agus is oth léi nár tugadh treoir isteach athuair do ghairmithe leighis sna Sé Chontae.

Iarrann an Ard-Fheis seo:

  • ar Rialtas na hÉireann reachtaíocht a thabhairt isteach a chuirfidh cinneadh na Cúirte Uachtaraí ar Chás X i 1992 i bhfeidhm chun mná torracha a chosaint i gcás ina bhfuil a mbeatha i gcontúirt agus chun cinnteacht dhlíthiúil a thabhairt do ghairmithe leighis.
  • ar an Aire Sláinte sna Sé Chontae treoir a thabhairt isteach athuair do Ghairmithe Leighis mar chúrsa tosaíochta.

Ard-Chomhairle

Passed

Motion 211

Tugann an Ard-Fheis seo dá haire agus fáiltíonn sí roimh thacaíocht Shinn Féin don Bhille um Chóireáil Leighis, 2012, agus roimh an tionscnamh a ghlac an páirtí agus rún á chur síos faoi Ghnó Comhaltaí Príobháideacha ina dtugtar spreagadh don rialtas reachtú i gcomhréir leis an rialú i leith cás x.
Iarrann Sinn Féin ar rialtas na hÉireann reachtaíocht a thabhairt isteach gan mhoill a chinnteoidh go mbeidh an ceart ag mná torracha chun cóireáil leighis ar bith nó gach cóireáil leighis a roghnú beag beann ar na himthosca.
Cumann Phádraig Mhic Phiarais, Cathair Dhoire
Cumann Shéamais Uí Chonghaile, Baile Átha Cliath

Failed

Motion 212

Go dtugtar cead do gach ball de Shinn Féin labhairt agus vótáil ar shaincheist an ghinmhillte de réir a gcoinsiasa.
Cumann Uí Dhochartaigh/Uí Dhubhshláine, an Mhí
Cumann Bhairéid/Mhic Curtáin, Corcaigh
Comhairle Ceantair Chill Mhantáin
Cumann Mhagh, Dún na nGall

Cumann Mhic an Úcaire/Mhic Lochlainn/Uí Ágáin, Dún na nGall

Failed

Motion 213

Dearbhaíonn an Ard-Fheis seo tacaíocht Shinn Féin do sheirbhísí a chineachadh ó líonra na láithreán Ospidéil Ghinearálta ghéarmhíochaine faoi bhrú go dtí na hospidéil níos lú sin a chaill eochairsheirbhísí le blianta beaga anuas agus a fhéadann ról níos mó a imirt sa soláthar cúram sláinte ná a imríonn siad faoi láthair. Iarraimid ar an Rialtas tús a chur leis an bpróiseas seo láithreach, rud a thosóidh filleadh na n-ospidéal seo go ról níos lárnaí i soláthar iomlán na seirbhísí ar fud an stáit.
Comhairle Ceantair Mhuineacháin
Cumann Uí Ghlasáin, Loch Garman

Passed

Motion 214

Iarrann an Ard-Fheis seo nach mbeidh aon mhoilleanna breise ar thógáil an Ospidéil Náisiúnta Leanaí nua.
Chomh maith leis sin, admhaíonn an Ard-Fheis seo leagáid Phoblachtach Mhaigh Eo, an Dr. Kathleen Lynn, ar dhochtúir, ghníomhaí sóisialta, shufraigéid agus réabhlóidí í a bhunathraigh seirbhísí cúram sláinte do mhná, do leanaí agus do na boicht i dtionóntáin Bhaile Átha Cliath. Aithnímid an ról ceannasach a bhí aici i ndíothú na heitinne. Iarrann an Ard-Fheis seo go dtabharfar “Ospidéal Náisiúnta Leanaí Kathleen Lynch” ar an Ospidéal Náisiúnta Leanaí nua.
Cumann Uí Mháille/Mhic an Mhíligh, Maigh Eo
Cumann Chathail Mhig Léid, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 215

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Roinn Sláinte, Seirbhísí Sóisialta agus Sábháilteachta Poiblí agus ar an gCoiste Feidhmiúcháin tosaíocht a dhéanamh den ospidéal réigiúnach nua ban agus leanaí.
Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Thiar

Passed

Motion 216

Molann an Ard-Fheis seo na feachtais go léir a raibh an pobal ina mbun ar son seirbhísí ospidéil a choinneáil. Tacaíonn an Ard-Fheis seo leis na hiarratais ar sheirbhísí Timpistí agus Éigeandála, Géarmhíochaine agus Dianchúraim a athbhunú in Ospidéal Contae Lú. Le gur féidir na seirbhísí seo a athbhunú ar bhealach ordúil agus inbhuanaithe, iarrann an Ard-Fheis seo ar FSS agus ar an Roinn Sláinte agus Leanaí seirbhís Aonaid Mhionghortuithe 24/7 a chur ar fáil in Ospidéal Contae Lú, le tacaíocht ó Aonad Measúnaithe Leighis. Déanfaidh na seirbhísí seo acmhainn a fhorbairt agus tacaíocht a thabhairt d’fhoireann agus do bhainisteoireacht pleanáil a dhéanamh le haghaidh athbhunú na seirbhísí Timpistí agus Éigeandála, Géarmhíochaine agus Dianchúraim.

Cumann Mhic Ruaidhrí/Uí Mháirtín, Lú

Passed

Motion 217

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Aire Sláinte, an Dr. James Reilly, an gealltanas a thug sé thar ceann Fhine Gael roimh an Olltoghchán deireanach a chomhlíonadh; is é sin go dtabharfaí seirbhísí cúraim ailse ar ais d’Ospidéal Réigiúnach Shligigh dá rachadh Fine Gael i mbun Rialtais.

Cumann an tSeisir Uasal/Uí Fhlannagáin/Mhic Mhánuis, Sligeach

Passed

Motion 218

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Rialtas an maoiniú riachtanach easnaimh a chur ar fáil d’Ospís na Gaillimhe chun coinneáil amach anseo na seirbhíse tábhachtaí seo a chinntiú.
Cumann Uí Maoilmhiadhaigh/Mhic Cathmhaoil, Cathair na Gaillimhe

Passed

Motion 219

Cuireann an Ard-Fheis seo i gcoinne íosghrádú Ospidéal Ginearálta Mhaigh Eo agus Ospidéal Baile an Chroí Rónaofa i gCaisleán an Bharraigh agus i gcoinne dhúnadh na leapacha in Ospidéal Bhéal an Mhuirthead agus ciorruithe ar sheirbhísí cúraim phríomhúil agus iarrann sí ar an Aire Sláinte, an Dr. James Reilly TD, agus ar an Taoiseach Enda Kenny seirbhísí a athbhunú agus todhchaí Ospidéal Ginearálta Mhaigh Eo agus Ospidéal Baile an Chroí Rónaofa i gCaisleán an Bharraigh agus athoscailt leapacha in Ospidéal Bhéal an Mhuirthead a dheimhniú.
Cumann Uí Mháille/Mhic an Mhíligh, Maigh Eo
Cumann Iorrais, Maigh Eo

Passed

Motion 220

Tacaíonn an Ard-Fheis seo le muintir Dhún na nGall agus iad ag iarraidh choinneáil agus chosaint na nOspidéal Pobail ar fud an Chontae.
Comhairle Ceantair Dhún na nGall

Passed

Motion 221

Agus breithniú á dhéanamh ar an méadú ar othair in Ospidéal Portiuncula agus mar gheall ar scálú anuas na seirbhísí in Ospidéal Ginearálta Ros Comáin arna dhéanamh ag Rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre agus ar an moratóir ar earcaíocht, aithníonn an Ard-Fheis seo an ról ríthábhachtach a imríonn an fhoireann in Ospidéal Portiuncula, Béal Átha na Sluaighe, agus tiomnaíonn sí don fheachtas chun acmhainní agus leibhéil soláthair foirne a chur i bhfeidhm chun cur ar chumas an Ospidéil feidhmiú mar ospidéal éifeachtúil grád 3.

Cumann Nollaig Mhic Cana, Gaillimh

Passed

Motion 222

Tugann an Ard-Fheis seo dá haire nach ndearnadh an t-aonad altranais pobail úrscothach a tógadh in Inse Chór agus a cuireadh i gcrích beagnach gach bliain ó shin ar chostas €12.4 milliún a oscailt riamh; cáineann sí an teip ar an Aire Sláinte, James Reilly TD, agus ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil d’fhonn foireann iomchuí a sholáthar don aonad; agus iarrann sí ar FSS an toirmeasc ar earcaíocht foirne a chur i leataobh, agus gan comhpháirtíocht phoiblí phríobháideach a úsáid leis an tionscadal a chur i gcrích in ionad soláthar poiblí seirbhísí.

Cumann Eiméid/Uí Chléirigh, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 223

Creideann an Ard-Fheis seo go raibh samhail réaduchtach d’oideas liachta timpeall ar hearóin chomh mór sin i mbeartas drugaí Éireannach le 30 bliain anuas. Theip ar an tsamhail seo go mór aghaidh a thabhairt ar chúiseanna, chuimsiú sóisialta agus iomláine na mí-úsáide drugaí ar aon dóigh bhríoch.
Iarrann an Ard-Fheis seo go dtarlaíonn na nithe seo a leanas:

  • go gceaptar Aire Sóisearach ag a bhfuil freagracht aonair as alcól agus drugaí
  • go n-aithnítear gurb ionann úsáid ildrugaí agus ceann amháin dár bhfadhbanna is mó (drugaí, alcól agus drugaí ar oideas)
  • go dtugtar tacaíocht don Ghluaiseacht Téarnaimh in Éirinn agus go ndéantar í a chur chun cinn, rud a sholáthraíonn fís le haghaidh athraithe agus cuimsiú sóisialta dóibh siúd a thréigtear ó ghlúin go glúin i seirbhísí cóireála leighis
  • go méadaítear roghanna atá saor ó dhrugaí faoi dhó sna trí bliana romhainn le haghaidh leapacha díthocsainithe, cláir lae saor ó dhrugaí agus leapacha cóireála cónaithe
  • go socraítear spriocanna faoi choinne dul chun cinn ó sheirbhísí cóireála agus athshlánaithe agus cúnamh deontais agus go n-íoctar seirbhísí acmhainne bunaithe ar thorthaí
  • go n-admhaítear gur theip ar gach straitéis drugaí go millteanach gníomhaíochtaí a beartaíodh le 20 bliain anuas a bhaint amach
  • go dtugtar acmhainní don Gharda Síochána agus go dtugtar aghaidh mar chúrsa tosaíochta ar an gciapadh agus ar an imeaglú arna dhéanamh ag dronganna coirpeach ar úsáideoirí drugaí
  • go gcomhoibrítear ar straitéisí drugaí agus alcóil ar bhonn uile-oileáin, go háirithe feadh na Conaire Thoir

Cumann Phádraig Uí Chanáin, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 224

Cuireann an Ard-Fheis seo imní shuntasach in iúl faoin mí-úsáid drugaí dleathacha agus neamhdhleathacha araon i gCathair Luimnigh. Tá fadhb mhór drugaí sa chathair, go háirithe san úsáid mhéadaithe hearóine agus beinsidhé-asaipíní. Sa chomhthéacs seo, tá díomá orainn go dteipeann ar an tuarascáil a d’fhoilsigh an Rialtas le déanaí “Report on the Review of Drugs Task Forces and the National Structures under which they Operate” a mholadh gur cheart tascfhórsa áitiúil tiomanta drugaí a bhunú do Chathair Luimnigh. Mar gheall ar dhéine na faidhbe drugaí sa chathair, iarrann an Ard-Fheis seo ar an rialtas an beartas seo a leasú agus Tascfhórsa Áitiúil Tiomanta Drugaí a bhfuil acmhainní iomchuí aige a chur ar fáil i gCathair Luimnigh mar chúrsa tosaíochta.
Cumann Mhic Fhlannchaidh/Uí Cheallacháin, Cathair Luimnigh

Passed

Motion 225

Iarrann an Ard-Fheis seo cur chuige Uile-Éireann um Chóireáil Alcóil agus Drugaí ar fud oileán na hÉireann. Beidh sé mar aidhm ag an gcur chuige seo:

  • rochtain ar chóireáil ó Thuaidh agus ó Dheas a éascú
  • beartais a shioncronú
  • acmhainní a chomhroinnt
  • seirbhís níos leithne a chur ar fáil dóibh siúd feadh Chonair na Teorann.

Comhairle Ceantair Dhún na nGall

Passed

Motion 226

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Aire Sláinte agus ar Choláiste Liachleachtóirí na hÉireann athbhreithniú a dhéanamh ar an bPrótacal Meatadóin / ar an bPrótacal Cóireála Ópóidí agus ar a éifeachtacht i gCeantair Thuaithe, trí bhreathnú ar leith a dhéanamh ar ghlacadh íseal oiliúint Leibhéal 1 agus ar ghannsoláthar Dochtúirí Ginearálta Leibhéal 2. Ní mór cúiseanna leis seo a imscrúdú agus díriú á dhéanamh ar réitigh a aimsiú.
Comhairle Ceantair Dhún na nGall

Passed

Motion 227

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an bpáirtí tús a chur le staidéar ar reachtaíocht ar fud an AE maidir le dlíthe a bhaineann leis an dóigh a gcaitear leo siúd, agus an dóigh a gcoinnítear iad siúd, atá spleách ar alcól, iad siúd atá ag fulaingt alcólachas céime deiridh agus iad siúd a bhfuil diagnóis toimhdean de Ghortú Inchinne a Bhaineann le hAlcól orthu. Agus breithniú á dhéanamh nach ndéantar mí-úsáid alcóil a chóireáil a thuilleadh faoin Acht Meabhair-Shláinte in Éirinn nó faoin Mental Health Act i dTuaisceart Éireann agus nach bhfuil aon chreat reachtaíochta eile chun an cohórt seo othar a chóireáil. Faoi láthair, tá ag teip ar an gcóras, tá cuid mhór teaghlach ag fulaingt agus tá teorainn le soláthraithe cóireála toisc nach bhfuil aon dlí i bhfeidhm.
Comhairle Ceantair Dhún na nGall

Passed

Motion 228

Cuireann an Ard-Fheis seo in iúl go dtacaímid le Feachtas All Trials atá ag iarraidh Dlíthe Eorpacha a cheanglaíonn go dtuairiscítear gach toradh ar thrialacha cliniciúla. Bainfidh othair, taighdeoirí, cógaiseoirí, dochtúirí agus rialtóirí i ngach áit leas as foilsiú torthaí ar thrialacha cliniciúla. Níor thuairiscigh na mílte triail chliniciúil a gcuid torthaí agus níor cláraíodh roinnt trialacha fiú. Tagann droch-chinntí cóireála, deiseanna caillte le haghaidh leigheas maith agus athdhéanamh trialacha as an easpa follasachta i dtrialacha cliniciúla.

Cumann Markievicz/Uí Riain, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 229

Iarrann an Ard-Fheis seo go n-aithneofar cosc galair trí aiste bia, trí chothú agus trí stíl bheatha:

  • go ndéanfar an cur chuige seo a chur in iúl trí na meáin, trí chláir oideachais agus trí ranganna tuismitheoireachta in iar-bhunscoileanna chun glúine amach anseo a chosaint ar dhrochshláinte inseachanta.
  • go leithdháilfear maoiniú chun tacú le taighde sa réimse seo.
  • go rialófar an tionscal bia chun cur chun cinn bia agus deochanna ar mhórán siúcra a shrianadh.
  • go gcoinneofar páirtithe a bhfuil leasanna dílsithe acu as grúpaí comhairleacha leis an rialtas.

Cumann Phort Láirge Thiar

Passed

Motion 230

Iarrann an Ard-Fheis seo go ndéanann gach Údarás Áitiúil cigireachtaí chun measúnú a dhéanamh ar inrochtaineacht áiteanna súgartha do leanaí faoi mhíchumas agus go leithdháileann siad acmhainní iomchuí chun a chinntiú go mbeidh rochtain iomlán ar gach áit súgartha agus trealamh.
Cumann Iorrais, Maigh Eo

Passed

Motion 231

Iarrann an Ard-Fheis seo ar gach údarás áitiúil an gearrscannán ‘Welcome to Our World’ a thaispeáint d’ionadaithe comhairle agus d’oifigigh chomhairle. Taispeánann an scannán na streachailtí laethúla os comhair úsáideoirí cathaoireacha rothaí agus scrúdaíonn sé an bhfuil go leor á dhéanamh chun inrochtaineacht a chinntiú in áiteanna ar nós foirgnimh phoiblí nó nach bhfuil. Iarrann sí ar gach údarás áitiúil polasaithe agus bonneagar iomchuí mhíchumais a fhorbairt agus a chur chun feidhme go hiomlán chun freastal ar riachtanais na saoránach ina leith seo.
Cumann Mhairéid Uí Fhearghaill, Cathair na Gaillimhe

Passed

Motion 232

Aithníonn an Ard-Fheis seo na buntáistí sláinte a thagann as an úsáid a bhaintear as gléas ArtAssist agus iarrann sí ar an Aire Sláinte, James Reilly, maoiniú a athbhunú láithreach do na hothair sin i nGaillimh agus i Maigh Eo a dteastaíonn an teiripe seo a shábhálann géaga, atá éifeachtúil ó thaobh costais de agus atá neamhionrach uathu.

Comhairle Ceantair na Gaillimhe Thiar

Passed

Motion 233

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:

  • Admhaíonn sí príosúnacht neamhdhleathach na mban agus na gcailíní i Neachtlanna Magdalene;
  • Admhaíonn sí freisin gur cuireadh iallach ar na mná agus na cailíní obair gan phá i gcoinníollacha a bhí fíorghéar;
  • Aithníonn sí an dochar agus an cruatan a chruthaigh eisiamh mharthanóirí Neachtlanna Magdalene ón Scéim um Shásamh i leith Foras Cónaithe;
  • Aithníonn sí freisin go bhfuil pobal mharthanóirí Neachtlanna Magdalene ag aosú agus scothaosta den chuid is mó;
  • Fáiltíonn sí roimh thoradh an Choiste Idir-Rannaigh go raibh an Stát ceangailte go bunúsach le Neachtlanna Magdalene;
  • Fáiltíonn sí freisin roimh leithscéal an Taoisigh a d’admhaigh go hoscailte agus go hiomlán gur theip ar an stát na mná agus na cailíní go léir a coimeádadh sna forais sin a chosaint;
  • Éilíonn sí freisin scéim shásaimh neamhsháraíochta atá oscailte, cuntasach agus follasach a bhunú ar bhonn rachtúil ag a bhfuil próiseas achomhairc do na mná marthanacha. Ní mór na mná a chúiteamh as tuarastal a cailleadh agus ní mór soláthar a dhéanamh dá dteidlíochtaí iomlána pinsin agus dá riachtanais láithreacha sláinte agus tithíochta.

Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae
Cumann Mhic Fhlannchaidh/Uí Cheallacháin, Cathair Luimnigh
Cumann Phort Láirge Thiar
Cumann Chathail Mhig Léid, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 234

Athdheimhníonn an Ard-Fheis seo a tacaíocht d’éilimh na marthanóirí simfiseatóime go n-aithneoidh an Rialtas gur gníomh barbarach a bhí sa chleachtas seo agus go bhfaighidh na mná lena mbaineann fírinne, cothromas agus sásamh iomlán agus iarrann sí ar an Rialtas athuair Reacht na dTréimhsí a chur ar fionraí don chohórt ban seo agus ligean do na híospartaigh, a roghnaíonn amhlaidh a dhéanamh, dul sna cúirteanna lena gcás.
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae

Comhairle Ceantair Mhuineacháin

Passed

Motion 235

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Rialtas sásamh iomlán agus iomchuí a chur ar fáil gan mhoill d’íospartaigh go léir an iar-chomhairligh Michael Neary nár cuireadh san áireamh mar gheall ar aois sa scéim bhunaidh um shásamh i gcomhréir le tiomantais réamh-thoghcháin agus Chlár an Rialtais.
Comhairle Ceantair Mhuineacháin

Passed

Motion 236

Tacaíonn an Ard-Fheis seo leis na haidhmeanna atá ag an Committee for the Forgotten;
i. go gcuirtear na hiarsmaí daonna go léir a aimsíonn an stát ar bhunachar sonraí náisiúnta
ii. go gcaitheann an stát an méid airgid is gá chun tástáil DNA a dhéanamh ar na hiarsmaí a aimsítear
iii. go scaoiltear na hiarsmaí leis na clanna lena mbaineann a luaithe is féidir
iv. go scaoiltear na hiarsmaí, i gcás nach meaitseáiltear le clann iad, le carthanas ábhartha le gur féidir sochraid mhaorga a thabhairt dóibh.
Cumann Chathail Bhrugha/Chaoimhín Uí Loingsigh, Port Láirge

Passed

Gaeilge agus Cultúr

Motion 237

Aithníonn an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:

  • nach bhfuil an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-30 á cur chun feidhme mar is ceart
  • go bhfuil ionsaithe leanúnacha á ndéanamh ag an Rialtas ó Dheas ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht, lena n-áirítear ar na forais éigeantacha amhail Oifig an Choimisinéara Teanga agus an COGG
  • obair dhíograiseach an Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ar Straitéis d’fhorbairt na Gaeilge ó Thuaidh.
  • gur tiomantas gan chomhlíonadh ó Chomhaontú Chill Rìmhinn é Acht na Gaeilge a chruthú ó Thuaidh

Comhaontaíonn an Ard-Fheis seo:

  • nach mór an Ghaeilge agus pobal na Gaeltachta a aithint mar pháirtithe leasmhara i gcur chun feidhme na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge
  • go gcaithfear an dá straitéis a oiriúnú chun straitéis Uile-Éireann Ghaeilge a sholáthar

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:

  • Iarrann sí ar an Rialtas ó Dheas struchtúr ardleibhéil a chur le chéile, lena n-áirítear ionadaíocht ó na heagraíochtaí pobail, ón Roinn, ón COGG, ó Údarás, ó Fhoras agus ó shaineolaithe teanga, a bheadh freagrach as treoir a thabhairt don Rialtas maidir le cur chun feidhme na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, 2010-30.
  • Iarrann sí ar Shinn Féin struchtúr ardleibhéil a iarraidh ó Thuaidh a bhfuil struchtúr agus ionadaíocht cosúil leis an gceann ó Dheas aige agus a bheadh freagrach as treoir a thabhairt don Choiste Feidhmiúchán maidir le pleanáil agus straitéis teanga
  • Agus breithniú á dhéanamh ar rath an Fheachtais ‘Líofa 2015’, iarrann sí idirphlé athnuaite le páirtithe aontachtacha ar chearta Gaeilge, lena n-áirítear Acht na Gaeilge a chruthú.
  • Comhaontaíonn an Ard-Fheis seo plean gníomhaíochta uile-oileáin Gaeilge agus Gaeltachta atá bunaithe go daingean ar bheartas teanga an pháirtí agus:
  • déanfar é a chur ar aghaidh i gcomhairle le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta,
  • a dhéanfaidh forbairt ar mholtaí an Staidéir Chuimsithigh ar Úsáid na Gaeilge sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, agus ar an straitéis don Ghaeilge sna sé chontae, agus ar mholtaí na hearnála féin.

Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae agus Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

Passed

Motion 238

Cáineann an Ard-Fheis seo dearcadh an Rialtais ó Dheas i dtreo na Gaeilge. Go háirithe, cáineann an Ard-Fheis seo an cinneadh a rinneadh ar Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman, agus an deireadh a cuireadh le toghcháin ar Údarás na Gaeltachta.
Aithníonn an Ard-Fheis seo:

  • nach bhfuil an straitéis 20 bliain don Ghaeilge á cur i bhfeidhm ar an dóigh cheart.
  • an obair shármhaith a rinne an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín, leis an bhfeachtas ‘Líofa’ agus an tacaíocht a thugann sí don Ghaeilge i gcoitinne.

Fógraíonn an Ard-Fheis seo

  • go gcuirimid go daingean i gcoinne thogra Fhine Gael nár cheart an Ghaeilge a theagasc mar phríomhábhar don Ardteistiméireacht
  • gur cheart do Rialtas na hÉireann ‘Líofa’ a ghlacadh mar fheachtas uile-Éireann
  • gur gá don Rialtas ó Dheas an Straitéis 20 Bliain a chur chun feidhme lom láithreach, agus gur gá maoiniú a chur ar fáil ina leith

Coiste Náisiúnta Óige

Passed

Motion 239

Molann an Ard-Fheis seo na hiarrachtaí a rinne an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín, chun a chinntiú gur féidir le gach cuid den phobal an Ghaeilge a rochtain tríd an bhFeachtas ‘Líofa 2015’.
Comhairle Ceantair Chathair Dhoire

Passed

Motion 240

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Aire Comhshaoil Phil Hogan ordú a thabhairt do gach údarás áitiúil beartas comharthaíochta ar son na Gaeilge, cosúil leis an gceann sin i gComhairle Cathrach na Gaillimhe agus i gComhairle Contae na Gaillimhe i measc údaráis eile, a ghlacadh le go dtabharfar ainmneacha Gaeilge ar shráidainmneacha agus ar eastáit tithíochta amach anseo.

Comhairle Ceantair na Gaillimhe Thiar

Passed

Motion 241

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:

  • Iarrann sí ar Rialtas na hÉireann an tábhacht speisialta a bhaineann le láthair chatha 1916 Shráid an Mhúraigh i measc mhuintir na hÉireann a aithint agus a chinntiú go ndéanfar an limistéar a chaomhnú agus a chosaint ina iomláine.
  • Molann sí obair Fheachtas Shráid an Mhúraigh agus tiomnaíonn sí ionadaithe Shinn Féin san Oireachtas, sa Tionól agus i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath do leanúint de thacaíocht a thabhairt don fheachtas.
  • Éilíonn sí go ngníomhaíonn an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gnóthaí Gaeltachta Jimmy Deenihan gan mhoill chun caomhnú iomlán an tSéadchomhartha Náisiúnta a chinntiú faoi mar atá sainithe.
  • Molann sí don Aire dul i mbun idirphlé leis na páirtithe leasmhara go léir sa cheantar, agus leis na gníomhaireachtaí stáit agus leis na heagraíochtaí neamhrialtasacha lena mbaineann mar chúrsa práinne.

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Aire an t-idirphlé seo a úsáid mar bhonn ar a gceapfar plean nua maidir leis an gCeathrú Stairiúil 1916/leis an Láthair Chatha 1916 a fhorbairt le go mbeidh sí réidh le haghaidh Chomóradh Céad Bhliain Éirí Amach na Cásca, 1916.

Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae

Passed

Motion 242

Fáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh phleananna a bhaineann le músaem a thógáil ar láthair Dhún Risteamain in Inse Chór, Baile Átha Cliath – mar ar triaileadh ceannairí Éirí Amach na Cásca, 1916, sular tugadh chun báis iad i bPríosún Chill Mhaighneann – agus tugann sí spreagadh don Rialtas a chinntiú go gcuirfear clásal saothair áitiúil san áireamh i gconradh tógála na háise nua seo.

Cumann Eiméid/Uí Chléirigh, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 243

Agus aithint á déanamh ar an tábhacht a bhaineann le 2016 agus le hullmhú na gCeiliúrtha Comórthaí, déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:

  • Cuireann sí i gcoinne iarrachtaí ar 1916 agus an Chéad Chogadh Domhanda a nascadh mar chomóradh amháin.
  • Molann sí gur cheart scoláireachtaí 1916 a athbhunú.
  • Iarrann sí ar gach Údarás Áitiúil rúin a chur isteach a chiallóidh go nglanfar séadchomharthaí comórtha agus go n-athainmneofar foirgnimh phoiblí agus sráideanna le hurraim do laochra poblachtacha nár moladh.

Agus aithníonn sí na nithe seo a leanas:

  • an tábhacht a bhaineann leis na himeachtaí polaitiúla tábhachtacha inár stair a chomóradh sna deich mbliana romhainn a shonraíonn an tréimhse 1913-1923/2013-2023.
  • go sonraíonn 2013 comóradh céad bliain ar leith Fhrithdhúnadh 1913; Bhunú Arm Cathartha na hÉireann; chruinniú bunaidh Óglaigh na hÉireann.
  • bunú Choiste Náisiúnta Comórthaí Céad Bliain Shinn Féin arna dhéanamh ag an Ard-Chomhairle agus an bunú coistí lonnaithe go háitiúil ag dul ar aghaidh i 2013.
  • an rath a bhí ar imeachtaí Chomóradh Céad Bliain Fhrithdhúnadh 1913 a cuireadh ar siúl le déanaí i mBaile Átha Cliath agus i Nua-Eabhrac arna reáchtáil ag Sinn Féin agus ag Cairde Shinn Féin SAM agus seoladh ár leabhair a dhéanann an Frithdhúnadh a chomóradh freisin.
  • foilsiú Bhille Lá na Poblachta, 2013, arna dhéanamh ag ár bhfoireann san Oireachtas, Bille a bhunódh lá saoire náisiúnta ar an 24 Aibreán, arb ionann é agus comóradh lae léamh Fhorógra na Poblachta ag Pádraig Mac Piarais ag Ard-Oifig an Phoist i 1916.
  • na hiarrachtaí leanúnacha ar thacaíocht a thabhairt do na gaolta 1916 agus don fheachtas ar son láthair chatha Ard-Oifig an Phoist/Shráid an Mhúraigh a chaomhnú mar cheathrú stairiúil agus chultúrtha a bhfuil tábhacht náisiúnta ag baint léi.
  • an deis thábhachtach a thairgeann na deich mbliana seo le hoideachas a chur ar fáil do ghníomhaithe, do thacaithe agus don phobal níos leithne faoi bharrshamhlacha agus smaointe an Phoblachtachais Éireannaigh mar a mbeidh 2016 ar an lármhír dár gclár imeachtaí comórtha a shonraíonn Éirí Amach na Cásca, 1916.
  • an deis shuntasach sna deich mbliana seo de chomórthaí céad bliain do Shinn Féin dul chun cinn a dhéanamh ar fhor-rochtain agus ar theagmháil le gach earnáil den tsochaí agus na himeachtaí stairiúla seo á gcomóradh agus á dtuiscint, lena n-áirítear eagraíochtaí áitiúla spóirt, cumainn staire, grúpaí cultúrtha, earnáil na mban, earnáil an ógra, grúpaí teanga, aontachas agus gach earnáil eile ar fud an oileáin anois agus sna deich mbliana romhainn.

Comhairle Ceantair na Gaillimhe Thiar
Cumann Uí Laoghóg/Uí Mhearthaile, Baile Átha Cliath

Cumann Tom Kealy, Cill Dara

Passed

Motion 244

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Rialtas a chinntiú go gcuirfear an t-ionad léirithe le hurraim do Phádraig Mac Piarais i Ros Muc, Co. na Gaillimhe, i gcrích le go mbeidh sé réidh do cheiliúrtha Chomóradh Céad Bliain 1916 agus go gcuirfear an maoiniú riachtanach ar fáil d’OOP agus d’Údarás na Gaeltachta agus do pháirtithe leasmhara eile lena mbaineann dul chun cinn a dhéanamh ar an tionscadal gan mhoill.

Cumann Mháirtín Uí Chadhain, Gaillimh

Passed

Motion 245

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:

  • molann sí dornálaithe mná agus fir ar an oileán seo as an obair dhian agus as an disciplín a chuireadar isteach ina dtraenáil agus aithníonn sí na sáréachtaí a bhaineadar amach;
  • molann sí an t-am, an tiomantas agus an fuinneamh a chuir cóitseálaithe agus traenálaithe isteach sa spórt;
  • aithníonn sí an tábhacht a bhíonn ag dornálaíocht i bpobail, beag beann ar chine, ar chreideamh nó ar chúlra eitneach; agus an pháirt a imríonn pobail áitiúla i dtacaíocht a thabhairt dá gclubanna áitiúla dornálaíochta;
  • molann sí obair an Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín, i gcur chun cinn an spóirt agus i straitéis dornálaíochta a tharraingt anuas; agus iarrann sí ar an Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Leo Varadkar, obair leis an Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín, chun Straitéis Dornálaíochta Uile-Éireann a tharraingt aníos.

Cúige na Sé Chontae

Passed

Motion 246

Spreagann an Ard-Fheis seo Cumann Peile na hÉireann agus Cumann Sacair na hÉireann tús a chur leis an bpróiseas chun foireann idirnáisiúnta amháin don oileán iomlán agus struchtúr sraithchomórtais do shraithchomórtas 32 contae a chruthú agus iarrtar iarratais ó na clubanna go léir an sraithchomórtas seo a fhorbairt.

Cumann Shéamais Uí Chonghaile, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 247

Cuireann an Ard-Fheis seo i gcoinne aon iarrachta a dhéanann RTÉ ar chlúdach cluichí Rugbaí Idirnáisiúnta a chosc ar Freeview i dTuaisceart na hÉireann ó 2014 go 2017.
Cumann Uí Aodha/Uí Raghallaigh, Corcaigh

Passed

Motion 248

Tugann an Ard-Fheis seo dá haire an gá le háiseanna ógra i gCaisleán an Bharraigh agus ar fud na tíre. Cuirimid i gcoinne dhúnadh an Lárionaid Eolais don Ógra i gCaisleán an Bharraigh agus iarraimid ar rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre acmhainní a chur ar fáil d’áis ógra sa bhaile agus ar fud an stáit.
Cumann Uí Mháille/Mhic an Mhíligh, Maigh Eo

Passed

Motion 249

Tiomnaíonn an Ard-Fheis seo an páirtí d’obair chun cur chuige uile-Éireann maidir leis an rialáil garbhiascaireachta agus géimiascaireachta a bhaint amach chun turasóireacht a chur chun cinn.
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae agus Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

Cumann Uí Thuamáin/Uí Bheirne/Mhic Corra, an Bhanna Uachtair

Passed

Motion 250

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:

  • Aithníonn sí tábhacht na turasóireachta i dtéarnamh eacnamaíoch oileán na hÉireann, agus ról an Tionscail Turasóireachta sa soláthar fostaíochta agus ioncaim.
  • Iarrann sí ar na ranna riaracháin ó Thuaidh agus ó Dheas Gníomhaireacht Turasóireachta uile-Éireann a bhunú gan mhoill leis an aidhm ráite cur chuige comhtháite a fhorbairt maidir le turasóireacht agus leis an oileán ar fad a chur chun cinn mar cheann scríbe saoire do thomhaltóirí intíre, an Bhreatain agus Eorpacha.

Cumann Uí Aodha/Uí Raghallaigh, Corcaigh

Passed

Motion 251

Agus aithint á déanamh aige ar na buarthaí atá ag cónaitheoirí agus úinéirí talún tadhlacha, is mian leis an Ard-Fheis seo an gá le spás poiblí a chosaint in Éirinn a athdheimhniú. Iarraimid ar ár n-ionadaithe cur chun cinn a dhéanamh ar an spéis seo in Éirinn a choinneáil ar oscailt le haghaidh caitheamh aimsire agus turasóireachta feadh sean-iarnród, bruacha abhann, canálacha agus coillearnach, rudaí a bhreithnítear mar chearta slí traidisiúnta.
Cumann an Chaisleáin Nua, Luimneach

Passed

Motion 252

Molann an Ard-Fheis seo gur cheart an stráice idir Clár Chlainne Mhuiris agus Cúil Mhuine de Bhealach Iarnróid an Iarthair a thiontú lena úsáid mar raon rothaíochta/siúil mar shamhail den Ghlasbhealach i gCo. Mhaigh Eo.
Cumann Uí Chadhain/Mhic an tSábhaisigh, Sligeach

Passed

Latest votes on Ard Fheis Motions

View all

  • Passed
  • Passed
  • Passed