Sinn Féin - On Your Side

Cruinniú Sinn Féin le Coimisiún Cearta Daonna

31 October, 2007


Bhuail toscaireacht de chuid Sinn Féin leis an Choimisiún um Cearta Daonna le ceist Acht Gaeilge a phlé.

Bhí Bairbre de Brún Feisire na hEorapa i gceannas ar an toscaireacht agus Francie Brolly MLA, urlabhraí Gaeilge Sinn Féin in éineacht.

Ag labhairt i ndiaidh an chruinniú dúirt Bairbre de Brún,


"Bhí cruinniú úsáideach againn inniu. D'iarr Sinn Féin an cruinniú seo le labhairt faoin bhealach chun tosaigh i ndiaidh raiteais an Aire Edwin Poots fá Acht na Gaeilge.

"Le linn an chruinniú chuir muid béim ar an ghéarghá atá ann do chosaint reachtúil do Ghaeilgeoirí. Phléigh muid Acht na Gaeilge agus an Bille Cearta ar aon.

" Chuir an Choimisiún um Cearta Daonna i gcuimhne go gcaithfear cloí le hobligáidí idirnáisiúnta. Dúirt siad linn go bhfuil siad tiománta do chur chuige bunaithe ar chearta ó thaobh na Gaeilge de mar atá ráite i bhfreagra s'acu ar an chomhairliúchan." Críoch

Connect with Sinn Féin