Sinn Féin - On Your Side

Dúshlán roimh Edwin Poots an Ghaeilge a chosaint - Adams MP MLA

18 February, 2008


Bhuail an tUachtáran Shinn Féin, Gerry Adams BP BT leis an Aire Chultúir Edwin Poots inniu.

Dúirt an t-Uas Adams,

"Bhí crinniú neambhalbh againn inniu. Ghlac mé an deis chun cúraim teanga a phlé.

"Ar na ceisteanna seo bhí, Acht Gaeilge, an Ciste Craoltóireachta agus Lá Nua.

"Chuir mé in iúil d'Edwin Poots go bhfuil sceipteachas ag pobal na Gaeilge maidir lena tiomantas don Ghaeilge agus tionantas do cearta. Ta sceipteachas ann fosta i ndiaidh a ráiteas i gcoinne reachtaíocht don Ghaeilge ar na mallaibh fosta.

"Chuir mé i gcuimhne don Aire go bhfuil cúraimí ag an Aire An Ghaeilge a chosaint.

"Dúirt mé leis an Aire gur chóir do leantar leis an Chiste Craoltorachta i ndiaidh dó chríochnú i Mí Márta 2009.

"Tá an deis ann anois iad uilig a bhaint amach.

"Labhair muid faoi todhchaí Lá Nua fosta.

Tá muid ag troid ar son a leanúint. Tugann sé seirbhís fíorluachmhar do phobal na Gaeilge chomh maith leis na postanna.

"Nár cheart go mbeadh eagla chóiche ar duine ar bith roimh an Ghaeilge. Thaispeáin an slógadh de Sathairn seo caite an uileghabhálacht a bhaineann le pobal na Gaeilge.

"Caithfidh an tAire Poots téigh i dteagmháil le pobal na Gaeilge go deimhneach." Críoch

Connect with Sinn Féin