Gníomh grod de dhíth - Adams MP MLA
Ag caint faoi na deacrachtaí airgeadais a bhaineann leis an Meáin Chumarsáide, go háirithe Lá Nua, dúirt Gerry Adams BP, BT go bhfuil tá géarghá, níos mó ná mar a bhí riamh, don Thionól agus Teach Laighean beart polaitiúil a ghlacadh ar an ábhar seo.
"Ón chéad éagran, tá an Meáin Chumarsáide as Gaeilge ag déanamh sárobair agus ba mhaith liom obair s'acu a mholadh.
"Molaim, fosta, an obair a dhéanann foireann s'acu.
"Tá díoma orm a chloisteail faoi na gnóthais airgeadais atá ag an nuachtán faoi láthair. Léim Lá Nua achan lá agus ghlac mé síntiús leis fosta.
"Tá géarghá, níos mó ná mar a bhí riamh, don Thionól agus Teach Laighean beart polaitiúil a ghlacadh ar an ábhar seo chun ná postanna i nDún na nGall 's i mBéal Feirste agus séirbhísí do Ghaelgeoirí a chosaint.
"Tá cearta i gcroí an scéal seo.
Tá cearta ag Gaelgeoirí, cosúil le duine ar bith eile; cearta maidir le postanna agus cearta maidir le séirbhísí.
"Tuigim nach bhfuil cinneadh déanta ag Foras na Gaeilge go fóill .
"Tá súil agam go mbeidh toradh cuí agus gníomh grod ar an ábhar seo." Críoch