Comhdháil maidir le féinmharú á reáchtáil ag Sinn Fein,
Beidh Gerry Adams ina óstach do Chomhdháil maidir le feinmharú inniu, 24 Meán Fómhair, Long Gallery, i gCnoc an Anfa.
Beidh réimse fairsing caointeoirí cosúíl le teaghlaigh, grúpaí tacaíochta, Dan Neville TD, Uachtarán Irish Association of Suicideology, Gerry Adams MP MLA, An t-Aire Sláinte Michael Mc Gimpsey agus an t-Aire Oideachas Caitríona Ruane.
Tosóidh an chomhdháil @11-30- 1in agus beidh níos mó na 100 duine i láthair.
Ag caint roimh an chomhdháil dúirt Gerry Adams MLA
"I ndiadh an díospoireacht sa Tionól, an cinneadh ón Aire Sláinte chun cosc ar féinmharú a ghlacadh mar dhearbhthosaíocht s'aige agus imscrúdú coiste reachtúil a chur i bhfeidhm le tuairisc le dul ar ais chuig an Tionól, ta sé soiléir go bhfuil an t-ábhar seo iontach tábhachtach
Tá ardráta forleithne an fhéinmharaithe i Sochaí na hÉireann. Tá sé an marfóir is mó dár ndaoine óga. Tá ardú 25% ar an lion féinmharaithe ó 1997, go háirithe in Iarthar Bhéal Feirste agus Béal Feirste Thuaidh
Tá sé 12 mí ón am a bhunaigh an Regional Suicide Prevention Strategy sna sé chontae agus seo deis chun staidéair a dhéanamh ar an chéad chéim eile.
Táimid ábalta féinmharaithe a chosc inár sochaí. Tá dualgas ag an dhá rialtas gníomh agus polasaí a dhéanamh chun cosc ar féinmharú a bheith mar tosaíocht s'acu.
"Beidh deis againn na cúrsaí seo a phlé ag an chomhdháil seo i gCnoc an Anfa agus beidh óráidí ó dhaoine atá i mbun straitéisí agus áiseanna chun feinmharú a chosc."
Críoch