Sinn Féin - On Your Side

Slógaigí i mBéal Feirste ar son na Gaeilge

14 February, 2008


Ghlaoigh Oifigeach Chultúir Ógra Shinn Féin Senan Mac Aoidh ar ghníomhaithe Ógra agus ar an phobal i gcoitinne freastal ar Cheiliúradh na Gaeilge i mBéal Feirste ar an 16ú Feabhra.

Arsa Mac Aoidh,

'Beidh seo ina cheiliúradh ar an Ghaeilge, é ag éileamh chearta teanga do na sé chondae. Caitheadh le pobal na Gaeilge le dí-mheas, go háirithe ó thuaidh. Bhí beartanna an Aire Chultúir, Ealaíon agus Fóillíochta Edwin poots náireach chuig cearta lucht labhartha na teanga.'

'Tá an Ghaeilge ag fás, le a thuilleadh daoine óga ag roghnú í le labhairt. I mo thuairm tá sí anois níos láidre sna sé chondae ná bhí ó am na críochdheighlte ann. Caithfidh muid leanúint leis an leibhéal seo fhás agus suime sa teanga agus í a fhorbairt.'

'Tá an 16ú feabhra faoi seo uilig. Is ceiliúradh é ar an dteanga agus deis é teachtaireacht shoiléir a chuir go bhfuil an Ghaeilge agus an cultúir ghaelach beo bríomhar in Éirinn.'

Ghlaoigh Oifigeach Chultúir Ógra Shinn Féin Senan Mac Aoidh ar ghníomhaithe Ógra agus ar an phobal i gcoitinne freastal ar Cheiliúradh na Gaeilge i mBéal Feirste ar an 16ú Feabhra. Críoch

Connect with Sinn Féin