Sinn Féin - On Your Side

Aistriúchán


Le tríocha bliain anuas bhí (agus tá go fóill) lámh ag Rialtas na Breataine -- tré MI5, tré Chraobh Speisialta an RUC/PSNI agus tré Rannóg Fhaisnéise Arm na Breataine -- sa dúnmharú in Éirinn. Agus iad ag obair le chéile, dhírigh siad agus stiúraigh siad imeachtaí na marfóirí sna dreamanna paramíleateacha aontachtacha éagsúla. Ní hamháin gur thug siad eolas faoi dhaoine do na dreamanna sin. Séard a bhí i gceist acu ná plean beartaithe chun na céadta saoránach a aimsiú agus a fheallmharú.