Cruinniú ag Adams le Ó Cuív faoi Acht Gaeilge
Buailfidh Gearóid Mac Ádhaimh agus toscaireacht ó Shinn Féin, Francie Brolly MLA agus Aengus Ó Snodaigh TD san áireamh, le hAire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív inniu @10rn Déardaoin, 13 Nollaig.
Glaodh an cruinniú chun plé a dhéanamh ar Acht Gaeilge a bheith ann don tuaisceart.
Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt Uachtarán Shinn Féin, Gearóid Mac Ádhaimh:
"I mí Dheireadh Fómhair, dhiúltaigh an tAire Poots Acht Gaeilge a rith do na
Sé Chondae."
" Ritheann an cinneadh sin i gcoinne spiorad agus focail Chomhaontú Aoine an
Chéasta agus Chomhaontú Chill Ríbhinn. Sa dara comhaontú ansin ach go
háirithe, comhaontú ar aontaigh na páirtithe ar fad agus an dá Rialtas air,
tá coimitmint iontach soiléir d'Acht Gaeilge ag tógáil ar shampla na
Breataine Bige agus na Sé Chondae is Fiche, agus gealltar obair a dhéanamh i
dtreo chaomhnú agus chosaint na Gaeilge
" Mar sin, tá ról lárnach le himirt ag Rialtas na hÉireann i gcur chun cinn
an ábhair seo. Cuirfidh Sinn Féin an tAire Ó Cuív ar an eolas faoin staid
reatha agus i dtaobh na n-iarrachtaí atá ar bun chun an tAcht a bhaint amach.
" Beimid ag iarraidh ar an Aire tacú leis an éileamh ar Acht Gaeilge don
tuaisceart agus acmhainní uile a oifige agus a rialtais a úsáid san
fheachtas ar son an Achta"
" Is í athbheochan na Gaeilge an t-údar is mó bróid ag an tír seo go cultúrtha. Tá lion na gcainteoirí Gaeilge ag méadú agus ag méadú. Tá daoine óga á n-oiliúint níos mó trí mheán na Gaeilge ná le fada an lá agus ní mór dúinn a dtodhchaí agus a gcearta a chinntiú trí reachtaíocht"
" Ní haon bhagairt d'éinne í an Ghaeilge. Níl sí riachhtanach. Níl cearta Gaeilge mar bhagairt d'éinne. Tá géargha le hAcht Gaeilge chun tacaíocht dlí a thabhairt dóibh siúd ar mhaith leo a saoil a chaitheamh trí mheán na Gaeilge.
"Ach ag an am chéanna, ní raibh Acht de dhíth le haghaidh Gaeltacht Bhóthar Seoige, Meanscoil Féirste, Lá Nua, Gaelaras nó An Chultúrlann.
"Bhí obair de dhíth agus chuaigh daoine amach chun an obair sin a dhéanamh.
Agus leanfaidh muid leis an obair, ach tá cearta acu agus ba chóir go mbeidh
cearta s'acu cosanta trid reactaíocht Acht na Gaeilge."
Críoch