Ráiteas Bairbre de Brún FPE
Léirigh Feisire Eorpach Bairbre de Brún déistin inniu faoi ráiteas ón Aire Sláinte, Seirbhísí Sóisialta agus Sábháilteachta Poiblí, Michael Mc Gimpsey, go bhfuil sé chun deireadh a chur le fógraíocht agus le heisiúint preasráitis trí mheán na Gaeilge.
Deir Iníon de Brún:
"I bParlaimint na hEorpa faighim a lán eolais faoi soláthar seirbhís i dtíortha éagsúla ar an mhór-roinn. Le freastal ar riachtanais pobail ní leor seirbhís a sholáthar in aon teanga amháin.
"Ba chóir go mbeadh an Feidhmeannas cumhachtroinnte ag féachaint chuige go mbeadh tuilleadh deise ag Gaeilgeoirí an teanga a úsáid sa saol poiblí. In ionad sin feicimid go bhfuil an tAire Michael McGimpsey ag iarraidh gearradh siar ar soláthar seirbhíse trí mheán na Gaeilge.
Críoch