Sinn Féin - On Your Side

"Micheál Ó Seighin le bheith páirteach i Slógadh Shinn Féin 2008"- Doherty

28 September, 2007


Ag cur fáilte roimh an nuacht go mbeidh ceann de na laochra i bhfeachtas Shell chun Sáile ina aoichaointeoir sa Slógadh Shinn Féin (19-21 Deireadh Fómhair) agus é i dTeadh Laighean inniu, dúirt an tSéanadoir nua Pearse Doherty,

"Cuirim fáilte roimh an scéal seo go mbeidh Micheál Ó Seighin i láthair. Is é Micheál ceann de na samplaí is fearr de gníomhaíochas in Éireann sa lá atá inniu.

"Tá Sinn Féin ar son an feachtas Shell Chun Sáile i Ros Dumhach agus táimid bródúil go mbeidh Micheál páirteach in imeachtaí s'againne.

" Is é teama an deireadh seachtaine seo "athghabháil ar achmhainní nadurtha".

"Is iad Sinn Féin an t-aon pháirtí polaitiúil a eagraíonn comhdháil bhliantúil Ghaeilge.

"Tugann an Slógadh Gaeilgeoirí le chéile le haghaidh díospóireachta, ceoil agus craic.

"Tá sé oscailte do chách.

"Is í maireachtáil agus athbheochan na Gaeilge scéal bhua cultúrtha ár dtíre. Tá níos mó daoine ag úsáid na Gaeilge in aghaidh an lae. Tá páistí óga go háirithe á n-oiliúint trí mheán na Gaeilge in uimhreacha atá ag dul i méad agus caithfear a dtodhchaí agus a gcearta a chaomhnú.

"Molaim go gach duine, idir óg agus aosta freastal ar an taispeántas seo ar chultúr na hÉireann agus le leanstan ar aghaidh ón deireadh seachtaine thar barr anuraidh i mBéal Feirste.

Mar sin de, bígí linn i mBinn Eadair.

Le haghaidh tuilleadh eolais cuir glaoch ar Roinn an Chultúir, @ 00353879691620.

Críoch

Connect with Sinn Féin