Sinn Féin - On Your Side

Cuireann Sinn Féin a gcuid moltaí ar chláir Ghaeilge chuig an BBC

19 September, 2007


Dúirt urlabhraí Shinn Féin ar chursaí Ghaeilge, Francie Brolly MLA gur chuir Sinn Féin a gcuid moltaí ar chláir Ghaeilge chuig ann BBC inniu.

Ag caint leis agus é sa Tionól, dúirt an t-Uasal Brolly,

"Aontaíonn muid le moltaí POBAL gur chóir go mbeidh cothrom na bhfeinne ann don Ghaeilge agus tá dualgaisí ag an BBC chun seo a chur i bhfeidhm.

""Tá athbheochan na Gaeilge ár ngóthú thar na bearta. Úsáideann a lán daoine an Ghaeilge go laethúil. San iomlán, tá gaelscolaíocht á cur ar fáil i 65 scoil agus tá thart fá 4000 paiste i gceist. Ba chóir don BBC cearta s'acu a chosaint.

"I gcomparaid le Breatnais sa Bhreatain Bheag agus don Ghàidhlig in Albain níl go leor Gaeilge ar an BBC agus ba mhaith linn sin a athrú gan mhoill.

"Mar "public service provider" ba chóir don BBC éist le guth an phobail!." Críoch

Connect with Sinn Féin