Sinn Féin - On Your Side

Achoimre Feidhmiúcháin

Ag déanamh na roghanna cearta

Cad a chiallaíonn an buiséad duitse?

Ba ghnáth le daoine bheith ag éisteacht le fógairt an bhuiséid le fáil amach an raibh méadú ar luach peitreal, an raibh luach ólacháin agus toitíní ag dul suas, nó an raibh athruithe a ndéanamh chun cáin a ardú nó an dól a ghearradh.

Ar na blianta deireanacha seo tá an buiséad ag crochadh go bagrach os ár gcionn agus is ábhar eagla é do mhórchuid teaghlaigh. Tá €25billiún tógtha amach i gcánacha agus i gciorruithe ó thús na géarchéime seo agus tá sé beartaithe ag an rialtas ar a laghad €9billiún eile a thógáil chun sprioc an Chomhaontú Cobhsaíochta agus Fáis de 3% a bhaint amach. Buailfidh buiséad na bliana seo féin luach €3.5billiún i gcánacha agus i gciorruithe orainn. Le linn seo, sa chúlra, táthar ag leanúint ar aghaidh ag déanamh íocaíochtaí le banna-shealbhíirí bainc agus nótaí gealltanais (go dtí seo tá €64billiún tugtha do an bainc) agus diúltú leanúnach an rialtais an eacnamaíocht a spreagadh agus poist a chruthú.

Is é polasaí an rialtais seo, díreach mar a bhí ag an rialtas deireanach, ná ‘coigeartú’ a dhéanamh a thitfidh n’os troime orthu siúd is lú acmhainn.

Is é an gnáth-chleachtas atá ann anois in am buiséid ná; cánacha orthu siúd is ísle pá, fáisceadh teaghlaigh atá craplaithe ag fiacha morgáistí agus billí ag éirí thuas orthu, ionsaí ar earnáil an mhíchumais, slad ar ospidéil agus ar scoileanna, agus stróiceadh ar ghréasáin phobail tuaithe.

N’ éisteann daoine anois leis an bhuiséid le fáil amach cén luach a bheidh ar ólachán nó ar pheitreal. Éisteann siad anois le fáil amach an mbeidh siad ábalta bia agus éadach a choinneáil le na bpáistí, an mbeidh siad in ann billí Leictreachais a íoc, peitreal a chur sa charr agus d’on a choinneáil os a gcionn. Beidh cuid acu ag coimhéad an bhuiséid go bhfeice siad an féidir le na gclann theacht na bhaile as Sasana, An Astráil nó as Ceanada.

Beidh siad ag smaoineamh an ndéanfaidh an stát seo todhchaí fhiúntach a thairiscint a choíche arís sa dóigh is gur bhféidir le na gclann atá ar imirce filleadh ar ais. Beidh a fhios acu gur imigh 87,000 duine anuraidh i gcuideachta a gclann féin agus go bhfuil sé measta go mbeidh an méid céanna ag imeacht ar an bhliain seo chugainn.

Tá daoine ligthe síos go holc ag an rialtas nua seo. Gheall an Lucht Oibre cosaint don leochaileach ag am buiséid agus anois tá siad ag díriú ar pháistí, ar lucht míchumais agus ar an aosach.

Gheall Fine Gael deireadh a chur le fabhraíocht pholaitiúil agus go mbeadh ré nua oscailteachta ann ach anois tá an tAire Sláinte, (a chuirfidh tuilleadh ciorruithe sláinte i bhfeidhm sa bhuiséad seo) ina shiombail de chóras polaitíochta atá ag cliseadh.

Tá buiséid faoi roghanna. An dtugann tú isteach cáin mhaoine dírithe ar theaghlaigh atá faoi bhrú trom cheanna féin nó an dtugann tú isteach cáin rachmais agus iarraidh ar lucht an tsaibhris níos mó a thabhairt? An ngearrann tú an pinsean stáit nó an athraíonn tú cáin ar phinsean príobháideach? An ndíríonn tú ar liúntas leanaí nó an íslíonn tú pá polaiteoirí, príomhfheidhmeannaigh agus stáit sheirbhísigh sinsearacha? Go bunúsach – an gcloíonn tú le cánacha agus ciorruithe chun an easnamh a ísliú nó an amharcann tú ar an gheilleagar i gcoitinne agus na fíor fhadhbanna sna figiúirí fostaíochta, san earnáil baincéireachta agus sna figiúirí imirce a fheiceáil?

Sin na roghanna atá os comhair an rialtais. Go dtí seo tá sé léirithe ag Fine Gael, Lucht Oibre agus Fianna Fáil gur na roghanna m’chearta amháin is féidir leo a dhéanamh – roghanna cladhartha.

Creideann Sinn Féin go bhfuil ról an rialtais sa gheilleagar i bhfad níos mó ná go díreach a bheith ag ísliú an easnaimh ag deireadh na bliana. Táimid i dtólamh ag léiriú an géarghá atá le infheistíocht i gcruthú poist agus táimid i ndiaidh plean spreagtha €13billiún a sheoladh ar na mallaibh agus réimse de chéimeanna eile chun poist a chaomhnú agus a chruthú. Táimid de shíor ag argóint gur cheart deireadh a chur le tarrtháil na mbainc agus na sealbhóirí bannaí. Agus táimid go buan ag leagan amach céimeanna féaráilte chun fás a spreagadh agus chun réiteach ciallmhar a fháil ar an easnamh, ach nach ndéanann dochar de theaghlaigh nó de sheirbhísí.

Tá sé leagtha amach againn in ár mbuiséad malartach an dóigh le coigeartú easnaimh de €3.5billiún atá an rialtas ag iarraidh don bhliain seo chugainn a dhéanamh. Tá moltaí caiteachais nua leagtha amach againn fosta chun feabhas a chur ar bheatha daoine.

Tá i bhfad níos mó i mbuiséad malartach Shinn Féin ná an sprioc de €3.5billiún a aimsiú. Seo buiséad a dhéanann difríocht – difríocht in airgeadas an stáit agus i saol na ndaoine.

Tá na roghanna cearta i mbuiséad Shinn Féin.

Nua chaiteachas molta (€338.68milliún)

Cosaint cearta páistí (€163milliún)

  • Leabhair scoile saor in aisce do gach páiste sa stát €45milliún
  • Ardú de €16.50 ar an díolúin tuilleamh ar Iocaíocht aonthuismitheora go €146.50 sa tseachtain: €32milliún
  • Buiséad béilí scoile a dhúbailt go €70 milliún agus soláthar a leathnú amach: €35milliún
  • Síniú de 6 seachtain’ a chur le tréimhse an Liúntais Breosla: €51milliún

Faoiseamh do theaghlaigh (€30.68milliún)

  • Na 950,000 uair de chúnamh baile a thabhairt ar ais: €16.9milliún
  • Aischur an liúntais ábhair agus traenála do rannpháirtithe Fosta’ocht Pobail: €12.5 milliún
  • Isliú de €10 ar an táille freastála ar ionad T&E ospidil gan atreorú ú dhochtúir teaghlaigh go €90: €1.28 milliún

Soláthar foirne do sheirbhísí túsline (€145milliún)

  • An bac ar earcaíocht a tharraingt siar chun 3,500 a fhostú ar fhoirne túslíne: €145milliún

Cánacha nua tar éis coigeartú cánach (€2.758billiún)

Feabhas ar Iniúchtaí ioncaim (€100milliún)

  • Theacht anuas go láidir ar an mhargadh dubh agus ar dhearbhuithe bréagacha: €100milliún

Cánacha Ioncaim (€456.5milliún)

  • Triú banda cánach de 48% ar ioncaim os cionn €100,000: €365milliún
  • Ráta nua çSPC Fostúir’ de 15.75% ar an mhéid sin d’ioncaim atá thar €100,000: €91.5milliún

Cánacha Rachmais (€1.110billiún)

  • Cáin de 1% ar ghlanrachmas os cionn €1 milliún i bhfeirmeacha rathúla, súcmhainn’ gnú, 20% de thithe teaghlaigh agus stúr pinsin fágtha amach as: €800 milliún
  • An Cháin Ghnúcháin Caipitiúil a ardú ú 30% go 40%: €160 milliún
  • Cáin ar Fháltais Chaipitiúla a ardú ú 30% go 40% agus na tairseacha a isliú 25%: €150 milliún

Faoiseamh cánacha (€969milliún)

  • Caighdeánú ar faoiseamh cánach saorthoilteanach (ach amháin síntiúis charthanachta) - €969milliún

Tiarnaí Talún (€177milliún)

  • Laghdú ar asbhaintí ús morgáiste atá ceadaithe in éadán ioncaim cíosa ú 75% go 40% - €157 milliún
  • ÁSPC a chur ar ioncaim cíosa: €20 milliún Pinsin phr’obháideacha - (€126milliún)
  • Ardú ar shuimeanna inchánacha ú shárphinsin - €13milliún
  • Laghdú ar theorannú thuarastail pinsin choibhneasa go €75k - €113milliún

Cánacha nua (€243.5milliún)

  • Cáin de 5% ar chearrbhachas i siopa ar an gcúrsa agus ar idirlíon, íoctha ag na tomhaltúirí - €243.5milliún

Coigeartú Cánach (-€423.7milliún)

  • Coigeartú ar thaobh na cánach chun gur féidir tuarastáil phoibl’ a theorannú (-€115milliún)
  • Mál ar pheitreal agus d’osal a laghdú 5% (-€177.7milliún)
  • Iad siúd uile atá ar ’osphá (€17,542) a thabhairt amach as an MSU ag d’olmhú 296,000 saorthaithe breise (-€131milliún)

Cáin Tugtha-Anonn (€220milliún)

  • Cáin bliana iomlán tugtha anonn ú bhearta cánacha bhuiséid na bliana anuraidh - €220milliún

Coigiltis (€1.044billiún)

Leas Súisialach (€67milliún)

  • Maithiúnas leasa shúisialaigh - €55milliún
  • Forchúiteamh íocaíochtaí ú fhostúirí i gcásanna d’fhostú éagúracha - €12milliún

Sláinte (€712.5milliún)

  • Costas iomlán cúram sláinte príobháideach taobh istigh d’ospidéil phoiblí a chur i bhfeidhm - €432.5milliún
  • Coigiltis breise a dhéanamh ar chúgaisí brandáilte agus ionadú aicmeach iomlán a chur i bhfeidhm - €280milliún

Oideachas (€22milliún)

  • An fúirdheontas poiblí do scoileanna príobháideacha a chéimniú amach thar cúig bliana - €22milliún

Tuarastail (€204.5milliún)

  • Teorainn, ar bhonn práinne, de €100,000 a chuir ar phá sa tseirbhís phoiblí agus sa státsheirbhís ar feadh 3 bliana -  €102milliún
  • Teorainn de €100,000 ar thuarastail feidhmeannach na gCoistí Gairmoideachais ar feadh 3 bliana - €413,201
  • Teorainn de €100,000 ar phá bainisteoirí Contae agus Cathrach ar feadh 3 bliana - €1.46milliún
  • Teorainn de €100,000 ar phá Phríomhfheidhmeannaigh ghníomhaireacht stáit neamhthráchtála ar feadh 3 bliana - €2.5milliún
  • Aistharraingt íocaíocht speisialta pinsin scoiran Rúnaí Ginearálta An Choiste um Ceapacháin

Ardleibhéil €1.6milliún

  • Teorainn de €150,000 ar phá chomhairleoirí ospidéil ar feadh 3 bliana - €90milliún
  • Laghdú 25% ar tháillí boird ghníomhaireachtaí stáit - €6.5milliún

Pá agus liúntais Oireachtais (€5.58milliún)

  • Tuarastáil rialtais a ghearradh anuas go €100,000, TD go €75,000 agus Seanadúirí go €60,000 - €4.3milliún
  • Deireadh a chur le liúntais Dála agus Seanaid (Ceann Comhairle / aoirí / ceannairí Seanaid) - €335,177
  • Deireadh le liúntais cathaoirligh coistí - €230,702
  • Deireadh le Íocaíochtaí Choimisiún Thithe an Oireachtais  - €76,000
  • Deireadh le sár-liúntais do Airí Súisearacha - €34,000
  • Teorainn de €80,051 ar phá ‘comhairleoirí speisialta’ do Airí (túsphointe pá pr’omh oifigeach) - €494,481
  • Deireadh le liúntas fún púca do bhaill an Oireachtais - €113,000

Ilghnéitheach (€32.46milliún)

  • Laghdú de 15% ar chaiteachas an rialtais ar scairdeitleán - €172,000
  • Laghdú de 15% i dtáillí proifisiúnta - €20milliún
  • Sprioc shábháil de 10% i gcaiteachas theileachumarsáide: Sábháil de - €2.29milliún
  • Tuilleadh laghduithe ar phinsean an earnáil phoiblí do lucht ardioncaim - €10milliún

Featured Video

Sinn Féin's Budget 2013

Share

Download