Sinn Féin - On Your Side

Ullmhaigh do Chomhdháil Náisiúnta Ógra Shinn Féin

8 January, 2008


Tá gníomhaithe Ógra, baill de Shinn Féin agus ógra poblachtánach á gríosú chun teacht chuig an Comhdháil Náisiúnta Ógra Shinn Féin a bheidh ar siúl ó 18 - 20 Eanair.


Beidh an Comhdháil Náisiúnta, atá ar an ócáid is mó agus is tábhachtaí do Ógra Shinn Féin i rith na bliana, ar siúl i Halla ATGWU BÁC, atá lonnaithe ar Sráid na Mainistreach Lár.

Ag lorg uasmhéid tacaíochta, dúirt Eagraí Náisiúnta Ógra Shinn Féin, Barry McColgan,


"Ba cheart go mbeadh, gníomhaithe Ógra, baill de Shinn Féin, and an ógra poblachtánach, ag tabhairt tús áite dá láithreacht ag an gComhdháil Náisiúnta i mbliana.

"Tá dualgas ar ghach chumann agus gníomhaí Ógra a cinntiú go bhfuil an méid is mó daoine ar féidir i láthair ag an gComhdháil. Is deis í bliain deacair ach fós féin, tairbheach a cur trí chéile,tabharfaidh sé deis dúinn go leor ceistenna tábhachtach agus fadtéarmach a phlé agus tabharfaidh sé cabhair dúinn plean gníomhaí bunaithe a cur le chéile don mbliain amach romhainn."

"San áireamh sa Chomhdháil beidh óráid ceanaireachta ó Gearóid Mac Ádhamh, seisiún oibre, agus díospóireacht ar cheisteanna mórchúiseach, agóidí, oíche ceoil réabhlóideach, cuairt ó aoíanna idirnáisiúnta, agus eisiúint scannán is feachtas úr.

"Tá an clár lán le imeachtaí éagsúla, agus níl dabht ar bith ach go mbeidh oideachas agus cuidiú muinín ann da aoinne atá i láthair."

"Tá mé ag súil sibh a fheiscint ag an gComhdháil Náisiúnta mí Eanair, níl bealach níos fearr tús a cur leis an athbhliain ach le ócáid poblachtánach ógra, áit a bhfuil deis ag gníomhaithe buaileadh le agus nascanna comrádaithe a thógáil le poblachtánaigh eile agus comrádaithe idirnáisiúnta san áireamh.

"Ullmhaigh anois ach imir do chuid san ócáid!" Críoch

Connect with Sinn Féin