Sinn Féin - On Your Side

Má tá grá agat d'Éirinn – Bí linn i Sinn Féin!

15 February, 2008


D'fhógair Ionatán Mac Giobúin ceann des na comhairleoirí is óige in Éirinn tús fheachtais mhóir earcaíochta do Shinn Féin inniú.

Ar nós Lá Fhéile Vailintín, tá an gníomhaí óg tofa, 21 bliain d'aois, ag gríosadh an phobail le teachtaireacht shimplí, ' Má tá grá agat d'Éirinn, Bí linn i Sinn Féin'.

Dúirt sé an méid seo agus gníomhaithe Ógra Shinn Féin ag dáileadh na mílte greamathóirí '♥ Éire' ar fud na hÉireann inniú.

San áireamh san fheachtas earcaíochta beidh dáileadh na mílte billeog, léachtanna poiblí dírithe ar bhaill nua a fháil agus seoladh fhíseán nua earcaíochta.

Ag labhairt ar an fheachtas mór earcaíochta, dúirt an Cllr Mac Giobúin,

'Tá Sinn Féin tugtha d'aontú Éireann agus comhionnanas, táimid tugtha d'ionadaíocht na daoine is mó ar an imeall in Éirinn agus pobail a chumhachtú ar bhunú a riachtanais. Is idirnáisiúnaí muid, atá in éadan ghabhaidh brúdúla na hÍaraqa agus an t-aon pháirtí polaitiúl atá ag dul in éadan an chonartha Lisbon atá ag druidim linn'

'Sa bhliain seo romhainn tá Sinn Féin ag díriú ar líon ár ngníomhaith a mhéadú fá dhó. Sheol muid tionscnamh simplí inniú ar Lá Fhéile Vailintín ag gríosú ar dhaoine,

'Má tá grá agat d'Éirinn, bí linn i Sinn Féin'.'

'Rinne muid craoladh nua ' bí linn i Sinn Féin' fosta, atá anois uaslódáilte ar Youtube agus Bebo, feiceálach do na mílte úsáideoirí ar líne. 'Sé an teachtaireacht againn anseo, tig le duine aonar díograsach difear suntasach a dhéanamh, agus tig le slua daoine dhíograsacha slí na staire a athrú. Táimid ag iarradh ar dhaoine difear a dhéannamh - bí linn i Sinn Féin' Crioch

Note

For recruitment video: https://www.youtube.com/watch?v=EaYhnmYEzcE

Connect with Sinn Féin