Sinn Féin - On Your Side

Dualgas ar an Taoiseach an Ghaeilge a chur chun cinn – Ó Caoláin

12 March, 2008


Ag labhairt sa Dáil inniu i gCeisteanna chun an Taoisigh, dúirt Ceannaire Dála Shinn Féin Caoimhghín Ó Caoláin go raibh dualgas ar an Taoiseach an Ghaeilge a chur chun cinn mar atá geallta sa Chlár Rialtais. Chuir an Teachta Ó Caoláin fáilte roimh ráiteas an Taoisigh go bhfuil sé chun leanúint ag tacú le hAcht Teangacha a thabhairt isteach sna Sé Chontae mar atá leagtha síos i gComhaontú Naomh Aindriú.

Dúirt an Teachta Ó Caoláin:

"Tá sé geallta ag an Rialtas sa Chlár Rialtais roinnt nithe a dhéanamh maidir le cur chun cinn na Gaeilge. Tá dualgas díreach ar an Taoiseach i roinnt de na nithe seo. Mar shampla:

· Comhaontú uile-pháirtí a lorg i gceist athbhunaithe an Chomhchoiste Oireachtais ar an nGaeilge.

· Tacú le hAcht Teangacha a thabhairt isteach i dTuaisceart Éireann mar atá leagtha síos i gComhaontú Naomh Aindriú.

"Cuirim fáilte roimh ráiteas an Taoisigh go bhfuil sé ag leanúint ag tacú leis an Acht Teanga sna Sé Chontae, in ainneoin cur i gcoinne na naontachtóirí.

"Tá aontas idir na páirtithe san Oireachtas chun an Comhchoiste an Oireachtais ar an nGaeilge a athbhunú agus ba chóir don Taoiseach agus don Aire Ó Cuív dul ar aghaidh le sin." Críoch

Connect with Sinn Féin