Sinn Féin - On Your Side

Máire Nic an Bhaird

14 September, 2007


Dúirt Bairbre de Brún FPE inniu go léiríonn cás Máire Nic an Bhaird an géarghá atá ann do Acht na Gaeilge do na Sé Chontae.

Bhí an Feisire Eorpach de chuid Sinn Féin ag labhairt i ndiaidh gur chaith Cúirt Achomhairc an cinneadh in aghaidh Iníon Nic an Bhaird amach inniu.

Dúirt Bairbre de Brún:

"Níor chóir go mbeadh Máire Nic an Bhaird os comhair na cúirte in am ar bith. D'fhreastal mise ar an chúirt áitiúil an lá gur thug an PSNI fianaise in aghaidh an mhúinteoir óig agus ba léir domsa nach an fhírinne a bhí sa scéal a d'inis siad. Tá seal fada caite ag Máire Nic an Bhaird anois ag iarraidh í féin a chosaint. Tógadh os comhair na cúirte í de thairbhe gur labhair sí Gaeilge i sráideanna Bhéal Feirste.

"Léiríonn cás Máire Nic an Bhaird an géarghá atá ann do Acht na Gaeilge do na Sé Chontae. Leanfaidh Sinn Féin leis an fheachtas ar son reachtaíochta láidre a thabharfaidh cosaint ceart do Ghaeilgeoirí" Deireadh.

Connect with Sinn Féin