"Cumann úr fud fad na tíre ina mbeidh an Ghaeilge mar theanga oibre" - Adams
Ag caint roimh seoladh an chéad Cumann Gaelach Shinn Féin i mBaile Átha Cliath, Déar daoin 6 Márta 2008, Óstan Buswells @10.30rn dúirt an t-Uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams,
"Seo fiontar iontach agus táim go han sásta faoi.
"Tá sé soiléir a fheiceáil go bhfuil Sinn Féin dáirire faoin teanga.
Tá Grúpaí Gaelach á sheoladh ag Sinn Fein i gceanntracha timpeall na tíre. Tá Grúpa Gaelach á sheoladh againn i mBaile Átha Cliath, áit atá an daonra is mó is tir, áit ina bhfuil a lán obair ar siúl i dtaobh Gaelscoileanna, ag tuismitheoiri, gníomhaí, múinteoirí srl, áit ina bhfuil Eagraisí Gaeilge ag forbairt an teanga le daoine óga agus i ngnéanna eile.
"Beidh an dara cumann á bhunú againn i mBéal Feirste i Mí Márta chomh maith (11 Márta @7.30in, Cultúrlann). Seolfar an cumann inómós do Chaoimhín Mhac Bhrádaigh, Óglach, ar chomóradh 20 bliain a bháis, cara agus comrádaí, a maraíodh ag gníomhaithe na Breataine ar 16 Márta 1988.
Agus beidh roinnt cumainn eile bunaithe de réir a chéile le linn na bliana.
"Taim cinnte gur chóir don ghlúin óg dul amach inniu agus bí gníomhach ó thaobh na Gaeilge de. Tá an cumann úr seo ina chuid thábhachtach de seo. Creideann Sinn Féin go docht i slánú agus i gcur chun cinn na Gaeilge. Fáiltionn muid roimh dhaoine teacht isteach san Grúpa Gaelach chun cur le seo." Críoch