GLAC PÁIRT I GCUR CHUN TOSAIGH na hÉIREANN

Tacaigh linn ar líne

Ard Fheis 2014 Motions

You can view all the motions as Gaeilge here.

An Geilleagar

Motion 1

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
- Tugann sí dá haire go bhfuil an ghéarchéim dhífhostaíochta ar fud na hÉireann agus an Aontais Eorpaigh ag dul i bhfeidhm ar dhaoine óga thar aon ghrúpa eile den tsochaí.
- Tugann sí dá haire freisin gurb iad na rátaí móra seo d’óg-dhífhostaíocht is cúis le mórimirce ár ndaoine óga.
- Creideann sí nach mór cruthú fostaíochta bríoch a bheith ina thosaíocht lárnach de chuid rialtas na hÉireann, Choiste Feidhmiúcháin na Sé Chontae agus an Aontais Eorpaigh.
- Creideann sí go bhfuil spreagadh ar fud na hEorpa ar an Scéim Ráthaíochta don Aos Óg agus go bhfuil sí ina deis iontach le dóchas a thabhairt do chuardaitheoirí poist óga agus ina plean le tacú leo dul isteach i margadh an tsaothair
Iarrann sí:
- Scéim Ráthaíochta don Aos Óg a mhaoinítear go hiomchuí a chuireann tairiscint mhaith fostaíochta, oideachas leantach, printíseacht nó cúrsa oiliúna ar fáil do gach duine óg laistigh de cheithre mhí tar éis dóibh éirí dífhostaithe.
- Leithdháileadh iomchuí acmhainní chun na críche sin i gcomhréir leo siúd atá molta ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair
- Eochairthosaíocht agus téama a dhéanamh d’Ógfhostaíocht le haghaidh Phlean Gníomhaíochta Rialtas na hÉireann i gcomhair Post 2014
- Spriocanna bliantúla i leith ógfhostaíochta agus laghdú ar eisimirce a shocrú
Ard-Chomhairle
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae
Cumann Thurlach Uí Chléirigh, Baile Átha Cliath
Cumann Uí Mhaille/Mhic an Mhíligh, Co. Mhaigh Eo
Cumann Uí Nualáin/Mhic Giolla Domhnaigh, Béal Feirste

Passed

Motion 2

Tugann an Ard-Fheis seo dá haire go bhfuil imní uirthi faoi na rátaí eisimirce as Éirinn a bhfuil ardú suntasach tagtha orthu agus admhaíonn sí gur ar lorg oibre atá formhór na ndaoine atá ag imeacht agus gurbh fhearr leo fanacht in Éirinn.
Creideann an Ard-Fheis seo nach mór leas na n-eisimirceach thar lear, agus an t-ógra agus daoine scothaosta (agus eisimircigh atá tar éis filleadh) go háirithe, a bheith ina fhócas agus ina phríomhchúram de chuid aon rialtais.
Cumann Uí Nualáin/Mhic Giolla Domhnaigh, Béal Feirste
Cumann Mhairtírigh Bhloc H, Ros Mhic Thriúin

Passed

Motion 3

Aithníonn an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
- Gurb í an ghéarchéim fostaíochta an tsaincheist gheilleagrach is práinní ar fud an oileáin;
- Bhí poist i gcroílár an choir chun donais gheilleagraigh agus ba thoradh ar dhrochbheartas geilleagrach é an t-easnamh agus níorbh é an t-easnamh ba chúis leis an bhfadhb;
- Tháirg Sinn Féin tograí mionsonraithe chun poist a choinneáil agus a chruthú. Dá gcuirfí chun feidhme iad, choiscfeadh siad an oiread sin daoine ag dul ar eisimirce agus d’athródh siad an ghéarchéim gheilleagrach chun feabhais;
- Ba é an páirtí an chéad pháirtí sna 26 Contae a leag béim ar an ngá le spreagadh comhréireach um chruthú fostaíochta agus leanann sé ar aghaidh ag tairiscint tograí atá ag imirt tionchar ar an rialtas agus ag cur brú air breathnú ar an ngéarchéim fostaíochta;
Chomh maith leis sin, aithníonn an Ard-Fheis na nithe seo a leanas sna Sé Chontae, mar a bhfuil an páirtí i gcumhacht:
- Gur lárnach i bplean geilleagrach an Choiste Feidhmiúcháin le haghaidh téarnamh atá cruthú fostaíochta agus infheistíocht inbhuanaithe, bíodh sí ina hinfheistíocht intíre nó ina hinfheistíocht dhíreach eachtrach, agus;
- Go bhfuil Martin McGuinness, ina ról mar Chomh-Chéad Aire, réamhghníomhach agus rathúil agus é ag cinntiú gur lárnach sa Chlár don Rialtas atá cruthú fostaíochta, agus;
- Gur faoi cheannas Martin McGuinness a chruthaigh an Coiste Feidhmiúcháin tuilleadh post trí infheisteoirí díreacha eachtracha a mhealladh agus trí fhoinsí intíre ná a cruthaíodh ag aon tréimhse eile i stair na Sé Chontae;
- Gur thacaigh gach duine dár gcuid Airí sa Choiste Feidhmiúcháin go réamhghníomhach le hinfheistíocht inbhuanaithe agus go ndeachaigh siad i ngleic le míbhuntáiste sóisialta trí úsáid a bhaint as clásail shóisialta i mórthionscadail chaipitil laistigh dá ranna;
- Gur chinntigh Michelle O’Neill, an tAire Talmhaíochta, go leanann an earnáil agraibhia ar aghaidh ag cruthú post agus leanann sí ar aghaidh ag tacú leis an earnáil agus ag forbairt na hearnála, atá ar thús cadhnaíochta sa fhreagairt don chor chun donais geilleagrach.
Agus tiomnaíonn sí do na nithe seo a leanas:
- Go bhfuil cruthú post lárnach i gclár Choiste Feidhmiúcháin an tuaiscirt don rialtas;
- Go dtugtar tosaíocht do chruthú post i gceantair thuaithe agus i gceantair dhíothachta agus faoi mhíbhuntáiste
- Go leanfaidh ár nAirí ar aghaidh ag tacú le hinfheistíocht inbhuanaithe agus leis an úsáid clásal sóisialta i mórthionscadail chaipitil;
- Go nglactar cur chuige Uile-Éireann maidir le cruthú post;
- Go dtacaítear le straitéis agraibhia Uile-Éireann chun leanúint ar aghaidh le cumas cruthú post na hearnála seo;
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 4

Go ndéanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
- cuireann sí imní in iúl faoi leibhéil na héagrothoime réigiúnaí ar fud na hÉireann, go háirithe an difreálach suntasach idir pobail tuaithe agus pobail uirbeacha ó thaobh rathúnas geilleagrach de;
- tugann sí dá haire gur theip ar ghníomhaireachtaí cruthú fostaíochta an rialtais aghaidh iomchuí a thabhairt ar na héagrothromaíochtaí réigiúnacha a leanann ar aghaidh ó thaobh infheistíocht dhíreach eachtrach san oirdheisceart, san iarthar agus feadh chonaire na teorann;
- tugann sí dá haire gur theip ar an rialtas i mBaile Átha Cliath agus ar roinnt ranna an Choiste Feidhmiúcháin seirbhísí rialtais a dhílárú agus poist earnála poiblí a chruthú i bpobail dhíothacha;
- fáiltíonn sí roimh thiomantas Airí Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe comhleantacha de chuid Shinn Féin poist earnála poiblí a aistriú amach as Béal Feirste agus isteach i gceantair thuaithe;
- iarrann sí ar an Aire Fiontar, Trádála agus Infheistíochta agus ar an Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta, trí oibriú na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas, straitéis éifeachtach a chur i bhfeidhm chun braislí réigiúnacha a bhunú agus chun a chinntiú go ndéantar infheistíocht urraithe ag an rialtas agus cruthú post a leathadh ar fud na tíre agus iarrann sí freisin tuilleadh plé a dhéanamh ar na sochair fhéideartha shóisialta agus gheilleagracha a bhaineann le dílárú phoist na hearnála poiblí amach as Baile Átha Cliath agus Béal Feirste.
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae
Comhairle Ceantair an Dúin Theas

Passed

Motion 5

Go n-aithníonn an Ard-Fheis seo na dúshláin gheilleagracha os comhair Réigiún an Oirdheiscirt agus go dtugann sí na nithe seo a leanas dá haire:
• Go sáraíonn an dífhostaíocht san Oirdheisceart, arb ionann í agus 16.4%, an meán náisiúnta go mór, arb ionann í agus 12.5% ar fud an stáit
• Go bhfuil na daoine sin a bhfuil gnóthachtáil oideachais níos ísle ná tríú leibhéal acu freagrach as 85% den dífhostaíocht san Oirdheisceart, i gcomparáid le 78% sa stát
• Go bhfuil na daoine sin faoi bhun 35 bliain d’aois freagrach as 51% den dífhostaíocht iomlán, cé nach bhfreagraíonn siad ach do 38% den Lucht Saothair sa réigiún
• Is é 25.08% an figiúr dífhostaíochta do Chathair Thairsí an réigiúin
Agus iarrann sí ar an Rialtas na nithe seo a leanas a dhéanamh:
• A aithint go bhfuil gá le sraith idirghabhálacha ó raon gníomhaireachtaí Rialtais agus neamh-Rialtais chun tacú le Réigiún an Oirdheiscirt
• Moltaí Straitéis Forbartha Geilleagraí an Oirdheiscirt (SEEDS) a chur chun feidhme, arna foilsiú ag an Seanadóir David Cullinane agus ag an gComhchoiste Post, Fiontar agus Nuálaíochta, lena n-áirítear:
- Straitéis Forbartha Geilleagraí deich mbliana a chur chun feidhme don Oirdheisceart.
- Ollscoil theicneolaíoch a bhunú sa réigiún.
- Infheistíocht i líonra snáithín dhorcha (Leathanbhanda) a chur i bhfeidhm
- An tOirdheisceart a fhorbairt mar cheannaire domhanda i ngnó talmhaíochta agus i dtáirgeadh bia.
- Tacú le turasóireacht mar spreagthach tábhachtach fáis gheilleagraigh trí fhís straitéiseach turasóireachta a fhorbairt
- An dá leaba agus an cuan ag Calafort Eorpach Ros Láir a dhoimhniú chun freastal ar shoithí níos mó agus stáisiún lasta iarnróid a fhorbairt ag an gcalafort
- An líne iarnróid idir Ros Láir agus Port Láirge a athoscailt go hiomlán
Ard-Chomhairle
Cumann Mháirtín Uí Mhiadhacháin, Loch Garman
Comhairle Ceantair Phort Láirge

Passed

Motion 6

Cáineann an Ard-Fheis seo plean an rialtais an calafort intíre luachmhar i Ros Mhic Thriúin a dhíol agus tugann sí dá haire gur scrios rialtais chomhleantacha an calafort go mór.
Cumann Mhairtírigh Bhloc H, Loch Garman

Passed

Motion 7

Iarrann an Ard-Fheis seo go ndéanfar athbhreithniú ar scéim JobBridge le gur féidir monatóireacht iomchuí ar phoist a chur i bhfeidhm agus chun a chinntiú nach ndéanfar teacht i dtír ar chuardaitheoirí poist ná dí-áitiú ar phoist atá ann cheana. Ba chóir treoirlínte diana a shocrú maidir le caighdeán na hoiliúna le linn na hintéirneachta, le fad na hintéirneachta agus le nach mór d’fhostóirí atá ag iarraidh úsáid a bhaint as an scéim a thaispeáint, a oiread is féidir, go mbeidh post íoctha ar fáil ar chur i gcrích na hintéirneachta.
Cumann Eoin Shéamais Mhic Shíthigh

An Coiste Náisiúnta don Ógra
Cumann Bhriain Mhic Cathmhaoil/Uí Maoilmhiadhaigh, Gaillimh
Comhairle Ceantair Dhún na nGall
Cumann Mhic Fhlannchaidh/Uí Cheallacháin, Luimneach

Passed

Motion 8

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
Ar mhaithe le hearnáil tógála chothrom chothromasach a chruthú, tugann sí údarás dár rannóg beartais cur san áireamh a dhéanamh, ina chéad fhorógra eile, ar bheartas a chinnteoidh na nithe seo a leanas:
• go ndéanfaidh gach cuideachta mhór tógála ag obair ar thionscadail foirgnimh phoiblí gealltanas a thabhairt le linn an phróisis tairisceana chun a chinntiú go n-íocfar gach fochonraitheoir in am agus ar aon dul le comhaontuithe arna leagan amach ag an dá pháirtí le linn idirbheartaíochta chun na conarthaí sin a aimsiú
• agus go n-íocfaidh an rialtas gach airgead a íocfar leis na cuideachtaí sin ar bhonn céimnithe, i dteannta coinníll maidir le comhlíonadh na gconarthaí agus na struchtúr pá comhaontaithe idir na príomhchonraitheoirí agus na fochonraitheoirí.
Comhairle Ceantair na Mí

Passed

Motion 9

Go n-iarrann an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann infheistiú go mór sa Teicneolaíocht Faisnéise trí chomhlacht leathstáit a chruthú a chuirfeadh ardán iontaofa néalríomhaireachta ar fáil. Bheadh sé á óstáil in Éirinn i gcomhair gnóthais dhúchasacha le go bhféadfadh siad leas a bhaint as timpeallacht shlán ar phraghas réasúnta ina bhféadfadh siad a bhfiontar a oibriú agus a fhás.
Cúige Bhaile Átha Cliath

Passed

Motion 10

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
- tugann sí dá haire go ndearna Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre, agus iad sa rialtas, chomh maith le rialtas Fhianna Fáil, leibhéil soláthar foirne na hearnála poiblí a laghdú trí chóir a bheith 10% i dteannta a chéile
- cáineann sí rún an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe laghdú breise 7,900 duine, nó 2.7% sa bhreis, a dhéanamh ar líon na ndaoine atá fostaithe san earnáil phoiblí
- creideann sí nach leor teorainneacha bliantúla reatha soláthar foirne na hearnála poiblí chun seirbhísí áitiúla riachtanacha a sholáthar
- iarrann sí ar an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe comhaontú leis an teorainn bhliantúil soláthar foirne a mhéadú d’Údaráis Áitiúla
Comhairle Ceantair Dhún na nGall

Passed

Motion 11

Réitíonn an Ard-Fheis seo go dtabharfaidh sí tosaíocht do Bhanc Cuspóirí Poiblí amháin ar a laghad a chruthú le caipiteal ón gCúlchiste Náisiúnta Pinsean agus go gcuirfidh sí de chúram air, sa chéad dul síos, iasachtaí a chur ar fáil ag rátaí ísle úis le haghaidh infheistíocht phoiblí i mbonneagar i gcomhair córais uisce agus fuíolluisce, na heangaí ‘cumhachta dáilte’ agus sócmhainní giniúint fuinnimh in-athnuaite agus, sa dara dul síos, iasachtaí a chur ar fáil ag rátaí ísle úis do chuideachtaí pobail áitiúla, do chomharchumainn agus do dhaoine aonair le go bhféadann siad sócmhainní giniúint fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt nó a cheannach.
Cumann Roibéird Eiméid, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 12

Go n-iarrann an Ard-Fheis seo go dtabharfar Dualgas Uilíoch Seirbhíse Leathanbhanda atá reachtúil isteach chun a chinntiú go mbeidh rochtain ag gach teaghlach agus gnó ar oileán na hÉireann ar nasc Idirlín leathanbhanda atá gasta, iontaofa agus inacmhainne.
Fáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh an infheistíocht atá déanta ag an Aire Talmhaíochta chun aghaidh a thabhairt ar limistéir nach bhfuil rochtain ar nasc Idirlín iontu agus iarrann sí ar an gCoiste Feidhmiúcháin a bheith ag obair le chéile chun an éagothroime sin a réiteach chun nach mbeidh cónaitheoirí agus gnólachtaí tuaithe faoi mhíbhuntáiste dá bharr.
Comhairle Ceantair Ard Mhacha Theas
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae
Cumann Mhairtírigh Oileán an Ghuail/Chluain Eo, Tír Eoghain

Passed

Motion 13

Go ndéanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas: tugann sí dá haire gur theip ar chuideachtaí príobháideacha fón póca clúdach leordhóthanach a chur ar fáil i bpobail tuaithe; iarrann sí go soláthrófar clúdach 100% faoi dhíon ó chlúdach fón póca 4G ar fud oileán na hÉireann, gan aon ghá a bheith ann le maoiniú breise a fháil ó chomhairlí áitiúla, ón gCoiste Feidhmiúcháin, ó na Rialtais i mBaile Átha Cliath agus i Londain ná ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa; agus iarrann sí freisin go gcuirfear deireadh le táillí fánaíochta ar fud na hÉireann.
Comhairle Ceantair Ard Mhacha Theas
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

Passed

Motion 14

Aithníonn an Ard-Fheis seo gur ar lucht ísealioncaim agus ar lucht meánioncaim is mó a thit an t-ualach a bhaineann le €30 billiún i gcánacha agus i gciorruithe sna 26 Contae go díréireach.
Admhaímid gur buaileadh na grúpaí sin le laghdú banda cánach; leis an Muirear Sóisialta Uilíoch; le CBL agus dleacht mháil mhéadaithe; le mótarchánachas níos airde agus leis an muirear teaghlaigh i measc cánacha eile, agus buaileadh iad leis an gcáin réadmhaoine i mbliana.
Chuireamar in éadan thabhairt isteach na cánach réadmhaoine agus d’iarramar lena haisghairm. Chomh maith leis sin, rinneamar foráil dá cur ar ceal in aighneacht mhalartach Bhuiséad 2014 a chuireamar faoi bhráid an rialtais. Dhéanfadh sé seo meánchoigilt €278 sa bhliain ar an meán a chur ar fáil do 1.8 milliún úinéir tí.
Thugamar rabhadh nach mbainfí úsáid as an gcáin sin chun rialtas áitiúil a mhaoiniú agus cruthaíodh go raibh an ceart againn - chuaigh an t-airgead a bailíodh don bhliain seo go díreach isteach i maoiniú an rialtais láir.
Iarraimid díolúine ón muirear idirbhirt do dhaoine aonair a íocann a gCáin Réadmhaoine Áitiúil i dtráthchodanna trí An Post nó trí sholáthraithe eile seirbhíse.
Tugann Sinn Féin tiomantas do dheireadh a chur leis an gcáin réadmhaoine agus é i rialtas agus bearta cothroma forásacha cánach a thabhairt isteach chun maoiniú a dhéanamh ar na seirbhísí poiblí den chéad scoth a chuirfeadh ár mbeartais ar fáil.
Ard-Chomhairle
Cumann Eoin Shéamais Mhic Shíthigh

Passed

Motion 15

Admhaíonn an Ard-Fheis seo go bhfuil an costas maireachtála sna 26 Contae chomh hard nach féidir é a chothú, d’ainneoin géarchéim gheilleagrach 5 bliana; íocaíocht tarrthála €65 billiún ar mhaithe leis na bainc sna 26 Contae; agus €30 billiún a bhaint ó gheilleagar an deiscirt.
Aithnímid go bhfuil comhcheangal de chánacha níos airde agus de níos lú seirbhísí poiblí, i dteannta caillteanais phoist agus fiachas pearsanta ollmhór ina chúis le fulaingt do theaghlaigh ar fud an Stáit agus gur theip ar bhuiséid chomhleantacha an cás sin a fheabhsú.
Molaimid TDanna an pháirtí as aighneacht mhalartach bhuiséid a tháirgeadh i mí Dheireadh Fómhair anuraidh a dhéanfadh na nithe seo a leanas, dá gcuirfí chun feidhme é: deireadh a chur leis an gcáin réadmhaoine, an deontas um chúram faoisimh a athchur i bhfeidhm, liúntas breosla a mhéadú, an costas ar leabhair scoile a laghdú agus béilí scoile a chur i bhfeidhm maidir le 500 scoil bhreise i measc bearta eile, a laghdódh gach ceann acu an costas maireachtála dóibh siúd ar an ngannchuid is mó.
Athdhearbhaíonn Sinn Féin an tiomantas go ndéanfaimid, agus sinne i rialtas, laghdú ar an muirear cánach ar ghnáth-theaghlaigh; cosaint ar sheirbhísí poiblí agus tús áite a thabhairt do phoist ardchaighdeáin inbhuanaithe a chruthú.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 16

Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo a tacaíocht i bprionsabal do Cháin Tobin, is é sin cáin ar idirbhearta airgeadais, ar chóir na fáltais ina leith a úsáid le haghaidh fhorbairt an gheilleagair dhomhanda agus ní mar mheicníocht chistiúcháin le haghaidh an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, tugann an Ard-Fheis seo dá haire moltaí Choimisiún an AE maidir le Cáin Idirbheart Airgeadais ach creideann sí nach dtéann sí chomh fada leis an rogha is fearr linn um cháin fhorásach ar amhantraíocht airgeadais ar bhealaí éagsúla.
Comhairle Ceantair Chiarraí

Passed

Motion 17

Cáineann an Ard-Fheis seo seasamh an Rialtais seo maidir leis an dóigh éagothrom a gcaitear le hAithreacha Singile i dtaca le deireadh a chur le creidmheas cánach an tuismitheora shingil.
Cumann Aindriú Uí Shúilleabháin, Corcaigh

Passed

Motion 18

Aithníonn an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
- Gur chóir stádas na n-institiúidí reiligiúnacha mar charthanais a aisghairm sna 26 contae.
- nár chóir d’institiúidí reiligiúnacha suíomh speisialta a bheith acu laistigh de shochaí na hÉireann
Dá bhrí sin, iarrann an Ard-Fheis seo ar rialtas na 26 contae na dlíthe cánach a chuirtear i bhfeidhm maidir le cuideachtaí a chur i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí reiligiúnacha freisin.
Cumann Mháirtín Uí Ursáin, COC

Passed

Motion 19

Go dtugann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas dá haire:
- Go mbrúfaí níos mó daoine i dtreo na bochtaineachta mar gheall ar thabhairt isteach muirir uisce agus cáiníocóirí faoi bhrú ag streachailt cheana féin.
- Go dtagann tabhairt isteach na muirear seo de bhreis ar chaillteanais phoist atá ag laghdú, ar ioncaim atá ag laghdú agus ar chánacha agus ar mhuirir atá ag méadú, lena n-áirítear an cháin réadmhaoine.
Molann sí:
- An ról a d’imir Sinn Féin maidir le tabhairt isteach rátaí uisce a chosc i dTionól an Tuaiscirt
- An dóigh réamhghníomhach ar chuir foireann Theach Laighean in éadan muirir uisce sa deisceart
Athdhearbhaíonn sí:
- Go gcuireann an páirtí in éadan phlean rialtas na hÉireann méadair uisce a shuiteáil agus muirir uisce a thabhairt isteach
- Go gcuireann sí in éadan bhunú Uisce na hÉireann mar fhochuideachta de chuid Bhord Gáis, toisc go ndúirt an rialtas go bhfuil sé beartaithe aige an chuideachta sin a dhíol
- Go gcuireann Sinn Féin in éadan múchadh uisce nó laghdú brú uisce i gcás neamhíocaíochta
Iarrann sí:
- Straitéis Uile-Éireann i leith soláthar uisce a fhorbairt
- Bunú a dhéanamh ar Chreat-Fhoireann Náisiúnta don Earnáil Uisce chun maoirseacht a dhéanamh ar rialachas na hearnála uisce agus ar infheistíocht chaipitil don earnáil
- Ar an Tionól agus ar Rialtas na hÉireann araon bheith ag obair le chéile ar sheachadadh seirbhísí a bhaineann le comhbhainistíocht abhantraí a bhunú i réigiúin na teorann, le comhinfheistíocht chaipitil agus le bonneagar agus soláthar
- Infheistíocht in uasghrádú a dhéanamh ar an gcóras dáileachán uisce atá ag aosú agus ag sceitheadh
Ard-Chomhairle
Cumann Wolfe Tone, Cill Dara
Cumann Mhíchil S. Uí Mhearáin, Sligeach
Comhairle Ceantair Dhún na nGall
Cumann Shéamais Fhionntáin Uí Leathlobhair, Laois
Cumann an Ath. Uí Mhurchú/Mhic Aodhagáin/Uí Phearail, Loch Garman
Cumann Luimnigh Thiar
Cumann Phádraig Uí Chadhain/ Mhairéid Seoighe, Gaillimh

Passed

Motion 20

Déanann an Ard-Fheis seo tacú leis an gcáipéis ‘Cearta na nOibrithe a Chosaint - Moltaí Shinn Féin ar son Athchóiriú’ agus í a fhormhuiniú, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:
Cearta na n-oibrithe a neartú agus comhlachtaí agus nósanna imeachta um chearta fostaíochta a athchóiriú chun éifeachta, chun réiteach luath díospóidí ionad oibre agus forfheidhmiú láidir na reachtaíochta um chearta fostaíochta a chinntiú.
A chinntiú go dtugtar Cearta Cómhargáintíochta isteach de réir Choinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair agus na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine.
A chinntiú go gcumhdaítear an ceart chun aitheantas ceardchumainn agus cómhargáintíochta sa dlí.
Tá gach oibrí i dteideal obair chuibhiúil agus ba cheart caitheamh leo le meas agus le dínit dhaonna. Ba cheart an ceart chun measa agus dínite san ionad oibre a chumhdach sa dlí agus a léiriú i bpá cuibhiúil agus i ndea-choinníollacha oibre.

Ard-Chomhairle
Comhairle Ceantair Cheatharlach/Chill Chainnigh
Cumann Pheadair Mhic Fhlannchaidh/Mhairéid Uí Fhearghaill, an Clár

Passed

Motion 21

Tá impleachtaí dlí ag conarthaí gan uaireanta i leith chearta agus chosaintí na n-oibrithe. Ní dhéanann siad tairbhe d’oibrithe ná don tsochaí. Lagaíonn conarthaí gan uaireanta an ghluaiseacht lucht saothair, laghdaíonn siad an fáltas cánach agus méadaíonn siad spleáchas ar an stát.

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
• Éilíonn sí an ceart chun measa agus dínite san ionad oibre a chumhdach sa dlí agus a léiriú i bpá cuibhiúil agus i ndea-choinníollacha oibre.
• Iarrann sí deireadh a chur le Conarthaí gan Uaireanta agus na conarthaí sin a dhéanamh neamhdhleathach.

• Iarrann sí ar na rialtais a admháil go gcruthaíonn conarthaí gan uaireanta cothromaíocht neamhchothrom maidir le cearta agus oibleagáidí a chuireann oibrithe go mór faoi mhíbhuntáiste.

• Éilíonn sí go nglacann na rialtais leis go bhfuil tionchar ar leith ag conarthaí gan uaireanta ar mhná agus ar dhaoine a bhfuil oideachas foirmiúil teoranta acu, agus go n-admhaíonn siad go mbaineann saothrú comhfhiosach na n-oibrithe leochaileacha costas ollmhór ar dhaoine maidir leis an dínit dhaonna agus le féinmheas, ar shaol an teaghlaigh agus ar phobail ar fad.
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae
Cúige na 6 Chontae

Passed

Motion 22

Aithníonn an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
- Gur diúltaíodh, agus go ndiúltaítear, ceannasacht eacnamaíoch a thabhairt d’oileán na hÉireann mar gheall ar chinneadh Rialtas na hÉireann rialú ar an bpróiseas buiséadach a ghéilleadh agus cead a thabhairt don Eoraip é a mhaoirsiú, agus mar gur theip ar Rialtas na hÉireann cinnteoireacht fhioscach a chineachadh don Tionól;
- Tar éis 3 bliana i gclár Troika, agus le rialtais chomhpháirteacha chomhleantacha, cuireadh isteach go mór ar sheirbhísí poiblí na 26 Contae agus is troime an muirear cánach a leagtar orthu siúd nach féidir íoc as chun críche na bainc a tharrtháil.
- Cé gur scoireadh de chlár an Troika, tá monatóireacht á déanamh ar phróiseas buiséid na 26 Contae agus tá an clár oibre déine á leanúint fós;
- Leanann an Pharlaimint in Westminster ar aghaidh ag cur clár oibre déine chun feidhme, rud a léirítear i gciorruithe ar bhlocdheontas an Tionóil. Dá bhrí sin, ní mór do pholaiteoirí na Sé Chontae tionchar na gciorruithe a fheabhsú gan an chumhacht a bheith acu cánachas a athrú;
Agus tiomnaíonn sí do na nithe seo a leanas:
- Leanúint ar aghaidh ag éileamh chineachadh na gcumhachtaí fioscacha do na Sé Chontae agus oibriú le páirtithe eile sa Tuaisceart tacaíocht a bhaint amach don seasamh seo;
- Béim a leagan ar conas a theip ar rialtas na hÉireann ceannasacht eacnamaíoch na 26 Contae, agus ar a chlár oibre déine féin. D’fhéach sé le húsáid a bhaint as cailliúint na ceannasachta sin chun an clár oibre déine a fholú;
- Comhroghanna geilleagracha inmharthana a thairiscint don phobal sa dá dhlínse ar féidir iad a bhaint amach má thugtar tosaíocht pholaitiúil do cheannasacht eacnamaíoch, chomh maith le fís a chur i láthair le haghaidh geilleagar rathúil atá bunaithe ar chomhionannas.
Ard-Chomhairle
Cumann Thurlach Uí Chléirigh, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 23

Tugann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas dá haire:
• Is briste atá geilleagar an tuaiscirt agus geilleagar an deiscirt agus tá athchóiriú ollmhór ag teastáil uathu.
• Bheadh dea-thionchar ag geilleagar oileáin amháin ar fud oileán na hÉireann ar thrádáil, ar infheistíocht, ar fhás geilleagrach, ar scileanna an lucht oibre, ar tháirgiúlacht, ar nuálaíocht, ar thaighde agus forbairt.
• Ní bhainfeadh náisiún oileánda ar imeall na hEorpa ina bhfuil 6.4 milliún duine aon leas as dhá chóras cánach, dhá airgeadra agus dhá chóras dlí, dhá chóras seirbhíse poiblí agus dhá gheilleagar iomaíocha ar leith a bheith aige.
Aithníonn an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
• Trí fhís, trí thiomantas agus trínár bhfuinneamh agus trínár gcumas comhcheangailte ó thuaidh agus ó dheas a chur i bhfeidhm, is féidir linn geilleagar inbhuanaithe rathúil agus sochaí níos cothromasaí a thógáil ar fud na hÉireann ar mhaithe lena muintir ar fad
• Beidh rannpháirtíocht iomlán agus ghníomhach Rialtas na hÉireann agus Choiste Feidhmiúcháin agus Thionól an tuaiscirt ag teastáil chun an fhís le haghaidh geilleagar oileáin aonair a bhaint amach.
• Beidh páirt lárnach ag comhchuibhiú struchtúr ar fud an oileáin i ngeilleagar lán-chomhtháite rathúil a bhaint amach.
• Cheal cumhachtaí fioscacha sa tuaisceart, ní féidir le Coiste Feidhmiúcháin an tuaiscirt córas fioscach dúchasach a fhorbairt a sholáthródh an t-athrú geilleagrach riachtanach agus a chabhródh le geilleagar oileáin aonair a fhorbairt.
Iarrann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
• Cumhachtaí fioscacha a chineachadh do Choiste Feidhmiúcháin agus Thionól an tuaiscirt
• Mionscrúdú iomlán ar an úsáid is fearr acmhainní agus ar na samhlacha is iomchuí cuntasachta le haghaidh soláthar geilleagrach ar fud an oileáin
• Go sainaithníonn Ranna sa dá dhlínse comhthionscadail ó chéim na pleanála go dtí a gcur i gcrích
• Go gcuireann Rialtas na hÉireann agus an Tionól amscála ar fáil le haghaidh seirbhísí poiblí comhtháite a fhorbairt ar fud an oileáin

Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Thiar
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae
Cumann Uí Nualáin/Mhic Giolla Domhnaigh, Béal Feirste

Passed

Motion 24

Tugann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas dá haire:
• Teastaíonn poist agus fás inbhuanaithe agus athchóiriú ollmhór ó gheilleagar an tuaiscirt
• Ní féidir lánchumas geilleagrach na hÉireann a bhaint amach ach trí gheilleagar oileáin aonair
• Go leanann an Stát Briotanach ar aghaidh ag diúltú figiúirí cruinne a chur ar fáil maidir le seasamh geilleagrach an tuaiscirt
• Go leanann an Roinn Airgeadais agus Pearsanra agus an Roinn Fiontar Trádála agus Infheistíochta ar aghaidh ag brath ar bhuillí faoi thuairim maidir leis an ngeilleagar atá bunaithe ar mheastacháin mhíchruinne gheilleagracha
• An t-athbhreithniú reatha ar chumhachtaí fioscacha atá á dhéanamh ag Coiste Feidhmiúcháin an tuaiscirt agus Rialtas na Breataine
• An Roinn Airgeadais agus Pearsanra ag rá arís is arís eile go gcuireann sí in éadan cineachadh fioscach breise mar fhreagairt do cheisteanna parlaiminteacha maidir leis an athbhreithniú
Iarrann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
• Iarrann sí ar Rialtas na Breataine ráiteas iomlán cruinn a chur ar fáil faoi gach foirm ioncaim a ghintear laistigh den tuaisceart agus faoi sheasamh geilleagrach an tuaiscirt
• Tomhais chruinne OTI, OTN (etc.) agus beartas geilleagrach bunaithe ar fhíricí a fhorbairt
• Cumhachtaí fioscacha a aistriú ó Westminster go Coiste Feidhmiúcháin agus Tionól an tuaiscirt
• Beartas geilleagrach a fhorbairt agus a chomhordú ar fud na hÉireann
• Straitéis le haghaidh athchóiriú geilleagrach an tuaiscirt a bhfuil sé mar aidhm aici geilleagar láidir, cothromasach agus rathúil a fhorbairt
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae
Cumann Uí Nualáin/Mhic Giolla Domhnaigh, Béal Feirste

Passed

Motion 25

Go n-iarrann an Ard-Fheis seo;
- Ar Rialtas na hÉireann promhadh ó thaobh buiséad comhionannais agus measúnachtaí tionchair a thabhairt isteach láithreach ar bhonn reachtúil arna ndéanamh ag gach Roinn agus comhlacht poiblí agus a gcuid feidhmeanna á comhlíonadh agus is cúis lena ndéanamh ar bhealach atá ceaptha chun laghdú a dhéanamh ar na míchothromaíochtaí ioncaim a thagann as míbhuntáiste socheacnamaíoch agus chun cur ar fáil a dhéanamh ar chosaintí breisithe ón stát trí na catagóirí in aghaidh idirdhealú atá ann cheana san Acht um Stádas Comhionann, 2004;
- Déanfaidh an tÚdarás Comhionannais monatóireacht ar an scéim um Measúnacht Tionchair Chomhionannais de chuid gach roinne agus comhlachta phoiblí agus í a mheasúnú le haghaidh comhlíonadh;
- Athdheimhníonn sí ár dtacaíocht don fheachtas buiséadaithe comhionannais ina bhfuil páirt ag comhghuaillíocht bhonn-leathan de cheardchumainn, d’eagraíochtaí neamhrialtasacha agus de dhaoine aonair lena mbaineann atá ag iarraidh Buiséadú Comhionannais a thabhairt isteach sa stát 26 contae.
- Go dtacaíonn an Ard-Fheis seo leis an tuairim, le linn aon bheartas reachtúil, aon oibleagáid nó aon mhír reachtaíochta ceaptha i dTionól na sé chontae a chruthú, go gcloítear leis an riachtanas le measúnacht tionchair chomhionannais i ngach cás iomchuí agus go háirithe i gcás ina bhféadfadh athrú tionchar suntasach a bheith aige ar aon chuid den phobal.
Ard-Chomhairle
Cúige na 6 Chontae

Passed

Próiseas na Síochána

Motion 26

Molann an Ard-Fheis seo iarrachtaí leantacha Shinn Féin agus daoine eile chun tacaíocht do phróiseas athmhuintearais a leathnú agus a dhoimhniú.
Ní le haon pháirtí polaitíochta ná le haon chuid den tsochaí an t-athmhuintearas, agus níl freagracht eisiach orthu as ach oiread. Is rud coiteann é.
Fáiltímid roimh an méid dearfach a chuir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach leis an bplé ar an tionscnamh praiticiúil ag teastáil, agus ar an bpráinn a bhaineann leis, chun próiseas cuimsitheach athmhuintearais a neadú.
Mar shochaí, is iomaí rud le maitheamh agus a mhaitheamar mar thoradh ar an am atá caite agus ar stair na coimhlinte in Éirinn le déanaí.
Creideann ár bpáirtí go bhfuil próiseas cuimsitheach slánaithe ag teastáil go géar chun aghaidh a thabhairt ar fhulaingt daoine eile, glacadh leis an bhfulaingt sin agus í a admháil, chomh maith leis an gcomhthéacs ba chúis leis an bpian sin.
Tacaíonn an Ard-Fheis seo le tionscnamh admhála coitinn a bhfuil gach taobh páirteach ann, chun spreagadh cumhachtach nua a thabhairt isteach i bpróiseas na síochána. Iarraimid an Fóram Saoránach a athbhunú mar mheán le dul chun cinn a dhéanamh ar fhorbairt an phróisis athmhuintearais.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 27

Tugann an Ard-Fheis seo dá haire go bhfuil comóradh agus cuimhneamh ina bhfoinse nua easaontais laistigh dár bpróisis síochána agus pholaitíochta.
Aithnímid go bhfuil easaontas ann maidir le cineál an chomórtha agus an chuimhnimh toisc go mbíonn an t-am atá thart á chonspóid.
Creideann Sinn Féin gur chóir gach comóradh agus cuimhneamh a dhéanamh ar bhonn dínite, cóimheasa agus gan fearg a chur ar aon duine
Molann an Ard-Fheis seo an obair iontach atá déanta ag Máirtín Ó Muilleoir agus é i seilbh oifige mar Mhéara ar Bhéal Feirste. Déanann sé sin forbairt ar an obair ina leith sin ar chuir Alex Maskey, an chéad Mhéara ar Bhéal Feirste de chuid Shinn Féin, tús léi agus ar fhorbair Tom Hartley agus Niall Ó Donnghaile í ina dhiaidh sin. Tacaímid le leanúint a oibre for-rochtana agus guímid gach rath air ar feadh a théarma i mbun oifige.
Iarrann an Ard-Fheis seo rannpháirtíocht trasphobail agus rannpháirtíocht sa phobal chun teacht ar chomhaontú faoi chultúr comóraidh a thacaíonn le hathmhuintearas agus a chuireann le todhchaí chomhroinnte.
Ard-Chomhairle
Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Thiar
Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Thuaidh
Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Theas agus Thoir

Passed

Motion 28

Cáineann an Ard-Fheis seo go mór tionchar ceantrach an tseicteachais agus na deighilte i sochaí an Tuaiscirt. Tá páirt lárnach ag an dá cheann díobh san am conspóideach atá thart, agus déanann siad easaontais reatha agus deighilt a choinneáil agus a neartú.
Molaimid na heagraíochtaí, na pobail agus na saoránaigh sin a bhfuil taithí acu ar réaltacht an tseicteachais fhoréignigh agus dhochraigh agus a chuaigh ina héadan.
Ní ann d’aon leibhéal inghlactha seicteachais. Ní féidir é a chosaint. Tacaímid leis an neamhfhulaingt atá á taispeáint ag gach institiúid agus gach cuid den tsochaí.
Iarrann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
• Iarrann sí ar na ceannairí polaitíochta agus ar na páirtithe polaitíochta go léir teacht le chéile chun feachtas coiteann in aghaidh seicteachais agus deighilte a chur ar bun.
• Cairt na saoránach in aghaidh an tseicteachais a chur chun cinn.
• Reachtaíocht in aghaidh an tseicteachais agus Bille Ceart a thabhairt isteach.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 29

Iarrann an Ard-Fheis seo ar rialtas na hÉireann agus ar rialtas na Breataine tús a chur le rannpháirtíocht athnuaite shubstainteach a chuimsíonn iad féin agus na páirtithe sa tuaisceart ar mhaithe le Bille Ceart a bhunú ar son thuaisceart na hÉireann agus ar mhaithe le Cairt Ceart Uile-Éireann a chruthú i gcomhréir lenar beartaíodh i gComhaontú Aoine an Chéasta.
Iarrann an Ard-Fheis seo ar Choiste Chomhaontú Aoine an Chéasta plean gníomhaíochta comhaontaithe a cheapadh agus a thionscnamh chun dul chun cinn a dhéanamh ar Bhille Ceart a bhunú ar son thuaisceart na hÉireann agus ar Chairt Ceart Uile-Éireann a chruthú i gcomhréir lenar beartaíodh i gComhaontú Aoine an Chéasta.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 30

Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo a tacaíocht do dhualgas Chomhaontú Aoine an Chéasta um ‘Comhionannas ‘Déileála’ ar údaráis phoiblí ar leagadh béim air go sonrach lena chumhdach le Bille na gCeart.
‘Foirmliú a dhéanamh ar oibleagáid ghinearálta ar an rialtas agus ar chomhlachtaí poiblí lánurraim a thabhairt, ar bhonn comhionannais déileála, d'fhéiniúlacht agus d'aetas an dá phobal’
Tacaímid leis an moladh ón gCoimisiún um Chearta an Duine (HRC), ar cuireadh de chúram air an Bille a fhoirmliú:
‘Ní mór d’údaráis phoiblí lánurraim a thabhairt, ar bhonn comhionannas déileála, d’fhéiniúlacht agus d’aetas an dá phobal phríomha i dTuaisceart Éireann. Aon duine atá ag brath ar an bhforáil seo, ní féidir leis déanamh amhlaidh ar bhealach nach bhfuil i gcomhréir le cearta agus le saoirsí daoine eile’.
I gcomhthéacs sochaí atá deighilte, ní féidir le húdaráis phoiblí, agus níor chóir dóibh, féiniúlacht náisiúnta taobh amháin den phobal amháin a léiriú. Ina leith seo, mhol Sinn Féin beartas um ‘comhionannas nó neodracht’. Ciallaíonn sé seo go bhféadtar an dá bhratach náisiúnta a bheith ar taispeáint nó nach gcuirfear aon bhratach ar airde. An rud atá ag teastáil ná cóimheas a léiriú ar an bhféiniúlacht Bhriotanach agus ar an bhféiniúlacht Éireannach araon.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 31

Athdheimhníonn an Ard-Fheis seo ár dtacaíocht do théarmaí Chomhaontú Aoine an Chéasta a rialaíonn conas a thabharfar aghaidh ar shaincheisteanna na mbratach, na suaitheantas agus an chomhionannais, lena n-áirítear saincheisteanna cultúrtha ar nós paráidí, agus conas a dhéileálfar leo.
Is iad sin:
- “...bunaithe ar na prionsabail seo a leanas: lánurraim agus comhionannas do chearta sibhialta, polaitiúla, sóisialta agus cultúir, saoirse ón leithcheal do gach uile shaoránach, cothroime gradaim agus déileáil go cóir comhionann le féiniúlacht, aetas agus toilmhianta an dá phobal.”
- “...an ceart ar shaoirse ó chiapadh seicteach.”
- “...a áirithiú go... n-úsáidfear siombailí agus suaitheantais den sórt sin ar mhodh a chothóidh comhurraim seachas deighilt.”
- Tá an phríomhfhreagracht ar Rialtas na Breataine, faoi na téarmaí a leagtar amach thuas, agus é “ar an rialtas ag a bhfuil dlínse” as cur ar fáil a dhéanamh ar “paireacht ghradaim agus... déileáil chóir chothrom don... dá phobal”.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 32

Comhaontaíonn an Ard-Fheis seo leis an lucht gnó agus le ceardchumainn go mbíonn ríthábhacht ag cobhsaíocht pholaitíochta maidir le forbairt gheilleagrach agus cruthú post sa tuaisceart, cáineann sí gníomhartha na ndaoine sin a chuireann in aghaidh phróiseas na síochána a bhain úsáid as modhanna neamhdhleathacha chun an bonn a bhaint ó na hinstitiúidí polaitíochta agus tiomnaíonn sí í féin do chur in éadan aon iarrachtaí ar an mbonn a bhaint ó na hinstitiúidí polaitíochta sa tuaisceart.
Cumann Ghearóid Uí Chathasaigh, Ros Earcáin, Co. Aontroma

Passed

Motion 33

Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo tuairim Shinn Féin gurb é dialóg agus comhaontú deireanach idir na daoine sin a bhfuil fonn orthu dul ar paráid agus pobail áitiúla an bealach inmhianaithe agus is éifeachtaí chun dul chun cinn a dhéanamh ar an réiteach ar an líon beag paráidí conspóideacha a imríonn drochthionchar ar an tsochaí agus, go dtí go mbainfear an seasamh sin amach, go ndéanfar an rialú éifeachtach ar pharáidí conspóideacha a choinneáil agus a fhorbairt.
Creideann an Ard-Fheis seo gur gnéithe riachtanacha chun déileáil le saincheist iomlán na bparáidí iad na nithe seo a leanas:
- Cur chuige bunaithe ar chearta a ghlacadh, laistigh de chreat an Choimisiúin Eorpaigh um Chearta an Duine (ECHR).
- Aitheantas a thabhairt do chearta iomaíocha na ndaoine sin ar mian leo a cheart chun saoirse cruinnithe a chleachtadh agus do chearta agus do shaoirsí na ndaoine sin a chónaíonn, a oibríonn, a dhéanann siopadóireacht, a thrádálann agus a théann i mbun gnó sna limistéir trínar mian leo dul ar paráid.
- Cuirtear in iúl i gcásdlí na Cúirte Eorpaí le déanaí go n-áirítear cosaint ar léiriú Ciníoch/Seicteach le “cearta agus saoirsí daoine eile”. An Príomh-Chomhlacht Conartha de chuid Chomhairle na hEorpa a dhéileálann le ciníochas, shonraigh sé gurb ionann seicteachas anseo agus saghas de chiníochas. Ghlac coiste frithchiníochais na NA seasamh cosúil leis sin. Dá réir sin, ba chóir an cásdlí sin, lena ndéileáiltear le srianta ar léiriú ciníoch, lena n-áirítear léiriú a bhaineann le paráidí, a bheith i bhfeidhm maidir le seicteachas anseo.
- An ceart do gach duine chun bheith saor ó chiapadh seicteach.
- Fíor-idirphlé idir na daoine sin ar mian leo máirseáil agus pobail áitiúla ina bhfuil conspóid faoi pharáidí beartaithe sonracha.
- Cumhachtaí rialaithe níos láidre do Choimisiún na Mórshiúlta.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 34

Tá meas ag an Ard-Fheis seo ar chearta gach saoránaigh chun a chultúr agus a fhéiniúlacht a cheiliúradh ar bhealach inghlactha. Ag an am céanna, tugann sí aitheantas agus meas do thuairimí na ndaoine sin a cheapann gur an-seicteach, scanrúil agus, go deimhin, bagrach ina gcineál iad taispeántais den saghas sin. Mura ndéantar amhlaidh, neartófar easaontas agus éagobhsaíocht.
Táimid tiomanta d’oibriú go réamhghníomhach leis an bpobal poblachtach/náisiúnach chun prótacail chomhaontaithe a fhorbairt lenár gcomharsana aontachtacha/is dílseoirí maidir le bratacha, siombailí agus suaitheantais ar chóir tacú leo sa reachtaíocht trí bhearta a leagadh amach inár n-aighneacht do na cainteanna le déanaí a ndearna an Dr. Richard Hass agus Meghan O’Sullivan cathaoirleacht orthu.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 35

Iarrann an Ard-Fheis seo próiseas rannpháirtíochta agus for-rochtana do Phoblachtaigh a d’fhéadfadh bheith scortha ón bpróiseas polaitíochta agus iarraimid ar an bpáirtí tabhairt faoi phlean i ngach ceann de na Cúigí chun dul chun cinn a dhéanamh air.
Cumann Feirste, Béal Feirste
Cumann Mhairtírigh Bhaile Andarsan
Cumann Léana Dúna, Béal Feirste

Passed

Motion 36

Iarrann an Ard-Fheis seo ar rialtas na Breataine a thiomantas faoi Chomhaontú Weston Park maidir le teifigh a chomhlíonadh.
Cumann Mhic Cába/Uí Choigligh, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 37

Réitíonn an Ard-Fheis seo go leanfaidh Sinn Féin ar aghaidh sa dá institiúid polaitíochta ag uasmhéadú ár gcomhair le Coiste na nIarchimí agus le comhpháirtithe leasmhara eile chun dul i ngleic le haon bhacainní dlí, polaitíochta nó sochaíocha ar fhostaíocht, ar thaisteal nó ar nithe eile atá os comhair iarphríosúnaigh anois agus a bheidh os a gcomhair san am atá le teacht.
Chomh maith leis sin, diúltaíonn an Ard-Fheis seo gach iarracht coirpigh a dhéanamh de Phoblachtaigh agus seasann sí i ndlúthpháirtíocht leo siúd a ndearnadh leatrom orthu ó thaobh fostaíochta de tríd an Acht um Cheadúnú Tacsaithe sna 26 Contae agus tríd an reachtaíocht SPAD sa tuaisceart.
Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Thiar
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae
Cumann Uí Mháille/Uí Ruiséil, Baile Átha Cliath

Passed

Ceartas agus Póilíneacht

Motion 38

Go dtugann an Ard-Fheis seo dá haire Comóradh 20 Bliain Shléacht Loch an Oileáin le teacht i mí an Mheithimh, go n-athdhearbhaíonn sí a tacaíocht do Theaghlaigh Loch an Oileáin agus iad ar lorg an chirt; agus go n-iarrann sí freisin ar Ombudsman SPTÉ a sheacht ndícheall a dhéanamh an méid a d’imir Claonpháirteachas Briotanach páirt i ndúnmharú seisear neamhchiontacha sa bhliain 1994 a nochtadh.
Comhairle Ceantair an Dúin Theas

Passed

Motion 39

Molann an Ard-Fheis seo gach duine a chuaigh i mbun feachtais ar son na fírinne faoi rannpháirtíocht an stáit Bhriotanaigh i maruithe in Éirinn, lena n-áirítear teaghlach Pat Finucane, sléacht Bhaile Uí Mhurchú, Seisear an Lóiste Úir agus iarrann sí ar an Rialtas i mBaile Átha Cliath brú a chur ar an Rialtas i Londain an fhírinne a insint faoi rannpháirtíocht bhaill arm na Breataine, an RUC, an UDR agus an RIR i ndrong Ghleann Anna agus san Fhórsa Freagartha Míleata chun saoránaigh Éireannacha a mharú
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae
Cúige na 6 Chontae
Cumann Thraolaigh Mhic Shuibhne, Corcaigh

Passed

Motion 40

Athdheimhníonn an Ard-Fheis seo ár dtacaíocht do mhuintir Jordan agus iad ag leanúint ar aghaidh ag lorg na fírinne agus an chirt ar son Pearse, a mac a dúnmharaíodh. Iarraimid go n-athosclaítear an t-ionchoisne le déanaí agus go nochtar gach comhad a bhaineann lena dhúnmharú ina n-iomláine. Déanaimid an meas leantach atá againn ar thuismitheoirí Pearse, is iad sin, Theresa agus Hugh, a chur i dtaifead. Is éard atá ina sithiúlacht agus ina ndiongbháilteacht leantach ná spreagadh do gach duine atá ar lorg na fírinne agus an cheartais.
Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Thiar
Cumann Mhórcheantar Bhaile Uí Mhurchú, Béal Feirste

Passed

Motion 41

Aithníonn an Ard-Fheis seo an dul chun cinn atá déanta le blianta beaga anuas ar fhorbairt a dhéanamh ar struchtúir shábháilteachta pobail a sholáthraíonn ardáin le haghaidh próisis ‘rannpháirtíochta criticiúla’ le comhlachtaí reachtúla le go mbeidh rath orthu. Beidh bóthar fada romhainn sula mbeidh seirbhísí reachtúla atá cuntasach agus ag díriú ar an bpobal agus iarraimid ar an Ard-Fheis seo dul chun cinn a shonrú agus ár gcuid iarrachtaí ina leith seo a mhéadú go mór.
Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Thiar
Cumann Ghleann na hAbhann, Béal Feirste
Cumann Mhórcheantar Bhaile Uí Mhurchú, Béal Feirste

Passed

Motion 42

Iarrann an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann reachtaíocht a thabhairt isteach a chruthódh údarás neamhspleách póilíneachta sna 26 contae sa deireadh thiar thall.
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae

Passed

Motion 43

Iarrann an Ard-Fheis seo beartas um shráideanna níos sláine chun Gardaí, comhairlí áitiúla agus pobail a ionchorprú le dul i ngleic le sciúirse na hiompraíochta frithshóisialta. Ní mór do thuilleadh Gardaí bheith i láthair sna sráideanna.
Cumann Chathail Mhig Léid, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 44

Iarrann an Ard-Fheis seo straitéis chuimsitheach lucht oibre ina bhfuil amchláir agus spriocanna, rud a dhéanfadh seirbhís póilíneachta atá sibhialachtaithe go cuí agus ionadaíoch go hiomlán a sholáthar i dtuaisceart na hÉireann, agus iarrann sí freisin deireadh láithreach a chur le beartas SPTÉ um póilíní scortha a athfhostú i róil mar shibhialtaigh.
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

Passed

Motion 45

Cáineann an Ard-Fheis seo dúnadh stáisiúin na nGardaí faoi thuath na hÉireann. Mar thoradh ar bheartas costchiorraithe an Rialtais, tháinig méadú ar robálacha tí agus braistint ghinearálta imeagla i bpobail tuaithe, go háirithe i measc cónaitheoirí scothaosta atá ina gcónaí ina n-aonar.
Comhairle Ceantair Loch Garman

Passed

Motion 46

Tacaíonn an Ard-Fheis seo le pianbhreitheanna níos déine mar thoradh ar choireanna a bhaineann le buirgléireacht throm agus le spriocdhíriú ar dhaoine scothaosta faoi thuath na hÉireann.
Cumann Uí Chadhain/Mhic an tSábhaisigh, Sligeach

Passed

Motion 47

Iarrann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
• Tugann sí dá haire an leibhéal ard millteanach d’ionsaí gnéasach, d’fhoréigean gnéasach, d’fhoréigean inscne agus d’fhoréigean teaghlaigh ar fud an oileáin
• Aithníonn sí na 16 Lá i gCoinne Foréigean Inscne a bhíonn ar siúl gach bliain ón 25 Samhain go dtí an 10 Nollaig
• Tiomnaíonn sí do reáchtáil a dhéanamh ar Fheachtas Náisiúnta i gCoinne Foréigean Inscne le linn na 16 Lá i gcoinne foréigean inscne
• Infheistíocht shuntasach i bhfeachtais feasachta poiblí chun é a chosc. Déanann an Ard-Fheis seo tacú leis an bhfeachtas ‘Man Up’ ó SAFE Ireland agus é a fhormhuiniú go hiomlán
• Infheistíocht san fhorbairt bhreise ar shainseirbhísí líne tosaigh foréigin teaghlaigh chun comhlíonadh a dhéanamh ar íoschaighdeáin Chomhairle na hEorpa agus Threoir an AE maidir le hÍospartaigh atá ag teacht.
• Athbhreithniú iomlán ar an gcóras dlí agus póilíneachta chun aghaidh a thabhairt ar na mainneachtainí córasacha atá fianaithe ag taighde. Ba chóir athbhreithnithe ar an gcleachtas reatha atá ina chúis le scoilteadh fhreagairt an chórais dlí d’íospartaigh agus dá leanaí a chur san áireamh anseo.
• Sainmhonatóireacht éigeantach forbartha gairmiúla do ghairmithe dlí chun a chinntiú go gcuirtear an reachtaíocht atá ann cheana chun feidhme go hiomlán.
• Sainmhíniú cuimsitheach reachtaíochta a fhorbairt ar fhoréigean teaghlaigh, ina gcuimsítear ‘smacht comhéigneach’ agus ina n-aithnítear go soiléir na sáruithe seo ar chearta an duine laistigh de dhlí coiriúil na hÉireann.
• Cistiú iomchuí do Thearmainn do Mhná
• Iarrann sí straitéis ar fud an oileáin chun aghaidh a thabhairt ar fhoréigean inscne
• Treoir an AE maidir le hÍospartaigh a chur chun feidhme go hiomlán roimh an spriocdháta i 2015
• Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa um Fhoréigean i gCoinne Ban agus Foréigean Teaghlaigh a dhaingniú gan tuilleadh moille.
Cumann Uí Mhaille/Mhic an Mhíligh, Co. Mhaigh Eo
Cumann Mhairtírigh Mhanchain, Loch Garman
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae
Cumann Uí Nualáin/Mhic Giolla Domhnaigh, Béal Feirste

Passed

Motion 48

Iarrann an Ard-Fheis seo ar na hairí Dlí agus Cirt sa tuaisceart agus sa deisceart dul i mbun birt go práinneach, d’fhonn an córas cróinéara ar an oileán seo a chothromú agus d’fhonn seasamh le cearta agus teidlíochtaí na dteaghlach i leith ionchoisní a chomhlíonann go hiomlán airteagal 2 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae
Cúige na 6 Chontae

Passed

Motion 49

Go bhfáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh thabhairt isteach an Bhille um Inniúlacht Meabhrach mar chéim shuntasach chun dul chun cinn agus cosaint a dhéanamh ar chearta an duine agus ar dhínit ar mhaithe le daoine aonair leochaileacha

Cumann Markievicz/Uí Fhearail

Passed

Forbairt an Pháirtí

Motion 50

Go ndéanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
• molann sí an obair a rinne gach duine ag a raibh baint leis an tsamhail nua bhainistíochta a bhainistiú agus a sholáthar
• admhaíonn sí an tábhacht a bhaineann le plé agus díospóireacht pholaitíochta
• iarrann sí ar chomhlachtaí ábhartha an pháirtí tús áite a thabhairt do chur i bhfeidhm chúrsa oiliúna polaitíochta nua Shinn Féin roimh na toghcháin Eorpacha agus rialtais áitiúil

Cumann Thomáis Ághas, an Mhí

Passed

Motion 51

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
• molann sí obair leanúnach Mary Lou McDonald agus Jennifer McCann ina róil chomhionannas inscne agus an tiomantas a thug an páirtí d’athbhunú a dhéanamh ar ghannionadaíocht na mban i struchtúir eagrúcháin ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal náisiúnta araon;
• athdheimhníonn sí sprioc an pháirtí maidir le hionadaíocht na mban sa cheannaireacht, in oifigí tofa agus sa bhallraíocht: 40% a bhaint amach roimh 2016, agus paireacht inscne iomlán 50% a bhaint amach ina dhiaidh sin.
• molann sí an breithniú agus an glacadh atá á ndéanamh ar bhearta breise gníomhaíochta dearfaí láithreach ball chun na spriocanna sin a bhaint amach
Cúige na 6 Chontae
Cumann Uí Nualáin/Mhic Giolla Domhnaigh, Béal Feirste
Cumann Uí Mhuiris/Uí hAirmheadhaigh, Ard Mhacha Theas

Motion 52

Cáineann an Ard-Fheis seo an dóigh a ndéileálann na meáin le mná; rud is cúis le fuath ban, cultúr éignithe, oibiachtú ban agus go gcruthaíonn sí steiréitíopaí dochracha a d’fhéadfadh mianta ceannairí féideartha is mná a mhúchadh.
Iarrann an Ard-Fheis seo ar Shinn Féin aithint a dhéanamh ar an ról atá le himirt ag mná agus ag an bhfeimineachas inár bpáirtí agus iarrann sí ar bhaill na caighdeáin is airde a chur chun cinn i ngach gné den saol trína ndícheall a dhéanamh dul in éadan cultúr fuath ban.
Cumann Shéamais Lochrie, Ard Mhacha Theas
Cumann Uí Dhorchaidhe/Mhic Maol Íosa, Gaillimh

Passed

Motion 53

Go ndéanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
• molann sí obair Ógra Poblachtach Shinn Féin agus an Choiste Náisiúnta don Ógra
• aithníonn sí na dúshláin an-sainiúil os comhair daoine óga in Éirinn inniu
• spreagann sí an tacaíocht is mó is féidir dár mbaill óga agus dár ngníomhaígh óga de réir mar a leanann siad ar aghaidh ina gcuid iarrachtaí ar pholaitíocht Phoblachtach a chur chun cinn i measc a bpiaraí
• iarrann sí breithniú cuí a dhéanamh ar an bpost mar Eagraí Náisiúnta don Ógra a athbhunú mar phost íoctha lánaimseartha, ar a bhfuil freagracht fhollasach as forbairt an ógra, laistigh den pháirtí
Cumann Thomáis Ághas, an Mhí
An Coiste Náisiúnta don Ógra
Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Thiar

Passed

Motion 54

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
- Tugann sí dá haire cé chomh maith a d’éirigh le clár earcaíochta an pháirtí.
- Tiomnaíonn sí do chlár leanúnach um fhorbairt an pháirtí, lena n-áirítear ballraíocht a mhéadú, cumas a fhorbairt, oideachas polaitíochta agus daonlathas inmheánach an pháirtí a bhreisiú.
- Tugann sí údarás don Ard-Chomhairle tabhairt faoi athbhreithniú ar struchtúir an pháirtí laistigh de bhliain chun a chinntiú go bhfuil na struchtúir agus na próisis iomchuí i bhfeidhm ar son na dtoghchán i 2016. Ba cheart moltaí i gcomhair athrú a chur san áireamh sa tuarascáil, nuair is iomchuí.
Comhairle Ceantair Thiobraid Árann
Cumann Chathail Mhig Léid, Baile Átha Cliath
Cúige na 6 Chontae

Passed

Motion 55

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
- athdheimhníonn sí nach mór dúinn mar pháirtí oibriú ar son neartú na Gaeilge laistigh de Shinn Féin le go mbeidh sé ina pháirtí dátheangach
- athdheimhníonn sí beartas an pháirtí gur dátheangach atá foilseacháin nuair is féidir agus go gcloífear leis an mbeartas sin
Cumann Uí Leathlobhair/Uí Maoilmhíchil/Chlais Maolchon, Ciarraí
Cumann Mháirtín Uí Chadhain, Gaillimh

Passed

Motion 56

Athdheimhníonn an Ard-Fheis seo tiomantas Shinn Féin do chomhionannas. Cinnteoimid gurb oiriúnach do chathaoir rothaí atá gach foirgneamh a úsáideann an páirtí chun spreagadh a thabhairt do níos mó daoine faoi mhíchumas ballraíocht den pháirtí a bhaint amach.
Comhairle Ceantair Chorcaí Thiar

Passed

Motion 57

Spreagann an Ard-Fheis seo iompar freagrach comhshaoil agus déanann sí cur chun cinn ar an úsáid earraí athchúrsáilte lena n-úsáid agus ábhair thoghcháin á dtáirgeadh
Cumann Shéamais Lochrie, Ard Mhacha Theas

Passed

Motion 58

Go dtugtar cead do gach ball de Shinn Féin labhairt agus vótáil ar shaincheist an ghinmhillte de réir a gcoinsiasa.
Cumann Uí Bhairéid/Mhic Curtáin, Corcaigh
Cumann Ráth Chairn, an Mhí
Cumann Driver/Uí Bhaoighill, Cill Mhantáin
Cumann Sheoirse Mhic Dhiarmada
Cumann TJ Breatnach, Sligeach
Cumann Dhroim Sorn, Doire
Cumann Uí Chadhain/Mhic an tSábhaisigh, Sligeach
Cumann Uí Ghallchchobhair/Uí Fhiaich, an Mhí
Cumann Mhaitiú Uí Chatháin, Uíbh Fhailí
Cumann Shéamais Lochrie, Ard Mhacha Theas
Cumann Uí Dhuibhir/Uí Dhoibhilin, Cill Mhantáin
Cumann Éadan Doire, Uíbh Fhailí
Cumann Bhun Cranncha, Dún na nGall
Cumann Ghleann na Rua, Doire
Cumann Uí Dhonnchadha/ Uí Chianáin, Ceatharlach

Failed

Motion 59

Go gcreideann an Ard-Fheis seo nach mbeadh sé inmholta dul isteach i gcomhrialtas le haon pháirtí den eite dheis sna 26 Contae
Cumann Uí Leathlobhair/Uí Maoilmhíchil/Chlais Maolchon, Ciarraí

Passed

Motion 60

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
- molann sí obair Choiste Náisiúnta Shinn Féin um Chuimhneacháin Chéad Bliain as a gcuid oibre i 2013 lenar sonraíodh cuimhneacháin chéad bliain an Fhrithdhúnta, bhunú Arm Cathartha na hÉireann agus bunú Óglaigh na hÉireann
- tiomnaíonn sí do chuimhneachán Chumann na mBan a shonrú ar bhealach iomchuí cosúil leis
Cumann Chathail Mhig Léid, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 61

Déanann an Ard-Fheis seo moladh gur chóir do Shinn Féin tabhairt faoi fheachtas náisiúnta bolscaireachta, agus úsáid á baint as na meáin thraidisiúnta agus na meáin leictreonacha araon, lena leagtar béim ar an tábhacht a bhaineann le Lile na Cásca, go háirithe roimh an gCáisc.
Cumann Phiarais Mhic Cána, Tiobraid Árann

Passed

Motion 62

Iarraimid ar an Ard-Fheis seo obair ‘an Choiste chun ár nÓglaigh a Chuimhneamh’ a mholadh agus spreagadh a thabhairt do cheantair eile féachaint ar an tsamhail nuálach seo chun ár mairbh ba thírghráthóirí a chuimhneach toisc go n-onóraíonn sé ár gcomrádaithe nach maireann ar bhealach a dhéanann a saol a chartlannú agus ár stair a chaomhnú.
Cumann Mhórcheantar Bhaile Uí Mhurchú, Béal Feirste

Passed

Infheistiú in Iompar

Motion 63

Go n-aithníonn an Ard-Fheis seo an gá le straitéis fhadtéarmach a fhorbairt le haghaidh cur ar fáil a dhéanamh ar chóras iompair phoiblí den chéad scoth, ar phraghas réasúnta agus atá inrochtana ar fud an oileáin d’fhonn an deis a thabhairt d’Éirinn a lánchumas a bhaint amach mar shochaí nua-aimseartha rathúil ag a bhfuil geilleagar a mheallann infheistíocht; tugann sí dá haire an tábhacht a bhaineann le bonn uile-oileáin um bonneagar bóithre agus iarnróid a fhorbairt tuilleadh; tugann sí dá haire freisin an cistiú atá ar fáil tríd an nGréasán tras-Eorpach, a bhfuil buiséad 49 billiún euro aige chun córais iompair a fhorbairt ar fud an AE.
Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas, agus aird á tabhairt ar an méid thuas:
• Athdhearbhaíonn sí a tacaíocht do chonair Iompair Iarthair an A5 agus iarrann sí ar an mbeirt Airí Bóithre, sa tuaisceart agus sa deisceart, a gcuid iarrachtaí ar an mórthionscadal bonneagair seo a sholáthar a mhéadú.
• Tacaíonn sí le huasghrádú láithreach Sheachbhóthar Dhún Geimhin A6 agus le dul chun cinn a dhéanamh ar sheachbhóthar Bhaile na hInse.
• Athdhearbhaíonn sí a tacaíocht do Dhroichead Chaol Uisce a thógáil
• Iarrann sí ar rialtas na hÉireann agus ar an Aire Forbartha Réigiúnaí, Danny Kennedy, plean Uile-Éireann a fhorbairt chun an tarraingt anuas is mó is féidir de chistiú TEN-T a aimsiú agus an gréasán TEN-T a leathnú níos faide anonn ná bord farraige an oirthir agus i dtreo an iarthair.
• Iarrann sí conair iompair an A5/N2 a chur san áireamh ar an ngréasán TEN-T.
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae
Cúige na 6 Chontae
Comhairle Ceantair Léim an Mhadaidh
Comhairle Ceantair an Dúin Theas

Passed

Motion 64

Iarrann an Ard-Fheis seo ar Rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre córas iompair phoiblí tuaithe a thabhairt chun suntais mar iarracht ar sholáthar a dhéanamh do phobail iargúlta, agus an deis a thapú le bogadh amach ón tsamhail reatha um iompar comaitéirí in Éirinn mar a dtéann gach bóthar i dtreo Bhaile Átha Cliath.
Cumann Uí Dhonnchadha/ Uí Chianáin, Ceatharlach

Passed

Motion 65

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Ard-Chomhairle breithniú a dhéanamh ar an bhféidearthacht a bhaineann le plean mionsonraithe iompair phoiblí a cheapadh le haghaidh ceantair uirbeacha lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, agus in iarthar na hÉireann go háirithe, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar bhealach éifeachtach ar na fadhbanna iompair a théann i bhfeidhm ar gach duine, beag beann ar aois, laistigh dár bpobail.
Comhairle Ceantair na Gaillimhe Thiar

Passed

Motion 66

Molann an Ard-Fheis seo nach mór bonneagar bunúsach an iarnróid a choinneáil faoi úinéireacht phoiblí, ós rud é go bhfuil iarnród ar cheann de na foirmeacha iompair phoiblí is éifeachtúla ó thaobh breosla de. Táimhe institiúideach nó an lucht bainistíochta a dhéanann bac nó sabaitéireacht ar a éifeachtúla atá sé, ní mór tús áite a thabhairt do bhaint a dhéanamh ar na srianta sin in ionad costchiorrú simplíoch a imríonn drochthionchar ar bhunsoláthar seirbhíse ag leibhéal na talún.
Cumann Mhairtírigh Bhloc H, Ros Mhic Thriúin

Passed

Motion 67

Go n-aithníonn an Ard-Fheis seo an fhíric go bhfágtar pobail tuaithe ar mhaith leo leas a bhaint as córas iompair phoiblí faoi mhíbhuntáiste toisc nár tugadh stadanna dóthanacha iarnróid isteach ar an líne idir Doire agus Béal Feirste, agus iarrann sí ar an Aire Forbartha Réigiúnaí tograí a thabhairt ar aghaidh le haghaidh stad nua a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna seo sa soláthar.
Comhairle Ceantair Aontroma Thuaidh

Passed

Motion 68

Go n-aithníonn an Ard-Fheis seo gur féidir le rothaíocht, mar chóir iompair, na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- cabhrú le folláine coirp, sláinte mheabhrach agus folláine a fheabhsú agus dul i ngleic le strus
- na costais iompair a thabhaíonn teaghlach a laghdú go mór
- plódú tráchta a laghdú
- líon na laethanta breoiteachta a ghlacann fostaithe a laghdú
Agus iarrann sí ar an Aire Forbartha Réigiúnaí na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- pleananna a thabhairt ar aghaidh chun infheistíocht sa rothaíocht a mhéadú ó thart ar 58p an duine gach bliain sa tuaisceart go dtí £10 ar a laghad an duine sa daonra.
- treoir a thabhairt don aonad nua Rothaíochta breithniú a dhéanamh ar chás-staidéir Amstardam agus Cóbanhávan i ndáil le bonneagar rothaíochta sábháilte ar leith a thabhairt isteach.
- a chinntiú go gcuirtear cóiríocht ar fáil do rothaithe ar sheirbhísí bus agus iarnróid Translink i gcónaí agus stóráil agus racaí iomchuí rothar a thabhairt isteach ar bhusanna
- a chinntiú go gcoimeádtar lánaí rothar glan agus go bhforfheidhmítear iad
- soilse tráchta scagaire agus ‘oileáin stadanna bus’ a thabhairt isteach do rothaithe i mbailte agus i gcathracha.
Cumann Ghearóid Uí Chathasaigh, Ros Earcáin, Aontroim

Passed

Motion 69

Go n-aithníonn an Ard-Fheis seo iarrachtaí na ndaoine sin a bhí páirteach i bhfeachtais sábháilteachta ar bhóithre i bpobail tuaithe agus uirbeacha araon agus tacaíonn sí leis an bhfeachtas ‘is leor 20’ agus leis an ngá le 20mph a shocrú mar luasteorainn réamhshocraithe i gceantair chomhthógtha.
Comhairle Ceantair Aontroma Thuaidh

Passed

Motion 70

Go dtugann an Ard-Fheis seo dá haire neamh-chomhsheasmhacht chritéir na Seirbhíse Bóithre i ranna éagsúla le haghaidh scéimeanna um rampaí/shrianadh ingearach a shuiteáil, tugann sí dá haire an riosca breise a chruthaíonn an méid sin do choisithe i mbailte tuaithe agus i sráidbhailte tuaithe lasmuigh den roinn Thiar agus iarrann sí ar an Aire Forbartha Réigiúnaí aird chuí a thabhairt ar shábháilteacht na gcoisithe i gceantair thuaithe trí aghaidh a thabhairt ar fhrithbheartaíocht na Seirbhíse Bóithre i leith na scéimeanna sin.
Comhairle Ceantair Aontroma Thuaidh

Passed

Sláinte

Motion 71

Iarrann an Ard-Fheis seo aischur láithreach na gcártaí leighis lánroghnacha dóibh siúd ar baineadh díobh iad mar thoradh ar chiorruithe a thug rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre isteach ina bhuiséad déine le déanaí. Iarrann sí beartas atruach trínar faomhadh cártaí leighis do gach duine ar aithníodh go raibh tinneas foirceanta/tinneas a d’fhéadfadh bheith foirceanta orthu.
Comhairle Ceantair Dhún na nGall
Cumann Uí Mháille/Uí Ruiséil

Passed

Motion 72

Iarrann an Ard-Fheis seo seirbhís sláinte aontaithe uile-Éireann chun an cúram sláinte is fearr is féidir a chur ar fáil do mhuintir na hÉireann, agus é saor in aisce ag an bpointe soláthair.
Cumann Uí Chárthaigh/Mhic Giolla Bhrighde/Pléamonn, Dún na nGall

Passed

Motion 73

Go ndéanann an Ard-Fheis seo, mar thoradh ar an ngéarghá leantach le trasphlanduithe orgáin agus ar na liostaí feithimh atá chomh fada nach féidir glacadh leo, ar an bplé méadaithe agus ar eolas méadaithe an phobail ar an tsaincheist seo le bliain anuas agus ar an aitheantas leathan go bhféadfaí ár gcumas chun ár ráta deonaithe orgáin a mhéadú go mór dá n-athróimis chuig córas bog rogha an diúltaithe maidir le deonú orgáin, go ndéanann sí athdheimhniú ar ár n-iarraidh ar an Rialtas na nithe seo a leanas a dhéanamh:
• Comhairliúchán fairsing a dhéanamh le páirtithe leasmhara agus leis an bpobal i gcoitinne
• Reachtaíocht chun córas beag rogha an diúltaithe maidir le deonú orgáin a fhoilsiú
• Na hacmhainní agus an bonneagar atá ag teastáil a chur i bhfeidhm chun tacú leis an gcóras nua.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 74

Cuireann an Ard-Fheis seo i gcoinne aon trasdula ar sheirbhísí ospidéil go stádas iontaobhais sna 26 Contae a bheadh ina chúis le hathruithe diúltacha ar chonarthaí fostaíochta, ar phá nó ar choinníollacha na n-oibrithe cúram sláinte.
Cumann Uí Chadhain/Mhic an tSábhaisigh, Sligeach

Passed

Motion 75

Go gcáineann an Ard-Fheis seo nach láithreánaíodh ach ionad cúram sláinte príomhúil amháin i gceantar an Iarthair Láir, go háirithe tar éis Ospidéal Ginearálta Inse a íosghrádú roinnt bheag blianta ó shin.
Cumann Pheadair Mhic Fhlannchaidh/Mhairéid Uí Fhearghaill, an Clár

Passed

Motion 76

Cáineann an Ard-Fheis seo FSS toisc gur theip uirthi aghaidh a thabhairt ar ráta leathnaithe na n-ionfhabhtuithe faighte san ospidéal, rud atá eindéimeach maidir lenár n-ospidéil phoiblí ag an am seo.
Níor thaispeáin an an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte, an “foras faire”, go bhfuil aon chumas aige ospidéil a choinneáil cuntasach tar éis dó tuarascálacha diana ar ospidéil a eisiúint sna meáin agus iarrann sí cumhachtaí riachtanacha a thabhairt don HIQA le gur féidir leis a chinntiú go bhfuil a mholtaí á gcur chun feidhme.
Cumann Mhic Craith/Uí Bhriain, Port Láirge

Passed

Motion 77

Cuireann an Ard-Fheis seo i gcoinne aon fhóirdheontais stáit ar son ospidéil phríobháideacha do leanaí a bhunú nó a reáchtáil in Éirinn.
Cumann Uí Laoghóg/Uí Mhearthaile, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 78

Go n-athdheimhníonn an Ard-Fheis seo an iarraidh a rinneamar ag Ard-Fheis 2013 ar Rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre na nithe seo a leanas a dhéanamh:
• freaschur láithreach a dhéanamh ar na ciorruithe ar uaireanta cúram baile, ar phacáistí cúram baile, ar an deontas cúram faoisimh agus ar an liúntas faoisimh agus cistiú a chur ar ais go dtí na leibhéil ag a raibh sé roimh Bhuiséad 2012;
• coinneáil, forbairt agus breisiú a dhéanamh ar sheirbhísí cúram baile duine le duine agus rochtain iontaofa leantach ar chúram pobail a chinntiú do dhaoine breacaosta agus do na heasláin; agus
• Straitéis Náisiúnta um Aosú Dearfach a dhréachtú, a fhoilsiú agus a chur chun feidhme roimh mhí na Nollag 2014.
Chomh maith leis sin, iarrann an Ard-Fheis seo athbhreithniú ar choimisiúnú na bpacáistí cúram sláinte 15 nóiméad chun measúnú a dhéanamh ar a n-úsáid iomchuí i dtaca leis an dínit agus an atrua atá riachtanach chun aire a thabhairt do dhaoine breacaosta laistigh den phobal sna Sé Chontae.
Ard-Chomhairle
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

Passed

Motion 79

Iarrann an Ard-Fheis seo ar FSS athrú chun dáta agus feabhsú a dhéanamh ar chóir leighis agus ar chúram do dhaoine aosta, go háirithe dóibh siúd a bhfuil galar meabhrach orthu. Ní mór an t-idirchaidreamh idir dochtúirí ginearálta, Altraí Seirbhíse Poiblí, oibrithe sóisialta agus an t-ospidéal a fheabhsú chun cás an othair a thuiscint agus chun an cúram atá ag teastáil uathu a dheimhniú. D’íoc na daoine sin cánacha ar fud a saoil agus ba chóir an dínit atá tuillte acu a thabhairt dóibh.
Cumann Chathail Mhig Léid, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 80

Aithníonn an Ard-Fheis seo an gá le cistiú breise le haghaidh Uathachais agus Diagnóis ASD (neamhord ar speictream an uathachais).
Cumann Aindriú Uí Shúilleabháin, Corcaigh

Passed

Motion 81

Go spreagann an Ard-Fheis seo Feasacht ar Shláinte Chíche a thabhairt isteach i measc mná níos óige sa timthriall deireanach den mheánscolaíocht. Má bhunaítear an t-éiteas sin, spreagfaidh sé leanúint an chleachtais sa todhchaí agus, mar sin de, cabhróidh sé le hailse chíche a shainaithint agus líon na ndaoine a bhfuil sí orthu a laghdú.
Cumann Thurlach Uí Chléirigh, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 82

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
- Leagann sí béim ar an bhfíric go bhfaigheann 7000 duine bás in Éirinn gach bliain mar gheall ar ghalair a bhaineann le tobac
- Cuireann sí béim go mbaineann ríthábhacht le háitiú ar leanaí agus ar dhaoine óga gan tobac a chaitheamh.
- Tá bearta níos cruthaithí agus níos nuálaí fós á n-úsáid ag tionscal an tobac chun an táirge a dhéanamh mealltach do dhaoine óga, lena n-áirítear: pacáistiú tarraingteach dathannach, blasóirí amhail seacláid agus cruthanna pacáistithe. Dá bhrí sin, tacaíonn an Ard-Fheis seo le bearta ar nós Threoir an AE um Tháirgí Tobac, a fhéachann le teorainn a chur leis an drochthionchar a imríonn tionscal an tobac ar leanaí.
- Iarrann sí pacáistiú caighdeánaithe a chur chun feidhme ar bhonn uile-oileáin.
- Iarrann sí táirgí atá ceaptha chun cabhrú le caiteoirí tobac éirí as a chur ar fáil saor in aisce do dhaoine ar mhaith leo leas a bhaint astu
Ard-Chomhairle
Cumann Uí Laoghóg/Uí Mhearthaile, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 83

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas;
Tugann sí an méid seo a leanas dá haire:
• Tugadh fluairídiú isteach den chéad uair sa bhliain 1965, nuair a bhí meath na bhfiacla ina mhórfhadhb sláinte phoiblí. B’ionann fluairídiú agus bealach saor chun dul i ngleic le fadhb a bhí forleathan, go háirithe i measc na mbocht.
• Níl aon chúiseanna sláinte poiblí ann a thuilleadh le leanúint ar aghaidh le fluairídiú uisce. Mar thoradh ar an taos fluairíde fiacla a úsáidtear sa lá atá inniu ann, rud atá freagrach as soláthar an-leordhóthanach fluairíde, agus mar thoradh ar sheirbhísí feabhsaithe fiaclóireachta, níl gá le fluairídiú a thuilleadh.
• Toisc gur tráthúil atá an cheist ar an tairbhe a mheastar a bheith ag baint le fluairíd, agus toisc gur sistéamach atá na rioscaí a ghabhann léi, tá sé níos ciallmhaire an fhluairíd a chur go díreach ar an bhfiacail i bhfoirm taos fiacla.
• Tá taos fluairíde fiacla ar an gcineál cóireála fluairíde is mó a úsáidtear agus a ndéantar an mheasúnacht is déine air.
Molann sí:
• Feachtasóirí ar a gcuid iarrachtaí leanúnacha chun aisiompú a dhéanamh ar an mbeartas chun uisce óil phoiblí a fhluairídiú
Iarrann sí:
• ar Rialtas na hÉireann an Bille Sláinte (Soláthairtí Uisce a Fhluairídiú) a aisghairm láithreach agus an t-airgead a shábhálfar a úsáid chun seirbhísí bia shláintiúil agus seirbhísí fiaclóireachta níos fearr a chur ar fáil do leanaí.
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae

Passed

Motion 84

Go n-iarrann an Ard-Fheis seo ar Rialtas na 26 Contae méadú a dhéanamh ar an airgead breise do 2014 le haghaidh Fís don Athrú a chur i bhfeidhm atá cothrom leis na leibhéil i 2012 agus i 2013 agus spreagann sí athmheasúnú láithreach a dhéanamh ar gach plean chun leapacha/aonaid ghéarmhíochaine um shláinte mheabhrach a laghdú tuilleadh nó a athlonnú, rud a aithníonn an tábhacht a bhaineann le soláthar iomchuí agus dea-chleachtais fhadbhunaithe agus compord na n-othar, lena n-áirítear rochtain an phobail.
Comhairle Ceantair Mhuineacháin
Cumann Uí Anluain/Mhic Mhathúna/Laighnigh, Muineachán

Passed

Motion 85

Iarrann an Ard-Fheis seo cur chuige feabhsaithe maidir le féinmharú a chosc agus cabhair a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil fadhbanna sláinte meabhrach acu.
Ós rud é go mbeidh Reach Out: an Straitéis Náisiúnta um Ghníomhú chun Féinmharú a Chosc, 2005-2014, curtha i gcrích ar ball, tugtar deis dúinn bearta nithiúla a chur i bhfeidhm maidir le féinmharú a chosc. Ní mór acmhainní agus cistiú iomchuí a imfhálú chun a chinntiú go soláthraíonn an straitéis seo dea-thorthaí do chách, beag beann ar stádas socheacnamaíoch.
Ba chóir na nithe seo a leanas a chur san áireamh sa straitéis:
• Seirbhísí sláinte meabhrach a thacaíonn leis an ógra (ar nós Jigsaw, Gaillimh) a bhunú i ngach contae.
• Cothroime rochtana agus torthaí do gach duine a bhfuil drochshláinte mheabhrach orthu.
• Aitheantas go bhfuil gach duine freagrach as féinmharú a chosc agus éilíonn sí forbairt á déanamh ar na nithe seo a leanas:
• Feasacht a spreagadh agus oideachas a mhéadú ar na comharthaí agus na siomptóim a bhaineann le smaointe féinmharaithe/le hintinn féinmharaithe agus le drochshláinte mheabhrach do theaghlaigh agus do phobail
• Freagairtí iomchuí an phobail
• Cur chuige comhpháirtíochta ar fud na seirbhísí agus na ngníomhaireachtaí go léir
• Beartais a chuireann sláinte dhearfach chun cinn agus a thugann aghaidh ar mhíchothromaíochtaí sláinte atá ann cheana

Cumann Uí Mhaille/Mhic an Mhíligh, Co. Mhaigh Eo

Passed

Motion 86

Go n-iarrann an Ard-Fheis seo ar na Rialtais sa Tuaisceart agus sa Deisceart na nithe seo a leanas a dhéanamh;
• méadú a dhéanamh ar chistiú ar fáil d’eagraíochtaí agus do sheirbhísí atá gníomhach i bhféinmharú a chosc agus i dtacaíocht a thabhairt do theaghlaigh a ndeachaigh féinmharú i bhfeidhm orthu
• gach straitéis a athrú chun dáta chun freastal ar an suíomh geilleagrach agus sóisialta reatha
• a aithint go bhfuil géarghá le clár oideachais um fhéinmharú agus um fhéindíobháil a thabhairt isteach sna hiar-bhunscoileanna lena n-athrófaí treoirlínte maidir le féinmharú a chosc chun dea-chleachtas a léiriú, go háirithe 2.1 de threoirlínte na Roinne Oideachais sna 26 Contae ina sonraítear go mbeadh sé fritorthúil oideachas a chur ar fáil do dhaltaí meánscoile ar fheasacht ar Fhéinmharú.
• spreagadh a thabhairt do bhaill de Shinn Féin páirt a ghlacadh i gCúrsaí um Fheasacht ar Fhéinmharú agus um Fhéinmharú a Chosc
• Údarás Náisiúnta Uile-Éireann um Fhéinmharú a chur ar bun leis an aidhm iarrachtaí na n-eagraíochtaí frith-fhéinmharaithe go léir a shioncronú agus soiléireacht agus aontacht a chruthú i bhféinmharú a chosc.
Ard-Chomhairle
Cumann Bhriain Mhic Cathmhaoil/Uí Maoilmhiadhaigh, Gaillimh
Cumann Mháirtín Uí Ursáin, COC

Passed

Motion 87

Tugann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas dá haire:
• Na dúshláin agus an t-éileamh méadaithe ar thionscadail drugaí phobalbhunaithe mar gheall ar úsáid ildrugraí
• An bhagairt thromchúiseach a sholáthraíonn dronganna coiriúla a bhfuil baint acu leis an trádáil drugaí neamhdhleathacha
• Gur íospartaigh iad úsáideoirí drugaí agus ba chóir caitheamh leo mar a chaifí le híospartaigh
Molann sí:
• An obair atá déanta ag pobail agus iad ag dul i ngleic leis na cúiseanna leis an ngéarchéim leanúnach drugaí agus leis na torthaí atá uirthi
• An obair atá déanta ag Tascfhórsaí Drugaí Áitiúla agus Réigiúnacha
• Na teaghlaigh a bhíonn ag streachailt le handúil ar bhonn laethúil
• Teaghlaigh agus pobail nach bhfuil á n-imeaglú ag dronganna coiriúla
Iarrann sí:
• Ar an rialtas an Fhoireann Straitéise Náisiúnta i gCoinne Drugaí a athbhunú
• Ciorruithe ar Thascfhórsaí Drugaí Áitiúla agus Réigiúnacha a fhreaschur
• Ar FSS freaschur a dhéanamh ar a beartas um sheirbhísí drugaí a lárú
• Méadú ar líon na leapacha ar fáil le haghaidh athshlánú drugaí
• Ar rialtas na hÉireann páirt iomlán a ghlacadh sa Seisiún Speisialta um Dhrugaí a bheidh á chur ar siúl ag Comhthionól Ginearálta na NA i 2016
Cumann Shéamais Uí Chonghaile, Baile Átha Cliath
Cumann Uí Laoghóg/Uí Mhearthaile, Baile Átha Cliath
Cumann Uí Dhorchaidhe/Mhic Maol Íosa, Gaillimh

Passed

Motion 88

Go n-aithníonn an Ard-Fheis seo an tráma fairsing dochrach atá á fhulaingt ag ár sochaí mar thoradh ar andúil alcóil agus mí-úsáid alcóil agus éilíonn sí go n-infheistíonn an Roinn Sláinte go hiomchuí i seirbhísí éifeachtacha agus i dtaighde a thabharfaidh eolas don dea-chleachtas.
Cumann Markievicz/Uí Fhearail

Passed

Motion 89

Iarrann an Ard-Fheis seo siabhráin dhleathacha a bhaint láithreach ó dhíol poiblí. Ina theannta sin, iarrann an Ard-Fheis seo reachtaíocht nua a dhréachtú a bhfuil sé mar aidhm aici an bealach éalaithe atá ann a dhúnadh. Is bealach éalaithe é a ligeann díol na ndrugaí sin thar an gcuntar.
Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Thiar

Passed

An Bealach ar Aghaidh san Oideachas

Motion 90

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
• Athdhearbhaíonn sí gur buncheart bunúsach an duine é an t-oideachas agus gur cheart é a bheith saor in aisce, ar fáil do chách agus cabhrú le gach duine gan eisceacht a lánchumas a bhaint amach agus cáineann sí beartais an rialtais a neartaigh míchothromaíochtaí oideachais agus tugann sí dá haire an gealltanas atá i bhForógra na Poblachta i 1916 “gach leanbh sa tír a chaomhnú go cothrom”
• aithníonn sí na sochair shóisialta agus oideachais a bhaineann le scoileanna cumais mheasctha, déanann sí comhghairdeas le formhór na scoileanna ar fud na hÉireann a chleachtann oideachas cumais mheasctha den chéad scoth, agus molann sí obair leanúnach Airí Oideachais chomhleanúnacha Shinn Féin sna 6 chontae as na scoileanna sin a chur chun cinn
• molann sí freisin seasamh comhsheasmhach an Aire John O’Dowd in aghaidh úsáid an roghnaithe acadúil agus daltaí 11 bliain d’aois, rud atá neamhfhónta ó thaobh oideachais de agus atá á cleachtadh ag mionlach scoileanna; agus iarrann sí ar gach eagraíocht atá i gcoinne chleachtas an roghnaithe acadúil, atá ina chúis le heasaontas sóisialta, feachtas leathan a fhorbairt chun deireadh a chur leis;
• Molann sí Urlabhraí Oideachais na 26 Contae, Jonathan O’Brien TD, as reachtaíocht a fhoilsiú chun dul i ngleic le bulaíocht scoile, rud a chuir iallach ar an Aire Ruairí Quinn treoirlínte nua a eisiúint do scoileanna, agus as béim a leagan ar an tsocraíocht ranníocaíochta deonaí i scoileanna a bhí ina cúis leis an Aire ag reáchtáil próiseas comhairliúcháin le Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí faoin tsaincheist; agus as tacaíocht bhreise a thabhairt do chearta na leanaí atá ag freastal ar Ghaelscoileanna chun leanúint ar aghaidh lena n-oideachas in iar-bhunscoileanna Gaeilge trí aghaidh a thabhairt ar bheartais iontrála agus as dul i ngleic le costais um fhilleadh ar scoil atá ag ardú
• Molann sí na múinteoirí ar fud na hÉireann a dhéanann post doiligh agus acmhainní teoranta acu
• Athdhearbhaíonn sí tiomantas Shinn Féin d’oideachas a chur ar fáil do chách mar cheart, ar bhonn comhionannas iomlán.
• Tugann sí dá haire go bhfuil an Roinn Oideachais agus roinnt pátrún, lena n-áirítear comhlachtaí reiligiúnacha, páirteach i gcuid de na scoileanna faoina rialú a atheagrú agus iarrann sí comhairliúchán le tuismitheoirí, le daltaí agus le baill foirne a bheith ina chuid dhílis d’aon phróiseas cinnteoireachta
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae
Cumann Thomáis Ághas, an Mhí
Cumann an Chairn/Mhálanna

Passed

Motion 91

Go ndéanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
• molann sí an tAire Oideachais sa Tuaisceart ar an gcóras maoiniúcháin scoile a athchóiriú chun acmhainní a spriocdhíriú ar riachtanas oibiachtúil d’fhonn cabhrú le deireadh a chur leis an nasc idir dealús sóisialta agus drochthorthaí oideachais – mar is léir ón bhfíric go bhfuil leanaí ó theaghlaigh shaibhre a dhá oiread níos dóchúla ná leanaí ó chúlraí níos boichte an sprioc-thagarmharc cáilíochta a bhaint amach.
• fáiltíonn sí roimh chinneadh an Aire Oideachais sna Sé Chontae na critéir do Bhéilí Saora Scoile agus do dheontais Éidí Scoile a leathnú arís eile, rud a fhágann go mbainfidh thart ar 100,000 teaghlach ísealioncaim tairbhe astu faoin mbliain 2014, i gcomparáid le 60,000 duine sa bhliain dheireanach ina raibh Riail Dhíreach i bhfeidhm.
• Fáiltíonn sí freisin roimh an ngealltanas atá tugtha ag an Aire Oideachais sna Sé Chontae go gcoinneofar scoileanna beaga ar bun agus go dtabharfaidh tacaíocht dóibh - i gceantair inar féidir a thaispeáint go bhfuil gá leo – chun a chinntiú go gcuirfidh siad soláthar oideachais ar ardchaighdeán ar fáil, fiú amháin i gcásanna ina mbíonn an líon daltaí ar rollú sna scoileanna sin ag titim.
• molann sí an méadú leanúnach atá tagtha ar ghnóthachtáil oideachais sa Tuaisceart faoi stiúir Airí de chuid Shinn Féin i ndiaidh a chéile. Tháinig méadú de níos mó ná 10% ó Riail Dhíreach ar líon na ndaoine óga atá ag baint an sprioc-thagarmhairc cháilíochtaí amach.
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae
Comhairle Ceantair Dhoire

Passed

Motion 92

Aithníonn an Ard-Fheis an tábhacht a bhaineann leis na scoileanna beaga Gaeltachta agus an ról ríthábhachtach a imríonn siad i múineadh na Gaeilge do chainteoirí dúchais Gaeilge. Cáineann an Ard-Fheis seo an cinneadh atá tógtha ag Aire Stáit na Gaeltachta deireadh a chur le maoiniú a chur ar fáil d’Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta, agus iarrann sí air athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh sin. Is é ESG an t-aon eagraíocht amháin a labhraíonn ar son mhúinteoirí, thuismitheoirí agus dhaltaí na scoileanna atá suite sa Ghaeltacht agus tá ról lárnach le himirt aici i gcúrsaí oideachais Ghaeltachta sa todhchaí, go háirithe i gcomhthéacs fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.
Cumann Mháirtín Uí Chadhain, Gaillimh

Passed

Motion 93

Níl an Ard-Fheis seo sásta leis an laghdú leanúnach a bhíonn á dhéanamh ar ghnáthdheontais chaipitíochta san earnáil oideachais agus éilíonn sí

- go ndéanfar gach deontas caipitíochta a cuireadh ar fáil do scoileanna le déanaí a aisiompú
- agus go gcuirfear bunchúnamh méadaithe deontais chapitíochta ar fáil do scoileanna beaga.
Cumann an Chairn/Mhálanna

Passed

Motion 94

Ba chóir iompar scoile a chur ar fáil do gach dalta a fhreastalaíonn ar scoileanna náisiúnta/mheánscoileanna atá suite lasmuigh de theorainneacha scoile.
Faoi láthair, ní féidir le daltaí leas a bhaint as an tseirbhís sin mar gheall ar chritéir atá leagtha síos ag an Roinn Iompair, critéir a fhágann go mbraitheann rannpháirtíocht sa tseirbhís ar an achar idir an scoil agus an áit a bhfuil cónaí ar an dalta. Cuireann sé sin brú ollmhór ar thuismitheoirí a gcuid teaghlaigh a thabhairt chun na scoile. Tá sé go háirithe contúirteach i gceantair thuaithe, áit nach bhfuil aon chosáin agus a mbíonn ar leanaí siúl ar bhóithre ar a mbíonn méid an-mhór tráchta. Iarraim go gcuirfear iompar scoile ar fáil do gach leanbh scoile agus go gcuirfear deireadh leis an gcóras teorainneacha.

Cumann Phádraig Mhíchil Airt, Dún na nGall

Passed

Motion 95

Tugann an Ard-Fheis seo dá haire an rath leanúnach atá ar Ionad Uathachais Choillidh Chanannáin; fáiltíonn sí roimh an soláthar den scoth atá ar fáil do mheasúnú, d’oiliúint agus do thaighde oideachais ar bhonn Uile-Éireann; agus iarrann sí ar an mbeirt Airí Oideachais féachaint ar bhealaí ina bhféadfaí rath an tionscadail trasteorann seo a fhorbairt sna blianta amach romhainn.
Comhairle Ceantair an tSratha Bháin

Passed

Motion 96

Fáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh an ilchineálacht mhéadaithe i bpobal na hÉireann, thuaidh agus theas. Tugann an Ard-Fheis seo dá haire go bhfuil seans ann nach bhfuil rochtain ag leanaí ó theaghlaigh a tháinig go hÉirinn le déanaí ar thacaíocht mhaoinithe ina gcuid oideachais ar mhaithe lena gcuid scileanna teanga labhartha agus scríofa a fhorbairt. Iarrann an Ard-Fheis seo go soláthrófar tacaíocht sa seomra ranga chun deiseanna oideachais na leanaí sin a uasmhéadú.
Cumann Uí Nualláin/Mhic Giolla Domhnaigh, Béal Feirste

Passed

Motion 97

Creideann an Ard-Fheis seo gur chóir eaglaisí agus an stát a bheith scartha ó chéile. Iarraimid go ndéanfar gach scoil, idir bhunscoileanna agus mheánscoileanna, a mhaoinítear go poiblí dhí-eaglaisiú agus go mbeidh bainistíocht na scoileanna sin faoi rialú agus faoi údarás ag comhairlí contae áitiúla. Níor chóir aon oideachas reiligiúnach seicteach a bheith ceadaithe in aon scoil a mhaoinítear go poiblí. Ba chóir do theaghlaigh ar mian leo éiteas reiligiúnach a bheith ann i scoil a leanaí íoc as scoileanna den sórt sin óna gcuid cistí príobháideacha féin nó ó thabhartais.
Cumann Mhic Fhlannchaidh/Uí Cheallacháin, Luimneach

Failed

Motion 98

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an rialtas oideachas tríú leibhéal a dhéanamh níos inrochtana láithreach tríd an réim ioncaim chun deontas de chineál éigin a fháil a mhéadú go €75000 in aghaidh an teaghlaigh, in aghaidh na bliana. Fágfaidh sé sin gur féidir deontais a leithdháileadh ar mhic léinn a thagann ó theaghlaigh ina bhfuil beirt ar mheánioncam. Má ghabhann ráthaíocht leis sin nach gcosnóidh táillí níos mó ná €3000 in aghaidh na bliana, beidh oideachas níos inrochtana.
Cumann Mhic Fhlannchaidh/Uí Cheallacháin, Luimneach

Passed

Motion 99

Tacaíonn an Ard-Fheis seo leis an gceart atá ag Coláiste Ollscoile Naomh Muire an neamhspleáchas agus an tacaíocht rialtais a theastaíonn uaidh a bheith aige chun a mhisean a chur chun cinn, is é sin: sármhaitheas acadúil, oideachas múinteoirí, Gaeloideachas, rochtain ar an ardoideachas do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste agus rannpháirtíocht sa phobal; agus iarrann sí ar an Aire Fostaíochta agus Foghlama tacú le Coláiste Naomh Muire bearta a fhorbairt a chinnteoidh inbhuanaitheacht fhadtéarmach an choláiste i gcroílár iarthar Bhéal Feirste.
Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Thiar

Passed

Na Daoine is Leochailí sa tSochaí a Chosaint

Motion 100

Athdheimhníonn an Ard-Fheis seo go bhfuil Sinn Féin i gcoinne an chláir dhéine atá á shaothrú ag comhghuaillíocht na dTóraithe/na nDaonlathaithe Liobrálacha i Londain agus ag comhghuaillíocht Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre i mBaile Átha Cliath, rud a rinne ionsaí ar na daoine is leochailí, orthu siúd faoi mhíchumas agus ar theaghlaigh dhícheallacha.
Molann an Ard-Fheis seo na hiarrachtaí atá déanta ag ár bhfoirne sa Tionól agus sa Dáil go dtí seo chun an clár déine sin a chosc ar a bheith á fhorchur ar mhuintir na hÉireann.
Murar thug Sinn Féin tacaíocht láidir do na daoine is leochailí inár sochaí, tugaimid dár n-aire go mbeadh clár ciorruithe leasa shóisialaigh Rialtais na Breataine i bhfeidhm cheana féin. Athdhearbhaímid go bhfuilimid fós in aghaidh Cháin an tSeomra Leapa, mar a thugtar uirthi.
Aithníonn an Ard-Fheis seo go dtugann na tograí sin neamhaird ar na cúinsí ar leith atá i réim i sochaí atá ag teacht amach ó choinbhleacht agus ar na hiarmhairtí millteacha atá ag na tograí orthu seo a leanas: ceantair aontachtacha agus náisiúnacha faoi mhíbhuntáiste, teaghlaigh ísealioncaim agus teaghlaigh gan ioncam, daoine scothaosta agus saoránaigh a bhfuil míchumas fisiciúil nó intleachta acu.

Iarrann an Ard-Fheis seo ar Rialtas na Breataine arís eile dul i mbun comhphlé bríoch le gach páirtí an Choiste Feidhmiúcháin chun teacht ar réiteach cuí ar na ceisteanna amuigh.
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae
Cúige na 6 Chontae

Passed

Motion 101

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
• cáineann sí Buiséad 2014, rud a laghdaigh croírátaí agus croí-íocaíochtaí leasa shóisialaigh ón gcliabhán go dtí an uaigh agus a dhírigh ar na daoine seo a leanas: máithreacha nua trí chiorruithe ar Shochar Máithreachais, daoine óga trí chiorruithe ar Liúntas Cuardaitheora Poist, daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas trí dheireadh a chur leis an Liúntas Teileafóin agus trí laghduithe ar Phinsean Easláine faoi seach, agus daoine éagtha, fiú, trí dheireadh a chur leis an Deontas Méala;
• Teipeann go hiomlán ar an rialtas seo fíorshaol na máthar nua a thuiscint agus ciorruithe á ndéanamh aige ar Shochar Máithreachais. Fágfaidh an ciorrú sin go bhfuil baol ann nach mbeidh a lán máithreacha nua in ann a gcuid teidlíocht iomlán saoire mháithreachais a thógáil agus go mbeidh orthu filleadh ar ais ag obair nuair a shroicheann a gcuid leanbán 6 mhí.
• tagann sí ar an gconclúid go bhféadfadh an rialtas na ciorruithe sin, as a dtiocfaidh tuilleadh cruatain agus eisimirce, a sheachaint go hiomlán dá nglacfadh sé leis na bearta a leagadh amach i mBuiséad Malartach Shinn Féin;
• iarrann sí ar an rialtas glacadh le cur chuige nua agus tús a chur leis na ciorruithe sa Bhuiséad seo agus i mBuiséid roimhe sin a aisiompú, buiséid a rinne an-dochar do na daoine lena mbaineann agus do na geilleagair áitiúla;
Foireann Theach Laighean
Cumann Phort Láirge Thiar
Ard-Chomhairle
Comhairle Ceantair na Gaillimhe Thiar
Cumann Bhaile Mhic Ádaim/Bhiorra, Uíbh Fhaillí
Cumann Aindriú Uí Shúilleabháin, Corcaigh

Passed

Motion 102

Iarrann an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann a chinntiú go ndéanfaidh siad siúd atá ag teacht amach as leas sóisialach chun cúrsa SOLAS a dhéanamh a gcuid sochair fhorlíontacha uile a choinneáil, agus geallann sí go ndéanfaidh Sinn Féin amhlaidh agus é i mbun rialtais.
Cumann Pheadair Mhic Fhlannchaidh/Mhairéid Uí Fhearghaill, an Clár

Passed

Motion 103

Geallann an Ard-Fheis seo go ndéanfaidh an páirtí athrú, agus é i mbun rialtais, ar an dóigh a ndéantar Íocaíochtaí Liúntais Bhreosla. Bheadh rogha ag daoine a fhaigheann íocaíochtaí den sórt sin íocaíocht dhíreach a dhéanamh, i bhfoirm suime iomláine nó mar chéatadán comhaontaithe den liúntas iomlán is iníoctha, le soláthraí as bulcsholáthairtí ola, gáis agus breosla sholadaigh. Bheadh sé sin chun tairbhe ollmhór dóibh siúd a mbaineann a gcuid príomhchóras teasa úsáid as breoslaí a cheannaítear i mbulc-chainníochtaí de ghnáth nó go heisiach, sa chás nach leordhóthanach chun íocaíochtaí móra aonuaire a chlúdach a bhíonn íocaíocht bheag a dhéantar gach seachtain thar thréimhse sé mhí.
Cumann Uí Shúilleabháin/Mhic Ionnrachtaigh, Ciarraí

Passed

Motion 104

Molann an Ard-Fheis seo an páirtí as grúpa oibre a chur ar bun chun tús áite a thabhairt do na 3 thoghcheantar is mó díothacht sna 6 chontae tar éis an rúin a ritheadh ag an Ard-Fheis dheireanach. Iarraimid ar an bpáirtí tacú leis na moltaí agus iad comhaontaithe ag an ngrúpa oibre agus leas a bhaint as a chumhacht pholaitíochta ar fad chun cabhrú leis na pleananna seo a sholáthar.
Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Thiar

Passed

Motion 105

Iarrann an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann reachtaíocht a thabhairt isteach a chuirfidh teorainn leis na rátaí millteanacha úis a ghearrann cuideachtaí iasachtú airgid in Éirinn a thagann i dtír ar na baill is leochailí dár bpobail.
Cumann Eoin Shéamais Uí Cheallaigh/Dhiarmada Uí Bhrolaigh, Dún na nGall

Passed

Motion 106

Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo tiomantas Shinn Féin do chur in aghaidh chiorruithe an Rialtais ar sheirbhísí don ógra a ndearnadh ciorrú 30% orthu san iomlán ón mbliain 2008. Imríonn seirbhísí don ógra ról ríthábhachtach i gcumhachtú agus spreagadh a thabhairt do dhaoine óga páirt dhearfach a bheith acu sa tsochaí. Easpa infheistíochta, tuisceana agus fadbhreathnaitheachta, baineann siad go léir an bonn ónár ndaoine óga agus fágfaidh sé sin an ghlúin seo i saol mar a mbeidh an dífhostaíocht, an bhochtaineacht, an eisimirce, an choireacht, andúil agus fadhbanna sláinte meabhrach ar an nós coiteann agus ní ar an eisceacht.
Cumann Thraolaigh Mhic Shuibhne, Corcaigh

Passed

Infheistíocht i dTithíocht Shóisialta agus Dul i nGleic leis an nGéarchéim Mhorgáiste

Motion 107

Aithníonn an Ard-Fheis seo go bhfuil 184,534 teaghlach in anacair morgáiste sna 26 Contae faoi láthair.
Aithnímid go mbíonn eagla ar na teaghlaigh sin gach lá go gcaillfidh siad an t-áras teaghlaigh agus is minic a chuireann siad gach riachtanas eile, bia agus teas san áireamh, ar leataobh chun íocaíochtaí a dhéanamh ar a gcuid morgáistí.
Creidimid gur theip go hiomlán ar fhreagairt Rialtas na hÉireann don ghéarchéim morgáiste, freagairt a bhí bunaithe go hiomlán ar chumhacht a thabhairt do na bainc daoine in anacair morgáiste a chiapadh agus árais teaghlaigh a athshealbhú. Tacaíonn na fíricí leis an tuairim sin – sheol na bainc 15,000 litir athshealbhaithe amach laistigh den chéad chúpla mí ó forchuireadh spriocanna chun anacair morgáiste a ‘réiteach’ sa bhliain 2013.
Leanann Sinn Féin ar aghaidh le réiteach COTHROM ar an ngéarchéim morgáiste a mholadh – réiteach a thugann tús áite don Teaghlach, a dhéanann Breithniú ar bhonn Neamhspleách, agus a thugann isteach Fuascailtí a d’fhéadfadh díluachálacha a bheith i gceist leo, ar bhonn cás ar chás.
Creideann an páirtí gur chóir do na bainc gan an cinneadh deireanach a bheith acu ar réitigh mhorgáiste agus creideann sé gur gá tuilleadh cosanta a thabhairt don áras teaghlaigh sa dlí. Iarrann sé ar Rialtas na hÉireann an cheannaireacht riachtanach is gá a thaispeáint sa cheist seo agus aghaidh a thabhairt uirthi dáiríre – trí thús áite a thabhairt do theaghlaigh, agus ní do na bainc.
Ard-Chomhairle
Cumann Thomáis Ághas, an Mhí

Passed

Motion 108

Aithníonn an Ard-Fheis seo go bhfuil an stát, trí Údaráis Áitiúla, ag bogadh ar shiúl ó thithíocht phoiblí a sholáthar agus i dtreo rud ar a dtugtar tacaíocht tithíochta. Cuireann an múnla sin de dhualgas ar an earnáil dheonach agus phobail tithíocht a sholáthar agus tugann sé fóirdheonú do thiarnaí talún príobháideacha.
Cé go soláthraíonn comhlachtaí tithíochta san earnáil dheonach agus phobail seirbhís den scoth agus cé gur cuid ríthábhachtach dár gcóras tithíochta iad, níl siad in ann an leibhéal tithíochta is gá a chur ar fáil.
Iarrann an Ard-Fheis seo go gcuirfidh gach Údarás Áitiúil iontaobhais tithíochta ar bun, iontaobhais a d’fhéadfadh maoiniúchán a lorg do mhórfhorbairt tithíochta poiblí gan airgead a fháil ar iasacht mar chuid den fhiachas náisiúnta.
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae
Cumann Thomáis Ághas, an Mhí
Comhairle Ceantair Chill Mhantáin

Passed

Motion 109

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
• dearbhaíonn sí gurb é an modh is éifeachtaí chun comhionannas rochtana a chur chun cinn ar fud gach earnála sa phobal ná an tosaíocht atá ag an riachtanas oibiachtúil is mó ó thaobh beartas, soláthar agus leithdháileadh tithíochta sóisialta de.
• mar gheall ar na hardleibhéil easpa dídine agus anacra morgáiste atá ann faoi láthair agus atá ag éirí níos measa de bharr cíosanna atá ag ardú san earnáil phríobháideach, de bharr fiachas morgáiste agus de bharr athshealbhuithe, glacann sí leis gur gá moratóir a thabhairt isteach ar an ‘Ceart Ceannaigh’ go dtí gur féidir le tithíocht shóisialta agus inacmhainne freastal ar an ngá práinneach ina leith sin.
• diúltaíonn sí do phríobháidiú na tithíochta sóisialta agus tacaíonn sí le Feidhmeannas Tithíochta an tuaiscirt a chur i gcomhréir le soláthraithe eile tithíochta poiblí trí athbhreithniú a dhéanamh ar an moratóir airgeadais atá leagtha síos ag an Roinn Forbartha Sóisialta chun cur ar chumas na Feidhmeannas Tithíochta leas a bhaint as na cearta iasachta a tugadh isteach i 2011 chun forbairtí nua tithíochta sóisialta a mhaoiniú agus tithíocht phoiblí a choimeád ar bun san earnáil phoiblí ag an am céanna.
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

Passed

Motion 110

Aithníonn an Ard-Fheis seo nádúr srianta bheartas tithíochta sóisialta na Rialtas atá ann faoi láthair agus geallann sí go n-athchuirfidh sí beartas cabhrach tithíochta sóisialta tuaithe ar bun, rud a chabhróidh le saoránaigh dhúchasacha teacht ar thithíocht shóisialta sa cheantar tuaithe. Geallann sí freisin go gcinnteoidh sí gur féidir stoc tithíochta a cheannach agus a thógáil, lena n-áirítear “Tithíocht Áisc Speisialta” i gceantair thuaithe ina bhfuil gá léi.
Comhairle Ceantair Dhún na nGall

Passed

Motion 111

Iarrann an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann maoiniú a chur ar fáil chun athchóiriú a dhéanamh ar an méid mór cóiríochta údaráis áitiúil a bhfuil drochbhail air faoi láthair.
Cumann Eoin Shéamais Uí Cheallaigh/Dhiarmada Uí Bhrolaigh, Dún na nGall

Passed

Motion 112

Iarrann an Ard-Fheis seo ar choiste feidhmiúchán na 6 chontae bearta a chur i bhfeidhm d’úinéirí tí ar tháinig meath ar riocht a gcuid tithe ó tarraingíodh siar deontais de réir tástáil acmhainne. Tiomnaíonn sí dó féin cabhrú leis an lucht ísealioncaim sin agus le daoine atá ag fáil sochar nach bhfuil acmhainn acu a gcuid tithe a athchóiriú chun feabhais.
Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Thiar

Passed

Motion 113

Geallann an Ard-Fheis seo go mbeidh an páirtí níos gníomhaí ina leith sin sa Rannóg Tithíochta, agus é i mbun rialtais, go ndéanfaidh sí cothabháil, maoirseacht agus tacú ar Chuideachtaí Príobháideacha Bainistíochta Eastát agus go ndéanfaidh sí laghdú ar an gcostas a bhaineann lena leithéid cuideachtaí a athchlárú leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí. Tá sé ag éirí níos deacra dóibh siúd ar ghá dóibh a gcuid tí a dhíol mar gheall ar an líon méadaithe de na cuideachtaí sin atá á mbaint den Chlárú Cuideachtaí, cuideachtaí atá á reáchtáil i mórán cásanna ag cónaitheoirí nach bhfaigheann an oiread sin tacaíochta ná comhairle seachtraí. Tá sé sin amhlaidh mar gheall ar staid dhlíthiúil thailte agus sheirbhísí comhroinnte na n-eastát sin, eastáit a éiríonn ina ‘dtalamh eadrána’.
Cumann Uí Shúilleabháin/Mhic Ionnrachtaigh, Ciarraí

Passed

Motion 114

Geallann an Ard-Fheis seo go ndéanfar na dlíthe cuí pleanála a neartú chun a chinntiú go dtabharfar an chosaint cheart d’fhoirgnimh, do shráideanna agus do bhonneagar eile ar ardú contúirteach leibhéal na mara agus ar mheascán de lán mara agus de bhorradh stoirme, bunaithe ar réamh-mheastacháin Oifig na nOibreacha Poiblí suas go dtí an bhliain 2100.
Cúige Bhaile Átha Cliath
Cumann Mhic Gabhann/Uí Fhearghail/Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath

Dlúthpháirtíocht Idirnáisiúnta agus Gnóthaí an AE

Motion 115

Fáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh an gcomhar méadaithe ó thaobh cúrsaí polaitiúla agus eacnamaíochta de i measc tíortha i Meiriceá Láir agus i Meiriceá Theas.
- Cáinimid an cinneadh a rinne roinnt tíortha Eorpacha diúltú d’eitilt Evo Morales, Uachtarán na Bolaive, taisteal in aerspás a gcríoch féin an 2 Iúil 2013 agus fuireacht poirt a chur ar eitleán an Uachtaráin i Vín. Bhí an cinneadh sin bunaithe ar fhaisnéis agus ar chúisimh a bhí bréagach. Chaith gníomhartha na dtíortha sin drochmheas ar an Uachtarán Morales agus ar mhuintir Mheiriceá Láir agus Mheiriceá Theas. Níor chóir caitheamh le aon cheann daonlathach Stáit mar uachtarán den dara grád.
- Ina theannta sin, cáinimid an fhaisnéis a thug Edward Snowden chun solais le déanaí, is é sin, go bhfuil mórchlár spiaireachta á oibriú ag Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) i dtíortha Mheiriceá Theas, an Bhrasaíl go háirithe. Mar chuid den chlár sin, rinneadh cluasaíocht ar Uachtarán na Brasaíle, ar chumarsáid Dilma Rousseff agus ar mhisean taidhleoireachta na Brasaíle chuig na Náisiúin Aontaithe. Ina theannta sin, rianaigh SAM sonraí pearsanta agus cumarsáid phearsanta shaoránaigh na Brasaíle. Sáraíonn an cleachtas sin an dlí idirnáisiúnta, sáraíonn sé ceannasacht agus sáraíonn sé an ceart atá ag an duine aonair chun príobháideachais.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 116

Molann an Ard-Fheis seo Nicolás Maduro, Uachtarán Veiniséala, agus a chuid comhghleacaithe, ar a bheith ag leanúint le Réabhlóid Bholavarach a chur i bhfeidhm agus a fheabhsú i dtréimhse an-deacair tar éis bhás Hugo Chávez.
Cáinimid na hionsaithe atá déanta ag fórsaí na heite deise ar an bpróiseas daonlathach i Veiniséala agus na hiarrachtaí díomhaoine atá déanta acu an tír a dhíchobhsú agus amhras a chaitheamh ar bhua soiléir trédhearcach an Uachtaráin Maduro sa toghchán Uachtaránachta i mí Aibreáin 2013.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 117

Fáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh na hiarrachtaí leanúnacha chun próiseas inbhuanaithe síochána a chruthú sa Cholóim agus tacaíonn sí leis na hiarrachtaí sin. Athluaimid go bhfuilimid i bhfách le hiarrachtaí chun próiseas cuimsitheach a chruthú agus réiteach daonlathach idirbheartaithe a bhaint amach.
- Cáinimid gabháil agus príosúnacht Huber Ballesteros, an ceardchumannaí Colómach mór le rá. Is léir gur ghabh údaráis na Colóime é chun pionós a chur air mar gheall ar a chuid gníomhaíochtaí ceardchumainn.
- Iarraimid go scaoilfear saor é agus go dtabharfar tuilleadh cosanta agus tacaíochta do cheannairí agus do ghníomhaithe ceardchumainn sa Cholóim.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 118

Athluann an Ard-Fheis seo ár ndlúthpháirtíocht leanúnach le muintir na Palaistíne agus iarrann sí na nithe seo a leanas:
- Deireadh a chur le gach gníomh armtha agus le gach gníomh foréigin.
- Deireadh a chur le gabháil seilbhe an Bhruaigh Thiar agus leis an diúltú don cheart saorghluaiseachta a thabhairt do Phalaistínigh idir an Bruach Thiar agus Stráice Gaza mar chuid den phróiseas chun an Bruach Thiar a dhíchoilíniú.
- Deireadh a chur le coilíniú leanúnach an Bhruaigh Thiar, Iarúsailéim Thiar san áireamh, ag Iosrael, le lonnaíochtaí a thógáil agus le lonnaíochtaí atá ann cheana a leathnú trí fhás nádúrtha, mar a thugtar air.
- Stop a chur láithreach leis an mBalla Scartha a thógáil mar chéad chéim i dtreo scartáil an bhalla.
Iarraimid freisin na nithe seo a leanas:
- Gach srian a bhaint ar earraí agus ar thrádáil na Palaistíne a onnmhairiú agus a allmhairiú as an mBruach Thiar, as Iarúsailéim Thiar agus as Gaza.
- Deireadh a chur láithreach le Léigear Gaza agus gach pointe teorann a athoscailt, lena n-áirítear Pointí Trasnaithe Erez agus Rafah do dhaoine agus d’earraí araon.
- Calafort Gaza a athoscailt agus an teorainn trí chiliméadar a bhaint ar iascaireacht laistigh d’uiscí críche Gaza.
- Gach rún na Náisiún Aontaithe a chur i bhfeidhm agus an dlí idirnáisiúnta a fhorfheidhmiú.
- Deireadh a chur le cleachtas na coinneála riaracháin, lena n-áirítear coinneáil leanaí.
- Deireadh a chur le cur isteach agus le srianta ar ghluaiseacht na bPalaistíneach in Iarúsailéim Thiar, i gcomharsanacht Mhosc Al-Asqa san áireamh.
- Aitheantas a thabhairt do gach sainordú daonlathach agus gach srian a bhaint ar pháirtithe polaitíochta a bhfuil sainordú daonlathach acu.
Ard-Chomhairle
Cumann Mhic Gabhann/Uí Fhearghail/Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath
An Coiste Náisiúnta don Ógra
Cumann Uí Dhonnchadha/ Uí Chianáin, Ceatharlach
Cumann Uí Dhorchaidhe/Mhic Maol Íosa, Gaillimh
Cumann Thraolaigh Mhic Shuibhne, Corcaigh

Passed

Motion 119

Cuireann an Ard-Fheis seo a cuid imní in iúl maidir leis an ngéarchéim leanúnach san Éigipt agus maidir leis na dlíthe a chuireann srian ar ghníomhaíocht pholaitiúil agus agóide. Iarrann sí ar údaráis na hÉigipte na srianta ar ghníomhaíocht dhaonlathach a chur i leataobh agus tús a chur leis an daonlathas a thabhairt ar ais.
- Tugaimid dár n-aire freisin an meath atá tagtha ar chúinsí i Síonáí agus na srianta ar phointe trasnaithe Rafah. In éineacht le dúnadh na dtollán, tá sé sin ina chúis le cruatan méadaithe do mhuintir Gaza, atá ag fulaingt iarmhairtí léigear Iosrael cheana féin.
- Iarraimid ar údaráis na hÉigipte an pointe trasnaithe teorann a athoscailt agus saorghluaiseacht daoine agus earraí trasna an phointe sin a cheadú i gcomhréir le gnáthfhorálacha idirnáisiúnta pas agus custaim.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 120

Tugann an Ard-Fheis seo dá haire an choinbhleacht leanúnach sa tSiria. Tugaimid dár n-aire cruachás na milliún duine atá easáitithe de bharr coinbhleachta agus tugaimid faoi deara an fhulaingt uafásach atá tagtha ar dhaoine nach bhfuil páirteach sa choinbhleacht, mná agus leanaí san áireamh.
- Cáinimid marú saoránach agus sárú chearta an duine ag aon duine atá páirteach sa choinbhleacht.
- Iarraimid go rachaidh gach taobh sa choinbhleacht i mbun comhphlé cuimsitheach chun réiteach a lorg ar an gcoinbhleacht gan aon chur isteach ag páirtí seachtrach.
- -Tacaímid leis an iarraidh go dtabharfar a dtoscaireacht féin d’ionadaithe na gCoirdíneach sna cainteanna síochána uile. Chinnteodh sé sin gur cuimsitheach a bheadh na cainteanna uile agus mhéadódh sé an seans go dtiocfar ar réiteach buan síochánta ar choinbhleacht na Siria.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 121

Cáineann an Ard-Fheis seo taifead chearta an duine atá ag rialtas Shrí Lanca agus cáineann sí cniogbheartaíocht an rialtais chéanna in aghaidh saoirse cainte. Iarrann sí ar an rialtas freisin imscrúdú neamhspleách a cheadú ar choireanna líomhanta cogaidh a rinne arm Shrí Lanca in aghaidh phobail na dTamalach, agus déantóirí aon choireanna cogaidh a thabhairt chun cuntais.
Cúige Bhaile Átha Cliath

Passed

Motion 122

Tugann an Ard-Fheis seo dá haire an bille athchóirithe inimirce atá á phlé faoi láthair i gComhdháil na Stát Aontaithe agus tugann sí faoi deara cé chomh tábhachtach a bheadh athchóiriú inimirce do na 50,000 Éireannach gan cáipéisí inimirce a mheastar a bheith sna Stáit Aontaithe. Iarrann sí ar an dá pháirtí sa Chomhdháil an seans stairiúil seo a thapú agus deis a thabhairt dóibh siúd gan cáipéisí inimirce fíorú agus saoránacht a bhaint amach.
Cúige Bhaile Átha Cliath
Cumann Uí Chárthaigh/Mhic Giolla Bhrighde/Pléamonn, Dún na nGall

Passed

Motion 123

Iarrann an Ard-Fheis seo ar rialtas na hÉireann agus ar rialtas na Breataine a éileamh trí Rún Parlaiminte go scaoilfear Leonard Peltier saor láithreach.
Cumann Uí Mháille/Uí Ruiséil, Baile Átha Cliath

Passed

Motion 124

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
- aithníonn sí an tionchar a bhíonn ag reachtaíocht an AE ar na Ballstáit
- cuireann sí i gcoinne tuilleadh aistriú cumhachta go leibhéal an AE, é chun éadairbhe ceannasacht náisiúnta
- go háirithe, cuireann sí i gcoinne na dteorainneacha atá ar na roghanna sóisialta agus eacnamaíochta atá ag rialtais de bharr an lárúcháin mhéadaithe atá tar éis teacht ar chinnteoireacht fhioscach agus eacnamaíochta
- athdheimhníonn sí go nglacann an páirtí le beartas rannpháirtíochta criticiúla leis an Aontas Eorpach
- aithníonn sí an gá atá lena chinntiú go mbaintear an chuid is fearr as iarrachtaí Shinn Féin ar leibhéal an AE agus go gcoinnítear struchtúir an pháirtí ar an eolas faoi shaincheisteanna tábhachtacha na hEorpa agus faoin tionchar atá acu ar Éirinn
- iarrann sí, mar sin, go mbeidh comhar agus comhtháthú leanúnach méadaithe i measc ranna parlaiminte an pháirtí san Oireachtas, sa Tionól agus i bParlaimint na hEorpa.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 125

Leag an Ard-Fheis seo béim arís agus arís eile ar na gnéithe iad de mhíleatú an Aontais Eorpaigh, rudaí ar ábhar imní iad. Is minice ná riamh a bhíonn ballstáit an AE ar bhaill de NATO iad páirteach in idirghabháil armtha ar fud an domhain agus, de réir a chéile, tá rialtas na hÉireann ag tréigean an chur chuige neodraigh atá glactha aige go traidisiúnta i leith cúrsaí míleata. Beidh an Comhaontas Síochána agus Neodrachta (PANA) i gceannas ar lá gnímh na hÉireann in aghaidh NATO an 4 Aibreán. Iarrann an Ard-Fheis seo ar Shinn Féin páirt a ghlacadh i gcáil oifigiúil sna gníomhaíochtaí in aghaidh NATO an lá sin agus comhoibreoidh sí le PANA agus le comhlachtaí eile chun deireadh a chur le húsáid Aerfort na Sionainne chun críocha míleata agus le haghaidh eitiltí géillte, mar a thugtar orthu. Geallfaimid freisin go gcuirfimid beartas neodrachta rialtas na hÉireann chun cinn mar ghné dho-athraithe de bheartas eachtrach na hÉireann amach anseo.
Cúige Bhaile Átha Cliath
Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Thiar

Passed

Motion 126

An 17 Deireadh Fómhair 2011, tionóladh Comhdháil Idirnáisiúnta um Réiteach na Coinbhleachta i dTír na mBascach in Donostia San Sebastian. I measc na n-ionadaithe idirnáisiúnta a bhí i láthair; An tUas. Kofi Annan, iarArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, agus Gerry Adams, Uachtarán Shinn Féin. Cuireadh Dearbhú Aiete i láthair mar thoradh ar an gcomhdháil. Sa Dearbhú sin, moladh próiseas comhphlé agus idirbheartaíochta agus bhí dearbhú roimhe ó ETE i ndáil le scor de ghníomhaíocht armtha. Fógraíodh dearbhú ETA i ndáil le scor cinntitheach cúpla lá ina dhiaidh sin, rud a thug deis stairiúil ar leith chun féachaint ar na cúiseanna leis an gcoinbhleacht ar na hiarmhairtí a bhí aici.
Mar gheall ar an gcás nua, áfach, is gá bearta nua a chur i bhfeidhm chun bogadh i dtreo réiteach polaitiúil ar an gcoinbhleacht. Ar mhaithe leis na dálaí a chruthú inar féidir síocháin chothrom bhuan a bhaint amach, ní mór bearta polaitiúla a chur i bhfeidhm mar fhreagairt don scor de ghníomhaíocht armtha.
Iarrann an Ard-Fheis seo ar údaráis na Spáinne agus na Fraince na bearta seo a leanas a fhorfheidhmiú chun an próiseas síochána a chomhdhlúthú:
- Deireadh a chur le scaipeadh, ar beart dírialta é a chuirtear i bhfeidhm i gcás príosúnaigh Bhascacha, agus na príosúnaigh sin a aistriú láithreach go príosúin atá suite níos cóngaraí dá gcuid teaghlach.
- Príosúnaigh a gcuireann cúirteanna na Spáinne Dúnghaois 197/2006 (ar a dtugtar “Dúnghaois Parot” freisin) i bhfeidhm ina leith a scaoileadh saor; agus na príosúnaigh sin atá i dteideal parúil a scaoileadh saor.
- Príosúnaigh atá an-tinn - is iad sin, príosúnaigh ar chóir iad a scaoileadh saor láithreach de réir na reachtaíochta atá i bhfeidhm faoi láthair - a scaoileadh láithreach chun gur féidir leo cóireáil chuí a fháil ar a gcuid tinneas.
- Arnaldo Otegi agus gach duine a cuireadh i bpríosún mar gheall ar a gcuid tuairimí polaitiúla nó gníomhaíocht pholaitiúil – i bpáirtithe polaitíochta, in eagraíochtaí óige, i ngluaiseachtaí sóisialta nó sna meáin – a scaoileadh saor láithreach. Deireadh a chur leis na próisis a bhaineann leis na saincheisteanna sin agus deireadh a chur le gach barántas gabhála Eorpach a eisíodh i leith gníomhartha den chineál céanna.

Iarrann an Ard-Fheis seo freisin ar Rialtas na hÉireann agus ar na hinstitiúidí polaitiúla ról gníomhach a ghlacadh maidir le héileamh ar Rialtas na Spáinne athrú a dhéanamh ar an mbeartas atá i bhfeidhm aige cheana chun an deis stairiúil seo a bhacadh agus a lagú agus, ina ionad sin, éileamh air próiseas comhphlé a chothú agus tacaíocht a thabhairt don phróiseas sin ar mhaithe le síocháin atá cóir agus buan a bhaint amach i dTír na mBascach.
Cuireann an Ard-Fheis seo a dlúthpháirtíocht in iúl leis na 40 gníomhaí óige ar Bascaigh na heite clé ar son an neamhspleáchais iad atá ar triail i Maidrid faoi láthair. Ina theannta sin, iarrann an Ard-Fheis seo ar stát na Spáinne stop a chur láithreach le gach gníomh céasta atá brúidiúil agus mídhaonnachtúil.
Ard-Chomhairle
Cumann Thraolaigh Mhic Shuibhne, Corcaigh
Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Thiar
Cumann Mhic Fhlannchaidh/Uí Cheallacháin, Luimneach

Passed

An Comhshaol, Fuinneamh agus Bonneagar

Motion 127

Go ndéanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
• tugann sí dá haire na pleananna a bheartaítear chun an eangach leictreachais ar an oileán a leathnú trí na tionscadail seo a leanas: an tIdirnascaire Thuaidh-Theas, an Nasc Eangaí agus an Eangach Thiar.
• Tacaíonn sí i bprionsabal le feabhas a chur ar an soláthar, leis an eangach leictreachais a leathnú agus le haidhmeanna sonraithe EirGrid chun soláthar leictreachais amach anseo a dhaingniú do theaghlaigh, do ghnólachtaí, d’fheirmeacha, do mhonarchana agus do phobail chun cabhrú le hÉirinn a sprioc 40% a bhaint amach – is é sin, go dtiocfaidh 40% dá húsáid fuinnimh as foinsí fuinnimh in-athnuaite – agus chun bunús a chur ar fáil le haghaidh fás geilleagrach agus cruthú post a bhaint amach.
• Tá imní uirthi faoin tionchar a bheadh ag tógáil na línte cumhachta ardvoltais 400 kV a bheartaítear, go háirithe sna réimsí seo a leanas:
• Talmhaíocht
• Sláinte
• Tírdhreach
• Turasóireacht
• Luachanna talún agus réadmhaoine
• Molann sí na grúpaí pobalbhunaithe ar fud an oileáin atá i mbun feachtas éifeachtach ar an tsaincheist chéanna. Chabhraigh na grúpaí sin le heolas a thabhairt don mhórphobal ar na tionscadail agus chuir siad an iomad ábhair imní fhíora agus thromchúiseacha atá ar phobail faoi na tionscadail a bheartaítear in iúl.
Tugann sí dá haire freisin:
• Go ngabhann méideanna níos lú caillteanais tarchuir le cáblaí faoin talamh i gcomparáid le línte lasnairde toisc go bhfuil seoltóir níos mó ag cáblaí faoin talamh ar chúiseanna teirmeacha. Dá bhrí sin, ní thagann an oiread sin caillteanais as cáblaí faoin talamh.
• Léirítear i staidéir ar eangacha éagsúla tarchuir 400 kV gur féidir le saintréithe na gcáblaí faoin talamh a bheith chun tairbhe d’fheidhmíocht fhoriomlán an ghréasáin i mórán cásanna.
• Ní bhíonn an oiread sin cur isteach ar cháblaí faoin talamh i gcomparáid le línte lasnairde. Téann drochaimsir i bhfeidhm ar cháblaí lasnairde. Is iad tionchair sheachtracha na haon rudaí a chuireann isteach ar cháblaí faoin talamh agus a dhéanann damáiste dóibh. Ní gá an oiread céanna airde a thabhairt do cháblaí faoin talamh i gcomparáid le línte lasnairde.
• Cé go bhfuil sé níos daoire cáblaí faoin talamh a shuiteáil, ní bhíonn gá leis an oiread sin cothabhála a dhéanamh orthu, bíonn méideanna níos ísle caillteanais acu, bíonn saolré níos faide acu. Níl aon tionchar comhshaoil ná aon tionchar diúltach eile a thugann le fios go sáródh an infheistíocht bhreise thosaigh an iomad tairbhí a thiocfadh chun cinn.
• Fuair sainchoimisiún idirnáisiúnta, arna cheapadh ag an rialtas, amach gur “rogha inmharthana” a bhí i gcáblaí a leagan faoin talamh.
Iarrann sí:
• Iarrann sí ar an rialtas EirGrid a threorú chun leanúint ar aghaidh leis na tionscadail amháin a bheartaítear ar choinníoll go leagfar faoin talamh iad.
• I gcás an Idirnascaire Thuaidh-Theas, iarrann sí go leagfar na línte faoin talamh trí úsáid a bhaint as duchtanna i bhforbairt nua bóthair an A5/N2.
• Iarrann sí go n-aisghairfear an tAcht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach), acht lena ndéantar é níos éasca tionscadail den sórt sin a bhrú chun cinn, beag beann ar mhianta sainráite na bpobal.
• Iarrann sí go nglacfaidh na páirtithe uile le cur chuige aontaithe i leith cur i gcoinne línte cumhachta a leagan os cionn talún agus go gcuirfidh siad na tairbhí a bhaineann le leagan faoin talamh in iúl.

Comhairle Ceantair Mhuineacháin
Cumann Uí Anluain/Mhic Mhathúna/Laighnigh, Muineachán
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae
Comhairle Ceantair na Mí
Cumann Phort Láirge Thiar
Comhairle Ceantair Chorcaí Thoir
Comhairle Ceantair Ard Mhacha
Cumann Gearóid Uí Cheallacháin, Ard Mhacha
Cumann Bhéal Átha na Muice, Maigh Eo
Comhairle Ceantair Chill Mhantáin
Comhairle Ceantair Phort Láirge
Cumann Uí Chéitinn/Uí Sheachnasaigh, Port Láirge
Cumann Uí Mhurchú/Mhic Aodhagáin/Uí Phearail, Loch Garman

Passed

Motion 128

Molann an Ard-Fheis seo gur chóir cúiteamh ó eagraíochtaí maoinithe Iontaobhais Phobail agus Forbartha (ar aon dul le múnlaí atá i bhfeidhm in Alasca agus sa Danmhairg) a chur ar fáil dóibh siúd a dtéann bonneagar fuinnimh arna fhorchur ag an stát (amhail píblínte agus piolóin) i bhfeidhm ar a gcuid tithe, tailte, saolta agus pobal; toisc gurb iad daoine aonair, teaghlaigh agus pobail ar leith feadh bealaí den sórt sin na daoine a ndéanann an tionchar diúltach agus an costas a bhaineann le cearta slí agus le rudaí den chineál céanna ó thaobh bonneagar poiblí de an difear is mó dóibh i gcodarsnacht leis na mórthairbhí sóisialta i gcoitinne, molann sí gur chóir cúiteamh a chur ar fáil do na daoine sin as aon chur isteach nó as aon tionchar diúltach ó mhaoiniú atá bunaithe ar mhúnla téarfa nó ríchíosa chun freastal ar eagraíochtaí pobail den sórt sin.
Cumann Uí Chuilinn/Uí Éideáin, Loch Garman

Referred

Motion 129

Athdheimhníonn an Ard-Fheis seo go bhfuil Sinn Féin tiomanta do chosc a chur ar Scoilteadh Hiodrálach i ngach cuid d’Éirinn. Beag beann ar an imscrúdú atá á dhéanamh faoi láthair ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA), is ar na cúiseanna seo a leanas a fhéachaimid le cosc a chur ar scoilteadh hiodrálach:
• Níl EPA freagrach ó thaobh an dlí de as bailíocht a cuid moltaí, ná as aon damáiste a thagann ó chinntí a dhéantar de bhun a cuid tuarascálacha
• Ní fhéachtar i staidéar EPA ar an tionchar atá ag scoilteadh hiodrálach ar shláinte an duine
• Is dócha go ndéanfar scrúdú i staidéar EPA ar na tuarascálacha eolaíocha céanna a úsáideann Gníomhaireachtaí um Chaomhnú Comhshaoil i dtíortha eile ina bhfuil Scoilteadh Hiodrálach ceadaithe “ar choinníoll go rialaítear i gceart é”.
• Tá sé curtha in iúl go soiléir ag saoránaigh i dtíortha eile a ndeachaigh Scoilteadh Hiodrálach i bhfeidhm go mór orthu gurbh é príomhaidhm na nGníomhaireachtaí um Chaomhnú Comhshaoil agus na nGníomhaireachtaí eile Rialtais ina gcuid tíortha leasanna an tionscail a chosaint, agus ní leasanna an phobail
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

Passed

Motion 130

Déanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
- Leagann sí béim ar an tábhacht a bhaineann le dul i dtreo geilleagar ísealcharbóin
- Is oth léi gur chruthaigh sprioc an AE i dtaca le breosla iompair méadú suntasach in éileamh neamh-inbhuanaithe ar bhithbhreosla den chéad ghlúin agus go bhfuil an méadú sin ina chúis le méideanna móra acmhainní teoranta, amhail talamh agus uisce, a bheith á n-úsáid sa domhan forbartha chun freastal ar an éileamh sin.
- Leagann sí béim go bhfuil an feiniméan seo ag méadú praghsanna bia ar fud an domhain agus go bhfuiltear ag bogadh ar shiúl ó thalamh a úsáid le haghaidh táirgeadh bia, rud a théann i bhfeidhm ar na boicht ar fud an domhain
- Cuireann sí i bhfios go láidir go bhfuil Athrú Indíreach Úsáide Talún ar bun toisc go gcruthaíonn an t-éileamh ar thalamh le haghaidh bithbhreoslaí méadú ar dhífhoraoisiú chun gur féidir freastal ar tháirgeadh bithbhreoslaí agus ar tháirgeadh athlonnaithe bia
- Tarraingíonn sí aird ar na hábhair imní atá ann go bhfuil tionchar diúltach á imirt ag dífhoraoisiú den sórt sin ar an gcomhshaol agus ar astaíochtaí araon
- Dá bhrí sin, iarrann sí ar an AE an sprioc a bhí aige roimhe a laghdú, teorainn a chur leis an méid fuinnimh in-athnuaite a bhaintear as breoslaí den chéad ghlúin agus dul ar lorg tuilleadh foinsí fuinnimh atá in-athnuaite agus inbhuanaithe.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 131

Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo go bhfuil Sinn Féin i gcoinne oll-dóloiscthe mar bhealach chun dramhaíl a bhainistiú. Tá imní ar an Ard-Fheis seo faoi phleananna leanúnacha atá ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath loisceoir a thógáil ar Leithinis an Phoill Bhig i mBaile Átha Cliath.
Iarrann an Ard-Fheis seo ar an údarás áitiúil céanna na pleananna sin a thréigean. Iarrann sí freisin ar an Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil fiosrúchán neamhspleách poiblí a chur ar bun ar an gcostas agus ar an eisiúint conarthaí le linn an phróisis sin go dtí seo.
Cumann Shéamais Uí Chonghaile, Baile Átha Cliath
Cumann Bhéal Átha na Muice, Maigh Eo

Passed

Motion 132

Creideann an Ard-Fheis seo gur le muintir na hÉireann acmhainní nádúrtha na hÉireann, acmhainní ola, gáis, gaoithe agus uisce san áireamh. Dá bhrí sin, ní mór don Stát na hacmhainní sin a riar ar son mhuintir na tíre. Ní féidir na hacmhainní a aistriú amach as an tír go deo toisc go bhfuil siad á sealbhú ar iontaobhas agus toisc go bhfuil siad faoi úinéireacht mhuintir na hÉireann. Mar sin, ba chóir Bunreacht na hÉireann a leasú chun an úinéireacht sin a dhaingniú.
Ina theannta sin, agus ba chóir féachaint air seo mar riachtanas láithreach ar leith, ní mór d’údaráis áitiúla táille a ghearradh i leith úsáid tráchtála a bhaint as acmhainní gaoithe na hÉireann mar chúiteamh as na tionchair shóisialta, eacnamaíochta agus chomhshaoil a thagann as an úsáid sin. Ba chóir an táille sin a bheith comhionann le huasluach na hacmhainne do mhuintir na hÉireann agus ba chóir í a leithdháileadh ar na tairbhithe.
Cumann Roibéird Eiméid, Baile Átha Cliath
Cúige Bhaile Átha Cliath
Cumann Mhic Gabhann/Uí Fhearghail/Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath
Cumann Bhun Cranncha, Dún na nGall

Passed

Motion 133

Iarrann an Ard-Fheis seo ar Shinn Féin scrúdú a dhéanamh ar na teicneolaíochtaí núicléacha atá ag teacht chun cinn d’fhonn beartais a chur le chéile ar na teicneolaíochtaí nua sin.
Cumann Phádraig Uí Chadhain/ Mhairéid Seoighe, Gaillimh

Passed

Motion 134

Iarrtar ar an Ard-Fheis seo tacú le rún gur chóir eatánól a bheith freagrach as 5% den ghásailín ar fad a dhíoltar in Éirinn, rud a bheadh ar aon dul le Treoir an AE maidir le breosla agus le Caighdeán Eorpach EN 228. Iarrtar freisin go ndéanfar díolachán gásailín a bhfuil eatánól ann a rialáil agus a lipéadú i gceart ag an díolphointe.
Cumann Luimnigh Thiar

Passed

Motion 135

Iarrann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
• Iarrann sí ar Údaráis áitiúla pleananna áitiúla gníomhaíochta um athrú aeráide a dhréachtú agus a chur chun feidhme. Beidh na pleananna bunaithe ar bhille náisiúnta um athrú aeráide. Sna pleananna sin, leagfar síos spriocanna áitiúla ar leith, bunaithe ar spriocanna náisiúnta agus idirnáisiúnta, chun laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí a thagann as úsáid fuinnimh, as iompar, as tithíocht agus as bainistíocht dramhaíola. Forbrófar na spriocanna sin tar éis próiseas comhairliúcháin le saineolaithe agus le páirtithe leasmhara cuí.
• Oibreoidh údaráis áitiúla go gníomhach le pobail áitiúla chun pleananna gníomhaíochta a fhorbairt agus a chur chun feidhme.
• Déanfar beartais chomhairle a phromhadh ó thaobh beartais de chun a chinntiú go bhfuil siad ar aon dul leis na straitéisí aeráide atá i bhfeidhm.
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae

Passed

Motion 136

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Aire Comhshaoil sa tuaisceart agus ar an Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha Straitéis Náisiúnta Uile-Oileáin um Fhuinneamh Gaoithe a chur le chéile tríd an gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas. Ba chóir an méid seo a leanas a bheith ar áireamh in aon straitéis den sórt sin: rialacháin phleanála i ndáil le feirmeacha gaoithe, an próiseas comhairliúcháin phoiblí nach mór a dhéanamh sula dtógfar tuirbíní gaoithe, an díolachán fuinnimh ó thuirbíní gaoithe, na leibhéil chánachais ar fhuinneamh gaoithe, agus an gá atá le tairbhe shoiléir chuntasach don phobal
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae
Cumann Bhun Cranncha, Dún na nGall
Comhairle Ceantair na Mí
Cumann Eoin Mhic Conmidhe, Tír Eoghain
Cumann Shéamais Mhic Conchoille, Tír Eoghain
Cumann Uí Ghallchchobhair/Uí Fhiaich, an Mhí
Cumann Mhaitiú Uí Chatháin, Uíbh Fhailí
Cumann Phádraig Uí Chadhain/ Mhairéid Seoighe, Gaillimh

Passed

Motion 137

Go n-aithníonn an Ard-Fheis seo an cumas mór atá ag oileán na hÉireann a bheith ina onnmhaireoir fuinnimh má dhéantar cumhacht ghaoithe, cumhacht tonnta agus cumhacht taoide a fhorbairt ina n-iomláine; creideann sí, áfach, nár chóir tosú ag onnmhairiú fuinnimh ach amháin tar éis dúinn féindóthain a bhaint amach i nginiúint leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite.
Aithníonn an Ard-Fheis seo an rannchuidiú ríthábhachtach is féidir le hAcmhainní Nádúrtha agus Giniúint Leictreachais a dhéanamh maidir le forbairt agus le rathúnas na hÉireann. Aithnímid nach mbainfidh muintir na hÉireann lántairbhe as na hacmhainní sin ach amháin go dtí go mbeidh straitéis chomhtháite chuimsitheach taobh thiar de na réimsí sin a phleanáil, a sholáthar, a oibriú agus a bhainistiú. Theip ar Rialtais i ndiaidh a chéile an chuid is fearr a bhaint as na deiseanna atá ag teacht chun cinn sna réimsí sin. Agus na Rialtais ag géilleadh do thairiscintí “tóg nó fág é” ó chuideachtaí fuinnimh, tá an chumhacht i lámha na gcuideachtaí sin anois – cuideachtaí arb é is príomhaidhm dóibh brabús a uasmhéadú dá gcuid infheisteoirí féin.
Iarrann an Ard-Fheis seo ar an bpáirtí Straitéis um ár nAcmhainní Nádúrtha a Fhorbairt a ullmhú, in éineacht le straitéis chun bonneagar fuinnimh a fhorbairt a fhreastalóidh ar shainleasanna mhuintir na hÉireann ar fad ar an mbealach is fearr. Ba chóir an méid seo a leanas a bheith ina leithéid straitéise:
• Ba chóir aitheantas a thabhairt gur le muintir na hÉireann acmhainní nádúrtha na tíre agus nach mór iad a shaothrú chun lántairbhe don phobal
• Ba chóir a thuiscint nach féidir mórthionscadail bhonneagair a chur i gcrích in am agus laistigh den bhuiséad ach amháin i gcásanna ina bhfaigheann siad tacaíocht eolach ó fhormhór an phobail ar fad – go háirithe ó phobail a dtéann na forbairtí sin go díreach i bhfeidhm orthu.
• Straitéis um Bainistíocht agus Pleanáil ar an Talamh, ar an Tírdhreach agus Amach ón gCósta a fhorbairt chun eolas a thabhairt do Mhórthionscadail Phleanála agus Seachadta Bonneagair
• Nósanna imeachta atá oscailte, trédhearcach agus cuntasach a fhorbairt, rudaí a rialódh na díospóireachtaí agus na cinntí uile a bhaineann le Tionscadail Acmhainní Nádúrtha agus Fuinnimh.
Foireann Theach Laighean
Cumann Phádraig Uí Chadhain/ Mhairéid Seoighe, Gaillimh

Passed

Tuath na hÉireann a Chosaint

Motion 138

Molann an Ard-Fheis seo an obair atá déanta go dtí seo ag Michelle O’Neill, an tAire Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe de chuid Shinn Féin, ar a cuid oibre go dtí seo agus iarrann sí uirthi
- reachtaíocht a thabhairt anuas lena gcuirtear ceanglas dlí ar gach Roinn Rialtais agus comhlacht reachtúil promhadh ó thaobh na tuaithe de a dhéanamh
- dul chun cinn a dhéanamh ar an Straitéis uile-oileáin um Shláinte agus Leas Ainmhithe, ár stádas galair a thabhairt i gcomhréir le leibhéil den chineál céanna ar fud an oileáin chun gur féidir í a thabhairt ar aghaidh mar reachtaíocht AE sa bhliain 2015 ar mhaithe le saorghluaiseacht ainmhithe ar fud na hÉireann a cheadú
- cur leis an dea-obair atá déanta ag Dul i nGleic le Bochtaineacht faoin Tuath agus ag an Straitéis Leithlise, tionscnaimh bhreise a thabhairt anuas chun cabhrú le dul i ngleic le bochtaineacht faoin tuath agus a chinntiú go ndíreoidh an Clár Forbartha Tuaithe 2014-19 ar mhíbhuntáiste agus go gcruthóidh sé poist.
Aithníonn an Ard-Fheis seo freisin easnaimh sa Bheart Ildíothachta (NIMDM) a cheileann limistéir dhíothachta i bpobail tuaithe agus iarrann sí ar an Aire Airgeadais agus Pearsanra athbhreithniú láithreach a thionscnamh air sin.
Ard-Chomhairle
Comhairle Ceantair Aontroma Thuaidh

Passed

Motion 139

Fáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh an obair atá déanta ag an Aire Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe sna sé chontae chun an Straitéis Agraibhia ‘Ar Lorg Fáis’ agus tacaíonn sí le spriocanna na straitéise 15,000 post breise a chruthú agus díolacháin onnmhairí a mhéadú faoi 60%; agus iarrann sí ar an Aire cothroime i slabhra an tsoláthair a chinntiú chun go bhfaighidh feirmeoirí praghas cóir ar a gcuid torthaí.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 140

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an aire comhshaoil sa tuaisceart dul siar ar ráiteas beartais phleanála 21 (PPS21) “forbairt inbhuanaithe faoin tuath” chun tuilleadh deiseanna a thabhairt do phobail tuaithe neamhfheirmeoireachta teach a thógáil agus cónaí faoin tuath.
Foireann an Tionóil

Passed

Motion 141

Tacaíonn an Ard-Fheis seo le hathbhunú an phlean bithscaglainne san Oirdheisceart, rud tháirgfeadh siúcra agus eatánól ó bhiatas. Meastar go mbainfeadh costas €350 milliún leis an mbithscaglann a bhunú agus go gcruthódh sí 5,000 post.
Ard-Chomhairle
Cumann Uí Dhonnchadha/ Uí Chianáin, Ceatharlach
Comhairle Ceantair Loch Garman

Passed

Motion 142

Iarrann an Ard-Fheis seo go gcruthófar deontais nua don tionscal mairteola diúil chun feirmeacha beaga ar fud an stáit a chosaint. Is fiú €2.3 billiún dár ngeilleagar í earnáil mhairteola agus beostoic na hÉireann agus ní mór an earnáil sin a chosaint mar chuid den iarracht pobail tuaithe na hÉireann a chosaint.
Cumann Uí Phearail-Uí Chorraidhín-Uí Ógáin, Loch Garman

Passed

Motion 143

Tacaíonn an Ard-Fheis seo le híocaíochtaí feirme a dháileadh chomh hiomlán agus is féidir faoin gComhbheartas Talmhaíochta leasaithe, agus is oth léi nár fhéach Uachtaránacht na hÉireann ar an AE le híocaíochtaí a dháileadh ar bhealach níos radacaí, go háirithe toisc go bhfaigheann níos lú ná 2% de na faighteoirí níos mó airgid le chéile ná an tsuim iomlán a fhaigheann níos mó ná 40% de na daoine ag an leibhéal íseal den scála íocaíochtaí.
Grúpa Parlaiminteach na 26 Contae

Passed

Motion 144

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Aire O’Neill a bheith ag obair lena cuid oifigeach feabhas a chur arís eile ar chóras na nÍocaíochtaí Feirme Aonair, go háirithe iad siúd a bhaineann le cigireachtaí, ionas gur féidir le feirmeoirí aghaidh a thabhairt ar aon phionóis ar bhealach a chruthaíonn an méid is lú cur isteach ar a gcuid gnólachtaí.
Cumann Sheosaimh Mhic Mhaghnuis, Fear Manach

Passed

Motion 145

Tacaíonn an Ard-Fheis seo leis an éileamh ar Rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre an deontas inslithe a athbhunú d’fheirmeoirí óga agus an scéim luathscoir a athbhunú d’fheirmeoirí scothaosta ar mian leo a gcuid talún a thabhairt ar aghaidh dá gcuid mac agus iníonacha.
Cumann Uí Chadhain/Mhic an tSábhaisigh, Sligeach

Passed

Motion 146

Aithníonn an Ard-Fheis seo an damáiste a dhéanann easpa gnímh an rialtais do shaolta agus do phobail, go háirithe i gcás Ché na Cille Móire, agus iarrann sí ar Shinn Féin leanúint le brú a chur ar rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre cuótaí méadaithe éisc a idirbheartú. Geallann sí go mbeidh cuótaí éisc mar shaincheist thábhachtach do Shinn Féin agus é i mbun rialtais sna 26 Contae sa todhchaí chun gur féidir cur ar chumas iascairí na hÉireann slite leordhóthanacha beatha a bheith acu agus chun deireadh a chur le coiriúlú pobal cois cósta ag gníomhaireachtaí stáit.
Comhairle Ceantair Loch Garman
Cumann Phort Láirge Thiar
Cumann Uí Dhuinn/Uí Cheallaigh, Loch Garman
Cumann Thamhnach an tSalainn, Dún na nGall
Cumann Uí Chuilinn/Uí Éideáin, Loch Garman
Cumann Mhic Craith/Uí Bhriain, Port Láirge

Passed

Motion 147

Iarrann an Ard-Fheis seo go gcuirfear beartas inbhuanaithe cuimsitheach um Dhobharshaothrú in Éirinn le chéile, rud a fhreastalóidh ar leasanna ár bpobal ar an mbealach is fearr agus a bhainfidh an chuid is fearr as na hacmhainní nádúrtha atá ar fáil dúinn ag an am céanna.
Comhairle Ceantair na Gaillimhe Thiar

Passed

Motion 148

Toisc gur stór fhormhór na faisnéise atá ann faoi láthair maidir le foraoiseacht phoiblí agus phríobháideach í, agus toisc gur comhlacht rialaithe cáilíochta de facto na faisnéise céanna í, molann an Ard-Fheis seo gurb í an tSeirbhís Foraoiseachta an rogha nádúrtha is éifeachtúla chun freastal ar fhoraoiseacht na talún mar ghníomhaireacht náisiúnta Deimhniúcháin Foraoiseachta; molann sí gur é sin a chur ar fáil mar ghnás do gach foraoisiú faoi chúnamh stáit mar go mbaineann sé go díreach le cothabháil na cáilíochta bainistíochta foraoise atá á saothrú ag an Stát cheana agus mar gurb é leas an phobail déanamh amhlaidh;
- Nach mbaineann gnó na Seirbhíse Foraoiseachta le rialáil amháin, agus nach pionós ná coiriúlú atá i rialáil Foraoiseachta chun beartas a bhaint amach, agus gur chóir don dá cheann a bheith ag cothú agus ag cumasú go gníomhach agus go dearfach rud atá ina acmhainn náisiúnta; go ndéanann táimhe institiúideach dochar d’fhiontar foraoise agus d’infheistíocht phoiblí (mar shampla, bíonn tréimhsí fada neamhrialta feithimh le haghaidh ceadúnais leagtha róghearr uaireanta le haghaidh bainte);
- nár chóir gabháil rialála fíorluachanna táirgthe ag conraitheoirí príobháideacha, ag conraitheoirí corparáideacha agus, go minic, ag conraitheoirí eachtracha a bheith ann trí bhacainní margaidh atá ina bhfabhar a thógáil mar thoradh ar éilimh go mbeidh cáilíocht níos fearr bainistíochta foraoise ann; agus gur chóir do bheartas dearfach cumasúcháin rialtas díriú ar ghrúpaí is táirgeoirí foraoiseachta mar cheann de na réimsí is nádúrtha agus is éifeachtúla ó thaobh cothabhála, bainte agus athchuir de.
Cumann Uí Chuilinn/Uí Éideáin, Loch Garman

Passed

Fíor-Athchóiriú Polaitiúil agus Deireadh a Chur le Cairdeas Fabhair

Motion 149

Tacaíonn an Ard-Fheis seo leis an gcáipéis, I dTreo Poblacht Nua, ar cáipéis chuimsitheach uile-Éireann um athchóiriú polaitíochta í.
Ard-Chomhairle
Cumann Wolfe Tone, Cill Dara
Cumann Shéamais Wrynn, Liatroim
Cumann Uí Dhuinn/Uí Cheallaigh, Loch Garman
Comhairle Ceantair Phort Láirge
Cumann Thraolaigh Mhic Shuibhne, Corcaigh
Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Thiar
Cumann Uí Chéitinn/Uí Sheachnasaigh, Port Láirge
Cumann Markievicz/Uí Fhearail

Passed

Motion 150

Creideann an Ard-Fheis seo nach mór rialtas áitiúil sna 26 Contae a ollchóiriú. Níl sé oiriúnach don fheidhm. Ceann de na colúin is tábhachtaí d’aon chóras poblachtach daonlathach rialtais is ea rialtas áitiúil.
Dá bhrí sin, tacaíonn an Ard-Fheis seo leis an gcáipéis um athchóiriú an rialtais áitiúil; Daonlathach, Cuntasach agus ag Soláthar, a bhfuil na nithe seo a leanas lárnach di;
• An cineachadh cumhachta is mó is féidir ón rialtas láir go rialtas áitiúil
• Cuntasacht dhaonlathach
• Seirbhísí poiblí ardchaighdeáin a sholáthar go héifeachtach agus go héifeachtúil ó thaobh costais de,
• Téarnamh geilleagrach a bhrú chun cinn
• Samhail mhaoiniúcháin inbhuanaithe
Cumann Mhic Bhriartaigh/Mhig Uidhir, Dún na nGall
Cumann Phort Láirge Thiar
Cumann Bob Doyle/Dinny Barry, Cill Dara

Passed

Motion 151

Iarrann an Ard-Fheis seo go gcuirfear deireadh le gach táille a bhaineann le Saoráil Faisnéise a rochtain agus go gcinnteoidh an rialtas go dtiocfaidh gach ionstraim phoiblí, i.e. gnólachtaí leathstáit, an Banc Ceannais, mar shampla, faoi chuimsiú an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2013. Iarrann sí freisin gur chóir an stádas speisialta atá aici (an tAcht um Rúin Oifigiúla) a bhaint den Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní agus go bhféachfar uirthi mar chomhlacht poiblí atá faoi réir nochtadh iomlán.
Léiríodh i dtuarascáil le déanaí gurb í Éire an t-aon tír san Eoraip ina ngearrtar táille ar sheirbhísí Saorála Faisnéise agus nach bhfuil ach trí thír san iomlán ar fud an domhain ina ngearrtar a leithéid táille. Ní féidir trédhearcacht uasta an riaracháin phoiblí a bhaint amach sa tír seo ach amháin trí chóras Saorála Faisnéise atá éifeachtach agus saor ó chostas.
Toisc gur mó an costas a bhaineann leis an táille reatha a riar ná aon ghnóthachan airgeadaíochta a dhéantar, creidimid nach bhfuil ach cúis amháin ag an rialtas leis an táille a ghearradh, is é sin, náire iomlán agus iarracht chun ceisteanna ón bpobal a shárú agus a dhíspreagadh.
Ba chóir dúinn machnamh a dhéanamh ar roinnt den ábhar Saorála Faisnéise a fuarthas le himeacht ama, mar shampla, an fhaisnéis sin a bhain leis an “Bertie Bowl”, is é sin, an pháirc spóirt a bhí beartaithe ag Bertie Ahern. Measadh go gcosnódh an tionscadal sin thart ar €750 milliún ar an Stát, ach níor leanadh ar aghaidh leis mar gheall ar nochtadh Saorála Faisnéise agus ar thimpeallacht a bhí ag athrú.
Cumann Mhíchil S. Uí Mhearáin, Sligeach

Passed

Motion 152

Go ndéanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
- Fáiltíonn sí roimh an tacaíocht a thug formhór an Choinbhinsiúin Bhunreachtúil i mí Mheán Fómhair 2013 chun an ceart chun vóta a chaitheamh i dToghchán Uachtaránachta na hÉireann a thabhairt do shaoránaigh sna Sé Chontae agus don diaspóra;
- Iarrann sí ar Rialtas na hÉireann dáta a shocrú do reifreann de bhun na moltaí sin chun gur féidir an cheist sin a chur roimh an bpobal le linn théarma seo na Dála;
- Iarrann sí freisin go ndéanfaidh Rialtas na hÉireann aon daingniú daonlathach den sórt sin a chomhlánú agus a neartú trí Bhunreacht na hÉireann a leasú chun go mbeidh cearta labhartha agus comhairleacha ag Feisirí an Tuaiscirt agus ag Baill an Tionóil i dTithe an Oireachtais, lena n-áirítear an Dáil, an Seanad agus na coistí reachtúla faoi seach.
Ard-Chomhairle
Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Thiar

Passed

Motion 153

Féachann an Ard-Fheis seo le córais vótála poist a athchóiriú chun go mbeidh siad ag teacht leo siúd atá i bhfeidhm i sochaithe nua-aimseartha eile, a ligeann do bhallóidí neamhtheoranta vótála de ghnáth agus a chinntíonn prionsabal ‘vóta amháin an duine’ ag an am céanna. Iarrann an Ard-Fheis seo ar an bpáirtí a sheacht ndícheall a dhéanamh chun córais vótála poist a athchóiriú ar mhaithe le vótáil agus le saoránacht a chothú in ionad an chórais atá ann cheana ina gcuirtear srian le cearta vótála agus ina gcuirtear mic léinn, daoine faoi mhíchumas agus daoine eile ar an imeall. Áirítear leis na hathchóirithe sin na nithe seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh:
• Clárú ar líne do bhallóidí poist
• Ballóidí poist do dhuine ar bith a iarrann iad ar chúis ar bith
• Athruithe sa tréimhse ama inar féidir ballóidí poist a iarraidh (i.e. iarratais a cheadú suas le 7 lá roimh thoghchán)
Cumann Mhíchil S. Uí Mhearáin, Sligeach

Passed

Motion 154

Iarrann an Ard-Fheis seo go gcruthófar parlaimint óige uile-Éireann.
Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Thiar

Passed

Motion 155

Iarrann an Ard-Fheis seo go gcuirfear cuóta óige ar bun i gcás toghchán chun oifig phoiblí. Cé go nglacaimid leis nach réiteoidh an beart sin tearcionadaíocht na mban sa saol poiblí agus polaitiúil, mar atá amhlaidh i gcás cuótaí inscne, is chomh dian sin atá an éagothroime aoise atá ann faoi láthair gur gá cuóta óige a chur i bhfeidhm chun fórsaí sa tsochaí a chuireann daoine óga ó pháirt a ghlacadh sa pholaitíocht a chomhrac.
An Coiste Náisiúnta don Ógra

Passed

Motion 156

Go n-iarrann an Ard-Fheis seo ar an bpáirtí, i bhfianaise na gclár um athchóiriú Comhairlí sa Tuaisceart agus sa Deisceart araon, obair a dhéanamh chun Cumann uile-oileáin Rialtais Áitiúil a bhunú ar mhaithe le feabhas a chur ar chomhar agus ar mhaithe le beartas comhaontaithe i measc na n-údarás áitiúil a chur chun cinn ar oileán na hÉireann.
Cumann Uí Bhroin/Mhic Ciorra/Uí Thuamáin, Ard Mhacha

Passed

Motion 157

Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Rialtas seo reachtaíocht a athrú lena rialaítear conas a chaitear Maoiniú an Chláir Infheistíochta Caipitil agus tuilleadh cumhachta a thabhairt do Chomhairlí Cathrach/Contae maidir le conas a úsáidtear Maoiniú an Chláir Infheistíochta Caipitil ar bhonn áitiúil, rud a chuirfeadh ar a gcumas tosaíocht a thabhairt d’obair áitiúil in ionad oibreacha caipitil más gá. Ní mór é sin a bhreithniú dáiríre mar gheall ar an méid seo a leanas:
• an laghdú leanúnach sa Chiste Rialtais Áitiúil
• neamhdháileadh maoinithe ó Cháin Réadmhaoine Áitiúla ar Chomhairle áitiúla
• creimeadh leanúnach na seirbhísí údaráis áitiúil de bharr príobháidithe
Cumann Thraolaigh Mhic Shuibhne, Corcaigh

Passed

Motion 158

Go ndéanfaidh Aire Airgeadais agus Pearsanra na Sé Chontae athbhreithniú ar róil Lár-Stiúrthóireachtaí an tSoláthair maidir le tairiscintí ar oibreacha poiblí a mheasúnú.
Comhairle Ceantair Aontroma Thuaidh

Passed

Motion 159

Go ndéanann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
• aithníonn sí go bhfuil fianaise ann go bhfuil an próiseas pleanála, mar atá sé faoi láthair, faoi réir cur isteach polaitiúil míchuí
• tugann sí údarás don Ard-Chomhairle nua agus do struchtúir chuí/pearsanra cuí an pháirtí féachaint ar dhóigheanna inar féidir deireadh a chur le cur isteach polaitiúil den sórt sin sa phróiseas polaitiúil d’fhonn córas den sórt sin a chur san áireamh i bhforógra Shinn Féin do na toghcháin rialtais áitiúil sa bhliain 2014

Cumann Thomáis Ághas, an Mhí

Passed

Motion 160

Go n-aithníonn an Ard-Fheis seo fadhbanna tromchúiseacha sna 26 Contae a tháinig chun cinn de bharr breithiúnacht chaillte scothroghnach atá á ceapadh ag rialtais Fhianna Fáil/Fhine Gael le blianta fada. Iarrann an Ard-Fheis seo ar an bpáirtí tabhairt faoi staidéar ar an gcóras breithiúnachta maidir leis an dóigh a roghnaítear breithiúna trí athbhreithniú a dhéanamh ar an dea-chleachtas san Eoraip agus i gcodanna eile den domhan agus ráiteas seasaimh an pháirtí a chur le chéile i leith na n-athchóirithe breithiúnachta is gá.
Cumann Mhíchil S. Uí Mhearáin, Sligeach

Passed

Motion 161

Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo an beartas atá againn le haghaidh Údarás Náisiúnta Uile-Éireann Dóiteáin. Dá mbeadh údarás náisiúnta dóiteáin i bhfeidhm, ní bheadh an tseirbhís dóiteáin faoi rialú ag Údaráis Áitiúla thearcmhaoinithe agus bheadh córas atá éifeachtúil ó thaobh costais de ar bun chun seirbhísí tarrthála a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil gá acu leo.
Comhairle Ceantair Chill Mhantáin

Passed

Cearta LGBT a Chur Chun Cinn

Motion 162

Déanann an Ard-Fheis seo tacú le plécháipéis Shinn Féin ‘Comhionannas, Éagsúlacht, Dlúthpháirtíocht - Ag Troid le Bród ar son cearta LGBT in Éirinn’.
Féachann an cháipéis chuimsitheach sin le dul chun cinn a dhéanamh ar chearta don phobal LGBT in Éirinn, lena n-áirítear an ceart chun comhionannas pósta. Aithnímid gur chéim shuntasach chun cinn ina leith sin a bhí sa vóta ag an gCoinbhinsiún Bunreachta agus iarraimid reifreann ar an ábhar sin a luaithe is féidir.
Ard-Chomhairle
Cúige Bhaile Átha Cliath
Cumann Uí Bhairéid/Mhic Curtáin, Corcaigh
Cumann Ghearóid Uí Chathasaigh, Ros Earcáin, Co. Aontroma

Passed

Motion 163

Tugann an Ard-Fheis seo dá haire na cinntí a rinne an Ard-Chúirt i mBéal Feirste le déanaí maidir le huchtú ag daoine den ghnéas céanna agus maidir le fir aeracha a eisiamh ó fhuil a thabhairt, agus tá sí den tuairim go bhfuil na cinntí sin bunaithe ar leithcheal neamhréasúnach atá neamhréireach le comhairle leighis agus eolaíoch atá ann faoi láthair.
Molann an Ard-Fheis seo seasamh fhoireann Shinn Féin sa Tionól agus í ag cur in aghaidh an leithcheala sin.
Iarrann sí ar Edwin Poots, Aire Sláinte an Tuaiscirt, na tuairimí sin agus na dualgais chomhionannais atá air mar Aire Feidhmiúcháin a chomhlíonadh go hiomlán.
Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae
Cúige na 6 Chontae

Passed

Motion 164

Aithníonn an Ard-Fheis seo an cosc ar bholscaireacht aerach agus na sáruithe a dhéanann an bholscaireacht sin ar chearta an duine atá ag an bpobal LGBT. Dá bhrí sin, iarrann an Ard-Fheis seo ar na baill go léir na cluichí Oilimpeacha atá ag teacht sa Rúis a bhaghcatáil.
Cumann Mháirtín Uí Ursáin, COC

Passed

I dTreo Poblacht Nua

Motion 165

Creideann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
• Mar gheall ar fhorchur na críochdheighilte, cruthaíodh dhá scothaicme rialaithe, cothaíodh easaontas seicteach, éagothroime agus coinbhleacht agus baineadh an bonn ón ngeilleagar.
• Tá Éire atá aontaithe, cothrom agus cuimsitheach chun tairbhe dár muintire go léir, don gheilleagar agus don phróiseas athmhuintearais.
Aithníonn an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
• Aithníonn sí go bhfuil Aontú na hÉireann i lámha na ndaoine, ó thuaidh agus ó dheas
• Aithníonn sí go ndéantar foráil i gComhaontú Aoine an Chéasta do bhealach síochánta daonlathach i dtreo Aontú na hÉireann a bhaint amach trí Phobalbhreith ar Cheist na Teorann.
• Aithníonn sí oidhreacht na críochdheighilte, ó thuaidh agus ó dheas, agus scála na dúshlán a bhaineann leis an bpróiseas daonlathach síochánta chun Aontú na hÉireann a fhorbairt.
• Aithníonn sí a hábhair imní atá orthu siúd atá in aghaidh athaontaithe
• Aithníonn sí an gá atá le bheith ag obair le gach cuid den phobal chun fís ina bhfuil Éire aontaithe, cothrom agus cuimsitheach a chur chun cinn
• Aithníonn sí an rath atá ar fheachtais phobalbhunaithe ar son pobalbhreithe ar Cheist na Teorann in Ard Mhacha Theas/Lú Thuaidh agus ar an Srath Bán/Leifear
• Aithníonn sí an ról dearfach atá á imirt ag an bpobal idirnáisiúnta
Iarrann an Ard-Fheis seo na nithe seo a leanas:
• Iarrann sí ar Rialtas na hÉireann agus ar Rialtas na Breataine Pobalbhreitheanna as a chéile a eagrú ar Cheist na Teorann thar shaolré an Chéad Téarma Tionóil eile
• Díospóireacht atá oscailte, cuimsitheach, eolach agus measúil ar na tairbhí a bhaineann le hAontú na hÉireann agus na costais a bhaineann le críochdheighilt leanúnach.
• Iarrann sí ar an Oireachtas Páipéar Uaine a fhorbairt agus a chomhaontú ar Aontú na hÉireann
• Iarrann sí ar Shinn Féin leanúint le tacaíocht a uasmhéadú d’aontú na hÉireann ar fud gach coda den tsochaí, lena n-áirítear feachtais áitiúla ar son pobalbhreithe ar cheist na teorann a fhorbairt agus tacaíocht idirnáisiúnta a chothú.
Ard-Chomhairle
Cúige Bhaile Átha Cliath
Cumann Uí Mhaonaigh/Uí Dhuinn, Baile Átha Cliath
Cumann Uí Nualláin/Mhic Giolla Domhnaigh, Béal Feirste
Cumann Bhaile Mhic Ádaim/Bhiorra, Uíbh Fhaillí

Passed

Motion 166

Agus í ag aithint go bhfuil sé mar chuid lárnach dár straitéis i leith athbheochan na Gaeilge an Ghaeilge a chur chun cinn ag gach leibhéal, leibhéal Pharlaimint an AE san áireamh, iarrann an Ard-Fheis seo go leanfadh Rannóg AE agus Feisirí de Pharlaimint na hEorpa de chuid an Pháirtí leis na nithe seo a leanas a dhéanamh –
- A bheith ag obair chun a chinntiú go dtabharfar meas iomlán don Ghaeilge mar theanga oifigiúil san AE
- A éileamh go mbeidh fáil ar fhaisnéis atá ar fáil do shaoránaigh an AE trí mheán na Gaeilge
- A chinntiú go gcuirfear dóthain acmhainní ar fáil d’aistriúchán na Gaeilge chun tairbhe do Ghaeilgeoirí ar mian leo a bheith ag obair trí mheán na Gaeilge, rud a chruthóidh deiseanna poist do Ghaeilgeoirí in institiúidí an AE
- Béim a leagan ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil san AE agus leas a bhaint as Institiúidí na hEorpa mar bhonn chun struchtúr agus tacaíocht níos fearr a bhaint amach don teanga sa tír seo, mar shampla Acht na Gaeilge sna Sé Chontae.
Ard-Chomhairle

Passed

Motion 167

Aithníonn an Ard-Fheis seo an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht mar chuid dhílis dár bhféiniúlacht Éireannach agus aithníonn sí go bhfuil géarchéim ar bun maidir le labhairt na Gaeilge. Aithníonn sí go mbaineann an-tábhacht lenár gcultúr agus lenár dteanga agus go bhfuil ról lárnach le himirt ag an Stát maidir le tacaíocht a thabhairt do phobail ar mian leo an teanga a chaomhnú, a neartú agus a chur chun cinn.
Iarrann an Ard-Fheis seo go ndéanfar Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge de chuid rialtas Fhine Ghael/Pháirtí an Lucht Oibre a chur i bhfeidhm mar is ceart, cé nach bhfuil muinín ag an Ard-Fheis seo go mbainfidh siad cuspóirí na straitéise amach. Rud is measa fós, rinne roinnt Airí éagsúla bearta cheana chun cur in aghaidh bhunphrionsabail na straitéise céanna.
Molann an Ard-Fheis seo an obair atá déanta ag an aire Carál Ní Chuilín, agus tacaíonn an Ard-Fheis seo leis an obair atá déanta aici, maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn trí thionscnaimh ar nós Líofa 2015 agus iarrann an Ard-Fheis seo ar bhaill Shinn Féin clárú don chlár.
Treoraíonn an Ard-Fheis seo an Ard-Chomhairle beartas nua a thabhairt anuas ar an nGaeilge a fhorbairt agus a chur chun cinn. Iarrann sí go mbeidh ról lárnach ag eagraíochtaí pobail agus deonacha sa chur chuige a nglactar leis i leith an Ghaeilge a bhunú mar theanga bheo. Ba chóir don bheartas a bheith dearfach, praiticiúil agus indéanta agus ba chóir spriocanna a leagan síos chun líon na nGaeilgeoirí ar fud an oileáin seo agus thar lear a chaomhnú, a mhéadú agus a fhorbairt. Tapóidh Sinn Féin deiseanna atá ar fáil ag leibhéal rialtais áitiúil, ag leibhéal náisiúnta agus ag leibhéal idirnáisiúnta an Ghaeilge a chur chun cinn mar cheist pholaitiúil.
Ard-Chomhairle
Comhairle Ceantair Bhéal Feirste Thiar

Passed

Motion 168

Iarrann an Ard-Fheis seo ar rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre aisiompú a dhéanamh ar an gcinneadh a rinne sé deireadh a chur leis an gcóras trína mbronntar bónasmharcanna ar dhaoine a dhéanann scrúduithe iontrála státseirbhíse trí Ghaeilge.
Cumann Bhriain Mhic Cathmhaoil/Uí Maoilmhiadhaigh, Gaillimh

Passed

Motion 169

Aithníonn an Ard-Fheis seo an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge a chur in ionad feiceálach, go háirithe sa saol poiblí, agus iarrann sí leis seo ar rialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre athrú a dhéanamh ar litreacha plátaí cláraithe feithiclí ar phlátaí uimhreach gluaisteán ionas go n-úsáidfear litreacha giorraithe ar logainmneacha Gaeilge as seo amach in ionad litreacha ar giorrúcháin ar logainmneacha Béarla iad atá i bhfeidhm faoi láthair.
Cumann Phort Láirge Thiar

Passed

Motion 170

Aithníonn an Ard-Fheis seo an rannchuidiú luachmhar a dhéanann cuid mhór ealaíontóirí, oibrithe deonacha agus gníomhaithe maidir lena chinntiú go leanfaidh rath agus bláth le bheith ar na hEalaíona agus Cultúr in Éirinn, go leanfaidh siad de bheith ina gcuid dhílis dár bhféiniúlacht náisiúnta agus go mbainfear leas astu le haghaidh cuimsiú sóisialta, beag beann ar na deacrachtaí suntasacha a bhaineann le bheith gníomhach sna healaíona agus leis na healaíona a chur chun cinn le linn tréimhse deacrachta eacnamaíche, agus beag beann ar an mbuiséid laghdaithe atá ar fáil dóibh. Aithníonn sí an luach eacnamaíoch a thugann na healaíona d’Éirinn agus aithníonn sí freisin gur fiú cúpla euro don gheilleagar gach euro a infheistítear sna hEalaíona ó thaobh cruthú post de agus gur chun tairbhe an gheilleagair atá féilte éagsúla a chuireann gníomhaíocht eacnamaíoch chun cinn
Aithníonn sí gur chóir meas a thabhairt do na hEalaíona, go gcuireann siad gníomhaíocht shóisialta, féinfheasacht, rannpháirtíocht phobail agus cuimsiú sóisialta chun cinn agus go bhfuil fianaise ann go gcabhraíonn siad le téarnamh othar. Dá bhrí sin, cáineann sí an Rialtas mar gheall ar an drochdhóigh a gcaitheann sé leis na healaíona, mar gheall go dteipeann air na hEalaíona a chur chun cinn agus mar gheall ar na laghduithe leanúnacha a bhíonn sé á ndéanamh ar mhaoiniú na Comhairle Ealaíon, rud a raibh laghdú €3.9m sa bhuiséad i mbliana mar thoradh air.
Comhairle Ceantair Chorcaí Thoir

Passed

Motion 171

Aithníonn an Ard-Fheis seo an tábhacht stairiúil a bhaineann le comóradh céad bliain éirí amach na cásca 1916. Molaimid an obair atá déanta ag Feachtas Shráid an Mhúraigh agus geallaimid go leanfaidh ionadaithe Shinn Féin san Oireachtas, sa Tionól agus i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath le tacaíocht a thabhairt don fheachtas.
Athdhearbhaímid ár n-éileamh go ndéanfar ceathrú réabhlóideach stairiúil a fhorbairt i mBaile Átha Cliath, lena n-áirítear an ceantar a chuimsíonn Ard-Oifig an Phoist, Sráid an Mhúraigh agus Lána an Mhúraigh.

Aithníonn an Ard-Fheis seo freisin an ról a bhí ag bailte eile, amhail Inis Córthaidh, san éirí amach i 1916 agus iarrann sí go ndéanfar tionscadal atá cosúil le ‘ceathrú 1916’ a fhorbairt sna bailte sin roimh an gcomóradh, lena n-áirítear turais siúil agus imeachtaí eile a eagrú arb é is aidhm dóibh turasóireacht a tharraingt isteach sna ceantair sin.
Cumann Uí Phearail-Uí Chorraidhín-Uí Ógáin, Loch Garman

Passed

Motion 172

Go bhfáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh ainmniú thar téarma dhroichead Bhaile Átha Cliath i ndiaidh duine dá bhansaoránaigh is cáiliúla, is í sin, Rosie Hackett; geallann sí go gcuirfidh gach ionadaí tofa de chuid Shinn Féin comhionannas inscne chun cinn agus spásanna poiblí á n-ainmniú, agus nach gcuirfear ach ainmneacha ban san áireamh sa ghearrthéarma go dtí go mbainfear paireacht inscne amach.
Cumann Markievicz/Uí Fhearail

Passed

Motion 173

Iarrann an Ard-Fheis seo go ndéanfar rialáil ar gach oiliúint agus rásaíocht sulcaithe chun tiománaithe sulcaithe, úsáideoirí bóithre agus trácht ar bhóithre a chosaint.
Cumann Chathail Bhrugha/Chaoimhín Uí Loingsigh, Port Láirge

Passed

Motion 174

Molann an Ard-Fheis seo gur chóir do Shinn Féin brú a chur chun go gcuirfear taifid Dhaonáireamh 1926 ar fáil ar líne.
Cumann Phiarais Mhic Cána, Tiobraid Árann

Passed

Motion 175

Iarraimid ar an Ard-Fheis seo tacú leis an iarracht Óstán Hayes i nDurlas, áit bhreithe an Chumainn Lúthchleas Gael, a liostú ar Thaifead Struchtúr Cosanta Údarás Pleanála Thiobraid Árann Thuaidh chun gur féidir leis cáiliú le haghaidh stádas cosanta faoi Chuid IV den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000.
Cumann Roibéard Eiméid, Tiobraid Árann

Passed

Motion 176

De réir mar a éalaíonn glúine Éireannach ó dheacracht stairiúil, shóisialta agus eacnamaíoch sa tír seo trí bhealach na nGéanna Fiáine a leanúint thar lear; agus móríobairt phearsanta agus teaghlaigh á déanamh acu go minic; agus mórchrógacht fhisiciúil, leochaileacht dhaonna agus fíormhisneach morálta, uaireanta, á dtaispeáint acu; idir Bhriogáidí Éireannacha Mhór-Roinn na hEorpa agus Bhriogáid San Patricio i Meicsiceo, idir Chogadh Cathartha na Stát Aontaithe agus Chogadh Cathartha na Spáinne; i gcogaí tiomantais phearsanta, i gcatastrófa polaitiúla idirnáisiúnta a rinne dochar do ghlúine daoine óga, i misin nua-aimseartha trócaire leis na Stáit Aontaithe; creidimid gur chóir d’Éirinn ina hiomláine – a chuimsíonn an t-oileán seo agus an diaspóra idirnáisiúnta – siombailí cuimsitheacha féin a chruthú chun an oidhreacht sin a chomóradh agus chun cuimhneamh uirthi, siombailí nach malairt iad ar shiombailí atá cruthaithe go hoifigiúil ag tír eile chun dearcadh na tíre sin i leith cogadh amháin ar leith a chur in iúl.
Cumann Uí Chuilinn/Uí Éideáin, Loch Garman

Passed

Share, Download or Read the Clár for Sinn Féín's Ard Fheis 2014

Live Motions Votes

View all

  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Referred
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Failed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Failed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed
  • Passed