Sinn Féin - On Your Side

Ard Fheis 2017 Motions

Fixing the Housing Crisis

Motion 1

Nótálann an Ard-Fheis seo:

  • An ghéarchéim tithíochta agus easpa dídine sna 26 Contae;
  • Gur theip ar Rialtas na hÉireann infheistíocht a dhéanamh i soláthar cuí tithíochta sóisialta nó inacmhainne;
  • Gur theip air an earnáil phríobháideach cíosa a rialú mar is ceart;
  • Gur theip air dul i ngleic leis an ngéarchéim maidir le riaráistí morgáiste ar dhóigh trínar féidir le daoine fanacht ina dtithe;
  • An easpa infheistíochta leanúnacha de lóistín cuí le hagahidh an lucht siúil.
  • Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis tiomantas Shinn Féin chun an Ceart chun Tithíochta a dhaingniú sa Bhunreacht;
  • Éilíonn an Ard-Fheis:
  • Dúbláil ar infheistíocht chaipitil i dtithíocht shóisialta agus inacmhainne chun 10,000 fíortheach shóisialta a sholáthar agus 4,500 teach inacmhainne cíosa agus ceannaigh a sholáthar in 2018;
  • Leasuithe ar an Acht um Thionóntachtaí Cónaithe le go mbeidh tionóntachtaí ann a mhairfeas tréimhse éiginnte; srian ar chúiseanna inar féidir le tiarnaí talún fógraí fágála a éisiúint; agus cinnteacht cíosa ina nasctar léirmheasanna cíosa le hinnéacs ar nós an Phraghasinnéics Thomhaltóirí (CPI);
  • Na beartais dheimhneacha seo a thabhairt isteach chun tithe folmha a chur in úsáid in athuair;
  • Cleachtóirí Dócmhainneachta Poiblí a thabhairt isteach laistigh de sheirbhís MABS Abhaile ar son na ndaoine sin atá faoi chruachás morgáiste;
  • An maoiniú le haghaidh lóistín don lucht siúil a thabhairt ar ais ar leibhéil 2008 agus cumhachtaí nua trínar féidir leis an Aire Cláir Lóistín don Lucht Siúil a chur i bhfeidhm laistigh d’údaráis áitiúla ach mbaintear úsáid as maoiniú atá leithdháilte cheana féin chun é seo a dhéanamh.

Grúpa Parlaiminteach na 26 Chontae Cumann Thomas Allen (Baile Átha Troim) Cumann James Stephens (Cathair Chill Chainnigh) Cumann Liam Ryan (Baile Átha Luain)

Motion 2

Aithníonn an Ard-Fheis seo polasaí reatha Shinn Féin chun cearta tionóntaí a dhaingniú trí shlándáil níos fearr ar thréimhsí tionachtaí agus fíorchinnteacht maidir le cíos a thabhairt isteach. Creideann Sinn Féin gur cheart go mbeadh faoiseamh cánach ar mhorgáistí tiarnaí talún nasctha le sábháilteacht níos fearr tionóntachta agus cíosa a sholáthar. Éilíonn an Ard-Fheis seo, dá bhrí sin, ar Rialtas na hÉireann faoiseamh cánach de 100% a sholáthar do thiarnaí talún a sholáthraíonn tréimhsí tionóntachtaí d’fhad nach bhfuil srian leo agus cinnteacht cíosa trí léirmheasanna cíosa a nascadh trí innéacs, chomh maith le faoiseamh úis mhorgáiste a laghdú go 50% le haghaidh tiarnaí talún nach soláthraíonn tionóntachtaí d’fhad nach bhfuil srian leo agus cinnteacht cíosa trí léirmheasanna cíosa a nascadh.

Cumann Black/ Ryan (Leamhcán)

Motion 3

Aithníonn an Ard-Fheis seo an tuarascáil is déanaí ó Choiste na Náisiún Aontaithe ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha agus taighde a choimisiúnaigh an Coimisiún um Chomhionannas ó Thuaidh atá luaite san iniúchadh is déanaí a rinneadh ar Thithíochta agus Pobail ina léirítear nach bhfuil rochtain chothrom sna 6 Chontae ar:

  • Tithíocht shóisialta agus teaghlaigh Chaitliceacha ag fanacht sé mhí níos faide ná protastúnaigh chun tithe a fháil;
  • Lóistín cuí don lucht siúil;
  • Tithíocht athchóirithe le haghaidh daoine míchumasacha. Ag an Ard-Fheis seo:
  • Dearbhaítear ár dtiomantas chun lóistín cuí agus inacmhainne a sholáthar do chách;
  • Éilítear ar Rialtas na Breataine na fiacha stairiúla atá ar an Fheidhmeannas Tithíochta a chur ar ceal;
  • Gealltar go rachfar i ngleic leis an easpa láithreacha lóistín atá ar fáil don lucht siúil;
  • Éilítear go mbeadh oiriúnuithe cuí ann agus tacaíocht tithíochta le haghaidh daoine míchumasacha, agus;
  • Iarrtar go gcuirfear deireadh le héagothroime de gach cineál. Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

Motion 4

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann Oifigigh Inbhuanaithe Tionóntachtaí a cheapadh i ngach comhairle nach bhfuil a leithéid ann cheana féin. Cumann Doherty/Delany (An Uaimh)

Motion 5

Nótálann an Ard-Fheis seo maidir le polasaí reatha Fheidhmeannas Tithíochta Thuaisceart Éireann maidir le pointí imeaglaithe nach dtugtar san áireamh pointí a bhronnadh orthu siúd atá faoi imeagla mar gheall ar dhrochíde baile agus dá bhrí sin éilíonn sé ar an bhFeidhmeannas Tithíochta ó Thuaidh athbhreithniú a dhéanamh ar a bpolasaí maidir le pointí imeaglaithe chun dul i ngleic leis seo toisc go bhfuil sé de cheart ag gach saoránach áit chónaithe shábháilte a bheith acu atá saor ón imeagla agus ón bhfoiréigean.

Cumann Mhairtítigh Oileán an Ghuail/ Chluain Eo

Motion 6

Ag an Ard-Fheis seo:

  • Nótáiltear gur éirigh an Rialtas as Athnuachan Bhaile Munna agus bonneagar riachtanach fágtha gan chríoch ná forbairt;
  • Éilítear go dtabharfar isteach plean ceart athnuachana do phobal Bhaile Munna atá forbartha i ndiaidh comhairliúcháin chuimsithigh leis an bpobal áitiúil agus lena n-áirítear straitéisí comharsanachta chomh maith le pleananna le haghaidh oiliúna agus oideachais, feasbhsuithe fisiciúla agus forbairt gheilleagrach. Cumann McCabe/Quigley (Baile Munna)

Motion 7

Ag an Ard-Fheis seo:

  • Ba cheart go dtacófar le cur i bhfeidhm iomlán agus luath na n-ocht moladh teicniúla sa tuarascáil a rinne Painéal Saineolaithe ar Bhlocaí Coincréide i gcontaetha Dhún na nGall agus Mhaigh Eo;
  • Éilítear ar Rialtas na hÉireann cothroime agus cóir a léiriú d’úinéirí tithe agus chun scéim cúitimh a thabhairt isteach le haghaidh teaghlaigh agus sealbhóirí tí atá thíos leis. Cumann Charn Domhnaigh/ Mhálainne

Motion 8

Ag an Ard-Fheis seo:

  • Léirítear imní faoin ngéarchéim tithíochta atá ag dul in olcas, go háirithe i mBaile Átha Cliath;
  • Nótáiltear:
  • Gurb é Rialtas na hÉireann, go háirithe maidir le buiséid chaipitil a ghearradh ar údaráis áitiúla Bhaile Átha Cliath, is cúis leis an ngéarchéim tithíochta i mBaile Átha Cliath;
  • Níl sé inghlactha daoine a chur a chónaí in óstáin agus i dtithe ósta;
  • Ní réiteach ar bith é san fhadtéarma ar an ngéarchéim tithíochta na moill teaghlaigh;
  • Is é an réiteach fadtéarmach ná clár cuimsitheach chun tithe sóisialta agus inacmhainne san fhadtéarma a thógáil.
  • Moltar go ndéanfaidh Rialtas na hÉireann an méid seo a leanas:
  • Geallúint a thabhairt go gcuirfear 10,000 aonad tithíochta sóisialta ar fáil go dtí go mbíonn an ghéarchéim tithíochta thart;
  • Ba cheart go dtabharfar isteach reachtaíocht chun tithe inacmhainne a cheannach agus a ghlacadh ar cíos;
  • Ba cheart go gcinnteodh na hairí cuí go gcaithfidh talamh poiblí atá i seilbh CIE agus OPW a chur ar fáil d’údaráis áitiúla Bhaile Átha Cliath d’fhonn tithíocht shóisialta agus inacmhainne a thógáil;
  • Ba cheart go gcinnteodh go rachadh an tAire Tithíochta, Pleanála Pobail agus Rialtais Áitiúil i ngleic le nádúr maorlathach an phróisis faofa, mhaoinithe agus sholáthair. Ní mór an próiseas seo a dhéanamh éifeachtach, follasach agus aonchéimeach;
  • In ainneoin na bpróiseas reatha rannpháirtíochta leis an earnáil phríobháideach chun láithreáin a fhorbairt tríd an Tionscnamh Talún, ba cheart go maoineofaí agus go dtacófaí forbairt mheasctha tionóntaí a mbeadh an rialtas i gceannas air ar thailte údaráis áitiúla i mBaile Átha Cliath;
  • Ba cheart go soláthródh sé maoiniú breise d’údaráis áitiúla chun an aga comhlánaithe ar easnaimh a laghdú;
  • Ba cheart go dtabharfaí isteach reachtaíocht chun an t-am a laghdú mbíonn cead ag forbróirí suí ar thalamh athchriosaithe sula gcaithfidh siad tógáil air;
  • Ba cheart go mbeadh tithíocht shóisialta agus inacmhainne saor ón gcaidhp €20m atá tugtha isteach de réir an Athbhreithnithe ar Chaiteachas Poiblí 2011. Cúige Bhaile Átha Cliath

Motion 9

Aithnítear ag an Ard-Fheis seo:

  • Gur dúshlán mór é bochtaineacht bhreosla le haghaidh teaghlaigh i dtithíocht Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath;
  • Go bhfuil 8,653 teach i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a bhfuil géarghá le hinsliú iontu;
  • Chosnódh clár iomlán inslithe do Bhaile Átha Cliath €139m ach tá easnamh de €40m ag Comhairle Cathrach Bhaile Cliath. Dá bhrí sin, éilíonn an Ard-Fheis seo ar an Aire Tithíochta, Pleanála Poiblí agus Rialtais Áitiúil a bheith ag obair le bainisitíocht Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus le Comhairleoirí chun an maoiniú seo a aimsiú go práinneach.

Cumann James Connolly (Baile Formaid)

Motion 10

Cuireann an Ard-Fheis seo in aghaidh iarrachtaí ar bith de chuid an Aire nó na Roinne Tithíochta, Pleanála Poiblí agus Rialtais Áitiúil chun cumhacht bhaill tofa údaráis áitiúla a laghdú, bíodh sé go díreach nó go hindíreach, gné ar bith dá gcuid pleananna forbartha contae a fhorbairt nó a leasú. Ní mór do bhaill údaráis áitiúla, atá tofa go daonlathach, an t-údarás a choinneáil chun plean forbartha contae a athrú má léiríonn sé toil na ndaoine a bhfuil siad ionadaíoch orthu, gan cead a fháil ó oifigigh feidhmiúcháin nach bhfuil tofa. Cumann Barnes/McCormack (An Muileann Gearr)

Sinn Féin in Government

Motion 11

Nótáiltear ag an Ard-Fheis seo:

  • An dul chun cinn suntasach déanta ag Sinn Féin i gcúrsaí toghcháin agus polaitíochta le blianta beaga anuas, lena n-áirítear an méadú ar ionadaíocht Shinn Féin ar chomhairlí áitiúla, i bParlaimint na hEorpa, sa Tionól agus i dTeach Laighean, agus mandáid mhéadaithe an pháirtí i dtionól Westminister na bliana seo;
  • Taifead láidir soláthair airí rialtais Shinn Féin sa Tionól ó Thuaidh, chomh maith le hobair ár dTeachtaí Dála agus Seanadóirí san Oireachtas, ár bhFeisirí de Pharlaimint na hEorpa agus ár bhFeisirí Parlaiminite agus ár gComhairleoirí.
  • Ár dtiomantas agus uaillmhian chun polasaithe Shinn Féin a chur i bhfeidhm sa rialtas, Thuaidh agus Theas. Nótáiltear ag an Ard-Fheis seo freisin:
  • Polaitiú méadaithe le blianta beaga anuas daoine óga ó gach glúine, daoine óga ach go háirithe, a bhfuil an déine ag dul i bhfeidhm orthu, chomh maith le teip polasaithe agus idé-eolaíocht a bhí, agus atá, á leanúint ag páirtithe na bunaíochta;
  • Go bhfuilimid i lár claochlaithe politiúla, in Éirinn agus go hidirnáisiúnta, claochlú a thugann deis chun polaitíocht fhorásach a fhorbairt agus do Shinn Féin a bheith ar an bpáirtí is mó sna 26 Contae agus sna Sé Chontae;
  • Ní thagann an claochlú sin trí pholaitíocht toghcháin amháin, ach trí ghníomhaíocht, plé, cath tuairimí, polaitiú agus dul i bhfeidhm ar thuairimí an phobail chun éileamh coitianta le haghaidh athruithe polaitiúla a chruthú. Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo tiomantas Shinn Féin chun:
  • Tacaíocht choitianta a thógáil maidir le hÉirinn Aontaithe ar mhaithe le Cothrom na Féinne, comhionannas agus tiomantas chun feabhas a chur go forásach ar shaol gach saoránaigh;
  • Leanúint ar aghaidh leis an obair chun bheith ar an bpáirtí is mó sna 26 Contae agus sna Sé Chontae;
  • Agus sinn ag dúil le hathaontú na hÉireann, a bheith i gceannas ar rialtas forásach sna 26 Contae agus ár bpolasaithe rialtais, thuaidh agus theas, a chur i bhfeidhm.
  • Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo gur ag Ard-Fheis Speisialta a dhéanfar cinneadh ar bith de chuid Shinn Féin dul isteach i gcomhrialtas, agus go mbeidh an Ard-Fheis tionólta ar an gcúis sin, agus go mbeidh an cinneadh bunaithe ar chumas an pháirtí chun clár forásach Poblachtach a sholáthar sa rialtas.

Ard Chomhairle Cumann Mairtírigh Lawlor/Mulvihill/Chlais Maolchon (Baile Uí Thaidhg/An Tóchar/Baile Dubh) Cumann Keating/Sands (An Comarach) Cumann Charlie McGlade (Droimeanach)

Motion 12

Ag an Ard-Fheis seo:

  • Aithnítear:
  • Fás agus rath polaitiúil Shinn Féin le blianta beaga anuas mar thoradh ar obair dhian ár ngníomhaithe, ár mball, ár bhfostaithe agus ár n-ionadaithe tofa;
  • Mian bhaill Shinn Féin go mbeidh an páirtí mar chuid den rialtas sna 26 Contae;
  • Ár dtiomantas chun Polacht Shóisialach 32 Contae a chruthú.
  • Taifead na bpáirtithe a chuaigh isteach mar pháirtithe sóisearacha i gcomhrialtas le Fianna Fáil agus Fine Gael san am a chuaigh thart agus an gá le freasúra láidir pholaitiúil sa Dáil;
  • Cuirtear in iúl nach rachaidh Sinn Féin isteach sa Rialtas mar chomhpháirtí sóisearach le Fianna Fáil ná Fine Gael i ndiaidh an chéad toghcháin eile.

Cumann Peadar Clancy/Mairéad Farrell (Inis) Cumann Joe McDonnell (Droim Chiaráin)

Motion 13

Dearbhaíonn an Ard-Fheis seo nach rachaidh Sinn Féin isteach sa rialtas sna 26 Contae ach amháin mar an pháirtí i mó suíocháin sa Dáil.

Cumann Óglach Diarmuid O’Neill (Baile an Chaisleáin/Cinn Éich)

Motion 14

Molann an Ard-Fheis seo go mbeadh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht tugtha ar ais mar phost sinsearach aireachta i rialtas ar bith de chuid Shinn Féin sna 26 Contae agus nach mbeadh punann de chineál ar bith mar seo nasctha le réimse aireachta ar bith eile.

Cumann Thomáis Ághais (An Daingean)

Motion 15

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Shinn Féin gan dul isteach sa rialtas le páirtí eile mura mbíonn deireadh a chur le muirir uisce agus deireadh a chur leis an gcáin ar thithe teaghlaigh mar chuid den Chlár Rialtais.

Cumann McGrath/Sands (Carraig na Siúire)

Motion 16

Tugann an Ard-Fheis seo údarás gur coinníoll é roimh bhaint a bheith ag Sinn Féin le comhrialtas ar bith sna 26 Contae deireadh a chur leis an leithcheal in aghaidh daoine óga idir 18 agus 26 bliana d’aois maidir le híocaíochtaí leasa shóisialaigh agus go méadófar sa chéad bhuiséad na híocaíochtaí go dtí an leibhéal uachtarach.

Cumann Tracey Cre Ros Cré

Motion 17

Nótáiltear ag an Ard-Fheis seo mar chúis imní:

  • Na ciorruithe a chuir na Tóraithe i bhfeidhm ar sheirbhísí poiblí agus an tionchar dian a bhí aige ar sholáthar oideachais, cúraim shláinte agus seirbhísí poiblí riachtcanacha ó Thuaidh;
  • Tá leanaí, daoine míchumasacha, seandaoine agus daoine atá breoite ag íoc go daor as ciorruithe na dTóraithe;
  • Gearrfar seirbhísí poiblí le 3.1% i bhfíorthéarmaí mar thoradh díreach ar clár ciorruithe na dTóraithe, tacaithe ag an DUP. Tá an Ard-Fheis seo in aghaidh chiorruithe na dTóraithe/DUP agus éilíonn ar na Tóraithe agus ar an DUP deireadh a chur leis na ciorruithe agus spreagadh a thabhairt don gheilleagar agus infheistíocht a dhéanamh i seirbhísí poiblí.

Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

Motion 18

Nótálann an Ard-Fheis seo go bhfuil 173,000 duine ag aois oibre agus 93,000 leanaí ag maireachtáil faoi bhochtaineacht i dtuaisceart na hÉireann agus éilíonn sé ar an bhFeidhmeannas atá ag teacht isteach straitéis neamhbhochtaineachta a bhfuil dóthain acmhainní ar fáil di a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm ag a bhfuil spriocanna infhaighte agus amlínte chun í a chur i gcrích.

Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

Motion 19

Ag an Ard-Fheis seo:

  • Aithnítear
  • Go bhfuil an bonn á bhaint de sheirbhísí poiblí mar gheall ar infheistíocht agus príobháidiú, agus i gcuid mhór de chásanna baintear úsáid as ‘athrú’ mar shofhriotal seachas príobháidiú agus margadú;
  • An dochar a dhéantar mar gheall ar chlár ídeolaíoch ina ndéantar iarracht clú na hearnála poiblí a laghdú, lena n-áirítear oibrithe san earnáil phoiblí, agus chun an bonn a bhaint den tacaíocht do sheirbhísí poiblí;
  • Tá seirbhísí poiblí do gach duine agus a chaitheann le gach saoránach ar bhonn riachtanais riachtanach chun saolta gach saoránaigh a dhéanamh níos fusa.
  • Athdhearbhaítear tiomantas Shinn Féin chun:
  • Seirbhísí poiblí a sholáthar mar bhunchloch ar an méid a dhéanann an Stát dá chuid saoránach;
  • Seirbhísí poiblí a neartú lena chinntiú go mbíonn an caighdeán is airde de sheirbhísí poiblí ar fáil do chách;
  • Dul in éadan phríobháidiú agus margadú seirbhísí poiblí;
  • Cinnte a dhéanamh de sholáthar éifeachtach seirbhísí poiblí agus coimircí sóisialta;
  • Infheistíocht bhreise i seirbhísí poiblí agus íoctha as trí chóras forásach cánach;
  • Luach a chur le hobair gach duine a oibríonn san earnáil phoiblí, agus sin a léiriú trí thuarastal agus coinníollacha oibrithe san earnáil phoiblí.

Comhairle Ceantair Chill Mhantáin Cumann McCabe/Quigley (Baile Munna)

Motion 20

Ag an Ard-Fheis seo:

  • Cáintear Cáinaisnéis mhíchothrom 2018 Rialtas na hÉireann toisc go ndéantar ann:
  • Normálú ar easpa dídine ar scála ollmhór i measc ár muintire, lena n-áirítear leanaí, agus go nglactar leis, agus go dteipeann air maoiniú a chur ar fáil do chóras sláinte atá i mbuanriocht géarchéime;
  • Tá cáineadh déanta air ag oibrithe agus gníomhaithe sna hearnálacha sláinte agus tithíochta;
  • Tá teip ann infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar ar nós uisce, iompair, boneagair tras-teorann, fuinneamh agus cosaintí in aghaidh tuilte;
  • Ní théitear i ngleic le héagothroime sa chóras coimirce sóisialta a théann i bhfeidhm ar mhná agus ar dhaoine óga;
  • Ní bheidh ann sa deireadh ach Éire níos éagothroime dá bharr tríd na neamhionannais gheilleagair agus sóisialta atá ann go forleathan in Éirinn an lae inniu.
  • Moltar rogha Shinn Féin:
  • a thógann córas inbhuanaithe agus cothrom cánach lena n-áirítear deireadh a chur leis an gCáint Mhaoine Áitiúil;
  • a dhéanann infheistíocht inár gcórais sláinte agus tithíochta ionas go léirítear meas ar chearta na ndaoine;
  • a chosnaíonn na daoine is mó atá i mbaol;
  • a théann i ngleic le seachaint cánach ag creach-chistí, cuideachtaí ilnáisiúnta agus infheisteoirí ionas gur féidir leo a sciar féin a íoc;
  • a laghdófaí faoina leath costas cúraim leanaí do theaghlaigh;
  • a roghnaíonn taobh an ghnáthmhuintir a ghlacadh;
  • a chruthaíonn plean bonneagair uile-Éireann chun leas na tíre a chosaint agus Breatimeacht ag teacht;
  • atá bunaithe ar fhís faoi gheilleagar atá rathúil, inbhuanaithe agus le chéile le seirbhísí poiblí agus bonneagar ann atá oiriúnach don tsochaí sin.

Grúpa Parlaiminteach na 26 Chontae

Motion 21

Éilíonn an Ard-Fheis ar Rialtas na hÉireann deireadh a chur leis an leithcheal leanúnach ar 35,000 daoine breacaosta, go háirithe mná, agus íocaíocht phinisin an stáit s’acu a áireamh. Ba mhian le Sinn Féin bandaí agus rátaí pinsin réamh-Mheán Fómhair 2012 a bheith ann arís ionas go mbeidh íocaíocht níos cothroime ann dár ndaoine breacaosta.

Creideann an Ard-Fheis seo gur cheart go mbeadh íocaíocht phinsin ag daoine breacaosta nuair a bhaineann siad aois phinsin amach beag beann ar na ranníocaíochtaí ÁSPC s’acu nó sos ar bith glactha ón obair ar nós am a glacadh le clann a thógáil nó aire a thabhairt do dhuine muinteartha. Oibreoidh Sinn Féin i dtreo polasaí pinsin uile-Éireann a fhorbairt bunaithe ar íocaíocht phinsin do gach duine lena chinntiú go mbíonn ioncam cuí agus cothrom do gach duine breacaosta nuair a théann siad ar scor.

Aithníonn an Ard-Fheis seo freisin go bhfuil níos mó daoine atá 65 bliain d’aois atá ag fáil íocaíochtaí Cuardaitheora Poist ná ag catagóir ar bith eile aoise sa Stát. Aithnímid gur tharla sé seo mar gheall ar dheireadh a chur le hAistriú an Phinsin Stáit chomh maith leis an méadú ar aois an phinsin in 2014. Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann deireadh a chur leis an éagóir seo le hAistriú an Phinsin Stáit a thabhairt ar ais ionas gur féidir le daoine atá 65 bliain d’aois íocaíocht phinsin a fháil agus tacú leis an mBille um Chothromas Fostaíochta (Deireadh a chur le Scor Éigeantach) 2016, bille atá curtha síos ar chlár ag Sinn Féin, ionas gur féidir leo a bheith mar dhlí a luaithe agus is féidir.

Grúpa Parlaiminteach na 26 Chontae Comhairle Ceantair Mhuineacháin

Motion 22

Aithníonn an Ard-Fheis seo an sochar atá le baint as caiteachas poiblí a dhéanamh ar son leasa shóisialta. Éilíonn an Ard-Fheis seo go bhforbrófar agus go gcuirfear i bhfeidhm Acht um Luach Sóisialta cuimsitheach ó thuaidh a mbeidh na forálacha seo a leanas ann:

  • Bainfidh sé le gach conradh san earnáil phoiblí;
  • Cinnteofar ann go n-amharcfar ar luach sóisialta ag gach céim den soláthar ón gcás gnó, go dtí critéir dámhachtana, go dtí monatóireacht ar an bhfeidhmíocht;
  • Áirítear ann bearta a chinntíonn comhlíonadh thar ceann coimisinéirí agus conrathóirí beirt;
  • Cinnteofar cothrom na Féinne le haghaidh Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide.

Cumann Joe McManus (An Garastún)

Motion 23

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann dul i ngleic lena chuid freagrachtaí chun eisimircigh a mhealladh ar ais go hÉirinn tríd rochtain níos fusa a thabhairt d’eisimircigh ar cháipéisí cuí, árachas, ceadúnais, cuntais bhainc agus earraí riachtanacha.

Cumann McEvilly/O'Malley (Caisleán an Bharraigh)

Motion 24

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar fhoireann gheilleagrach agus airgeadais Shinn Féin iniúchadh a dhéanamh ar an ngéarchéim sna rátaí úis mhorgáiste ionas gur cinnte go dtiocfaidh ardú ar rátaí úis go suntasach agus go bhfuil morgáistí ar théarma seasta nó athraitheach ag bunús sealbhóirí tí in Éirinn.

Cumann Kevin Barry/Frank Stagg ( Lárchathair Thiar Thuaidh)

Motion 25

Tacaíonn an Ard-Fheis seo go hiomlán leis an gcáipéis pholasaí a d’fhoilsigh Sinn Féin le gairid maidir le Moltaí Leasaithe Printiseachtaí. Aithnítear sa cháipéis pholasaí seo an tábhacht a bhaineann le printiseachtaí a sholáthar do dhaoine óga a mbíonn roghanna eile oideachais agus oiliúna iontu, agus na hoibrithe oilte agus sciliúla atá ag teastáil i dtionscadail áirithe atá ag fás agus ag teacht chun tosaigh a sholáthar dár ngeilleagar. Leagtar amach sa cháipéis seo plean cúig bliana arb í an phríomhaidhm atá leis ná:

  • Méadú suntasach a chur le líon na bprintiseachtaí atá faoi oiliúint;
  • Méadú faoi thrí a chur le líon na gclár printiseachtaí atá faoi oiliúint;
  • Méadú suntasach a dhéanamh ar ráta rannpháirtíochta ban, ón ráta reatha de 0.3%;
  • Cinnte a dhéanamh de rannpháirtíocht níos fearr daoine míchumasacha sa chóras printiseachta;
  • Printiseachtaí a chur chun tosaigh mar rogha chothrom tríú leibhéal.

Cumann Clancy/O'Callaghan (Cathair Luimnigh Thuaidh) Comhairle Ceantair na Mí

Motion 26

Éilíonn an Ard-Fheis seo gur cheart tuarastal a thabhairt isteach le haghaidh daltaí triú leibhéal atá ar socrúcháin oibre agus ar intéirneachtaí sealadacha. Níor cheart go mbreathnófaí ar thuarastail den chineál seo nuair a bhítear ag cur isteach ar scéimeanna rialtais ar nós SUSI.

Cumann Markievicz/Tadhg Barry (Corcaigh Thiar Thuaidh/Bardais Láir)

Motion 27

Ag an Ard-Fheis seo:

  • Nótáiltear go bhfuil beagnach 17.2% den fhórsa oibre sna 26 Contae féinfhostaithe. Tá taifead maith ar an luach s’acu don gheilleagar ach ní chaitheann an rialtas seo ná rialtais a tháinig roimhe go cothrom leo maidir le ceart rochtana ar íocaíochtaí leasa shóisialta nuair a bhíonn siad ag teastáil uathu. Ní chaitear go cothrom leo sa chóras cánach ach oiread;
  • Éilíonn ar Shinn Féin polasaí costaithe a fhorbairt a thugann cothroime dóibh siúd atá féinfhostaithe go dlíthiúil maidir le rochtain ar íocaíochtaí leasa shóisialta.

Comhairle Ceantair an Chláir

Motion 28

Éilíonn an Ard-Fheis seo go bhforbrófar polasaí cuimsitheach maidir le fochonraitheoirí bréagacha in earnáil na tógála ina ndíreofar isteach ar thionchar na bhfochonarthaí bréagacha ar chearta oibrithe, ioncaim chánach agus caiteachas ar leasa sóisialta. Ba cheart go mbeadh cur síos ar na hathruithe reachtaíochta agus polasaí ba mhaith linn a fheiceáil i bhfeidhm Thuaidh agus Theas chun dul i ngleic leis na fadhbanna seo. Ina dhiaidh seo ba cheart go seolfaí feachtas agus an cháipéis pholasaí seo taobh thiar de, feachtas bunaithe ar na hathruithe riachtanacha reachtaíochta agus polasaí a dhaingniú chun oibrithe a chosaint agus chun imghabháil cánach agus calaois leasa shóisialta a laghdú.

Cumann Drumm/Doherty/Clarke (Cluain Dolcáin)

Motion 29

Ag an Ard-Fheis seo:

  • Moltar go malartófar an socrú faoi leith leis na mórbhainc sna 26 chontae trína bhfaigheann siad faoiseamh ar cháin chorparáideach atá le híoc acu do na 20 bliain seo amach romhainn;
  • Nótáiltear nach mbeadh na hinstitiúidí seo ann inniu murach íobairtí ghlúin de ghnáthshaoránaigh, agus glúin eile is dócha, agus go bhfuil dualgas ar na hinstitiúidí seo a bhfuil cúnamh ollmhór stáit faighte acu agus atá i mbrábús faoi láthair a gcion féin den cháin a íoc ar mhaithe le cothroime agus comhionannas do gach íocóir cánach.

Comhairle Ceantair Chathair Chorcaigh

Motion 30

Creideann an Ard-Fheis seo gur cheart do chorparáidí móra ranníocaíochta cothroma agus coibhneasacha a dhéanamh le hairgeadas tíortha, dá bhrí sin, ba cheart cáin chorparáideach a mhéadú Thuaidh agus Theas, agus níor cheart é a laghdú. Ba cheart an t-ioncam breise a úsáid le dul i ngleic le heaspa dídine agus liostaí feithimh le haghaidh tithe, Thuaidh agus Theas.

Cumann Mairtírigh Chluain Aird

Motion 31

Creideann an Ard-Fheis seo nár cheart don Tionól ó Thuaidh cáin chorparáideach a laghdú, agus gur cheart go dtiocfadh comhoiriúnú ar cháin chorparáideach ar fud an oileáin mar gheall ar ardú ar an gcáin chorparáideach ó Dheas.

Cumann Óige Náisiúnta

Motion 32

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an rialtas, agus í ag caint go bhfuil leibhéil na dífhostaíochta ag titim, reachtaíocht a thabhairt isteach go mbíonn íosmhéid de 20 uair an chloig i dtréimhse cúig lá ag baint le poist a thugtar do dhaoine óga, agus an tuarastal maireachtála mar threoir chun rátaí a íoc.

Cumann James Connolly (An Chathair)

Motion 33

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann na coinníollacha cáilíochta le haghaidh FIS (i.e. ag obair 19 uair an chloig sa tseachtain ar a laghad) a leasú ionas go gcuirfear san áireamh oibrithe ar ioncam íseal nó ar chonarthaí uaireanta ísle.

Cumann Bob Smith (Dún Droma)

Motion 34

Aithníonn an Ard-Fheis seo na féidearthachtaí fostaíochta a bhaineann le comharchumainn oibrithe agus dá bhrí sin tacaíonn le polasaí nua an pháirtí air seo agus Éilíonn ar an bpáirtí cinnte a dhéanamh de go dtugtar tús áite d’fheachtasaíocht le haghaidh athruithe reachtúla chun an fás na comharchumainn oibrithe a éascú ar bhonn uile-Éireann.

Cumann Robert Byrne (Cathair Luimnigh Thoir)

Motion 35

Ag an Ard-Fheis seo:

  • Aithnítear ról an tionscadail turasóireachta maidir leis an ngeilleagar a fhorbairt;
  • Éilíonn le haghaidh tacaíocht leanúnach a chur ar fáil don tionscadal agus go háirithe na heagraíochtaí reachtúla sin a bhfuil sé de dhualgas orthu turasóireacht agus líon na gcuairteoirí a fhorbairt in Éirinn;
  • Moltar tionchar an phobail agus cur i bhfeidhm tionscadail ar nós Slí an Atlantaigh Fhiáin agus Oirthear Ársa na hÉireann. Léiríonn an tionchar ar leibhéal áitiúil gur éirigh leis na tionscadail seo agus mar gheall orthu is amhlaidh gur leathnaíodh an turasóireacht agus gur mothaíodh an tionchar geilleagrach ar fud na tíre;
  • Éilíonn ar Airí agus ar ghníomhaireachtaí ar an dá thaobh den teorainn cinnte a dhéanamh de go ndéantar tuilleadh forbartha ar na tionscadail seo don tír iomlán agus go mbíonn cosaint leanúnach ar fhorais tras- teorann agus go dtéitear in aghaidh iarracht ar bith an bonn a bhaint de na hinstitiúidi sin atá faoi chosaint de réir Chomhaontú Aoine an Chéasta. Comhairle Ceantair an tSléibhe Dhuibh

Motion 36

Tá an Ard-Fheis seo:

  • Go hiomlán i gcoinne na teorann dhá leanbh atá curtha ag Rialtas na Breataine ar Chreidmheas Cánach do Leanaí, ar Chreidmheas Uilíoch agus ar íocaíochta Tacaíochta Ioncaim;
  • Cáineann an Ard-Fheis seo an eisceacht náireach samhnasach a bhaineann le héigniú, trína dtabharfar ar íospartaigh éignithe creidmheasanna cánach leanaí a éileamh don tríú leanbh nó ina dhiaidh agus trína mbeidh orthu cur in iúl gur rugadh an leanbh mar thoradh ar ghnéas neamhchomhthola;
  • Creideann sé go bhfuil an polasaí míchothrom, éagórach, doghlactha ó thaobh na móráltachta de, agus an-dochrach do mhná agus dá leanaí agus gur sárú é ar bunchearta mná;
  • Éilíonn ar Rialtas na Breataine an polasaí seo a iompú i dTuaisceart Éireann agus a chinntiú nach n-amharctar ar an ngníomh seo mar shárú ar phrionsabal na cothroime i ngnéithe de shlándáil shóisialta.

Comhairle Ceantair Léim an Mhadaidh Cumann Tom Flately (Inis Ceithleann)

Motion 37

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an bpáirtí ár gcuid tacaíochta a athdhearbhú maidir le hiarracht leanúnach lena chinntiú go ndéantar tosaíocht de Choimisiún Fiosrúcháin in Úinéireacht na Meán in Éirinn.

Ar a bharr sin cáineann an Ard-Fheis seo an chlaontacht sna meáin in aghaidh Shinn Féin, go háirithe an chlaontacht uafásach atá léirithe ag Independent News agus Media agus Communicorp, agus aithnítear freisin an chlaontacht dhúchasach in aghaidh Shinn Féin sna meáin eile, lena n-áirítear an craoltóir stáit, RTÉ.

Comhairle Ceantair Chathair Luimnigh

Brexit and the Future of the EU

Motion 38

Ag an Ard-Fheis seo:

  • Athdhearbhaítear seasamh Shinn Féin nach mór cloí le toil dhaonlathach mhuintir an Tuaiscirt chun fanacht san AE, agus nach mór gach cuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta a chosaint agus nach féidir teorainn na Breataine in Éirinn a dhéanamh níos crua;
  • Aithnítear:
  • An tsár-obair atá déanta ag Feisirí de Pharlaimint na hEorpa ó Shinn Féin, agus Martina Anderson i gceannas orthu, ionadaíocht a dhéanamh ar son an pháirtí maidir leis an mBreatimeacht san Eoraip;
  • Nach mbeidh ach dhá bhealach ar féidir na cuspóirí seo a bhaint amach: trí sainstádas do thuaisceart na hÉireann laistigh den AE nó trí reifreann ar aontacht a reáchtáil a mbeidh ath-aontú na hÉireann mar thoradh air.
  • Gurb iad na gnéithe riachtanacha den Sainstádas Speisialta ná:
  • Go bhfanfaidh an tuaisceart san Aontas Custam agus sa Mhargadh Aonair;
  • Go gcosnófar gach cuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta;
  • Go mbeidh saoirse gluaiseachta ag daoine, earraí agus seirbhísí in Éirinn;
  • Go mbeidh cearta iomlán an AE ag gach saoránach i dTuaisceart Éireann;
  • Go mbeidh rochtain leanúnach ag saoránaigh sa tuaisceart ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;
  • Go mbeidh cearta iomlán polaitiúla de chuid an AE ag saoránaigh i dtuaisceart Éireann;
  • Go mbeidh rochtain leanúnach acu ar shruthanna maoinithe de chuid an AE;
  • Go bhfuil Comhaontú Aoine an Chéasta ceangailte mar fhógra atá ina cheangail de réir dlí sa Chomhaontú Aistarraingthe.
  • Dearbhaítear sa chás ina ndiúltaíonn Rialtas na Breataine Sainstádas Speisialta laistigh den AE a aontú, in ainneoin gur vótáil 56% de mhuintir an tuaiscirt chun fanacht san AE, nach mór an teidlíocht atá i gComhaontú Aoine an Chéasta le haghaidh reifrinn ar aontacht a chur ar siúl chun treoir a thabhairt do mhuintir thuaisceart agus dheisceart na hÉireann maidir leis an treoir ina mbeidh Éire ag dul sa todhchaí.

Ard Chomhairle Cumann Pól Kinsella (An Fearann Thuaidh)

Motion 39

Creideann an Ard-Fheis seo go bhfuil todhchaí na hEorpa agus creidiúnacht thionscadal an AE ag brath ar roinnt athruithe radacacha agus gur thug an tréimhse chomhairliúcháin rogha chúng agus ní thugann ceann ar bith de na roghanna sin dearbhú ar phrionsabail an daonlathais, na ceannasachta ná cearta saoránach.

Leis an Ard-Fheis seo:

  • Creidtear gur cheart coinbhinsiún agus comhdháil idir-rialtais ar thodhchaí na hEorpa a bhunú a éascóidh aistíriú cumhachtaí chuig ballstáit agus gur cheart an conradh a leasú má bhíonn gá leis;
  • Creidtear go bhfuil todhchaí an AE ag brath ar chumhacht an innill rúnda stocaireachta corparáidí a laghdú, inneall ar ligeadh dó fás gan rialú agus le rochtain gan srian ar lucht déanta cinntí neamhchuntasacha sa Choimisiún Eorpach;
  • Creidtear chun an AE a leasú gur gá dul i ngleic leis an maorlathas a bhaineann le cuid mhór de chláir, de thionscadail agus de mheicníochtaí maoinaithe an AE agus an maorlathas sin a bhaint as aimhréidh. Glacann an maorlathas seo na tionscadail as lámha agus smacht na saoránach agus laghdaigh sé an deis chun ionchur daonlathach a bheith ann;
  • Creidtear go ndéanfaidh an Conradh Saorthrádála atá an Coimisiún Eorpach á bhrú agus príobháidiú agus dírialú chun tosaigh ann dochar nach bhféadfar a leigheas do chearta oibrithe, don chomhshaol, do sheirbhísí poiblí agus do phobail tuaithe;
  • Tacaíonn sé le hEoraip Shóisialta a thógáil ina ndéantar tosaíocht de ghnáthshaoránaigh roimh an mbonnlíne de ilnáisiúntaí, ina laghdaítear éagothroime, ina mbíonn troid in aghaidh eisiaimh shóisialta agus ina gcomhlíontar riachtanais shóisialta shaoránaigh na hEorpa;
  • Athdhearbhaítear cur in aghaidh Arm an AE agus Bhuiséad um Chosaint na hEorpa nach gcuirfidh as do neodracht na hÉireann amháin, ach a neartóidh ‘daingean na hEorpa’, ag séanadh pasáiste sábháilte agus dlíthiúil le haghaidh teifeach;
  • Dearbhaítear mar stát atá measartha beag agus ar an imeall, nach mór d’Éirinn a bheith láidir agus í ag cosaint a ceannasachta agus ar lorg aistriú cumhachtaí ar ais chuig ballstáit. Caithfidh Rialtas na hÉireann an fód a sheasamh lenár gcomhpháirtithe san Eoraip ar na príomhthopaicí lena n-áirítear iarrachtaí tabhairt orainn seirbhísí poiblí a léirscaoileadh, rochtain ar ár n-acmhainní mara a cheadú, bogadh chun soláthar fuinnimh a dhéanamh feidearálach, agus polasaithe a chur i bhfeidhm a bheidh mar bhagairt dár bpobal tuaithe.

Ard Chomhairle Cúige Lár Tíre/ Thiar Thuaidh

Motion 40

Éilíonn an Ard-Fheis seo, agus í ag tabhairt faoi deara go bhfuil géarchéim airgeadais á tuar don bhliain 2018/19, ar aonad polasaí Shinn Féin plécháipéis chuimsitheach a ullmhú ar bhriseadh na hÉireann ó Aontas Airgeadaíochta an AE a chur i gcrích, ionas go mbíonn straitéis ag an bpáirtí cúinsí den chineál seo a láimhseáil má tharlaíonn siad.

Cumann Tormey/Mannion (Ros Comáin Theas)

Motion 41

Aithníonn an Ard-Fheis seo na cúinsí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar idirbheartaíocht na Breataine/AE ar tionscadal na hiascaireachta in Éirinn. Dá bhrí sin tugann an Ard-Fheis gealltanas gach agus is féidir leis a dhéanamh chun:

  • Poiblí na hÉireann a chur ar an eolas faoin mbagairt dhiúltach a d’fhéadfadh a bheith ann do thionscadal a bhfuil dochar ollmhór déanta dó i ndiaidh blianta fada de neamhaird ag Rialtais na hÉireann roimhe seo agus ag leathnaitheacht an AE;
  • Grinnscrúdú a dhéanamh ar an idirbheartaíocht atá ann faoi láthair idir an AE agus Rialtas na Breataine maidir leis an gComhbheartas Iascaigh agus cinnte a dhéanamh de nach gcailleadh siad siúd atá ag plé le tionscadal na hiascaireachta in Éirinn cuid ar bith eile dá gcearta chun stoc iasc a fhómhar ó na farraigí thart ar chósta na hÉireann;
  • Cuidiú le folláine gheilleagar ár bpobal cósta a chosaint, pobail a bhfuil lámh acu i dtionscadal na hIascaireachta in Éirinn, ó iarmhairtí diúltacha ar bith a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar an mBreatimeacht.

Cumann McGrath/ O’Brien (Port Láirge Thiar)

Motion 42

Nótálann an Ard-Fheis seo go bhforfheidhmíonn Comhshocrú Buiséadach an AE rialacha iomlána ‘tomhas amháin a oireann do chách’. Is rialacha iad trína dtugtar ar gheilleagair éagsúla bhallstáit an AE fiachas poiblí a choinneáil srianta ag 60% den Olltáirgeacht Intíre agus easnaimh bhliantúla níos lú ná 3% den Olltáirgeacht Intíre. Mar gheall ar an gComhshocrú Buiséadach agus An Comhaontú Cobhsaíochta agus Fáis a tháinig roimhe tá srianta uafásacha agus doghlactha curtha ar chumas bhallstáit an AE, agus Éire san áireamh, freagra éifeachtach a thabhairt don ngéarchéim gheilleagrach trí bhearta spreagtha maicreacnamaíocha a úsáid.

Bíonn tionchair chúngaithe ag ciorruithe le linn meathlaithe agus laghdaítear an geilleagar dá réir, agus is é sin go díreach a tharla i ndiaidh na gcúluithe in Éirinn, sa Spáinn, sa Ghréig agus sa Phortaingéil, agus bhí ardú sa dífhostaíocht, sa bhochtaineacht agus san éagothroime mar thoradh air.

Cuireann an Comhshocrú Buiséadach srian de dhéine fhioscach ar gach ballstát a ghlac leis, agus fágtar na stáit seo ag brath go hiomlán ar pholasaithe airgeadaíochta ‘tomhas amháin a oireann do chách’ Bhanc Ceannais na hEorpa.

Léiríonn an fócas aonair ag an AE ar ‘bhuiséid chothromaithe’, gan fócas comhfhreagrach ar chuntais chothromaithe trádála, léiríonn siad tiomantas d’ídeolaíocht na déine, ídeolaíocht ar theip uirthi.

Diúltaíonn an Ard-Fheis don moladh go dtabharfar an Comhshocrú Buiséadach isteach mar dhlí de chuid an AE ag deireadh 2017 agus Éilíonn ar Rialtas na hÉireann a stádas ar Chomhairle na hEorpa a úsáid chun cros a chur ar an déine seo a chumhdach go síoraí i gConradh an AE.

Tacaíonn an Ard-Fheis seo leis an 13ú leasú ar Bhunreacht na hÉireann a aisghairm, leasú a chumhdaíonn gnéithe den Chomhshocrú Buiséadach mar Dhlí na hÉireann.

Comhairle Ceantair Chiarraí

Motion 43

Aithníonn an Ard-Fheis seo nádúr uile-Éireann an tionscadail agraibhia agus deochanna a chuireann go mór leis an ngeilleagar agus Éilíonn ar Rialtas na hÉireann a éileamh go bhfanann an Tuaisceart san Aontas Eorpach chun an tionscadal riachtanach seo a aithint agus chun maoiniú a lorg ón AE le haghaidh Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide atá i mbun easpórtála chun a gcuid gnólachtaí a chosaint i gcomhthéacs na gcontúirtí a bheidh ann mar gheall ar an mBreatimeacht. Cumann Jimmy Joe Reynolds (Maothail)

Infrastructure, Regional and Rural Development

Motion 44

Nótálann an Ard-Fheis seo:

  • Faoin gClár um Fhorbairt Tuaithe reatha (2014-2020) nuair a aistríodh rialú LEADER go húdarás áitiúil i mbeagnach gach tír is amhlaidh gur baineadh LEADER ar shiúl ó eagraíochtaí a bhfuil an pobal i gceannas orthu agus cuireadh é faoi riail an Stáit. Mar gheall air seo, tá rialacha agus próisis nua ann a chuir cosc ar an maoiniú seo atá ag teastáil go géar chun forbairt tuaithe a chur i bhfeidhm le trí bliana anuas;
  • Bunaíodh LEADER 25 bliain ó shin chun dul i ngleic trí chomhpháirithe áitiúla leis an bpobal i gceannas orthu leis an titim faoin tuath agus, go dtí anois, bhí na 26 Contae i dtús cadhnaíochta san Eoraip;
  • Is é an toradh a bheidh ann mar gheall ar an athrú seo polasaí faoi dhá rialtas in Éirinn a raibh Fine Gael i gceannas orthu, arb ionann é agusn seilbh glactha ag údaráis áitiúla ar fhorbairt ón mbun aníos, ná meath agus deireadh eagraíochtaí cearta a bhfuil an pobal i gceannas orthu sa Stát. Is léir ón iliomad fadhbanna le seoladh LEADER go dteipfidh ar bhainistíocht Stáit cláir phobail den chineál seo.

Éilíonn an Ard-Fheis seo, dá bhrí sin, ar Rialtas na hÉireann cinnte a dhéanamh de, faoin gClár um Fhorbairt Tuaithe 2021-27, nach údaráis áitiúla a bheidh i gceannas ar an gclár LEADER as seo amach ach go dtabharfar ar ais é d’eagraíochtaí áitiúla a bhfuil an pobal i gceannas orthu agus a bhfuil na pobail a ndéanann siad freastal orthu iontu mar eagraíochtaí. Iarraimid freisin go simpleofaí anpróiseas iarratais le haghaidh maoiniú LEADER agus go gcuirfear dlús le seoladh maoinithe faoin gclár, ionas gur féidir maoiniú tuaithe ón Eoraip, maoiniú a bhfuil géarghá leis, a thabhairt dóibh siúd is mó a bhfuil sé ag teastáil uathu.

Comhairle Ceantair Chiarraí Cumann Deleaney/O’Rahilly (Bré)

Motion 45

Creideann an Ard-Fheis seo go bhfuil an mhuintir óg ag fágáil na gceantar tuaithe mar gheall ar na blianta fada d’easpa infheistíochta agus toisc nár cuireadh straitéis tuaithe riamh i gcrích.

Creideann an Ard-Fheis seo go bhfuil gá le straitéis chun deireadh a chur le himirce daoine oilte agus chun bunú comharchumainn tuaithe agus gnólachtaí a spreagadh ionas nach gcaillfear tuilleadh d’fhéiniúacht ná de nósmhaireacht beatha na tuaithe. Ní mór infheistíocht a mhéadú i seirbhísí riachtanacha tuaithe agus seirbhísí ar nós oifigí poist, iompair agus stáisiúin Ghardaí a choinneáil freisin.

Cúige Lár Tíre/ Thiar Thuaidh Comhairle Ceantair Thiobraid Árann

Motion 46

Ag an Ard-Fheis seo:

  • Cáintear easpa infheistíochta stairiúil in iarthar na hÉireann ag rialtais i ndiaidh rialtais in Éirinn agus;
  • Éilíonn ar Rialtas Fhine Gael tabhairt faoi anailís chuimsitheach tíreolaíoch ar Phlean Forbartha Náisiúnta an Stáit ó bhlianta roimhe agus súil aige straitéis a chur i bhfeidhm a rachaidh go héifeachtach i ngleic leis an míchothromaíocht idir an gheilleagar san iarthar agus an geilleagar san oirthear. Cumann O’Flanagan/MacManus (Baile Shligigh)

Motion 47

Ag an Ard-Fheis seo:

  • Tacaítear agus moltar iarrachtaí dearfacha gach duine atá páirteach, atá ag obair le chéile chun acmhainní a chur ar fáil do thosaíochtaí an Réigiúin Cathrach Thiar Thuaidh le haghaidh fáis agus forbartha;
  • Aithnítear an tionchar suntasach dearfach a bheidh ag an gCreat Náisiúnta Pleanála (CNP) Ireland 2040 Our Plan ar réigiúin sna 26 Contae.
  • Beartaítear ar dhul i mbun feachtasaíochta agus stocaireachta ar Rialtas na hÉireann le haghaidh tiomantais chun soláthar a chur ar fáil do Réigiún Cathrach Thiar Thuaidh sa CNP;
  • Go tugtar tacaíocht chuí ionas go soláthrófar fás eacnamaíoch réigiúnach, infheistíocht, forbairt fhisiciúil agus chomhshaoil, folláine agus cuimsiú sóisialta agus pobail.

Cumann Charn Domhnaigh/ Mhálainne

Motion 48

Ag an Ard-Fheis seo:

  • Creidtear trí infheistíocht a dhéanamh ar an taobh thiar den Bhanna gur féidir linn dul i ngleic leis na blianta d’fháillí trí bhonneagar, phoist agus thionscadal a fhorbairt sa Tuaisceart;
  • Éilítear ar NIE agus ar SONI a áirithiú go mbíonn soláthar leanúnach agus seasmhach leictreachais ann do cheantair ar an taobh thiar den Bhann trí idirnascaire leictreachais a sholáthar lena áirithiu go mbíonn soláthar ann don earnáil thionsclaíoch s’againn, earnáil atá ag fás, go háirithe san earnáil innealtóireachta atá forbartha ar bhonn áitiúil. Comhairle Ceantair Dheisceart agus Oirthear Thír Eoghain

Motion 49

Nótálann an Ard-Fheis seo go bhfuil bac á chur ar an moladh le haghaidh idirnascaire Thuaidh Theas a fhorbairt mar gheall ar mhoilla i gcúrsaí pleanála agus dlíthiúla. Tugaimid faoi deara gur dócha go leanfar ar aghaidh leis an moilleadóireacht seo a fhad is nach nglacann na pobail sin trína rachaidh an t-infreastruchtúr seo fríd leis. Nótálann an Ard-Fheis seo freisin nach mbeidh an tacaíocht chuí phobail ann do línte ard-voltais a thacaíonn le piolóin agus dá bhrí sin iarrtar ar na húdaráis, Thuaidh agus Theas, ordú a thabhairt go mbeidh an tionscadal faoi thalamh de réir an dea-chleachtais is fearr idirnáisiúnta.

Cumann Meegan/Harvey (Inis Caoin)

Motion 50

Éilíonn an Ard-Fheis seo go gcaithfear go cothrom le gach réigiún le cothrom na Féinne agus le cothroime maidir le leithdháileadh post agus an bhonneagair chuí chun poist a mhealladh. Cumann Dunne/Kelly/Whitty (Baile Loch Garman)

Comhairle Ceantair Loch Garman

Motion 51

Éilíonn an Ard-Fheis seo go dtabharfar ar ais na Comhairlí Baile agus Blocdheontais na gComhairlí Baile.

Comhairle Ceantair Thiobraid Árainn

Motion 52

Tacaíonn an Ard-Fheis seo le dul ar aghaidh le dílárú cumhachtaí breise go comhairlí áitiúla ó Thuaidh, ach amháin é sin a bheith bunaithe ar reachtaíocht a chur i bhfeidhm maidir le reachtú rialachán “éilithe” fós le réiteach agus nach bhfuil curtha i gcrích de réir mar a aontaíodh faoin Acht um Rialtas Áitiúil 2014.

Comhairle Ceantair na bhFál

Motion 53

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann an polasaí a bhaineann le leabharlanna gan fhoireann a athrú. Is féidir rochtain a fheabhsú ar sheirbhísí leabharlainne trí réitigh dhigiteacha ar nós na dtaisceadán beartáin a fhaightear i dtithe ósta gan poist a chur i mbaol.

Cumann Mairtírigh Grey Abbey (Baile Chill Dara)

Motion 54

Ag an Ard-Fheis seo:

  • Cáintear gníomhartha cuideachtaí árachais maidir leis an méadú préimheanna go ginearálta le haghaidh tiománaithe, an diúltú chun árachas a thabhairt do sheanghluaisteáin ar éirigh leo sa TNG agus praghasanna ró-ard a leagan ar dhaoine óga i margadh an árachais.
  • Creidtear go bhfuil na costais uafásach ard árachais ghluaisteáin do dhaoine óga ag cur isteach go díréireach orthu siúd i gceantair tuaithe mar nach bhfuil aon iompar poiblí, más ann dá leithéid, ar fáil agus;
  • Éilíonn ar Rialtas na hÉireann Rialtóir Árachais a thabhairt isteach chomh luath agus is féidir chun deireadh a chur leis an scannal a bhaineann le préimheanna árachais ghluaisteáin atá de shíor ag dul i méid.

Cumann Patrick Conroy (An Caisleán Riabhach) Cumann Robert Emmet (Durlas) Cumann Noel McCann (Béal Átha na Sluaighe)

Motion 55

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann beart a dhéanamh chun smacht a chur ar na cairtéil árachais atá freagrach as na leibhéil arda, atá ag dul in airde i gcónaí, d’árachas gluaisteáin, agus Éilíonn go dtabharfar tionscadal an árachais ghluaisteáin faoin úinéireacht an stáit agus go ndéanfaidh an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt é a riar as seo amach. Éilíonn an Ard-Fheis seo freisin, mar bhaill den AE, gur féidir árachas gluaisteáin a fháil ó bhallstáit eile san AE.

Cumann Caisleán Nua Thiar

Motion 56

Éilíonn an Ard-Fheis seo go mbeidh reachtaíocht ann lena áirithiú go mbeidh barraí rollta sábháilteachta mar riachtanais ar gach cuadrothar.

Cumann McEvilly/O'Malley (Caisleán an Bharraigh)

Motion 57

Molann an Ard-Fheis seo go mbíonn samplú de leibhéil alcóil san fhuil riachtanach in éineacht le gnáth-thástálacha fola i gcás gach taisme bóthair sa chás ina mbíonn an tiománaí ag fáil cúraim shláinte ó sholáthróir reachtach cúraim shláinte.

Cumann Coen/Savage (Cúil Mhuine)

Motion 58

Molann an Ard-Fheis seo pionós de €300 agus 3 phointe phionóis, de réir an Acht um Thrácht ar Bhóithre 2010, ar thiománaí a bhfuil taithí aige/aici, a fhad is nach sáraíonn sé/sí 80mg alcól i 100ml d’fhuil, 107mg d’alcól i 100ml de mhún agus 35mcg d’alcól i 100ml d’anáil.

Cumann Gallagher/Foy (Droim Conrach)

Motion 59

Molann an Ard-Fheis seo gur chóir amharc arís ar na srianta a bhaineann le ceadúnais hacnaithe agus tacsaithe faoin tuath in Éirinn ionas go gcuirfear deireadh leis an tiomáint ar meisce.

Cumann Sean Corcoran (Coillte Mach)

Motion 60

Cuireann an Ard-Fheis seo chun cinn, d’fhonn básuithe ar bhóithre a laghdú, agus tiomáint níos sábháilte a fheasbhú agus costas árachais a laghdú, go gcaithfear deais-cheamaraí a chur isteach i ngach gluaisteán nua.

Cumann Martin Forsythe (Gleann Coilín/Áth an Ghainimh)

Agriculture and fisheries

Motion 61

Creideann an Ard-Fheis seo go gcaithfear an Comhbheartas Talmhaíochta (CAP) a bhogadh i dtreo córais ina ndéantar leithdháileadh ar bhonn níos cothroime. Agus go leor feirmeoirí ag streachailt le beatha a thabhairt i dtír agus gan an fheirmeoireacht a bheith tarraingteach don mhuintir óg, tá géarghá ann le dul i ngleic leis an éagothroime ollmhór sa chóras. Creideann an Ard-Fheis seo:

  • Go bhfuil sé scannallach agus mímhorálta go bhfuil 240 gnólacht feirmeoireachta ag fáil foirdheontais CAP de bhreis agus €100,000, nuair atá na mílte feirmeoirí ag streachail le beatha a thabhairt i dtír ar íocaíochtaí atá faoin meáníocaíocht de €17,932;
  • Toisc gur theip ar Rialtais Fhianna Fáil agus Fhine Gael ina dhiaidh caidhp a chur leis na híocaíochtaí seo is amhlaidh gur ceadaíodh an saibhreas a dhlúthú i lámha na ndaoine sin atá i gceannas ar an margadh cheana féin agus dá bhrí sin na praghasanna a fhaigheann feirmeoirí eile;
  • Ba cheart caidhp de €50,000 ar Bun-Íocaíochtaí a chur i bhfeidhm chun macántacht a chur ar ais i gcóras inar ligeadh do chuideachtaí próiseála feola atá i gceannas ar an margadh na milliúin a sholáthar i ngach seal CAP;
  • Ní mór reachtaíocht cheangailteach a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic le cleachtais éagothroime trádála i slabhra an tsoláthair bhia, agus chun cinnteacht a thabhairt d’fheirmeoirí go bhfaighfear luach cothrom ar a gcuid earraí;
  • Ba cheart reachtaíocht a dhéanamh de phríomhchodanna de Chairt na bhFeirmeoirí maidir le híocaíochtaí ón Roinn Talmhaíochta a sholáthar in am ionas nach bhfágtar feirmeoirí arís as póca mar gheall ar íocaíochtaí a mhaireann suas le 9 mí;
  • Trí straitéisí athnuachana glúine laistigh den earnáil talmhaíochta ní mór dul i ngleic le bánú na bpobal tuaithe, chomh maith le seasmhacht a sholáthar do sheanfheirmeoirí ar mhian leo dul ar scor; ní mór dul i ngleic freisin leis an easpa béime ar fheirmeoirí óga trí shruthanna maoinithe má táimid chun dul i ngleic le hearnáil atá ag dul in aois;
  • Ní mór tosaíocht a dhéanamh de shábháilteacht ar fheirmeacha i gcláir mhaoinithe sa todhchaí anois go dtarlaíonn 30% de bhásuithe sa Stát san earnáil talmhaíochta;
  • Ba cheart dreasuithe airgeadais a chruthú chun áiseanna comharchumainn próiseála feola a bhunú le dul in éadan cónascthaí atá urraithe ag Rialtas na hÉireann, cónascthaí atá ag slogadh phraghasanna an mhargaidh agus phraghasanna ag geata na feirme.

Ard Chomhairle

Motion 62

Ag an Ard-Fheis seo:

  • Aithnítear na deacrachtaí atá ag iascairí na hÉireann mar gheall ar chonstaicí nádúrtha agus rialála agus iad ag iarraidh beatha a thabhairt i dtír;
  • Aithnítear nach ndearnadh Rialtas na hÉireann ionadaíocht mar is ceart ar thionscadal na hiascaireachta ar leibhéal an AE le blianta beaga anuas;
  • Nótáiltear ó lár na 1990í go bhfuil laghdú géar agus seasta i dtionscadal na hiascaireachta agus gur chruthaigh sé seo ciapadh agus cruatán do ghnáthiascairí agus na hearnálacha a dtéann leo;   
  • Éilítear ar iascairí a chur isteach i Scéim Liúntais na Mairnéalach sna 26 Contae;
  • Éilítear ar Rialtas na hÉireann Liúntas Báid Aonair a thabhairt isteach;
  • Aithnítear obair ghníomhaithe, tacadóirí agus ionadaithe poiblí Shinn Féin, go háirithe Liadh Ní Riada, Feisire de Pharlaimint na hEorpa, agus Martin Ferris, TD, as an tacaíocht atá tugtha acu do ghnáthiascairí, ach is cúis áiféala é an easpa tacaíochta ó pháirtithe polaitiúa eile agus ó Rialtas na hÉireann agus gurbh é an toradh a bhí air seo ná pobail oileán agus tuaithe a imeallú ar fad. Nótálann an Ard-Fheis seo:
  • Easpa cuóta in Éirinn agus an toradh atá aiur ná soithí iascaireachta na hÉireann gan a bheith ábalta brabús a sholáthar d’úinéirí agus d’fhoireann;
  • Easpa ioncaim arb é an toradh atá air ná go bhfuil iascairí agus a dteaghlaigh ag streachailt ó thaobh airgid de;
  • Cur i bhfeidhm pionós chomh maith le cur chuige na láimhe láidre ag Údarás um Chosaint Iascaigh Mhara, arb é an toradh atá air ná iascairí a choiriúlú mar gheall ar mhionsáruithe;
  • Leithdháileadh míchothrom cuóta (murlas agus scadán) i measc phoirt na n-iascach s’againn, go háirithe mar gheall ar chairdeas fabhair polaitiúil san am a chuaigh thart;
  • Imní maidir leis an dóigh an láimhseáltar rialacha nua chur i dtír;
  • Easpa ciste faoisimh stáit le haghaidh iascairí atá ag fulaingt ó thaobh airgeadais de agus ó thaobh oibriúcháin de mar gheall ar dhamáiste déanta do threalamh nó é a bheith caillte;
  • Tá cion faoi leith de na héisc a ghlactar as uiscí na hÉireann curtha i dtír in Éirinn ach aistrithe agus próiseáilte thar lear nó thar lear agus bíonn fiontair dhúchasacha phobail thíos leis seo ó thaobh an gheilleagair shóisialta de.
  • Éilítear go mbíonn cuóta de 5% ón AE ann, in áit 5%, agus sin curtha i leataobh le haghaidh suirbhéanna eolaíochta ionas gur féidir le hiascairí páirt a ghlacadh i sonraí a chur ar fáil i bhfíor-am do thaighdeoirí maidir le fíorshonraí faoi stoc na n-iasc, agus ionas gur féidir na srianta atá curtha ar shoithí iascaireachta nach mbíonn cuóta go leor acu a bhaint ar shiúl.

Cumann Dhonnacha De Barra (Cionn Sáile)  

Motion 63

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann tacú le caomhnú agus le forbairt phóir dhúchasacha de phlandaí agus de bheostoc na hÉireann. San idirbheartaíocht atá á déanamh maidir leis an CAP nó le forbairt réigiúnach ba cheart go mbeadh tacaíocht iontu le haghaidh chaomhnú acmhainní géiniteacha ar mhaithe le talmhaíocht inbhuanaithe.

Comhairle Ceantair Mhaigh Eo

Motion 64

Ag an Ard-Fheis seo:

  • Nótáiltear na deacrachtaí breise a bheidh roimh fheirmeoirí sléibhe in Éirinn;
  • Seasann sé in aghaidh an chinnidh a rinne an tIar-Aire Talmhaíochta ó Thuaidh, Michelle McElveen (DUP) maidir le deireadh a chur le Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha;
  • Nótáiltear gur choinnigh Iar-Airí Talmhaíochta Shinn Féin O’Neill agus Gildernew an Scéim ANC ar oscailt le haghaidh feirmeoirí i gCeantair faoi Mhíbhuntáiste Mhór agus aithníonn sé an pháirt riachtanach a ghlacann na feirmeoirí seo;
  • Gealltar go ndéanfaidh Sinn Féin a sheacht ndícheall i dTionól ar bith amach anseo an Scéim ANC a thabhairt isteach arís, go dtí leibhéal 2016 ar a laghad;
  • Éilítear go dtabharfar isteach na leibhéil íocaíochta ANC a bhíodh ann roimh 2008 sna 26 Contae agus go rachaidh na leibhéil is airde íocaíochta chuig na gabháltais ar an talamh is mó faoi mhíbhuntáiste.

Cumann Fergal O’Hanlon (Achadh Lon) Cumann James Crossan (Cluain/Achadh an Mheasa)

Motion 65

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar chúiteamh a sholáthar le haghaidh feirmeoirí ar sainíodh a gcuid tailte ag Páirceanna agus Fiadhúlra a gcuirtear srian ar an bhfeirmeoir, dá bhrí sin, maidir leis an úsáid talmhaíochta a bhaineann sé as a thalamh.

Cumann Jack McLoughlin (Fíonach)

Motion 66

Aithníonn an Ard-Fheis seo na deacrachtaí roimh eisimircigh atá ag pilleadh ar Éirinn agus iad ag iarraidh dul i mbun na feirmeoireachta. Glaoimid go mbíonn scéim faoi leith ann chun maoiniú agus cuidiú a chur ar fáil chun teidlíochtaí a sholáthar, gabháltas a fháil agus ciste a bhfuil maoiniú ceart taobh thiar de a bhunú.

Cumann Jack McLoughlin (Fíonach)

Motion 67

Aithníonn an Ard-Fheis seo an tionchar uafásach mar gheall ar thuilte le blianta beaga anuas agus Éilíonn ar Rialtas na hÉireann an leibhéal infheistíochta i bhfaoiseamh tuilte a mhéadú agus bearta cosanta a chur i bhfeidhm chun uiscebhealaí, canálacha agus fiadhúlra na hÉireann a chosaint.

Cumann James Crossan (Cluain/Achadh an Mheasa) Cumann Liam Ryan (Baile Átha Luain)

Motion 68

Ag an Ard-Fheis seo:

  • Aithnítear an dochar atá déanta don chomhshaol mar gheall ar mhianadóireacht atá déanta ar mhianraí luachmhara agus eastóscadh acmhainní neamh-inathnuaite na hÉireann ag eintitis mhóra chorpráideacha nach bhfuil le leas na bpobal áitiúla;
  • Tá sé in aghaidh úsáid a bhaint as ciainíd ina chuid mianadóireachta mar gheall ar na drochthionchair a bhíonn aige seo ar an gcomhshaol ar na himpleachtaí don tsláinte;
  • Tabharfaidh sé gealltanas athbhreithniú agus leasú a dhéanmh sa rialtas ar an gcóras reatha ceadúnaithe maidir le mianadóireacht le go mbeidh tacú faoi leas an phobail, sochar an phobail agus cosaint chomhshaoil sna rialacháin nuair agus ar a bharr sin rachaidh sé in aghaidh cead a thabhairt do chuideachtaí mianadóireachta óir san earnáil phríobháideach feidhmiú in Éirinn.

Comhairle Ceantair Ard Mhacha Theas Cumann Caraher/McCreesh (Baile Mhic an Ába & An Ghráinseach Mhór)

Motion 69

Tacaíonn an Ard-Fheis seo le feamainn a fhómhar go háirithe maidir le cósta an iarthair ag forbairt micrea-thionscail bhaile atá tiomanta don fheamainn mar acmhainn nádúrtha nach ngeillfear do chuideachtaí ón iasacht chun mí-leas nó brabús a bhaint as.

Cumann Iorrais Cumann An Chláir Thuaidh

Motion 70

Molann an Ard-Fheis seo, agus í ag aithint na tábhachta a bhaineann le leas ainmhithe, go bhforbróidh Sinn Féin cáipéis chuimsitheach pholasaí maidir le leas ainmhithe.

Cumann Choill/Tigh Motháin (An Airgnigh) Cumann Tom Keely (Cill Droichid)

Motion 71

Aithníonn an Ard-Fheis seo cruálacht earnáil na gcearc cúbarnaí, agus is beag léi na coinníollacha ina mbíonn na hainmhithe ag fulaingt agus Éilíonn sí láithreach go gcuirfear leis an gcleachtas seo in Éirinn.

Cumann Sheena Campbell (Ros Treabhair)

Motion 72

Éilíonn an Ard-Fheis seo go gcuirfear reachtaíocht i bhfeidhm chun cosc a chur ar chúrsáil giorriacha beo, ag tabhairt faoi deara na cruálachta atá á bhfulaingt ag na giorriacha dúchasacha fiána nuair a ghabhtar iad, agus na gortuithe agus tráma a bhíonn acu. Is minic a bhíonn an bás mar thoradh air seo agus Éilítear ar Shinn Féin cáipéis a chur amach chun ár bpolasaithe sa réimse seo a léiriú.

Cumann Phort Láirge Thiar Cumann Sheáin Mhic Giolla Bhríde (Cathair na Mart)

International solidarity, global justice and climate change

Motion 73

Beireann an Ard-Fheis seo beannachtaí na dlúthpháirtíochta do mhuintir na Palaistíne atá ina gcónaí faoi smacht forghabhála nó ar deoraíocht.

Cáineann an Ard-Fheis seo ionghabháil leanúnach thalamh na Palaistíne ar an mBruach Thiar agus Iarúsailéim Thoir, díbirt éigeantach shaoránaigh na Palaistíne agus tógáil lonnaíochtaí mídhleathacha a sháraíonn an dlí idirnáisiúnta agus Coinbhinsiún na Ginéive,

Motion 74

Aontaíonn an Ard-Fheis seo, mar gheall ar an tiomantas atá tugtha ag Sinn Féin don Fheachtas Baghcatála, Dífheistithe agus Smachtbhannaí (BDS), nach mbeidh aon phlé ná cruinnithe ag Sinn Féin le páirtí na heite deise Likud, nó páirtithe polaitiúla ar bith eile de chuid an Iosrael a thugann cabhair nó tacaíocht, is cuma faoi rún ná go hoscailte, do leathnú méadaithe lonnaíochtaí mídhleathacha de chuid an Iosrael ar thailte na Palaistíne agus sin ag sárú an dlí idirnáisiúnta.

Cumann Ruth Hackett (Maigh Nuad)

Motion 75

Tacaíonn an Ard-Fheis seo le muintir Phoblacht Dhaonlathach an Chongó in aghaidh an chinedhíothaithe a mbíonn siad thíos leis agus chun ciúnas ginearálta na meán cumarsáide maidir le huileloscadh an Chongó a cháineadh.

Cumann Sheena Campbell (Ros Treabhair)

Motion 76

Nótáiltear ag an Ard-Fheis seo:

  • An fás atá ag teacht ar sháruithe cearta daonna ag gnólachtaí san earnáil phríobháideach ar fud an domhain agus aithníonn an gá le gnólachtaí a rialú agus monatóireacht a dhéanamh orthu ionas go gcomhlíontar caighdeáin chearta daona ina n-iomláine;
  • Gur minic a thugtar fúthu siúd a sheasann an fód ar son pobail atá i mbaol mar gheall ar sháruithe cearta daonna;
  • An tábhacht a bhaineann le cosaint agus tacaíocht a thabhairt do chosantóirí cearta daonna agus do cheannairí pobail a sheasann ar son cearta daoine eile. Éilíonn an Ard-Fheis, mar sin, ar Rialtas na hÉireann Plean Gnímh ar Ghnó agus ar Chearta Daonna a chur i bhfeidhm lena áirithiú go ndéantar cearta daoine in Éirinn agus ar fud an domhain a chosaint.

Cumann Black Ryan (Leamhcán)

Motion 77

Ag an Ard-Fheis seo:

  • Nótáiltear go bhfuil 65.6 milliún duine atá díbeartha as a mbailte ar fud an domhain, líon gan fasach. Áirítear leis seo 22.5 milliún duine atá ina dteifigh lasmuigh dá dtíortha dúchais féin;
  • Téitear in aghaidh an chomhaontaithe idir an AE agus an Tuirc agus misean míleata an AE sa Mheánmhuir, Operation Sophia, toisc gur chruthaigh siad beirt fulaingt ollmhór daonna, sárú ar chearta daonna agus géarchéim dhaonnúil;
  • Éilíonn ar Rialtas na hÉireann dul in éadan na margaí fritorthúla seo agus iarrachtaí an AE chun comhaontuithe den chineál chéanna a dhéanamh le tíortha eile san Afraic agus san Áise, agus ina áit sin bealaí níos sábháilet agus níos dlíthiúla a chruthú do theifigh chun tearmann a fháil in Éirinn agus san Eoraip.

Cumann Markievicz/Ryan (Tamhlacht Láir)

Motion 78

Nótálann an Ard-Fheis seo:

  • Ar an 17 Deireadh Fómhair, 2011, tharla comhdháil idirnáisiúnta in Donostia/San Sebastian chun an choimhlint i dTír na mBascadh a réiteach. I measc na n-ionadaithe idirnáisiúnta a bhí i láthair bhí Iar- Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Kofi Anann, agus Uachtarán Shinn Féin, Gearóid Mac Ádaimh, TD;
  • D’fhógair ETA sos comhairc cúpla lá ina dhiaidh, agus cruthaíodh deis faoi leith agus stairiúil chun dul i ngleic le cúiseanna chomh maith le torthaí na coimhlinte;
  • In Aibreán 2017, in ainneoin na n-iarrachtaí ar fad ó Rialtas na Spáinne cosc a chur leis, agus le tacaíocht ó Shochaí Shibhialta na mBascadh, an Coimisiún Idirnáisiúnta um Fhíorúchán, institiúidí aitiúla ó Thír na mBascach, chomh maith le Rialtas na Fraince, chuir ETA dí-armáil i gcrích;
  • In ainneoin gach iarrachta ó ETA, Sortu, Sochaí Thír na mBascach agus na páirtithe go ginearálta chun an choimhlint i dTír na mBascach a réiteach, is ann do pholasaí dolúbthachta Shinn Féin go fóill.

Tacaíonn an Ard-Fheis seo, mar sin, le:

  • Deireadh a chur le scaipeadh (beartas éagórach a bhaineann le cimí polaitiúla Thír na mBascach) agus aistriú láithreach chuig príosúin atá gar dá dteaghlaigh mar chéad chéim i bpróiseas chun gach cime a bhfuil an pholaitíocht á ngríosú a scaoileadh saor;
  • Gach cime atá go dona tinn a ligean saor láithreach. De réir na reachtaíochta is déanaí, ba cheart go mbeadh siad saor chun cóireáil cheart a fháil don tinneas;
  • Ba cheart go scaoilfear saor láithreach cimí atá i dteideal parúil.
  • Ar a bharra sin, Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann, na hinstitiúidí polaitiúla ó thuaidh chomh maith leis an AE ról gníomhach a ghlacadh chun éileamh ar Rialtas na Spáinne an polasaí an bhaic a chuireann sé i bhfeidhm faoi láthair. Tá sé seo ag cur moill ar an deis stairiúil seo agus ba cheart dóibh próiseas plé a chur chun cinn agus a thacú chun síocháin chóir agus bhuan a fháil i dTír na mBascach bunaithe ar cheart mhuintir Thír na mBascach cinneadh a ghlacadh faoina dtochaí.

Comhairle Ceantair Chill Mhantáin

Motion 79

Ag an Ard-Fheis seo:

  • Athdhearbhaítear ár nglaoch go gcaithfidh SAM an t-imshuí mídhleathach atá aige ar Chúba a thógáil gan choinníoll, agus go gcaithfidh sé caidreamh nórmálta a bhunú leis an tír;
  • Aithnítear gurb é an 9 Deireadh Fómhair agus an 25 Samhain 2017 comóradh 50 bliain dhúnmharú Ché Guevara agus comóradh 1 bliain ó bhás Fidel Castro faoi seach;
  • Beirimid beannachtaí na dlúthpháirtíochta do mhuintir Guevera agus Castro, agus do mhuintir Chúba.

Comhairle Ceantair na bhFál Uachtar

Motion 80

Ag an Ard-Fheis seo:

  • Nótáiltear gur fhógair Fórsaí Armtha Réabhlóideacha na Colóime (FARC) nach grúpa armtha a bhí ann níos mór agus ar an 1 Meán Fómhair gur bunaíodh páirtí go foirmiúil polaitiúil - Fórsa Réabhlóideach Malartach Comónta (FARC);
  • Creidtear, in ainneoin ag dul chun cinn dearfach seo i bpróiseas na síochána sa Cholóim, go bhfuil baic ann go fóill maidir leis an tsíocháin a chruthú, lena n-áirítear ionsaithe leanúnacha agus marú lucht cosanta cearta daonna agus ceannairí pobail ag paraimílitigh ón eite dheas;
  • Éilítear ar Rialtas na Colóime cinnte a dhéanamh de go léirítear meas ar chearta daonna agus ar an bpróiseas daonlathach, agus go soláthraíonn sé go hiomlán an taobh s’aige de chomhaontú na síochána, agus a gcuid oibleagáidí reatha a réiteach go práinneach.

Comhairle Ceantair na bhFál Uachtar

Climate change

Motion 81

Aithnítear ag an Ard-Fheis seo:

  • Gur ceist í a bhaineann le cóir dhomhanda í an t-athrú aeráide agus cuid den mhuintir is boichte ar dhroim an domhain agus sa domhan forbraíochta thíos go mór leis;
  • Bhí drochthionchar ag an athrú aeráide ar cháilíocht an tsaoil agus, mura mbíonn gníomh radacach ann, go mbeidh aeráid dhochrach sa todhchaí, le hacmhainí ídithe, scrios gnáthóga, díothú speiceas, easpa bia agus uisce agus eisimirce ollmhór;
  • Tá dualgas ar Éirinn infheistíocht a dhéanamh sa todhchaí trí infheistíocht a dhéanamh i mbeartais chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus chun ár gcomhshaol a chosaint;
  • Ní mór d’Éirinn ról gníomhach a ghlacadh sna hiarrachtaí domhanda lena n-áirítear Comhaontú Phárais chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus chun dul i ngleic le díghrádú an chomhshaoil;
  • Ba chóir d’Éirinn iarracht a dhéanamh a bheith níos fearr mar cheannaire san AE agus iarracht a dhéanamh na spriocanna ceangailteacha atá i gcreat fuinnimh aeráide 2030 a shárú. Is ionann iad agus laghdú 40% in astaíochtaí gás ceaptha teasa, roinnt de 27% i bhfuinneamh inathnuaite agus feabhas de 27% in éifeachtúlacht fuinnimh;
  • Tá fostaíocht in earnáil na fostaíochta glaise ag fás ar ráta níos tapúla ná na hearnálacha fuinnimh eile agus ba chóir tacú le infheistíocht i bhfuinneamh glas agus i mbonneagar;
  • Eochair atá in éifeachtúlacht fuinnimh maidir leis an mbearna sna hastaithe a laghdú agus ba chóir le gach aon fhoirgneamh nuathógtha go mbeadh bearta éifeachtúlachta san áireamh. Tá gá freisin le cláir iarfheistithe atá éifeachtach ó thaobh fuinnimh de.

Tiomáineann an Ard-Fheis seo, dá bhrí sin, Sinn Féin chun athbhreithniú a dhéanamh ar chur chuige an pháirtí maidir le polasaí ar an gcomhshaol agus ar athrú aeráide chun comhleanúnachas níos fearr a bhaint amach. Ina theannta sin, ag croí gach polasaí eacnamaíoch agus sóisialta, ba chóir go mbeadh fís nua de rathúnas inbhuanaithe atá comhsheasmhach le teorainneacha éiceolaíocha agus le cóir chomhshaoil. Ba cheart go dtabharfaí san áireamh san athbhreithniú taighde reatha ar ‘theorainneacha plainéid’ ina dtugtar sainmhíniú ar spás sábháilte oibrithe don chine daonna.

Ard Chomhairle Cumann Charlie McGlade (Droimeanach) Comhairle Ceantair Chiarraí Cumann Nolan/Downey (Bruach an Lagáin)

Motion 82

Aithníonn an Ard-Fheis seo:

  • Nach bhfuil aon fhianaise ar laghdú sa bhochtaineacht nó ar rath níos fearr le blianta beaga anuas mar gheall ar an bhfás geilleagrach i láthair na huaire;
  • An tiomantas le haghaidh fás leanúnach is cúis le léirscrios ar an gcomhshaol atá ag ardú as éadan agus éagothroime eindéimeach;
  • Tá gá le cur chuige radacach éagsúil ar fad sa pharaidím gheilleagrach má táimid chun dul i ngleic leis na deacrachtaí seo;
  • Rogha inchreidte eile ar pharaidím an fháis gheilleagraigh is ea paraidím an stáit chomhsheasmhaigh ina n-éilítear go mairimid go inbhuanaithe (laistigh de mhodhanna teoranta ár n-acmhainní nádúrtha) agus go gcuirimid forbairt gheilleagrach chun tosaigh in áit fás eacnamaíoch. Laistigh de gheilleagar an stáit chomhsheasmhaigh, is amhlaidh go mbímid ag fás ach ní trí thuilleadh úsáide a bhaint as gach rud; ach fásaimid trí úsáid níos fearr a bhaint as an méid atá againn agus trína bheith níos glice sna dóigheanna ina n-úsáidimid é.

Tiomáineann an Ard-Fheis seo, dá bhrí sin, Sinn Féin chun tabhairt faoi staidéar geilleagrach an stáit chomhsheasmhaigh d’fhonn samhalacha eile geilleagracha a aimsiú d’Éirinn.

Cumann Barney McFadden (Glas-Stiall)

Motion 83

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann cosc a chur ar phlaisteach aon- úsáide agus ar phlaisteach in-bhithmhillte - is cuma fán tiús - a aimsítear ó pheitriceimiceáin- agus ina áit sin úsáid bhith-phlaisteacha atá déanta as ábhar nádúrtha a thabhairt isteach.

Comhairle Ceantair Iarthar na Gaillimhe

Motion 84

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Shinn Féin a leanas a fhiosrú:

  • Clár iomlán fuinnimh inathnuaite agus inbhuanaithe a fhorbairt a mbíonn baint ag pobail áitiúla agus gnáthshaoránaigh ann;
  • An margadh fuinnimh a oscailt do ghnáthshaoránaigh trí taraif dreasachta a thabhairt isteach do phobail áitiúla agus don mhicrea- ghlúin chónaithe. Má osclaítear an margadh fuinnimh don mhicrea- ghlúin is amhlaidh go gcuideoidh sé sin le pobail sruthanna nua maoinithe a aimsiú, go gcruthófar poist agus go gcuirfear nuálaíocht chun cinn;
  • Cumasófar pobail áitiúla infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail inathnuaite, agus tabharfaidh sé sin brabús airgeadais do phobail áitiúla agus ní bheifear ag brath chomh mór sin ar an rialtas láir;

Cumann Ruth Hackett (Maigh Nuad) Cumann Mitchell/Sands (Carraig Mhachaire Rois) Cumann Mitchell/Sands (Carraig Mhachaire Rois)

Motion 85

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtais na Breataine agus na hÉireann tiomantas a thabhairt maidir le Dúshlán Bonn ina mbeifear ag iarraidh:

  • Coillte a fhorbairt trí ollphlandáil crann óg ar thalamh oscailte sléibhe atá oiriúnach. Ba cheart speiceas dúchasach agus crainn chrua-adhmaid ar nós na learóige a úsáid;
  • Úsáid níos fearr a bhaint as foraoiseacht mar mheicníocht le dul i ngleic le spriocanna athrú aeráide agus chun conláistí só a mhéadú ar mhaithe le húsáid an phobail agus na turasóireachta.

Cumann Mairtírigh Grey Abbey (Baile Chill Dara)

Motion 86

Ag an Ard-Fheis seo:

  • Cáintear go láidir oll-leagan crann toisc go bhfuil sé ag cruthú ceantair den tírdhreach atá gránna ar fud na tuaithe;
  • Moltar go gcuirfear teorainn de chrainn chrua-admhaid ceithre chrann de dhoimhneacht thart ar cheantair foraoiseachta ionas gur féidir iad a fhágáil chun teorainn súl a dhéanamh ar an léirscrios a tharlaíonn nuair a leagtar crainn;
  • Moltar go gcuirfear crainn chrua-adhmaid ar nós learóige in áit sprús Sitceach.

Cumann Caisleán Nua Thiar

Motion 87

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Shinn Féin amharc ar na féidearthachtaí chun moltaí a thabhairt chun tosaigh ina mbeidh solúbthacht ann i gcláir foraoiseachta le go n-éascófar feirmeoirí nó a gcomharbaí talamh glas a dhéanamh de thalamh foraoise.

Cumann Hurson-Quirke (Cathair na Gaillimhe Thiar)

Party Development, constitution and rules

Motion 88

Tacaíonn an Ard-Fheis seo go hiomlán le Rialacha agus Rialacháin Bhunreacht an Pháirtí 2017 atá i ndiaidh teacht amach i ndiaidh comhairliúcháin mhóir sa pháirt agus moltar gur glacadh leo.

Ard Chomhairle

Motion 89

Éilíonn an Ard-Fheis go gcuirfear Fóram Náisiúnta na gComhairleoirí ar bun arís, agus go mbeidh an Fóram seo ionadaíoch ar thuairimí na gcomhairleoirí laistigh de struchtúir an pháirtí lena n-áirítear an Ard-Chomhairle. Éilíonn sé freisin go seolfar sraith de sheisiúin eolais maidir le hoiliúint, oideachas agus polasaí chun cuidiú agus tacú lenár n-iondadaithe tofa áitiúla ionadaíocht a dhéanamh ar an bpáirtithe agus a dtoghthóirí chomh maith agus is féidir leo.

Cumann Keating/Sands (An Comarach)

Motion 90

Molann an Ard-Fheis seo go mbeidh gach eolas agus bileog toghcháin curtha amach ag Sinn Féin as seo amach dátheangach, sna príomhchanúintí Gaeilge oiriúnach don cheantar ina dtugtar amach iad. Molaimid go mbíonn cothromaíocht ann don Ghaeilge leis an mBéarla i ngach foilseachán.

Cumann Thomáis Ághais (An Daingean)

Motion 91

Molann an Ard-Fheis seo gur chóir do Shinn Féin polasaí den idirdhealú dearfach a chur i bhfeidhm lena áirithiú go mbíonn cuóta socraithe de Ghaeilgeoirí ar gach fóram ionadaíoch ar fud na tíre ina mbíonn baill tofa Shinn Féin, An Dáil, An Seanad, An Tionól agus Na Comhairlí Cathracha ach go háirithe. Molaimid go gcuirtear é seo i bhfeidhm laistigh de struchtúr an pháirtí, go háirithe an Ard-Chomhairle.

Cumann Martin/Tracey (Oirthear Bhéal Feirste)

Motion 92

Ag an Ard-Fheis seo:

  • Aithnítear go mbíonn bealaí eile fostaíochta le tuarastal ag baill tofa nó comhthofa ar Shinn Féin ar bharr an tuarastail a fhaigheann siad don chomhairle agus tá saoirse acu dul ar aghaidh leis an bhfostaíocht sin;
  • Aontaímid nár chóir go mbeadh aon chosc ar Chomhairleoirí Shinn Féin atá ag obair don pháirtí nó ag ionadaithe eile tofa de chuid Shinn Féin ag obair ar bhonn lánaimseartha nó páirtaimseartha. Cumann Devlin/Plunkett (An Teampall Óg/ Tír an Iúir) Cumann Drumm/Doherty/Clarke (Cluain Dolcáin) Cumann Bob Smith (Dún Droma)

Motion 93

Ag an Ard-Fheis seo:

  • Nótáiltear tábhacht eite na hóige sa pháirtí agus an t-ionchur s’acu ar thodhchaí fhorasach a thógáil, cothrom do cách;
  • Creidtear chun Óige Phoblachtach Shinn Féin a bhaint amach ar fad, go bhfuil buiséad ag teastáil chun feachtais agus imeachtaí a eagrú, agus tacaíocht a thabhairt, nuair is gá, le gníomhaithe óg le costais iompair agus lóistín;
  • Creidtear gur cheart don Choiste Óige Náisiúnta an buiséad seo a riar de réir rialacha an pháirt agus go mbeidh siad leithdáilte gach bliain ag Sinn Féin. Comhairle Ceantair Ros Comáin Cumann Óige Náisiúnta

Motion 94

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an Ard-Chomhairle athbhreithniú a thionól láithreach maidir le polasaí reatha ballraíochta lena n-áirítear earcaíocht, oiliúint agus coinneáil ball nua, agus súil ann go gcosnófar ionracas an pháirtí agus tiomantas a bhall. Ba cheart go dtabharfaí san áireamh san athbhreithniú sin ballraíocht chéimneach nó comhbhallraíocht, tréimhsí ar promhadh, cearta agus freagrachtaí agus go mbeidh cead ag cumainn agus an mhórbhallraíocht páirt a ghlacadh ann. Is iad na cuspóirí a bheadh leis an athbhreithniú seo ná páirtí níos láidre a chruthú, cuimsitheach, ina mbíonn sainmhíniú soiléir ar chearta agus freagrachtaí ballraíochta agus ina ndéantar an páirtí oiriúnach don fheidhm i sochaí seo na hÉireann, sochaí dhinimiciúil atá de shíor ag athrú.

Comhairle Ceantair Chathair Chorcaigh Cumann Margaret Skinnider (Baile Gall/ Droim Conrach)

Motion 95

Molann an Ard-Fheis seo go mbíonn an Ghaeilge ar gach clár cumainn ag gach cruinniú, is cuma má dhéanann siad a gcuid gnó tríd an nGaeilge nó nach ndéanann.

Comhairle Ceantair Bhaile Átha Cliath Lár Theas

Motion 96

Molann an Ard-Fheis seo do gach ball de Shinn Féin a bheith ina bhall de Cheardchumann i ngeall ar ról tábhachtach na gceardchumann chun saothrú forleathan agus mí-úsáid chóras an íosphá a mhaolú.

Cumann Parle/Crean/Hogan/Gleeson (Teach Munna)

Motion 97

Aithníonn an Ard-Fheis seo an tábhacht a bhaineann le scileanna riachtanacha agus oiliúint a chur ar fáil do gach ionadaí tofa maidir le féinmharú a chosc agus ba chóir clár oiliúna a cheapadh agus a sheoladh i ngach ceantar agus a bheith ar fáil do gach gníomhaí.

Cúige Éire Theas

Motion 98

Ag an Ard-Fheis seo:

  • Nótáiltear gurb é 14 Nollaig, 2018, comóradh céad bliain ó fuartha cearta vótála uilíoch;
  • Aithnítear:
  • Go bhfuil cothrom na Féinne mar bhunchloch an phoblachtachais;
  • In ainneoin go bhfuil dul chun cinn faoi leith déanta do mhná sa tír seo, titeann spriocanna d’ionadaíocht 30% do mhná go maith faoi chothromaíocht nuair is ionann mná agus 50% den phobal;
  • Athdhearbhaítear sprioc Shinn Féin d’ionadaíocht 50% a fháil mar bhaill den pháirtí, ar choistí inmheánacha an pháirtí agus struchtúir ar bith chomh maith le hionadaíocht an phobail.

Cumann An Chláir Thuaidh

Justice and Equality

Motion 99

Ag an Ard-Fheis seo:

  • Creidtear go gcaithfidh An Garda Síochána agus SPTÉ a bheith ag obair i rith an ama le pobail áitiúla, toisc go bhfuil caidreamh láidir oibre ag croílár na dea-phóilíneachta ar fud an oileáin;
  • Tacaítear le póilíneacht éifeachtach shibhialta ag na seirbhísí póilíneachta agus ní mór dó a bheith cuntasach, saor ó smacht polaitiúil claonpháirteach, agus ionadaíocht ar an bpobal a ndéanann siad freastal air;
  • Fáiltítear roimh aitheantas sa Téarmaí Tagartha don Coimisiún ar Thodhchaí na Póilíneachta in Éirinn don ghá le heiteas agus cultúr a “théann i ngleic go réamhghníomhach, go rialta agus go leanúnach leis, agus a fhreagraíonn na riachtanais a bhaineann leis, na pobail éagsúla a ndéanann sé freastal air”;
  • Cúis imní atá ann na treochtaí reatha sa Tuaisceart maidir le barraíocht béime ar an taobh chrua den phóilíneacht in áit ábhair imní agus tosaíochtaí ag na pobail áitiúla chomh maith le himní a bheith ann maidir leis na géarchéimeanna leanúnacha atá roimh An Garda Síochána, agus muinín an phobail san fhórsa sin faoi láthair;
  • Amharctar ar na pobail mar acmhainn riachtanach chun cuidiú le réitigh shábháilteachta póilíneachta agus pobail agus iad ag obair i gcomhpháirtíocht le SPTÉ nó na Gardaí. Tugann an Ard-Fheis seo údarás do Shinn Féin:
  • Leanúint ar aghaidh leis an éileamh go mbíonn seirbhís póilíneachta ag pobail a bhfuil ‘póilíneacht sa phobal’ ag an gcroílár agus réitigh comhcheaptha idir na pobail agus na póilíní;
  • Dul i mbun plé le hinstitiúidí póilíneachta ar gach leibhéal, Thuaidh agus Theas, sa tóir ar ‘Póilíneacht sa Phobal’. Áireofar leis seo na meicníochtaí cuntasachta atá ann agus grúpaí tríú earnála agus feachtasaíochta atá ag obair le go mbeidh na struchtúir phóilíneachta ionadaíoch agus ina seirbhís don phobal;
  • Dul i mbun feachtasaíochta chun cur chuige bunaithe ar chearta daonne a choinneáil agus a mhéadú a bheidh lárnach do sheirbhís phóilíneachta shibhialta;
  • Tacú le tús nua le póilíneacht agus le riail an dlí ó Thuaidh ach a bheith airdeallach agus criticiúil ar mhí-úsáid cumhachtaí póilíneachta ag duine ar bith;
  • Tacú le póilíneacht agus le riail an dlí ó Dheas agus dul sa tóir ar na hathruithe riachtanacha reachtúla agus eile chun cuntasacht a neartú agus chun cosc a chur ar scannail ar bith eile tarlú arís, scannail a rinne dochar do chlú An Garda Síochána.

Éilíonn Ard-Fheis seo:

  • Ar na Gardaí na moltaí atá i dtuarascáil Chigireacht na nGardaí 2015 ‘Ag Athrú Cúrsaí Póilíneachta in Éirinn’; a chur i bhfeidhm
  • Ar an Údarás Póilíneachta ó Dheas a bheith go hiomlán neamhspleách, ionadaíoch, go mbeidh ionadaíocht pholaitiúil ann, agus go mbeidh na cumhachtaí cuí aige le bheith cinnte de gur féidir leis An Garda Síochána agus a cheannasaíocht a choinneáil cuntasach, agus chun oifigigh shinsearacha a earcú agus a bhaint ar shiúl;
  • Go mbeidh cumhachtaí breise ag GSOC, chun cúrsaí oibriúcháin a fheabhsú agus chun a réimse a leathnú;
  • Chun Cigireacht Cheartais Choiriúil a bhunú, in áit Chigireacht na nGardaí, a bheidh in ann iniúchadh a dhéanamh ar réimse d’eagraíochtaí ceartais choiriúla, gníomhaíochtaí agus seirbhísí.

Ard Chomhairle

Motion 100

Aontaíonn an Ard-Fheis seo gur cheart do Shinn Féin páipéar a fhoilsiú ar aois na freagrachta coiriúla a mbeidh sé mar aidhm aige iad a fhoilsiú laistigh d’fhráma ama réasúnta.

Cumann Mairtírigh an Locha (Ard Bó)

Motion 101

Ag an Ard-Fheis seo:

  • Nótáiltear:
  • Rinne Uachtarán na hÉireann dlí den Acht Idirghabhála 2017 a leagann dualgais idirghabhála mar chroílár de réiteach ceisteanna maidir le cliseadh an teaghlaigh;
  • Is fíric fhadbhunaithe é i réimse leathan de dhlínsí go dtagann torthaí níos fearr do leanaí i ndiaidh idirghabhála leis na teaghlaigh nuair a chliseann orthu ionas go ligeann sé do theaghlaigh cinneadh a ghlacadh faoi méid a thitfidh amach in áit an chur chuige sáraíochta a bhaineann le himeachtaí cúirte;
  • Éilíonn ar Shinn Féin idirghabháil teaghlaigh a chur chun cinn ar bhonn uile- Éireann agus a bheith ag obair chun sochaí a chruthú ina bhfuil idirghabháil teaghlaigh mar chéad chur chuige nuair a chliseann ar theaghlach.

Cumann Burns/McKerr/Toman (An Lorgan)

Motion 102

Éilíonn Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann tacaí breise a sholáthar do theaghlaigh ina bhfuil imeachtaí colscartha nó idirscartha ag tarlú:

  • Soláthar nua a chur isteach chun córas dlí cúirte a bhunú le haghaidh teaghlaigh nach mbaineann leis na cúirteanna coiriúla;
  • Ba cheart dó a bheith lonnaithe in ionaid teaghlaigh atá tógtha le sainchuspóir agus go mbeidh maoiniú iomlán ar fáil dóibh;
  • Ba cheart seirbhísí idirghabhála a sholáthar saor in aisce agus béim ar réitigh neamhsháraíochta;
  • Sa chás ina mbíonn páirtithe ann atá ar lorg colscartha nó idirscartha ach nach mbíonn i dteideal cúnamh dlí, tabharfar roinnt réasúnta d’uaireanta d’ionadaíocht dlí saor in aisce nuair a bhíonn gá leo;
  • Ba cheart, áfach, go mbeadh an ceart ag gach páirtí diúltú d’ionadaíocht dhlíthiúil le gur féidir leo ionadaíocht a dhéanamh orthu féin;
  • I gcásanna mar seo, is féidir lena rogha duine a bheith le ceachtar den dá pháirt ag an gcúirt. Roghnófar iad le comhaontú ón mbreitheamh reatha ar an tuiscint nach cúis imní é don dara páirtí an duine eile a bheith ann, nó nach ndéanfaidh sé dochar dóibh, agus tá sé sin le ceadú ar an tuiscint go gcoinneofar na himeachtaí uile faoi rún.

Cumann Phort Láirge Thiar

Motion 103

Nótálann an Ard Fheis seo:

  • Coitiantacht an fhoréigin agus na drochíde baile sa tsochaí i gcoitinne Thuaidh agus Theas;
  • Go bhfuil easpa suntasach acmhainní ann do dhaoine a tháinig trí dhrochíde baile agus na mílte bean agus páiste nach bhfuil ábalta teacht a bheith acu ar chóiríocht tearmainn éigeandála;
  • Gur tosaíocht é críochnú sciúirse an fhoréigin baile le sochaí rathúil a chinntiú;
  • Go dtig leis a bheith deacair, go háirithe do mhná ó chúlraí níos boichte, teacht a bheith acu ar chosaintí dlí;
  • Chomh maith le hiarmhairtí fisiciúla, síceolaíochta agus airgeadais, go dtig le driochthionchar a bheith ag drochíde baile ar fheidhmiú poist na ndaoine a tháinig tríthi agus bíonn gníomh smachtaithe agus cailleadh chinnteacht poist ann dá bharr;
  • Nach mbíonn, thar aon rud eile, an locht ar íospartach na drochíde baile riamh.

Mar sin de, éilíonn an Ard Fheis seo:

  • Go mbeidh dul chun cinn tráthúil ann den Bhille um Fhoréigean Baile chomh maith le daingniú an Choinbhinsiúin Iostanbúl;
  • Go mbeidh méadú maoinithe agus acmhainní ar thearmainn foréigean baile ann;
  • Go bpléifear cur i bhfeidhm “Dlí Donna” a chinnteodh go ndéantar cionta coiriúla de choireanna baile, chomh maith le scéim nochtadh eolais agus leasú de rialacha leithdháileadh tithíochta;
  • Scéim um tharscaoileadh do dhaoine a tháinig slán nár cheart go mbeidh orthu an táille íosta €130 a íoc faoi choinne cúnamh dlí agus iad ag cur isteach ar chosaint chúirte;
  • Go gcuirfear reachtaíocht i bhfeidhm a dhéanann cion d’iompar comhéigneach agus ceannasach; Chomh maith leis sin, éilíonn an Ard Fheis seo go gcuirfidh fostóirí ar fud na tíre polasaithe fhoréigean baile i bhfeidhm san ionad oibre agus go n-oibreoidh foirne an pháirtí pharlaimintigh i dtreo ceanglas reachtúil a dhéanamh de seo do gach fostóir.

Cumann Mulgrew/McCracken (An Caisleán) Cumann Tom Flatley (Inis Ceithleann) Cumann Barney Morris Seamus Harvey, Crois Mhic Lionnáin Cumann Mhairtírigh Chluain Ard

Motion 104

Ag an Ard Fheis seo:

  • Aithníonn sí nach bhfuil aon rud níos tábhachtaí ná tógáil páistí nó bheith i do thuismitheoir, cuireann sé go mór leis an tsochaí agus ba cheart go n-aithneofaí é sa bhunreacht go fóill;
  • Geallann sí go mbeidh Sinn Féin i mbun feachtais ar son Airteagal 41.2 de Bhunreacht na hÉireann a choinneáil.

Cumann Tracey Cre, Ros Cré

Motion 105

Agus easpa saoire máithreachais d’ionadaithe tofa áitiúil á nótáil aici, iarrann an Ard Fheis seo ar an Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil:

  • Athbhreithniú dlí a dhéanamh ar an Acht Rialtais Áitiúil 2001, Airteagal 37 a mhaíonn go meastar go mbíonn ionadaí poiblí atá as láthair óna chuid oibre níos faide ná sé mhí éirithe as. Ní bhaineann sé seo le saoire mháithreachais, tá sé idirdhealaitheach agus tá an reachtaíocht contráilte dá bharr;
  • Cearta saoire máithreachais a thabhairt isteach d’ionadaithe tofa. Cúige Éireann Theas

Motion 106

Molann an Ard Fheis seo, agus tacaíonn sí leis an obair atá déanta ag grúpaí taistealaithe. Geallan sí go n-oibreoidh Sinn Féin leis an phobal taistealaithe ag dúil le tacaíocht a thabhairt do dhuine den phobal i bhfeachtais toghchánaíochta an tSeanaid amach anseo.

Cumann Martin Forsythe (Gleann Cuilinn/Áth an Ghainimh)

A National Health Service for Ireland

Motion 107

Ag an Ard Fheis seo:

  • Tacaíonn sí le fís deich mbliana an iar-Aire Sláinte Michelle O’Neill chun cúram sláinte agus sóisialta a athrú ó bhonn i dtuaisceart na hÉireann, "Health and Wellbeing 2026: Delivering Together";
  • Cuireann sí béim ar thábhacht phrionsabail an chomhdhearaidh agus dhearadh an chomhthairgthe, ag soláthar athraithe i gcomhpháirt leo siúd a úsáideann agus a sholáthraíonn seirbhísí chúram sláinte agus sóisialta cumhdaithe in Delivering Together;
  • Cuireann sí fáilte roimh an aontú a fuair sé agus ón iar-Fheidhmeannas agus an tacaíocht traspháirtí a fuair sé;
  • Aithníonn sí go bhfuil feidhmiú rathúil Delivering Together ag brath ar infheistíocht shásúil san athrú agus go gcaithfear na seirbhísí atá ann faoi láthair a chaomhnú le ligean don athrú bunú;
  • Nótálann sí gur constaic mhór iad ciorruithe damanta leanúnacha na dTóraithe i rath an athraithe agus go mbeidh ar gach páirtí iarracht comhpháirteach a dhéanamh chun cúram sláinte agus sóisialta a chosaint ón tionchar.

Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

Motion 108

Nótálann an Ard Fheis seo go bhfuil géarchéim sa tseirbhís sláinte sa Deisceart le breis agus deich mbliana anuas gan aon fheabhas faoi Rialtais na hÉireann a tháinig i ndiaidh a chéile, Fine Gael, Fianna Fáil, Páirtí an Lucht Oibre, an Comhaontas Glas, an Páirtí Daonlathach agus Comhaltaí Neamhspleácha, iad uilig a lean le tráchtearrú na sláinte agus spleáchas ar an earnáil phríobháideach. Nótálann an Ard Fheis seo fosta, d’ainneoin na hoibre crua agus dhíograis na n-oibrithe iontacha inár seirbhís sláinte, go bhfuil an ghéarchéim go fóill ann mar gheall ar neamhghníomhaíocht an Rialtais agus ar éagumas Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Léiríonn na nithe thíos an ghéarchéim:

  • Tá beagnach 700,000 duine ar liostaí feithimh;
  • Thiocfadh dó go bhfágfaí 100,000 othar ar thralaithe ar fud na tíre in 2017;
  • Méadaíonn liostaí feithimh do theiripe shaothair, do theiripe fhisiceach, do theiripe urlabhra agus teanga agus d’fhisiteiripe ó mhíonna go blianta;
  • Tá maoiniú do sheirbhísí meabhairshláinte easnamhach amach is amach;
  • Tá géarchéim in earcaíocht agus i gcoinneáil sa tseirbhís sláinte;
  • Déanann an Rialtas neamhaird de agus ní éisteann sé le proifisiúnaigh leighis ná le hoibrithe cúraim sláinte;
  • Níl drugaí dílleachta á maoiniú mar is ceart;
  • Tá ceantair ann sa tír nach bhfuil DG ann;
  • Tá leapacha Ospidéal Náisiúnta Athshlánúcháin druidte go fóill, tá maoiniú agus acmhainní reatha easnamhach d’fhoirne néar- athshlánaithe agus do sheirbhísí idirthréimhseacha a ligfeadh do dhaoine filleadh abhaile.

Aithníonn an Ard Fheis seo an obair chrua atá déanta ag foirne Shinn Féin sa Dáil agus sa tSeanad d’ainneoin easaontú naimhdeach agus réitigh agus moltaí a dtabhairt chun tosaigh acu. Molann sí a dtorthaí in iallach a chur ar an Rialtas athruithe forásacha a dhéanamh:

  • D’aontaigh an tAire Sláinte triail a bhaint as polasaí Shinn Féin ‘Comhliosta’ mar gheall orthu;
  • D’éirigh leo Rún Gnó ó Chomhalta Príobháideach a rith a chinntígh go dtógfaí an tOspidéal Náisiúnta Máithreachais ar champas Ospidéal Naomh Uinseann agus go bhfanfadh sé faoi úinéireacht phoiblí agus go mbeadh neamhspleáchas faoi cheangal dlí aige ó gach tionchar neamhleighis;
  • D’éirigh leo Rún Gnó ó Chomhalta Príobháideach a rith a chuireann cártaí leighis ar fáil go huathoibríoch do pháistí atá an-tinn a fhaigheann Liúntas Cúram Baile.

Athdhearbhaíonn an Ard Fheis seo an moladh a thug sí do Better for Health – A Sinn Féin Plan for Universal Healthcare le hinfheistíocht a mhéadú sa chóras sláinte, ní hamháin do níos mó acmhainní agus ábaltacht a chur ar fáil, ach le dul i ngleic go díreach agus chun deireadh a chur leis na míchothromaíochtaí struchtúracha a chiallaíonn go bhfaigheann daoine atá níos boichte bás níos óige agus nach mbíonn a saol chomh sláintiúil.

Grúpa Parlaiminteach na 26 Chontae Cumann Smith/Savage (Caisleán Cnucha) Cumann Murt Qualter (Baile Átha an Rí) Comhairle Ceantair Chontae Mhuineacháin

Motion 109

Molann an Ard Fheis seo an Clár Rochtain Atruach do Channabas Leighis sna 26 Contae mar an cur chuige is fearr lena chinntiú go bhfuil deis ag othair atá in ann leas a bhaint as cóir leighis channabasbhunaithe. Tá muid ar an eolas faoi othair atá tinn agus ag fulaingt ar fud an Stáit agus tá muid meáite lena chinntiú nach mbeidh constaic dlí ann a chuirfidh bac ar aon drug nó chóir leighis atá cliniceoir leighis cáilithe ag iarraidh a ordú dóibh. Éilíonn muid fosta go leathnaítear an Clár Rochtain leis an méid is mó riochtaí leighis atá cuí a chlúdach, pian san áireamh, agus forbairt an chláir a athbhreithniú – más rud é go dteipeann air, cuirfidh muid reachtaíocht i bhfeidhm a chuirfidh seo i gceart.

Cumann Wilson/Coleman (Sord) Cumann Sheena Campbell (Ros Treabhair)

Motion 110

Ag an Ard Fheis seo:

  • Molann sí an Buiséad Malartach 2018 Shinn Féin a sholáthair do mhéadú €12million (5%) le caitheamh ar an Straitéis Frithdhrugaí sna 26 Contae in 2018;
  • Freagraíonn sí an glaoch ó Ard Fheiseanna roimhe seo le hathbhreithniú a dhéanamh ar pholasaithe an pháirtí ó thaobh drugaí de, le taithí idirnáisiúnta agus dearcthaí na mball curtha san áireamh, mar dhearbhaítear go bhfuil an t-athbhreithniú anois curtha i gcrích;
  • Aithníonn sí an dochar a dhéanann drugaí agus creideann sí gur chóir go mbeidh téarnamh mar phríomhfhócas an fhreagra in éadan drugaí sna blianta amach romhainn agus go leanfaidh infheistíocht chuí an príomhfhócas seo;
  • Síleann sí gur chóir an cion do sheilbh d’úsáid phearsanta a choinneáil ach go leasaítear reachtaíocht le rogha a thabhairt do bhreithiúna idirghabháil sláinte nó atreorú pobalbhunaithe agus gan taifead coiriúil a ordú nuair a bhíonn fianaise láidir ann go raibh an druga i seilbh ar mhaithe le húsáid phearsanta amháin;
  • Athdhearbhaíonn sí ár gcreideamh go bhfuil cur chuige idirghníomhaireachta bunaithe ar fhíor-chomhpháirtíocht thar a bheith tábhachtach le dul i ngleic leis an dochar a dhéanann drugaí, mar atá infheistíocht i sláinte, in oideachas agus i bpobail.

Ard Chomhairle

Motion 111

Tá imní ar an Ard Fheis seo mar gheall ar an méid básanna a bhaineann le drugaí ar fud an oileáin atá ag cur brón uafásach ar theaghlaigh a bhfuil daoine muinteartha leo tar éis bháis. Caithfidh gníomhaireachtaí reachtúla cuí Thuaidh agus Theas cur chuige níos onnghníomhaí a ghlacadh chun an pobal áitiúil a mhealladh mar phríomhpháirtí leasmhar i bhforbairt na straitéisí uileghabhálacha le dul i ngleic le mí-úsáid drugaí dleathacha agus mídhleathacha. Cuireann an Ard Fheis seo fáilte roimh an fhiosrúchán pobal a tosaíodh in Iarthar Bhéal Feirste i gcomhpháirt le príomhghníomhaireachtaí reachtúla:

  • A aithneoidh méid agus cineál fhadhb na ndrugaí in Iarthar Bhéal Feirste;
  • A thabharfaidh tuairisc le moltaí le cuidiú le dul i ngleic le sciúirse básanna anabaí agus mífhortúnacha inár bpobal.

Comhairle Ceantair an tSléibhe Dhuibh

Motion 112

Ag an Ard Fheis seo:

  • Aithníonn sí agus tacaíonn sí leis an obair chrua atá déanta ag tascfhórsaí áitiúla pobail maidir le drugaí agus alcól agus tionscadail phobalhunaithe lena dtacaíonn siad.
  • Cuireann sí fáilte roimh an ghealltanas chun laghdaithe dochair i straiteis drugaí Rialtas na hÉireann Reducing Harm-Supporting Recovery 2017-2025;
  • Iarrann sí ar Rialtas na hÉireann tacú leis an obair a dhéanann tascfhórsaí áitiúla pobail maidir le drugaí agus alcól agus maoiniú a chur ar ais láithreach chuig leibhéil 2008 ar a laghad lena neartú.

Comhairle Ceantair Bhaile Átha Cliath Theas-Lár

Motion 113

Éilíonn an Ard Fheis seo díchoiriúlú gach druga d’úsáid phearsanta. An Coiste Náistiúnta Óige

Cumann COC

Motion 114

Aithníonn an Ard Fheis seo go bhfuil beagnach 70,000 duine ar fud an oileáin a bhfuil néaltrú orthu agus go mbíonn tionchar díreach ar tuairim is triúr eile den teaghlach do gach duine le diagnóis. Meastar go méadóidh an uimhir seo faoi dhó taobh istigh de 20 bliain agus faoi thrí taobh istigh de 35 bliain. Is riocht sláinte tromchúiseach agus forchéimnitheach é néaltrú nach bhfuil leigheas ar bith ann faoina choinne. Bíonn tionchar ollmhór aige ar an duine agus orthu siúd atá cóngárach dó. Is rómhinic a fhágtar daoine a bhfuil néaltrú orthu agus a dteaghlaigh leo féin le tabhairt faoi na hiarmhairtí gan an t-eolas, an tacaíocht agus an cúram atá de dhíth orthu.

Aithníonn an Ard Fheis seo an dúshlán suntasach atá i ndán don tsochaí ag dul i ngleic le néaltrú agus éilíonn sé go gcuirtear na beartais phoiblí thíos i bhfeidhm:

  • Daoine a chur ar an eolas maidir le baol chun néaltrú a fháil a laghdú ;
  • Néaltrú a dhiagnóisiú go luath;
  • Tacaíocht a thabhairt do dhaoine le maireachtáil go maith leis an riocht;
  • Pobail atá oiriúnach do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu a chur ar chumas;
  • Monatóireacht agus bainistíocht a dhéanamh ar shonraí.

Cuireann an Ard Fheis seo fearg in iúl do Rialtas na hÉireann go bhfuil easpa infheistíochta i dtacaíochtaí pobail do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu i mBuiséad 2018 agus nár caitheadh níos mó ná leath den chiste £6.2m a cuireadh ar leataobh do chúram néaltraithe sa Tuaisceart.

Iarrann an Ard Fheis seo ar Rialtas na hÉireann agus ar an Fheidhmeannas sa Tuaisceart acmhainní sásúla a chur ar fáil lena chinntiú go gcuirtear an Straitéis Náisiúnta maidir le Néaltrú i bhfeidhm agus go bhforbraítear straitéis athbhreithnithe agus leasaithe a thugann tús áite do néaltrú.

Cumann Caraher/McCreesh (Baile Mhic an Aba)

Motion 115

Éilíonn an Ard Fheis seo go dtosaítear ar mhonatóireacht leictreonach leanúnach de leibhéal glúcós fola i nDiaibéiteas Chineál 1 agus go gcuirtear maoiniú ar fail chun an clár sin a sholáthar.

Cumann O'Carolan/Kilmartin (Dún Geimhin)

Motion 116

Tugann an Ard Fheis seo tacaíocht don fheachtas Stop Targeting Kids eagraithe ag Foras Croí na hÉireann, agus iarrann sí ar an Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil sláinte páistí a chosaint trí shrianta diana, go háirithe ar mhargaíocht dhigiteach, agus córas reachtúil cuimsitheach a thabhairt isteach a rialaíonn margaíocht bia agus deochanna míshláintiúla ar líne atá dírithe ar pháistí.

Cumann Sherlock/Harford (Baile Brigín)

Motion 117

Molann an Ard Fheis seo na tosaíochtaí meabhairshláinte i mBuiséad Malartach 2018 Shinn Féin le:

  • Infheistíocht bhreise de €51.23m i seirbhísí agus i gcúram meabhairshláinte do 2018 a chur ar fáil agus iarrann sí ar Rialtas na hÉireann leibhéil foirne a mhéadú ar aon líne le moltaí sa tstraitéis meabhairshláinte A Vision for Change;
  • Bogadh i dtreo sheirbhísí idirghabháil géarchéime 24/7 i ngach ceantar FSS Eagraíocht Phoiblí Cúram Sláinte;
  • Rochtain a mhéadú i gcomhairliúchán chúram príomhúil, tús áite a thabhairt d’andúil agus do dhédhiagnóis, tuilleadh foirne agus leapacha a sholáthar do Sheirbhísí Meabhairshláinte do Leanaí agus d'Ógánaigh (SMLO) , agus comhairliúchán agus seirbhísí eile meabhairshláinte do dhaoine atá i soláthar díreach a mhaoiniú.

Cúige Bhaile Átha Cliath Cumann James Connolly (Baile Formaid) Cumann Dunne-Kelly-Whitty (Baile Loch Garman) Comhairle Ceantair Loch Garman Cumann Robert Emmet/Joe Clarke (Inse Chór/LCTT) Cumann James Connolly (An Chathair)

Motion 118

Ag an Ard Fheis seo:

  • Aithníonn sí go gcailltear líon suntasach d’fhir 15-34 bliain d’aois in Éirinn sa lá atá ann inniu de bharr féinmharaithe; bíonn baint ag an alcól i níos mó ná leath na gcásanna agus aon trian de chásanna féindochair, go bhfuil an Stát sa dara háit maidir le ragús óil ar domhan;
  • Iarrann sí ar Rialtas na hÉireann le cinntiú nach bhfuil aon mhoill eile ar An Bille Sláinte Poiblí (Alcól) 2015 ag dul tríd an Seanad agus an Dáil, agus cosc iomlán a chur ar urraíocht alcóil d’imeachtaí spóirt agus ar fhógraíocht teilifíse d’alcól.

Cumann Gaughan/Stagg (Béal an Átha)

Motion 119

Ag an Ard Fheis seo:

  • Nótálann sí an tionchar a bhíonn ag féinmharú ar dhaoine aonair, ar theaghlaigh agus ar phobail;
  • Aithníonn sí gur bás inchoiscthe é an féinmharú, mar atá tugtha le fios ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS);
  • Aithníonn sí an réimse leathan oibre a dhéanann an earnáil dheonach agus phoiblí chomh maith leis na seirbhísí reachtúla ag dul i ngleic leis an cheist, i gcásanna dúshlánacha de ghnáth;
  • Molann sí an obair a rinne a tIar-Aire Sláinte Michelle O’Neill ag dul i ngleic le stiogma agus paireacht ghradaim a chinntiú do mheabhairshláinte agus d’fholláine coirp, mar chuid d’iarracht níos leithne le dul i ngleic le féinmharú agus cosc réamhghníomhach a chur chun cinn;
  • Éilíonn sí go mbeidh straitéis chun Féinmharú a Chosc ann atá maoinithe mar is ceart.

Comhairle Ceantair Thuaisceart Bhéal Feirste Comhairle Ceantair Colin Comhairle Ceantair Fhear Manach

Motion 120

Iarrann an Ard Fheis seo ar an Aire Sláinte de chuid Rialtas na hÉireann tús a chur le soláthar Shaotharlann um Chataitéarú Cairdiach ag Ospidéal Ollscoile Shligigh.

Cumann Noble Six/Fr. O`Flanagan/MacManus (Baile Shligigh)

Motion 121

Nótálann an Ard Fheis seo, agus tiomantas Shinn Féin faoi chomhionannas i gcáipéis an pholasaí Better4Health á aithint aici, maidir le moladh an rialtais chun ospidéal úr a oscailt i gCorgaigh:

  • Gur druideadh Otharlann Scoile Thuaidh tríocha bliain ó shin;
  • Gur gheall Sinn Féin do mhuintir thuaisceart Chorcaí ag an am sin, go mbeadh muid i bhfách le hospidéal úr suite i dtuaisceart Chorcaí;
  • Go dtiocfadh dó go bhfreastalódh an t-ospidéal seo ar cheantair éagsúla nach bhfuil freastal ceart á dhéanamh orthu faoi láthair, Baile Mhistéala, Gleann Maghair agus Mainistir Fhear Maí ina measc;
  • Go bhfuil ciall straitéiseach le suíomh i dtuaisceart an chontae mar gheall ar an fhócas Cathrach/Contae atá ar an cheantar seo maidir le tógáil tithíochta ann amach anseo. Aithníonn an Ard Fheis seo go bhfuil ar Shinn Féin a ghealltanas a chomhlíonadh do mhuintir Chorcaí le:
  • Bheith i bhfách le hoispidéal atá suite i dTuaisceart Chathair Chorcaí, nó sa chúlchríoch timeall uirthi;
  • Cinntiú go dtugtar tús áite don cheist agus aird chuí i rith fhoirmliú aon chlár rialtais amach anseo. Chomh maith leis sin, agus cáineadh ginearálta seirbhísí i gCorcaigh le roinnt blianta anuas á aithint aici, molann an Ard Fheis seo go mbeidh:
  • An áis seo mar aonad freagartha réigiúnach do chomhordú éigeandálaí faoin Chreat Mhóréigeandálá;
  • Fócas ar leith ar oiliúint taighde ag an áis maidir le hoiliúint tríú leibhéal.

Cumann Ahern/Crowley (Cathair Chorcaí Thoir Thuaidh)

Motion 122

Tacaíonn an Ard Fheis seo:

  • Le héileamh go dtabharfaidh Boird Chúram Sláinte agus Sóisialta soláthar do chóireáil IVF isteach, trí thimthriall iomlána i gcomhréir le moltaí ar bhonn fianaise;
  • Le céimeanna le dul i ngleic le ceist na torthúlachta, cé go gcuireann sí fáilte roimh mholtaí do thimthriall amháin do chóireáil IVF, aithníonn sí nach leor seo agus gur chóir go mbeadh teacht ag gach lánúin ar an oileán ar thrí thimthriall iomlána.

Comhairle Ceantair Chathair Dhoire

Motion 123

Nótálann an Ard Fheis seo le himní:

  • An phian agus an dochar a fhulaingíonn idir fhir agus mhná trí úsáid a bhaint as mogall i máinliacht le dul i ngleic le neamhchoinneálacht, le tultitim agus le heirne;
  • An tuirse agus an phian uafásach a fhulaingíonn daoine trí úsáid a bhaint as mogall agus gur barraíocht fiú duine amháin a bheith gortaithe aige. Éilíonn an Ard Fheis seo:
  • Go mbeidh moratóir láithreach ann ar úsáid mogaill le dul i ngleic le neamhchoinneálacht, le tultitim agus le heirne.
  • Go ndéantar athbhreithniú neamhspleách cuimsitheach ar fhianaise atá ag teacht chun cinn maidir leis an bhaol tromchúiseach a bhaineann le mogall a úsáid;
  • Go mbeidh bealach cuimsitheach cúraim ann a chinnteoidh go mbeidh breithmheas agus cóireáil thráthúil ann dóibh siúd atá ag fulaingt le fo-iarmhairtí i ndiaidh obráidí ionchlannáin mogaill.

Cúige na Sé Chontae

Motion 124

Iarrann an Ard Fheis seo ar Rialtas na hÉireann:

  • Cinnte a dhéanamh go ndéantar measúnú agus diagnóis ar pháistí atá ar speictream an uathachais go luath;
  • Maoiniú a chur ar fáil do chomhairliúchán leighis atá proifisiúnta agus príobháideach nuair is gá;
  • Cinnte a dhéanamh nach mbeidh ar aon pháiste fanacht níos faide ná sé mhí do choinne;
  • Cinnte a dhéanamh go bhfuil an córas oideachais, ón bhunscoil go tríú leibhéal, feistithe dóibh siúd atá beo le huathachais le tacaíocht airgid agus tacaíocht riachtanach a chur ar fáil, nuair is gá, do thuismitheoirí agus do chlanna ina bhfuil páistí le huathachais;
  • Traenáil maoinithe a chur ar fáil don lucht gairme faoin dóigh le measúnú agus diagnóis luath a dhéanamh ar pháistí atá ar speictream an uathachais.

Cumann Dwyer/Parnell (An tInbhear Mór[Tuath])

Motion 125

Iarrann an Ard Fheis seo ar an Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil agus ar an Aire Gnóthaí Comhphobail agus Tuaithe sna 26 Contae go mbeidh aláraim i ngach teach úr do sheanóirí, agus iarrann sí ar Rialtas na hÉireann an liúntas teileafóin a athbhunú do sheanóirí le ligeann dóibh aláraim a úsáid tríd an líne thalún.

Cumann Logue/Marley (Cromghlinn)

Motion 126

Molann an Ard Fheis seo foireann fhorbartha an pholasaí sláinte ar chur chun cinn an pholasaí Better for Health, faoi stiúir Louise O’Reilly TD faoi láthair. Tabharfaidh córas sláinte aon leibhéal tairbhí isteach do chách. Tá an córas sláinte poiblí reatha briste. Tá gá le hathruithe láithreacha maidir leis na ceisteanna thíos:

  • Níor chóir go mbeidh seirbhís DG Faoi 6 ina seirbhís roghnach. Ní bhíonn a fhios ag a lán tuismitheoirí nach gcuireann dochtúirí an tionscnamh ar fáil go dtí go mbíonn sé de dhith;
  • Tá an tréimhse chun gairmithe ar nós radagrafaithe agus banaltraí a chlárú rófhada. Bheadh uathaithint cáilíochtaí idir coláistí na hEorpa agus na hÉireann ina bhuntaiste leis an phróiseas clárúcháin a bhrostú;
  • Ba chóir go mbeadh níos mó foirne ildisciplíneacha ar fáil in ionaid sláinte áitiúla le cinntiú go bhfuil seandaoine agus daoine leochaileacha ag fáil seirbhísí iomlána chúram sláinte agus go bhfuil nasc acu leis na seirbhísí;
  • Leasuithe meabhairshláinte agus soláthar 24/7 maidir le seirbhísí agus tacaíocht.

Cumann Clarke/Smith/Doherty (Fionnghlas)

Motion 127

Iarrann an Ard Fheis seo ar na húdarásaí Thuaidh agus Theas cinnte a dhéanamh go bhfuil teacht ag daoine ar fud an oileáin ar aonad scagdhealaithe agus ar fhoireann dhuánach sa dóigh is nach mbeidh ar dhaoine i gceantair faoin tuath, go háirithe san iarthar, taisteal níos mó ná uair an chloig leis an chóireáil a fháil.

Cumann Tom Shevlin/Joe McDonnell (Béal na mBuillí)

Motion 128

Iarrann an Ard Fheis seo ar Rialtas na hÉireann maoiniú láithreach a chur ar fáil do scrúduithe sláinte saor in aisce do dhaoine fásta níos sine ná 30 bliain d’aois. Meastar go laghdódh idirghabháil proifisiúnta luath cásanna de mheabhairghalair agus de thinnis coirp, rud a chiallaíonn nach mbeadh spleáchas láidir ar leigheas dochrach agus costasach ar oideas.

Cumann Coen/Vaughan (Droim Seanbhó)

Motion 129

Ag an Ard Fheis seo:

  • Nótálann sí go bhfuil fadhb an chearrbhachais ag méadú ar fud an oileáin, go háirithe i measc daoine óga;
  • Molann sí an obair atá déanta ag pobail áitiúla, an CLG agus eagraíochtaí eile le dul i ngleic cearrbhachas agus na bunfhadhbanna a bhaineann leis;
  • Éilíonn sí:
  • Go n-aithnítear go mbaineann cearrbhachas le sláinte poiblí;
  • Go gcuirfear níos mó seirbhísí tacaíochta ar fáil le dul i ngleic le cearrbhachas agus le cuidiú le daoine le fadhbanna cearrbhachais;
  • Go bhforbróidh Sinn Féin polasaí cuimsitheach ar chearrbhachas le moltaí chun fograíocht, cur chun cinn, urraíocht a laghdú do ghnólachtaí cearrbhachais.

Cumann Clarke/Smith/Doherty (Fionnghlas) Cumann Burns/McKerr/Toman (An Lorgain) Cumann Markievicz/Ryan (Tamhlacht Láir)

Motion 130

Ag an Ard Fheis seo.

  • Aithníonn sí gur fadhb sochaí é éagumas, bíonn tionchar aige ar dhaoine de gach aois agus a dteaghlaigh go díreach agus go hindíreach. Ba mhaith léi sochaí a fheiceáil ina bhfuil gach duine, daoine faoi mhíchumas san áireamh, ábalta páirt iomlán agus neamhspleách a ghlacadh, le gnáthsheirbhísí sláinte, oideachais agus fostaíochta a oiread agus is féidir, ach le tacaíocht ó shainseirbhísí éagumais nuair is gá;
  • Molann sí foireann Oireachtais Shinn Féin ar na beartais chostáilte atá curtha ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas i mBuiséad Malartach 2018 Shinn Féin;
  • Cáineann sí Rialtas na hÉireann reatha, le tacaíocht ó Fhianna Fáil, nach bhfuil aon bhiseach suntasach curtha ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas i mBuiséad 2018, iarrann sí an an Taoiseach Leo Vardkar agus ar an Aire Sláinte, Simon Harris le gealladh go gcuirfidh siad riachtanais agus cearta chun tosaigh i mBuiséad 2019;
  • Molann sí go bhfaigheann Teachtaí Dála Neampsleácha an Chomhaontais, an tAire Stáit le freagracht speisialta as Saincheisteanna Míchumais, Finian McGrath gealladh ón Taoiseach agus ón Aire Harris go bpléifidh Buiséad 2019 na costais chearta a bhaineann le héagumas dóibh siúd a bhfuil dúshláin fhisiciúla agus/nó intleachtúla acu.

Grúpa Parlaiminteach na 26 Chontae Cumann O'Hanlon/McMahon/Lynagh (Baile Mhuineacháin)

Motion 131

Nótálann an Ard Fheis seo:

  • Go gcuireann Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (2006) an chreatlach ar fáil le cearta do gach duine faoi mhíchumas a chur chun cinn, a chosaint agus a chinntiú agus go gcuireann sé comhchearta chun cinn sa saol ar fad;
  • Go bhfuil sé do-ghlactha nár dhaingnigh Stát na hÉireann an coinbhinsiún tábhachtach seo, agus gurb é an t-aon stát AE é nár dhaingnigh. Tugann an Ard Fheis seo tacaíocht iomlán do rannpháirtíocht agus do chuimsiú daoine faoi mhíchumas i saol na hÉireann agus iarrann sí ar Rialtas na hÉireann Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas a dhaingniú láithreach.

Cumann Peadar Clancy/Mairéad Farrell (Inis) Cumann Bhéal Átha na Muice Cumann Sean Mac Giola Bhríde (Cathair na Mart) Comhairle Ceantair Mhaigh Eo Cumann Lann Abhaigh

Motion 132

Aithníonn an Ard Fheis seo na riachtanais atá acu siúd inár bpobal faoi mhíchumas agus iad a thugann aire dóibh. Is í Éire an t-aon stát san Aontas Eorpach nach bhfuil CNACDM daingnithe aici. Tá sí ag ligean síos daoine faoi mhíchumas gan tiomantas a bheith aici le cinntiú nach bhfágtar ar lár iad ó chinntí a mbeidh tionchar acu ar ghnáthimeachtaí a saoil.

Is léir an teip ón bhuiséad íseal don Deontas Oiriúnú Tithe dóibh siúd le saincheisteanna sláinte a chuireann isteach ar lúth a ligeann dóibh fanacht sa bhaile agus feidhmiú chomh maith agus is féidir leo.

Aithníonn muid gur ceart riachtanach é Seirbhísí Chúram Baile (faoiseamh, pacáistí cúraim baile, cúnamh baile, sainteiripí agus srl.) agus gur chóir go gcuirtear ar fáil é do gach duine in ainneoin aoise. Is acmhainn thábhachtach iad cúramóirí teaghlaigh inár bpobal agus tá aitheantas ceart tuillte acu. Bíonn a lán brú agus struis ar chúramóirí agus ba chóir go mbeidh teacht acu ar thacaíocht le cuidiú leo ina ról cúraim.

Caithfidh an tAire Stáit le freagracht speisialta as Saincheisteanna Míchumais cinnte a dhéanamh go gcuirtear acmhainní cuí maoinithe ar fáil do pháistí a fhaigheann tacaíocht mar gheall ar mhíchumas agus go bhfaighfidh siad an cúram leanúnach atá de dhíth orthu go bhfuil siad fásta. Cumann Barnes/McCormack (An Muileann gCearr)

Motion 133

Ag an Ard Fheis seo:

  • Aithníonn sí taighde a rinne Cumann na hÉireann um Oibrithe Sósialta, Age Action, Cumann Alzheimer na hÉireann, agus Scoil an Pholasaí Shóisialta, na hOibre Sóisialta agus Córa Sóisialta COBÁC (2016) a dúirt go raibh seirbhísí chúram baile sna 26 contae mí-eagraithe, scoilte agus tearcmhaoinithe agus measann oibrithe sóisialta go dtiocfadh le níos mó ná leath na seandaoine lena mbíonn siad ag obair bheith sa bhaile in ionad cúram cónaithe fadtéarmach dá mbeadh na seirbhísí cuí ar fáil;
  • Nótálann sí go n-athluann sé seo taighde eile a rinneadh in Éirinn a léiríonn go mbíonn seandaoine ag iarraidh fanacht sa bhaile chomh fada agus is féidir agus cúram a fháil nuair is gá;
  • Molann sí na moltaí i mBuiséad Malartach 2018 Shinn Féin chun 2.1 milliún uair agus 2,485 pacáiste cúraim baile eile a chur ar fáil, agus €72.65 milliún d’infheistíocht bhreise a chur ar fáil do sheirbhísí chúram baile;
  • Iarrann sí ar an Aire Stáit ar a bhfuil freagracht speisialta do Mheabhairshláinte agus do Dhaoine Breacaosta dul i ngleic go práinneach leis na heasnaimh i maoiniú agus acmhainní a ghlacann seandaoine amuigh óna mbailte agus isteach go cúram cónaithe.

Cumann Duffy/Downey (Dún Dealgan Thoir)

Motion 134

Tacaíonn an Ard Fheis seo le hathruithe i rialacháin thógála i ngach foirgneamh a bhfuil teacht ag an phobal air go dtógtar bealach isteach do dhaoine míchumasaithe, mar bhunchaighdeán, le treoirlínte curtha chun tosiagh ag Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann.

Cumann Mitchell/Sands (Carraig Mhachaire Rois) Cumann Keenan/Doherty (Carraig Mhachaire Rois)

Motion 135

Athnuann agus neartaíonn an Ard Fheis seo a tiomantas gach sráidbhaile, baile agus cathair a dhéanamh feiliúnach do dhaoine faoi mhíchumas le cinntiú go bhfuil Éire chun tosaigh agus go bhfuil an meas agus an luach céannna ar dhaoine faoi mhíchumas. Chomh maith leis sin, ba mhaith linn sainordú a thabhairt do gach ionadaí tofa acmhainní a mhéadú go suntasach chun constaicí fisiciúla a bhaint, agus na constaicí a bhíonn ag daoine faoi mhíchumas gach uile lá beo. Molann muid an feachtas #MakeWayDay agus gríosaíonn muid gach ball an achainí ar líne a shíniú atá tiomanta chun sochaí níos comhionainne a chruthú do dhaoine faoi mhíchumas.

Cumann Robert Emmet/Joe Clarke (Inse Chór/LCTT)

Motion 136

Aithníonn an Ard Fheis seo go dtig le haitheantas luath Riachtanais Speisialta Oideachais (RSO), le soláthar tráchtúil den tacaíocht chuí, agus le huaillmhianta arda cuidiú le cinnte a dhéanamh go bhfuil páistí a bhfuil RSO orthu nó faoi mhíchumas go maith go bhfuil siad fásta.

Nótálann an Ard Fheis seo le himní:

  • Go ndearnadh 79% de na ráitis riachtanais speisialta oideachais sna 6 chontae taobh amuigh den teorainn reachtúil 26 seachtain;
  • An laghdú le deireanas in uaireanta a thugtar do pháistí le riachtanais spesialta oideachais ag leibhéal na naíscoile. Geallann an Ard Fheis seo:
  • Soláthar RSO a chur ar fáil ar bhonn riachtanais;
  • Beartais a chur i bhfeidhm le cinntiú go gcuirtear measúnuithe agus ráitis i gcrích chomh luath agus is féidir agus go laghdaítear an t-achar ama reachtúil do ráitis go 20 seachtain.

Comhairle Ceantair Léim an Mhadaidh

Education, Childcare and Social Policy

Motion 137

Déanann an Ard-Fheis seo:

  • Aithníonn an tábhacht le hearnáil oideachais a bhfuil dóthain acmhainní ar fáil di don tsochaí agus don eacnamaíocht araon.
  • Aithníonn gurb í earnáil an oideachais ar cheann de na hearnálacha ba mhó thíos le cuid de na ciorruithe géara agus leibhéil neamh- infheistithe mar gheall ar bhuiséid scriosta agus loite rialtas Fhianna Fáil agus Fine Gael le blianta beaga anuas;
  • Cáineann roghanna comhbhuiséad Fhine Gael/Fhianna Fáil le déanaí a thugann tús áite do laghduithe cánach in áit fíor-infheistíocht i seirbhísí poiblí;
  • Fáiltíonn roimh sholáthairtí Buiséad Malartach Shinn Féin 2018 a bhfuil sé mar sprioc aige caighdeán agus maoiniú chóras oideachais na 26 Contae a mhéadú ag gach leibhéal lena n-áirítear:
  • an cóimheas idir múinteoirí agus daltaí a laghdú faoi 2 phointe;
  • Deontais chaipitíocht scoile a mhéadú;
  • Comhairleoirí treoraíocht oideachais a athbhunú;
  • Múinteoirí acmhainne agus cúntóirí riachtanas speisialta (SNAs) sa bhreis;
  • Maoiniú suntasach le dul i ngleic le costais dhul ar ais ar scoil
  • Méadú ar mhaoiniú don Scéim Iompair Scoile
  • Táillí Tríú Leibhéal a laghdú agus deireadh a chur le táillí cúrsa CPT (PLC);
  • €100m infheistíocht chaipitiúil sa bhreis don oideachas.
  • Éilíonn ar rialtas na hÉireann tús áite a thabhairt d’infheistíocht tháirgiúil sna buiséid as seo amach chun córas den chéad scoth a chinntiú ar mhaithe leis na saoránaigh go léir

James Stephens Cumann (Cill Chainnigh)

Motion 138

Nótálann an Ard-Fheis seo:

  • Go bhfuil tuarastail in earnáil na Luathbhlianta íseal agus meánphá an phroifisiúin go suntasach faoin bhun pá maireachtála agus ní léiríonn sé cáilíochtaí foirne a chruthaíonn deacrachtaí earcaíochta agus coinneála mar thoradh a chuireann níos mó brú ar earnáil atá faoi róbhrú cheana féin;
  • Ní bheidh aon rogha ag na céadta foirne luathbhlianta ach síniú ar leas sóisialta le haghaidh míonna an tsamhraidh mar gheall ar chonarthaí 38 seachtaine;
  • Go bhfuil ard-chaighdeán oideachais agus cúraim luathbhlianta tairbheach do leanaí óga ag bunchéim a bhforbartha agus go bhfuil soláthar luathoideachais agus cúraim d’ardchaighdeán ag brath ar idirghníomhú den scoth idir foirne na luathbhlianta agus na páistí a mbíonn siad ag plé leo. Éilíonn an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann mar sin:
  • Athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh, ar bhonn práinneach, ar chostas seirbhíse luathbhlianta agus inbhuanaitheachta;
  • Maoiniú Stáit a mhéadú go leibhéil Eorpacha le soláthar inbhuanaithe d’ardchaighdeán, scálaí pá proifisiúnta agus íocaíocht d’am gan teagmháil a chinntiú;
  • Forbairt scála pá atá aontaithe ar bhonn Stát a choimisiúnú do lucht oibre na luathbhlianta atá ceangailte leis an bPróifíl Ról Gairme a aithníonn cáilíochtaí, taithí agus fad seirbhíse agus pá maireachtála in úsáid mar thúsphointe agus chun cinnte a dhéanamh de go dtugtar rátaí caipitíochta níos airde don fhoireann i gcomhréir le scála tuarastail comhaontaithe atá ag teacht le cáilíochtaí;
  • Tabhairt faoi cheist na n-uaireanta breise gan teagmháil a cuireadh le hualach oibre soláthraithe atá fada fairsing cheana mar gheall ar theacht isteach an ACS i mbliana agus cinnte a dhéanamh de go dtugtar íocaíocht do sholáthraithe seirbhíse agus foirne don obair bhreise seo in am sásúil don obair bhreise atá riachtanach le scéim úr na Roinne a ullmhú agus a chur i bhfeidhm.

Meaney/Dunne Cumann (An Baile Breac)

Motion 139

Áirítear san Ard-Fheis seo na gnéithe thíos luaite:

  • Cuirtear fáilte roimh fhoilsiú dhoiciméad Shinn Féin Is Mithid Cúram Leanaí Inacmhainne a chur ar fáil (Time to Make Childcare Affordable);
  • Nótáiltear:
  • Go bhfuil costais chúram leanaí sa Stát dhá oiread níos mó ná meánchostas na hEorpa;
  • Is ann do na costais chúram leanaí seo atá ag ardú as cuimse de thairbhe easpa infheistíochta san earnáil seo;
  • Is iomaí oibrí sároilte cáilithe atá caillte ón lucht oibre gach bliain agus iad ag tógáil am saor ón obair chun aire a thabhairt dá bpáistí mar gheall ar chostas cúraim leanaí atá i bhfad ró-ard;
  • Tá a lán soláthraithe cúram leanaí ag feidhmiú ar bhonn briseadh cothrom
  • Éilítear ar Rialtas na hÉireann:
  • Muirear Sóisialach Uilíoch (UCS) a mhéadú go suntasach ón ráta reatha leis an ualach a mhaolú do theaghlaigh;
  • Maoiniú inbhuanaitheachta a mhéadú do sholáthraithe pobail cúram leanaí
  • Infheistíocht a mhéadú agus a leathnú in earnáil na luathbhlianta bliain i ndiaidh bliana le costais a laghdú do thuismitheoirí agus le teacht ar staid ina bhfuil cúram leanaí inrochtana, inacmhainne d’ardchaighdeán curtha ar fáil do chách ar mhaith leo leas a bhaint as.

Cole/Colley Cumann (An Chúlóg)

Motion 140

Nótálann an Ard-Fheis seo:

  • Tá páistí agus déagóirí na hÉireann neamhghníomhach ó nádúr agus mar ábhar donais ar an scéal is iomaí scoil nach bhfuil áiseanna spóirt faoi dhíon acu.
  • Cionn is go bhfeidhmíonn scoilbhliain na hÉireann i rith an Gheimhridh, tá sé rí- thábhachtach go bhfuil teacht acu ar áiseanna nach bhfuil ag brath ar an aimsir. Iarrann an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann, mar sin, maoiniú a chur ar fáil láithreach ionas go mbeidh teacht ag scoileanna uile, idir bhunscoileanna, mheánscoileanna agus scoileanna speisialta ar halla spóirt faoi dhíon ar an láthair agus creideann má tá Rialtas na hÉireann i ndáiríre faoi dhul i ngleic le hotracht agus le fadhbanna eile atá bainte léi ba cheart an maoiniú seo a chur ar fáil láithreach.

Cumann Chora Droma Rúisc

Motion 141

Molann an Ard-Fheis seo iar-Leas-Chéad Aire agus iar-Aire Oideachais Martin McGuinness as deireadh a chur leis an scrúdú aistrithe 11 plus chun córas aistrithe bunaithe ar rogha an tuismitheora a bhunú agus aithníonn na gnéithe seo a leanas:

  • Leanann le cuid mhór scoileanna a gcuid daltaí a roghnú bunaithe ar scrúduithe aistrithe in ainneoin gur cuireadh deireadh leis an 11 plus.
  • Leanann le scrúduithe aistrithe scoile neamhionannas oideachais a bhrú agus is bac iad ar rogha an tuismitheora. Fáiltíonn an Ard-Fheis seo roimh fhoilsiú na tuairisce Investigating Links in Achievement and Deprivation (ILiAD) a tháinig ar an gconclúid seo a leanas:
  • Cuirtear le gnóthachtáil nuair a fhorbraíonn scoileanna nascanna éifeachtacha le pobail áitiúla;
  • Cuireann idirghníomhaíocht ar chaighdeán maith idir tuismitheoirí agus daltaí go mór leis an gcumas gnóthachtála;
  • Cuireann scrúduithe aistrithe cosc ar ghnóthachtáil daoine óga i gceantair atá ar an ngannchuid;
  • Is é an toradh a bhíonn ar thaithí diúltach na scrúduithe aistrithe ná easpa muiníne agus féinmheasa;
  • Bíonn scrúduithe aistrithe fabhrach leis na daoine óga sin a bhfuil sé ar acmhainn a dtuismitheoirí íoc as teagasc.

Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo a tiomantas do chóras oideachais bunaithe ar comhionannas agus rogha an tuismitheora, agus iarrann ar scoileanna ceannaireacht a léiriú agus deireadh a chur le húsáid scrúduithe aistrithe agus córas oideachais atá go hiomlán uileghabhálach agus neamhroghnaitheach a thógáil ar mhaithe le dul chun cinn ár ndaoine óga go léir.

Cúige na Sé Chontae

Motion 142

Iarrann an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar an CAO agus córas na hardteistiméireachta, ag díriú ar na gnéithe seo a leanas:

  • An strus a chuireann an córas reatha ar shláinte fhisiciúil mheabhrach agus ar fholláine mac léinn;
  • An gá le comhionannas rochtana ar oideachas tríú leibhéal agus, go háirithe, ar na cúrsaí is mó éilimh agus;
  • An drochthionchar a bhíonn ag barraíocht béime ar thorthaí scrúduithe agus pointí ar thimpeallacht oideachasúil na scoileanna agus ar spriocanna foghlama do mhic léinn.

Mick Murray Cumann Chluain Tarbh

Motion 143

Iarrann an Ard-Fheis seo ar Shinn Féin polasaí cuimsitheach ar cheisteanna dheireadh saoil a fhorbairt, lena n-áirítear moltaí chun cead a thabhairt do dhuine atá i mbéal an bháis bás a fháil le cuidiú nuair is léir gur sin an rún atá aige agus nuair atá cead tugtha go soiléir agus dá dheoin féin.

Ard Chomhairle Coiste Náisiúnta na nÓg Tommy Kavanagh Cumann (An Coimín)

Motion 144

Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo ár dtacaíocht leis an 8ú Leasú de Bhunreacht na hÉireann a aisghairm.

Léiríonn an Ard-Fheis seo arís ar dtiomantas bheith i mbun feachtais leis an aidhm seo a bhaint amach.

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an rialtas reifreann a réachtáil leis an 8ú leasú a aisghairm gan a thuilleadh moille.

Creideann Sinn Féin gur cheart eolas iomlán agus comhairleoireacht toirchis neamh-díritheach ina bhfuil roghanna uile cuimsithe inti a chur ar fáil go héasca. Athdhearbhaíonn muid ár n-easaontú maidir le coiriúlú ban a dhéanann cinneadh ginmhilleadh a bheith acu.

Glacann an páirtí leis an gá ginmhilleadh a bheith curtha ar fáil sa chás ina bhfuil saol, sláinte nó sláinte mheabhrach bán i mbaol mór nó i gcontúirt mhór, agus i gcásanna mínormáltacht mharfach féatais agus i gcásanna éignithe nó mí-úsáid ghnéis.

Ard Chomhairle Tormey/Mannion Cumann (Ros Comáin Theas) Comhairle Ceantair Bhaile Átha Cliath Iarthar Láir

Motion 145

Aithníonn an Ard-Fheis seasamh Shinn Féin ar an 8ú Leasú a Athghairm agus cuireann faoi chúram Sinn Féin tacú go gníomhach leis an bhfeachtas Aisghairme atá le teacht gan mhoill.

Aithníonn an Ard-Fheis seo gur dianphróiseas cothrom a bhí i dTionól na Saoránach ar dhaonlathas pléghrúpa as a dtáinig moltaí inoibrithe comhbhácha dá bharr a dtabharfaidh Sinn Féin tacaíocht dóibh.

Lena chois sin cuireann an Ard-Fheis seo faoi chúram Shinn Féin Polasaí Sláinte do Mhná atá bunaithe ar mholtaí Thionól na Saoránach.

Mulgrew/McCracken Cumann (An Chaisleán) Kevin Barry/Frank Stagg Cumann (Ionchathrach Iarthuaisceart) McLaughlin/Cahill Cumann (Binn Éadair) Devlin/Plunkett Cumann (Teach Mealóg/Tír an Iúir) Markievicz/O'Farrell Cumann (Tamhlacht Deisceart) Markievicz/Tadhg Barry Cumann (Iarthuaisceart/Bardaí Lárnacha) MacDiarmada/Gilgunn Cumann (Cluainín) Margaret Skinnider Cumann (Baile Gall/Droim Chonrach) Gaughan/Stagg Cumann (Béal an Átha) Cole /Colley Cumann (An Chúlóg)

Motion 146

Aithníonn an Ard-Fheis seo go n-imíonn mná gach lá ón tír seo le taisteal thar lear chun foirceannadh toirchis a fháil. Aithníonn muid an t-anró agus an tráma a mhéadaítear mar gheall ar an riachtanas taisteal chuig dlínse eile agus a chruthaíonn cor eile i gcásanna áirithe ó thaobh iarchúraim de. Aithníonn muid cé nach mór agus gur cheart do mhná i gcás toirchis géarchéime tacaíochtaí a fháil tá siad ag roghnú deireadh a chur le toircheas ar mhaithe le cúiseanna socheacnamaíocha agus ní féidir neamhaird a thabhairt air seo a thuilleadh. Agus muid ar an eolas faoi mholadh Thionól na Saoránach, aithníonn an Ard-Fheis seo an gá le reachtaíocht a rith ar son foirceannadh toirchis i gcásanna socheacnamaíocha agus beartaíonn polasaí 32 contae a fhorbairt leis seo a léiriú agus le tabhairt faoi fheachtas fógraíochta bunaithe ar an bpolasaí seo.

Comhairle Ceantair Bhaile Átha Cliath Iarthar Láir

Motion 147

Aithníonn an Ard-Fheis seo go dtaistealaíonn mná na hÉireann gach lá thar lear le foirceannadh toirchis a fháil agus ní féidir neamhaird a dhéanamh air seo a thuilleadh.

Aithníonn an Ard-Fheis go bhfuil meas, cosaint, comhlíonadh a gcuid dualgas cearta daonna tuillte ag mná ach rochtain a fháil ar sheirbhísí ginmhillte dlíthiúil.

Tugann an Ard-Fheis seo sainordú do Shinn Fein tiomnú do pholasaí agus do reachtaíocht araon a fhorbairt maidir le sláinte ban agus seirbhísí ginmhillte. . Tugann an Ard-Fheis seo tacaíocht do reachtaíocht ginmhillte ar na cúiseanna seo a leanas:

  • Nuair nach bhfuil an toircheas níos mó ná 12 seachtain;
  • Nuair a ba mhó an chontúirt a bhainfí le beatha na mná torrach a chur i mbaol, lena sláinte fhisiciúil nó lena sláinte mheabhrach, ná mar a bheadh dá gcuirfí deireadh lena toircheas;
  • I gcás mínormáltacht mharfach féatais.

Sa chás go rithfeadh an rún seo, dhéanfadh sé rúin uile de chuid na hArd- Fheise go dtí seo a aisghairm maidir le foirceannadh toirchis.

Coiste Náisiúnta na nÓg

Motion 148

Aontaíonn an Ard-Fheis seo go dtugtar cead do bhaill uile Shinn Féin a gcás a chur in iúl agus vótáil ar cheist an ghinmhillte dar lena gcomhfhios.

John Joe Sheehy Cumann (Trá Lí) French/Doyle Cumann Johnstown (An Uaimh) Thomas Allen Cumann (Baile Átha Troim) Ráth Cairn Cumann Kelly/Arthurs Cumann (Na Cealla) Matthew Kane Cumann (Tulach Mhór) Cumann Erris Logue/Marley Cumann (Cromghlinn) Tom Keely Cumman (Cill Droichid) Gallagher/Foy Cumann (Drumconrath) Seosaimh MacDiarmada Cumann (Bóthar Mín)

Motion 149

This Ard Fheis believes that all Sinn Féin elected representatives should be allowed to vote on the issue of abortion according to their conscience or personal opinion and should not be bound by party policy.

Lynch/Grogan Cumann (Duleek/Kentstown) Doherty/Delaney Cumann (An Uaimh) Eneas McNulty Cumann (Acaill) Comhairle Ceantair na Mí Séamus Fox Cumann (Ráth Tó) Jimmy Guy Cumann (Léim an Mhadaidh) Gleann Na Rua Cumann (Aird Mhic Giollagáin /Glas-Stiall) Markievicz/O'Farrell Cumann (Tamhlacht Theas)

Motion 151

Creideann an Ard-Fheis seo go mbaineann cearta atáirgthe na mban agus smacht ar a corp agus ar a gnéasacht leis an mbean féin i ngach cás ar leith.

Pádraig Pearse Cumann (Taobh an Bhogaigh)

Towards a New and United Ireland

Motion 152

Aithníonn an Ard-Fheis seo, go leagann Breatimeacht, Tuaisceart na hÉireann bainte ón Aontas Eorpach in éadan toil na ndaoine, teorainn chrua athchurtha i bhfeidhm ar oileán na hÉireann agus athruithe déimeagrafacha go leagann iad uile béim ar chás athaontú na hÉireann.

Mar sin, áirítear na gnéithe seo a leanas san Ard Fheis seo:

  • Tacaíonn le doiciméad plé Shinn Féin I dTreo Éire Aontaithe, mar spreagadh fiúntach agus samhlaíoch a chur ar fáil agus mar chúnamh sa díospóireacht mar gheall ar Éire Aontaithe a bhaint amach;
  • Éilíonn ar na páirtithe polaitíochta go léir a mhaíonn go bhfuil siad i bhfabhar Éire Aontaithe, a gcuid smaointe agus moltaí féin a thabhairt chun cinn ar an tslí is fearr leis an sprioc seo a fhorbairt
  • Éilíonn ar an Oireachtas:
  • Uathbhallraíocht don Dáil a thabhairt isteach d’Fheisirí Thuaisceart na hÉireann agus, idir an dá linn, cearta labhartha agus comhairliúcháin a thabhairt isteach d’fheisirí an Tuaiscirt agus Baill Tionóil sa Dáil agus Seanad.
  • Fóram náisiúnta a bhunú le páirtithe agus earnálacha uile a thabhairt le chéile atá ionadaíoch ar shaoránaigh na sochaí de chuid an oileáin dul i gcomhairle lena chéile ar thodhchaí bhunreachtúil agus polaitiúil an oileáin, lena n-áirítear ceist athaontú na hÉireann agus athmhuintearas náisiúnta.
  • Éilíonn ar Rialtas na hÉireann:
  • Plé eolach, stuama agus measúil a spreagadh agus a threorú ar cheist athaontú na hÉireann;
  • Plean réadúil a ullmhú le haghaidh athaontú na hÉireann, lena n-áirítear grúpa uile-pháirtí de chuid an Oireachtais le Páipéar Glas a chur i láthair bunaithe ar athaontú na hÉireann;
  • Tús a chur le reifreann ar chearta vótála uachtaránachta do shaoránaigh Thuaisceart na hÉireann agus diaspóra na hÉireann;
  • Seirbhís Sláinte Náisiúnta uile-oileáin agus seirbhísí poiblí uile- oileáin a fhorbairt trí ‘Phlean Uile-oileáin Infheistíochta agus Rathúnais’..

Ard Chomhairle

Motion 153

Aithníonn an Ard-Fheis seo an damáiste atá déanta ag páirtithe de chuid na heite deise as a chéile i mBaile Átha Cliath agus i Londain ar an tseirbhís sláinte Thuaidh agus Theas agus an tionchar atá aige seo ar shaolta othar, úsáideoirí seirbhíse, a dteaghlaigh agus iad siúd a n-oibríonn sa tseirbhís sláinte.

Agus tuiscint againn ar an riachtanas ullmhú do Bhreatimeacht agus na seirbhísí trasteorann atá forbartha go dtí seo a chosaint agus a fheabhsú, athdhearbhaíonn muid ár dtiomantas do sheirbhís sláinte 32 contae bunaithe ar chearta atá saor ag an bpointe seachadta agus a chuireann cúram ar fáil bunaithe ar riachtanas sláinte. Chun é seo a dhéanamh, tugann an Ard-Fheis sainordú don pháirtí polasaí sláinte uile-oileáin costáilte go hiomlán a chuirfidh le cúram a chur a fáil sna 32 contae agus ina mbeidh reachtaíocht do Sheirbhís Sláinte Náisiúnta uile-oileáin mar bhunchloch aige.

Ard Chomhairle

Motion 154

Athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo tiomantas iomlán Shinn Féin le dul i ngleic le seicteachas agus é a dhíothú i sochaí na hÉireann.

Is ionann seicteachas agus a mhalairt de Phoblachtachas na hÉireann agus forbairt Éire atá ar aon intinn, aontaithe.

Is é an bac is mó chun cneasú agus athmhuintearas a bhaint amach inár sochaí. Tá muid tiomanta do phrionsabal Chomhaontú Aoine an Chéasta a gheall dá saoránaigh “an ceart do shaoránaigh a saol a chaitheamh saor ó chiapadh seicteachais”.

Ní mór na gnéithe seo a chur san áireamh ó thaobh na praiticiúlachta de:

  • An ceart chun fostaíochta saor ó chiapadh seicteach, imeaglú nó ionsaí;
  • An ceart chun tithíochta agus le bheith i do chónaí i dteach saor ó ionsaí seicteach, imeaglú nó leithcheal eile;
  • An ceart chun saorchaidrimh, caitheamh aimsire agus saol sóisialta a bheith agat in áit ar bith is mian leat saor ó ionsaí seicteach, imeaglú nó leithcheal eile;
  • An ceart chun creideamh agus adhradh a chleachtadh saor ó ionsaí seicteach, imeaglú nó leithcheal eile;
  • An dualgas le caint, ionsaí, imeaglú nó leithcheal eile a thuairisciú nuair a fheictear nó nuair a chloistear é. Aithníonn muid gurb ann don seicteachas ar fud shochaí na hÉireann. Ní mór aghaidh a thabhairt ar dhearcthaí agus iompar seicteach go gníomhach beag beann ar an bhfoinse. Molann Sinn Féin gur gá beartais agus tionscnaimh frith-sheicteachais a bheith fite fuaite laistigh d’institiúidí rialtais ag gach leibhéal agus go ndéantar seicteachas a shainmhíniú mar choir fuatha agus é cumhdaithe i reachtaíocht. Chuige sin, glacann an Ard-Fheis seo leis an ndoiciméad polasaithe Pobal Amháin – Ag Dul i nGleic le Sciúirse an Seicteachais i Sochaí na hÉireann.

Ard Chomhairle

Motion 155

Nótálann an Ard-Fheis seo:

  • Léiríonn imeachtaí ar na mallaibh i ndeisceart agus in oirthear Bhéal Feirste go soiléir go bhfuil codanna áirithe de shochaí na hÉireann cráite ag an seicteachas;
  • Úsáid bratach le himeagla a chur ar dhaoine agus le hatmaisféar a chruthú ina bhfuil imeagla dosheachanta;
  • Is ionann seicteachas agus a mhalairt de Phoblachtachas na hÉireann.

Mar a bhaineann le gach cás eile fuatha nó leithcheala, cáineann go huile is go hiomlán imeagla na dteaghlach caitliceach óna mbailte i ndeisceart agus in oirthear Bhéal Feirste agus cuireann faoi bhráid gníomhaithe Shinn Féin cur i gcoinne seicteachais agus dearcthaí seicteacha beag beann ar a bhfoinse agus molann aighneachtaí chuig agus rannpháirtíocht cónaitheoirí agus gníomhaithe an Tuaiscirt sa Choimisiúin ar Bhratacha, Féiniúlacht, Cultúr agus Traidisiún.

Comhairle Ceantair Dheisceart agus Oirthear Bhéal Feirste

Motion 156

Déanann an Ard-Fheis seo:

  • Bearna suntasach a aithint mar gheall ar dhéileáil leis an am a chuaigh thart inár sochaí agus cur chuige díomách rialtas de bharr UNSCR 1325;
  • Nótálann gur iarr UNSCR 1325 (a ritheadh sa bhliain 2000) ar níos mó rannpháirtíochta agus comhcheangail dearcthaí ar leith na mban maidir le cosc coinbhleachta, tógáil síochána, agus atógáil. D’iarr sé freisin ar chosaint cearta ban agus cailíní le linn coimhlintí, agus cosc agus aird a chur ar fhoréigean inscne.
  • Díomách leis an easpa freagrachta atá léirithe ag rialtas na Breataine mar gheall ar a dhualgais a chomhlíonadh i leith na mban ar na hoileáin seo de bharr a sainmhínithe ar thríocha bliain coimhlinte
  • Aithníonn nach féidir eispéiris a aithint nó tacú le téarnamh gan cur chuige inscne ar leith
  • Tugann tacaíocht iomlán do rannpháirtíocht ban ag gach céim den bpróiseas iar-choinbhleachta;
  • Iarrtar ar chur i bhfeidhm rún 1325 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe láithreach.

Cumann Lann Abhaigh

Motion 157

Aithníonn an Ard-Fheis seo:

  • An tábhacht a bhaineann le Bille Ceart atá mar chroílár Chomhaontú Aoine an Chéasta, ina bhfuil cearta breise ar an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus a léiríonn na cúinsí ar leith a bhaineann le tuaisceart na hÉireann;
  • An ról lárnach a bheadh ag Bille Ceart maidir le síocháin, comhionannas agus cearta daonna a chosaint i gcomhthéacs Breatimeachta agus i leith aisghairme atá molta ag rialtas Tóraithe na Breataine den Acht um Chearta an Duine.
  • An t-imní agus na moltaí sna tuairiscí is déanaí de chuid NA i leith aisghairm den Acht um Chearta an Duine. Tacaíonn an Ard-Fheis seo le Bille Ceart do thuaisceart na hÉireann agus le Cairt uile-Éireann um Chearta.

Grúpa Parlaiminteach na 6 Chontae

Motion 158

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar thacaíocht do theaghlaigh Loch an Oileáin agus d’ íospartaigh go léir de chuid claonpháirteachas rialtas na Breataine. Tar éis thuairisc an Ombudsman don Phóilíniú a fhoilsiú ina sonraítear fianaise doshéanta iontaofa maidir le claonpháirteachas i sléacht Loch an Oileáin, éilíonn an Ard-Fheis seo ar rialtas na Breataine a leithscéal a dhéanamh go poiblí, agus a mbaint leis an gclaonpháirteachas agus leis na dúnmharuithe mar atá leagtha amach sa tuairisc a adhmháil.

Betsy Gray Cumann (Baile na hInse)

Motion 159

Cuireann an Ard-Fheis seo fáilte roimh chinneadh Choiste Airí na hEorpa ar Chomhlacht Cearta Daonna a léirigh a ‘n-ábhar mór imní’ maidir le roinnt ceisteanna leagáid atá fós le réiteach. Bhí cás Pat Finucane curtha san áireamh leis an gcinneadh seo, a cuireadh isteach i gcoinne Rialtas na Breataine, agus mhol an Coiste níos mó dul chun cinn ar an gceist nuair a bheidh deireadh le hachomharc na Cúirte Uachtaraí.

Is mian leo freisin;

  • A ‘n-ábhar mór imní’ maidir leis an HIU (Aonad Thaighde na Staire) agus meicníochtaí eile leagáid a chur in iúl, mar an ICIR ((Independent Commission on Information Retrieval) agus an OHA (Oral History Archive), a aontaíodh le linn cainteanna Stormont I mí na Nollag 2014, nach bhfuil bunaithe go fóill;
  • Éileamh go láidir ar Rialtas na Breataine ‘go práinneach’ tabhairt faoi bheartais uile atá riachtanach chun cinnte a dhéanamh de go bhfuil córas na bhfiosrúchán leagáid maoinithe mar is cuí dar le moltaí an Tiarna Príomh-Bhreitheamh agus go bhfuil comhoibriú ar fáil ón SPTÉ agus An Aireacht Cosanta le fiosrúcháin éifeachtacha a éascú agus deireadh á chur leo.
  • Go ndéanfar athbhreithniú ar an dul chun cinn atá déanta ar na ceisteanna seo ag an gcéad chruinniú eile den choiste i Meitheamh 2018, ar a mhoille.

Mar fhocal scoir, éilíonn an Ard-Fheis seo ar rialtas na hÉireann a gcuid dualgas idirnáisiúnta a chomhlíonadh agus cloí le cinneadh Choiste na n-Airí. Anuas air sin, ní mór dóibh freisin maoiniú mar is cuí a chur ar fáil d’oifig an Ombudsman don Phóilíniú le gur féidir leo fiosrúcháin leagáid atá fós le réiteach a chríochnú.

Comhairle Ceantair Fhear Manach

Motion 160

Éilíonn an Ard Fheis seo go scaoilfear saor Tony Taylor láithreach agus athdhearbhaíonn ár dtacaíocht do chearta daonna ár saoránach go léir. Comhairle Ceantair Chathair Dhoire

Motion 161

Molann an Ard-Fheis seo obair Shinn Féin agus gníomhaithe Gaeilge eile atá ag troid ar son cearta teanga ar fud an oileáin. I mbliana, molaimid ach go háirithe iad siúd go léir a bhí bainte leis an bhfeachtas chur i bhfeidhm Acht na Gaeilge sa Tuaisceart.

Tá Sinn Féin tiomanta do dhul chun cinn na Gaeilge, dá hathbhunú mar cheann de na príomhtheangacha labhartha in Éirinn agus do chur i bhfeidhm ceart do Ghaeilgeoirí.

Aithníonn an Ard-Fheis agus molann an aird agus infheistíocht shuntasach atá luaite leis an nGaeilge i mBuiséad Malartach Shinn Féin 2018.

Tacaíonn an Ard-Fheis seo mar pholasaí páirtithe Doiciméad Polasaithe

Shinn Féin ‘Tír gan Teanga, Tír gan Anam’ agus molann a mionmholtaí maidir le:

  • Cearta Teanga;
  • Ceantair Gaeltachta;
  • Oideachas;
  • Athchóiriú na hearnála poiblí;
  • Cur chun cinn na Gaeilge sna meáin;
  • An méid is mó deiseanna a chruthú leis an nGaeilge a fhoghlaim agus a úsáid.

Aithníonn muid freisin gur le muintir na hÉireann go léir í an Ghaeilge agus i gcomhthéacs comhmheasa agus ár sochaí ilchultúrtha, is féidir léi cur go dearfach le hÉire aontaithe neamhspleách a bhaint amach.

Ard Chomhairle

Motion 162

Déanann an Ard-Fheis seo:

  • Aithníonn comóradh 50 bliain ar an gcéad mhórshiúl cearta sibhialta a tharla i mí Lúnasa 1968 ó Oileán an Ghuail go Dún Geanainn nuair a shiúil thar 2000 duine ar son comhionannais agus ceart siabhialta ar son Naisiúnaigh na 6 chontae;
  • Nótálann gur mó an t-athrú atá tagtha sa Tuaisceart de bharr an chéad mhórshiúl cearta sibhialta ach tá go leor le déanamh fós chun go mbeidh comhionannas ag cách agus ní mór dúinn gan réiteach a fhágáil nár thriail muid chun é seo a bhaint amach lena n-áirítear gníomhaíochas, institiúidí tofa agus an córas breithiúnach.

Cumann Mhairtírigh Oileán an Ghuail/Cluain Eo

Motion 163

Nótálann an Ard-Fheis seo an easpa dul chun cinn maidir le meicníochtaí leagáid a chur i bhfeidhm mar a aontaíodh sa Chomhaontú Fresh Start agus éilíonn ar Rialtas na Breataine maoiniú a chur ar fáil láithreach d’fhiosrúcháin leagáid atá fós le réiteach.

Comhairle Ceantair Chúl Raithin

Motion 164

Déanann an Ard-Fheis seo:

  • Nótálann go bhfuil comóradh céad bliain toghchán 1918 agus an Chéad Dáil ag druidim linn;
  • Éilíonn go gcuirtear cearta labhartha agus vótála don Dáil i bhfeidhm gan a thuilleadh moille;
  • Molann ach go háirithe go tugtar cuireadh d’ionadaithe tofa páirt a ghlacadh i gcruinniú don Dáil ar an 21ú Eanáir 2019, le céad bliain an chéad chruinniú don Dáil a chomóradh
  • Molann gur chóir do Shinn Féin bheith ag brath ar thoghchán siombalach na ndaoine a eagrú agus iarrthóir a sheasamh i ngach ceann de dháilcheantair na Sé Chontae ina n-eagrófar toghcháin don Dáil amach anseo.

Comhairle Ceantair Dheisceart an Dúin Seamus Wrynn Cumann (Béal an Átha Móir)

Motion 165

Tacaíonn an Ard-Fheis seo, mar aitheantas ar an 21ú Eanáir 1919, nuair a tháinig Dáil Éireann le chéile don chéad uair, gur trí mheán na Gaeilge a rinneadh an gnó, gur cheart lá a roghnú chomh gar agus is féidir leis an dáta seo, 100 bliain níos déanaí, ina mbeidh gnó don Dáil déanta go hiomlán trí mheán na Gaeilge.

Seamus Wrynn Cumann (Béal an Átha Móir)

Motion 166

Tacaíonn an Ard-Fheis seo le leabharlann staire Phoblacht na hÉireann a bhunú áit ar féidir le stair le blianta beaga anuas agus le heispéiris áitiúla a chur i dtoll a chéile agus a chroiniciú chun cinnte a dhéanamh de go bhfuil cosaint dár scéal sna blianta amach romhainn.

Mairéad Farrell Cumann (Barda Lárnach na Cathrach)

Motion 167

Déanann an Ard-Fheis seo:

  • Nótálann fógra an Taoisigh ar na mallaibh maidir le reifreann a eagrú ar an mbunreacht a leasú chun cead a thabhairt do shaoránaigh Éireannacha sa Tuaisceart agus diaspóra na hÉireann vóta a chaitheamh i dtoghcháin uachtaránachta;
  • Éilíonn ar Shinn Féin borradh a chur faoin bhfeachtas seo don reifreann atá le tarlú an bhliain seo chugainn agus éilíonn ar mhuintir an Deiscirt tacú leis an athrú riachtanach seo sa bhunreacht trí vóta a chaitheamh dá gcomhshaoránaigh;
  • Molann ceannaireacht Gerry Adams TD agus an Seanadóir Niall Ó Donnghaile as an scéal seo a chur i lár an aonaigh i dtithe an Oireachtais agus an tSeanaid araon.

Comhairle Ceantair Dheisceart agus Oirthear Bhéal Feirste

Motion 168

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar rialtas na hÉireann gach iarracht a dhéanamh cáipéisí pearsanta Ruairí Mhic Easmainn lena n-áirítear a chuid dialann agus cuimhneacháin phearsanta eile dá chuid a fhilleadh go hÉirinn.

John Joe Sheehy Cumann Thrá Lí

Motion 169

Éilíonn an Ard-Fheis ar theacht isteach vótála éigeantach chun rannpháirtíocht pholaitiúil a mhéadú agus chun níos mó dlisteanachta a thabhairt d’institiúidí polaitiúla.

Hurson-Quirke cumann, Galway City West.

Motion 170

Creideann an Ard-Fheis seo nach bhfuil oifig an Uachtaráin ábhartha in Éirinn an lae inniu.

Cumann Mháirtín Uí Chadhain (Connamara Theas)

Motion 171

Éilíonn an Ard-Fheis seo ar rialtas na hÉireann laghdú a dhéanamh ar chostas saoránacht Éireannach a fháil ó €1,125 go €60 leis na costais riaracháin mar is cuí atá bainte leis an bpróiseas a léiriú. Is dúshaothraithe an rud é amach is amach táille €1,125 a ghearradh ar dhuine a bhfuil teideal aige air. Má tá cónaí ar dhuine in Éirinn ar feadh 7 mbliana (nó cibé am nó fad ar leith atá i gceist) agus a bhfuil teideal aige ar shaoránacht Éireannach, ba cheart mar sin go dtabharfaí an saoránacht don duine sin agus a laghad maorlathais agus costas agus is féidir.

Coen/Vaughan Cumann (Droim Seanbhó)