Sinn Féin - On Your Side

Sean Brady le bheith ina Chairdinéal

17 October, 2007


Chuir an leaschéad Aire Martin Mc Guinness BP, BT fáilte mór roimh an scéal go mbeidh an tArdeaspag Sean Brady ina Chairdinéal.

Dúirt an tUasal Mc Guinness

"Tá áthas orm faoin scéal maidir leis an Dr. Brady

"I 40 bliain + mar sagart agus 10 bliain mar Ardeaspag Ard Mhacha agus príomháidh na hÉireann bhí clú agus ciall air mar fear den choitiantacht agus d'obair sé gan scíth chun for-rochtain a dheánamh le pobail agus eaglaisí eile.

"Bhí taithí iontach aige mar muinteoir agus tréadaí i gCo. an Cabháin agus sa Róimh, agus chuidigh sin leis mar príomháidh na hÉireann

"Bhí a thacaíocht i bpróiseas na síochána fíorluachmhar agus chuidigh sé go mór leis chun an ré úr seo a chruthú.

"Agus ag caint go pearsanta mhothaigh mé i gconaí gur duine intleachtach agus duine le hionracas é, ach chomh maith le sin, d'ainneoinn a phost ardchéimiúil, thaispeán sé umhlaíocht i gconaí agus thuig a phobal agus achan pobal sin." Críoch

Connect with Sinn Féin