Sinn Féin - On Your Side

Oireachtas na Samhna ‘féile iontach agus shárluachmhar’ – Adams

3 November, 2017 - by Gerry Adams TD


Tá ráite ag Uachtarán Shinn Féin Gerry Adams TD gur féile iontach agus shárluachmhar Oireachtas na Samhna.

Le linn a chuairt ar an fhéile i gCill Airne inniu, labhair an Teachta Adams ar an ionchur suntasach a dhéanann an tOireachtas ó thaobh chaomhnú na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh de. Ghuigh sé, fosta, gach rath orthu siúd a bheidh sna comórtais.

Dúirt an Teachta Adams:

“Gan aon amhras, is é Oireachtas na Samhna an fhéile is mó Gaeilge sa bhliain. Is sárluachmhar ar fad an ionchur a dhéanann an tOireachtas i leith an damhsa, an cheoil agus na n-ealaíona.

“Is cinnte go dtéann méid na féile agus an eagrúcháin i bhfeidhm ort; comh maith leis an réimse imeachtaí – comórtais, léirithe agus plé san áireamh. 

“Guím gach rath agus beannacht orthu siúd a bheidh páirteach sna himeachtaí.

“Beidh imeacht ag Sinn Féin amárach (Dé Sathairn 4 Samhain) i Seomra na Mumhan, Óstán Brehon, ag 1pm; comórtas óráide a bheidh ann, faoin téama ‘Éiré Aontaithe’. 

“Molaim do chách freastal air sin agus páirt a ghlacadh ann.”

Connect with Sinn Féin

Photos

Mary Lou McDonald addressing the march on Shipquay Street

An Phoblacht Ad

Videos

1916 Lost Leaders March


Like us on Facebook

Sinn Féin Shop