Sinn Féin - On Your Side

Caithfear amharc níos faide anonn ná an ghéarchéim dhaonnúil i Stráice GAZA

11 October, 2007


Agus í ag labhairt ins an Bhrúiséal inniu deir an Feisire Eorpach Bairbre de Brún nach leor na bearta daonnúla práinneacha atá riachtanach i Stráice Gaza faoi láthair. Ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil ceisteanna stádais chríochnaithigh, amhail teorannacha stáit Phalaistínigh amach anseo, stádas Iarúsailéim agus cinniúint teifeach Palaistíneach, réitithe, adúirt sí.


Arsa Iníon de Brún:


"Tá a fhios againn gur tubaisteach amach anois an ghéarchéim dhaonnúil i Stráice Gaza. Chuaigh cúrsaí i bhfad chun donais mar gheall ar na srianta ar thaisteal agus neamhábaltacht ENRanna agus gníomhaireachtaí eile a n-obair a dhéanamh. Ní mór dúinn gach iarracht a dhéanamh lena chinntiú go n-urramaítear go hiomlán dlí daonnúil idirnáisiúnta agus cearta an duine.


"Is gá dúinn amharc níos faide anonn ná an ghéarchéim dhaonnúil faoi láthair.


"Ba chóir dúinn gníomhartha diansmachtúla Rialtas Iosrael a shrianadh.


"Ba chóir dúinn Palaistínigh a spreagadh chun obair le chéile.


"Ba chóir dúinn bheith ag iarraidh cabhrú le comhrá cuimsitheach idir na hIosraelaigh agus na Palaistínigh agus é a chur chun cinn.


"Ba chóir dúinn aghaidh a thabhairt ar chuidiú chun tacú le todhchaí eacnamaíoch inbhuanaithe do gach Palaistíneach laistigh de stát inmharthana.


"Ba chóir dúinn aghaidh a thabhairt ar fhorbairt shóisialta agus eacnamaíoch na Palaistíne atá fadtéarmach.


"Ba chóir dúinn aghaidh a thabhairt ar bhealaí a aimsiú lena chinntiú nach féidir leis an Chomhairle Airí cúnamh daonnúil a tharraingt siar agus a athchur i bhfeidhm mar bheart pionósach. Níor cheart cúnamh daonnúil a úsáid, mar a úsáideadh é, mar uirlís pholaitiúil.


"Ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil ceisteanna stádais chríochnaithigh, amhail teorannacha stáit Phalaistínigh amach anseo, stádas Iarúsailéim agus cinniúint teifeach Palaistíneach, réitithe.


"Déanaimis na bearta daonnúla práinneacha atá riachtanach, ná cuirimis dallamullóg orainn féin go bhfuil deireadh lenár gcuid oibre ansin ná gur leor í." CRÍOCH

Connect with Sinn Féin