Sinn Féin - On Your Side

"Ag seasamh an fhóid ar son ár dteanga" le Gerry Adams MP MLA

1 February, 2008


Sinn Féin President, Gerry Adams MP MLA, writing in Lá Nua today outlines Sinn Fein's priorities for the Irish language, our record on the language and our vision for the future.

"Aibreán seo le teacht, beidh Comhaontú Aoine an Chéasta deich mbliana ar an tsaol.

Go dtí an pointe sin bhí an Ghaeilge ó thuaidh in áit na leathphingine i gcomparáid lena láidreacht sa lá ata inniu ann.

Ní hé sin le rá go bhfuil achan rud foirfe anois.

Níl sé.

Ach is amhlaidh go bhfuil fás na Gaeilge, ó thaobh oideachais de, ó thaobh an phobail de agus ó thaobh labhairt na teanga de i bhfad níos láidre sa taobh seo tíre anois ná am ar bith eile roimh an chríochdheighilt.

Ní bhaineann an Ghaeilge le cuid den phobal amháin.

Is linne uilig í.

Ta an-dul chun cinn déanta ag an Ghaeilge le deich mbliana anuas.

Is ón phobal féin a tháinig an rath seo, agus sárobair agus tiomantas múinteoirí, tuismitheoirí, gníomhairí teanga agus iad siúd a choinnigh an Ghaeilge beo fríd na blianta an chúis is mó leis.

Tá athbheochan na Gaeilge ar an scéal is rathúla sa tír seo ó thaobh an chultúir de.

Tá líon na gcainteoirí Gaeilge ag dul ó neart go neart, an t-am ar fad.

Tá méadú suntasach go háirithe ar líon na bpáistí óga atá ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge agus is iad a dtodhchaí siúd agus a gcearta siúd a chaithfear a chinntiú trí achtú.

Is í eochair fhorbairt bhuan na Gaeilge ná a dhéanamh cinnte de go mbaineann sí le gnáthshaol daoine.

Imríonn Sinn Féin ról lárnach san obair seo. Is iomaí bliain atá muid ag obair i bpáirtíocht le grúpaí Gaeilge.

Tá an-tacaíocht tugtha ag gníomhairí Shinn Fein, agus mórchuid iarchimí ina measc, a d'fhoghlaim a gcuid Gaeilge i ngéibheann, d'fheachtais áirithe bíodh sin ag cuidiú le scoileanna nó gnóthaí Gaeilge a bhunú nó an Ghaeilge a chur chun cinn sa chomhphobal.

Rinne Sinn Féin cinnte dearfach de go mbeadh An Ghaeilge scríofa isteach i gcoinníollacha Chomhaontú Aoine an Chéasta agus in athuair go mbeadh sí ar chlár chomhráití Chill Rìmhinn agus go mbeadh dul chun cinn breise sa chomhaontú deireanach a tháining amach astu.

Tá difear an domhain, áfach, idir gealltanais a fháil ó rialtais ar infheistíocht don Ghaeilge, nó Acht Teanga a chur i bhfeidhm, agus ag iarradh orthu a gcuid dualgas a chomhlíonadh.

Ní mar gheall ar vótaí atá mé spreagtha chun an fód a sheasamh don Ghaeilge, ach mar gheall ar go gcreidim sa Ghaeilge.

Is Gaeilgeoir mise.

Tá Sinn Féin tiomanta do thógáil ar mhóiminteam na mblianta beaga seo.

Tá muid tiomanta do shochaí dhátheangach a chruthú.

Creideann Sinn Féin go láidir gur gá an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn, agus tá gach iarracht againn dírithe ar na spriocanna sin.

Tá imní mhór cruthaithe ag dearcadh diúltach Edwin Poots, Aire Cultúir an DUP i leith na Gaeilge, agus go háirithe an dóigh ar phléigh sé le hAcht na Gaeilge agus le Ciste Craoltóireachta na Gaeilge.

Tá dualgas polaitiúil ar an Uasal Poots, dualgas freastal ar riachtanais teanga na mílte cainteoir Gaeilge.

Leanfaidh Sinn Féin de bheith ag cur brú ar an Aire a chuid freagrachtaí a chomhlíonadh.

Go háirithe agus Measúnachtaí Tionchair Chomhionannais i bhfeidhm anois le haghaidh Chlár an Rialtais, an Bhuiséid agus na Straitéise Infheistíochta, déanfaidh Sinn Féin a ndícheall lena chinntiú go mbainfear úsáid as an mheicníocht seo lena chinntiú go bpléifear go cothrom agus go cóir leis an earnáil labhartha Gaeilge.

Níl sé dearmadta ag Sinn Fein go bhfuil rol agus freagracht ag rialtas na Breataine sa scéal seo chomh maith.

In ainneoin an chatha a bheas ann amach anseo le baill den chóras pholaitiúil a bhfuil an nimh acu don Ghaeilge, leanfaidh Airí Shinn Féin leo, taobh istigh dá gcuid ranna rialtais, a thabhairt tosaíochta don Ghaeilge, an tosaíocht atá tuillte aici.

Chuige seo, tá an tAire Oideachais, Caitriona Ruane, mar an gcéanna lena réamhtheachtaí, Martin McGuinness, tar éis maoiniúchán mór a chur ar fáil d'earnáil na Gaelscolaíochta.

Ní aon chomhtharlúint é gur tharla an fás is mó san earnáil seo le linn ghríosú agus cur chun cinn na hearnála ag Sinn Féin, agus muid i mbun cainteanna le rialtas na Breataine, agus ansin le hAirí de chuid Shinn Féin.
Tá sé fógartha, an tseachtain seo, ag an Aire Conor Murphy go bhfuil sé chun reachtaíocht a thabhairt isteach a cheadóidh stádas dátheangach do chomharthaí áirithe.

Níl anseo ach dhá shampla den tosaíocht a thugann Sinn Féin don Ghaeilge.

Ach ag an am chéanna, nílimid sásta go fóill.

Tá a fhios ag Sinn Féin go bhfuil páirththe i gcoinne na Gaeilge, ach creidim má obríonn muid le chéile le heagraíochtaí Gaeilge agus le gníomhaithe, gur féidir linn na deacrachtaí a shárú agus forbairt a dhéanamh.

Ciallaíonn seo bheith ag cur brú go leanúnach ar Edwin Poots ar son Acht na Gaeilge agus a chinntiú go ráthaíonn an reachtaíocht seo:

• go bhfuil cearta mar bhunús leis an Acht Gaeilge;
• go bhfuil acmhainní oiriúnacha ar fáil leis an Acht a chur i bhfeidhm;
• go mbeidh an chumhacht, an fhoireann agus na hacmhainní ag an Choimisinéir molta leis an Acht a mhaoirsiú.

Chomh maith leis sin, ciallaíonn sé ag éileamh acmhainní oiriúnacha chun Ciste Craoltóireachta na Gaeilge a chosaint fosta.

Tá Ciste Craoltóireacht na Gaeilge ar na gnéithe is rathúla de Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Cé gur ghlac sé 5 bliana chun é a chur i bhfeidhm, bhí sé níos fearr ná mar a cheap duine ar bith a bheadh ó thaobh craoltóireachta de agus bhain sé amach na spriocanna a bhí leagtha amach.

Chomh maith leis sin, tá naisc láidre idir Ciste Craoltóireachta na Gaeilge agus TG4, RTÉ agus an BBC.

Glacann siad anois leis gur áis iontach í.

Tá cláir oiliúna curtha i bhfeidhm chomh maith mar gheall ar an chiste craoltóireachta, a chuaigh chun sochair do dhaoine óga go háirithe, agus roinnt mhaith daoine anois fostaithe go lánaimseartha in earnáil na craoltóireachta.

Mar sin de, tá go leor dul chun cinn déanta le deich mbliana anuas.

Ach tá neart le déanamh go fóill.

Ag croílár na díospóireachta seo agus na n-iarrachtaí chun an Ghaeilge a chur chun cinn, tá ceist na gceart.

Tá cearta ag lucht labhartha na Gaeilge, na cearta céanna atá ag gach saoránach eile, ina measc sin, an ceart ar a dteanga dhúchais a labhairt i ngach gné dá ngnó agus dá saol sóisialta.
Tá meas tuillte ag gach teanga agus ba chóir faill a bheith ag gach pobal ar sheirbhísí ina dteanga féin.

Ach tá gaol ar leith ag an Ghaeilge le hoileán na hÉireann.

Is í teanga dhúchasach na hÉireann í, agus í á labhairt le breis agus 2,000 bliain anuas.

Tá mé go fóill cinnte de go mbainfidh muid amach Acht na Gaeilge.

Creidim go leanfaidh muid ar aghaidh ag cur na Gaeilge chun cinn sa tsochaí.

Creidim go sáróidh muid an naimhdeas agus an nimh atá ag daoine don Ghaeilge.

Ní tharlóidh aon chuid de seo thar oíche.

Ach le dúthracht agus le díograis, agus gníomhaithe na Gaeilge a bheith sásta comhoibriú le chéile le spriocanna aontaithe agus spriocanna i gcoitinne a bhaint amach, creidim go mbeidh an bhua againn.

Ta dul chun cinn suntasach déanta maidir leis an Ghaeilge le roinnt blianta anuas.

Is ón ghnáthphobal a tháinig an spreagadh agus an dul chun cinn seo, agus ba é díograis na múinteoirí, na dtuismitheoirí, na ngníomhaithe teanga agus cuid mhór daoine eile a choinnigh beo leis na blianta é.

Ár mbuíochas do na laochra sin." Críoch

Connect with Sinn Féin